Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Ulster otherwise Annala Senait, Annals of Senat (Author: [unknown])

Year U1522

U1522.0

{fol. B 108a} Kal. Ian. for Cetain l. i., Anno Domini M. d. xx. ii.

U1522.1

Coccadh adhbal ar n-erghe an bliadhain-si a rainn iartharach na h-Eorpa eter chinelaibh na Cristaighechta, .i. Romanaich & Etallaich & Almainniich, Prusainnich & Saxsanaich d'én rainn & d'en leth a n-aghaidh rígh


p.538

Francc 'na aonur, achtmadh Albanaich amháin d'én rainn & Frangc. Ocus ní rancatur d'á cungnum do thabairt dó an bliadhain-si acht en slúaighedh do-ronsat a n-imeal t-Shaxsan do mhilliudh an tíre. Ocus snadmad sithi do dhenam doib annsen co h-aimsir airithe. Ocus, ger' calma na cinidh & ger' bh' imda ré n-airemh iat a n-aghaidh na Frangcach, is amhlaidh do geibter o lucht sgailti na scél & chuartaighthi na cuan gur' ab' ag Frangcachaibh do an buaídh an báire & calmacht an coccaidh-sin a n-aghaidh na n-ilcenel.

U1522.2

Coccadh romór ar n-ergi a n-Erinn an bliadhain-si & co h-airithi ider h-Ua n-Domnaill, .i. Aód & O Néll, .i. Conn, mac Cuind. Ocus do chuir O Neill sluagh mór a n-aín inad, .i. a chined & a combraithri fen & orrígha Uladh, .i. Mág Aongusa cona bráithribh & Mág Mathghamna co maithibh Oirgiall & O h-Annluain & Mag Uidhir & O Cathain & cuid do Ghallaibh na Midhe & feacht Albanachmac Mic Domnaill, .i. Aluster Carrach & mórán gallóglach aile do Cloind Domnaill & do Cloind t-Sithigh. Ocus ar tinol an t-sluaigh móir-sin, do ghluasetar a Tír Conaill & do batur féin & O Domnaill a n-goiri do t-shechtmuin a foslongport ar aghaidh aroile, acc breth fhailli ar a chéile. Ocus ni dernadh dith oirrderc etarra in fedh-sin, acht ruaíc tucadh do barr in t-shluaigh Conallaigh a m-Beól Atha na Pucán ar Finn & mac Uí Neill, .i. Niall, mac Airt Óic, da tromlot ar a chois and. Dala Ui Neill iarum, do léic air impód a Tír


p.540

Eoguin & do ghabh chois Dergi & do na Termannaibh & taínic a Tír Aodha & do loisc & do mhill móran do 'n tír & do gab caislen Beóil Atha Senaigh & do mharbh doíne imdha and, .i. mac Mic t-Shuibne Tire Boghuine, .i. Brían an Cobhlaigh & buidhen galloglach d'a muinntir {fol. B 108b} & mac Ui Dhuibidhir, .i. Gilla Padraic & buidhen d'á chinedh & días mac Domnaill, mic an Esbuig Uí Gallcubuir & tuilledh d'á cinedh. Do gabadh ann in Gilla Dub, mac Con Connacht Meg Uidhir & do marbadh buidhen maith marcach tarrla maille ris and. Do marbadh ann fós duine maith ealadhna — .i. Diarmait, mac Taidc Caim Uí Cléirigh, sai re sencus & fer dána maith — tarrla 'sa bhaile an uair-sin féin, ag feithim ar thecht a cend Ui Neill. Ocus do marbadh ann fós mac Mic an Baird ar an cor cetna, .i. Aodh, mac Aodha Mic an Baird, adhbur maith fhir dána. Ocus tucsat scemhledh Muighi h-Eni arna márach & tarrla mac Uí Ruairc rompa, .i. Brian & tucsat rúaic dó & do benadh días maith marcach de re h-ucht Drobhaisi, .i. Rugraidhe, mac Gofraid, mic Aoda Gallta Uí Domnaill & mac Méc Cellaigh. Ocus do loiscit Bun Drobaísi & Dún Cairbri & Bél Leíce & do legsat & do loiscsit Droichet na h-Erne. Ocus do fhácbatur an tír arna márach & do-chúadur co h-Innis Sceillend & fúaratur braighde o 'n Comarba Mág Uidhir, .i. a mac & a brathair & do ghell umlugudh d'O Néll. Ocus do fhill

p.542

an sluagh-sin fo buaidh & cosgur do 'n chur-sin, can díth do dhenam dóib, acht buidhen Alpanach do benadh dib a n-dúthaidh Uí Fhlandacáin.

