Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Ulster otherwise Annala Senait, Annals of Senat (Author: [unknown])

Year U1523

U1523.0

{fol. B 109b} Kal. Ian. for Dardain, l. xii. Anno Domini M. d. xx. iii.

U1523.1

Doinend adhbal a tús na bliadhna-sa & cogadh mór ar fud an domain ar mur & ar tír & co h-airithe ider h-Ua n-Domnaill & h-Ua Neill. Ocus O Domnaill do beth a foslongport ré h-edh an Earraigh-sin a n-Glind Fhinde. Ocus Maghnus O Domnaill do dol a n-Alpuin & techt slán iar forbadh a chuárta & O Domnaill do dul a Tír Eogain ar slúagh fa dó an bliadhain-si & techt slán iar loscadh & iar milliudh móráin do 'n tír. Ocus síth do denamh d'O Neill & dó féin deredh Foghmair & can gnímha oirrderca etarra, acht mar sin,


p.550

in hoc anno.

U1523.2

O Catháin, .i. Donnchadh, mac Seaain, fer do ba mór clú & einich & uaísle, do dol d'éc & dá tigerna do ghairm a n-aghaidh a chéile 'na inadh, .i. Gofraidh, mac Gofraidh, mic t-Sheaain Uí Cathain & Seaan, mac Tomáis Uí Catháin & íat aráon a coccadh re céile.

U1523.3

Mac Uí Briain, .i. Tadg, mac Toirrdelbaigh, mic Taidg Uí Briain, fer a aósa dob' ferr einech & engnum & rer' mó ecla a escarat & is lugha do dhiúltfadh re dreich n-duine im ní d'á n-íarrfadh, do mharbadh co mírathmur d'én urchur do ghunda, mar as gnáth saí d'fagail anaisgaidh.

U1523.4

Mac Gilla Eaain, .i. Lachlann, mac Echainn, nech budh mor clú & bud crúaidh láimhe, do mharbadh a feall lesin Ridere, mac Mic Cailín, a m-baile in righ.

U1523.5

Iarla Cilli Dara, .i. Geroit Óg, mac Geroid aile, nech do bi fa ríasta ag righ Saxan iiii. bliadhna roime-sin a Luinnuin, do thecht día thigh.

U1523.6

h-Ua Mordha d'h-eg an bliadhain-si, .i. Cetach, mac Laighsigh Uí Morda.

U1523.7

Aodh Buidhi, mac Cuinn, mic Neill, mic Airt Uí Neill, do mharbadh in bliadhain-si le Ruaidhri Carrach, mac Cormaic, mic Aodha Meg Uidhir.

U1523.8

Mac Con Midhi d'h-eg an bliadhain-si, .i. Maeilechlainn, saí re dan & re foghluim.

U1523.9

Ros, mac Ruaidhri, mic Briain Mhég Uidhir, d'h-eg an bliadhain-si.