Ocus ní fada 'na díaidh-sin gur' cruinnich O Neill an sluagh cetna-sin & tancatur a Tír Conaill & do mill mórán do 'n tír co n-dechaidh a n-Glend Éile & rucsat ar creich a Cinn Maghair. Ocus ó 't-chuala O Domnaill & maithi Conallaigh sin, do cruindighetar a cend a cheile & is í comairle do-ronnsat, — dul a Tir Eógain. Ocus do fhácbatur O Domnaill & cuid d'á ghalloglachaibh a foslongport & do ghlúais Maghnus O Domnaill & an chuid eile do 'n t-shluagh & Conn, mac Neill, mic Airt Uí Néll, a b-fhad amach a Tír Eogain. Ocus fuaratur crecha & caóraighachta móra ré cur rompa, indus nar' b' urusa dóibh imaín dóibh ar mhed na boruma do bí and. Ocus tancatur slán iar marbadh a láin do daínib & iar crechadh {fol. B 108c} móráin do 'n tír. Ocus arna cloistin sin d'Ua Néll & d'á t-sluagh, do fhilletar fó tuaruscbáil na crech-sin, ar milliudh móráin do 'n tír & can dít orrdairc do denamh dó do 'n dul-sin.

U1522.3

Coccadh mór eile ar n-erghe ar O n-Domnaill in bliadhain-si a Cúiccedh Connacht, do thaob t-sheólta & t-shlighedh Uí Néll, .i. an dá mac Uilliam & Mac Diarmata & gach rand d'á fúaratur ar cengal ré ceile a n-aghaidh Uí Domnaill & slúagh romhór ar n-á cruinniugudh leó thimcell Mic Uilliam Cloinne Ricaird, .i. Ricard, mac Uillec, mic Uillec. Ocus táinic O Cerbaill, .i. Maol Rúanaigh & maithi a dhúthaidhe ar an sluaighedh-sin & Mac Uilliam Búrc & Mac Diarmata & O Concabuir Donn & Mac Fheorais & Mac Muiris & O


p.544

Cellaigh & clann Ui Bríain, .i. Donnchadh & Tadg & an t-Espuc Óc O Briain & cuid do t-Sil Cennétich. Ocus ar rochtain dóibh a cend a céile, tancatur gan toirmesc co Sligech an Aíne re cet fheil Muire. Ocus do cruinnich O Neill slúagh mór aile fá 'n am-sin do thecht a coinne an t-slúaigh Connachtaigh; óir issé féin do bí d'á tarraing & do gellatur beth a coinne a céle im cet fheil Muire a n-dúthaidh Ui Domnaill. Scela Ui Domnaill & Ceniuil Conaill: do batur ac tinol a cenn a chele risin re-sin, óir do treicatar a rand & a cairde cocriche íat. Ocus, mar rugatur féin ar a chéle, is í comairle do-ronsat, — íat féin do thabairt ar son a tíre & a talman. Ocus do-chuatur fó én daingen, co tibhraitís bualadh lae no oidhci do t-shluagh Uí Neill. Ocus ar n-éirge amach do 'n t-sluagh-sin Ui Neill, tancatur a Cenel Moain & do ghabatur foslongport ac Loch Mónann. Ocus ó 't-chúlatur Conallaigh sin, dob' h-í crích a comhairle a n-innsaighidh an oidchi-sin; oir do fháchbatur a n-eich uile, ardaígh comad lughaiti no bíadh menma theithmi no fhillti tar a n-ais aca. Ocus do brethnaighetar, o do ba lía in slúagh eile ina íat fén, an oidchi do beth do chungnum aca {fol. B 108d} & co fuighdís gan rocomét íat. Ocus ní h-amhlaidh do bátur, oír fúaratur raibthi deimhni & do bátur dí-chreitmech orra lá mét a n-dí-umais. Gidhed, do-chúatur ar a coimét: .i. do-chúaidh O Néll & a mharcslúagh a cathais tamall o 'n fhoslongport & do fhácbatur cuid mór do mhaithibh a n-gallóglach & a n-Albanach a n-ordughudh ar druim an fhoslongpuirt do 'n taob aile. Ocus andar leó féin do badh mór an sonus dóib a naimde do chur chuca 'sa 'n ordughudh-sin. Dála Uí Domnaill & maithi Connallach: ar

p.546

n-glúasacht dóib, do choírgetur íat féin & do-chuatur a n-ordughudh, .i. O Domhnaill & Maghnus O Domnaill, a mac, rídhamhna in tíre & an chuid eile d'á cloind do bí inchúganta & na tri Mic t-Suibne & O Baíghill & Muinnter Dochartaigh & began d'Íchtar Connacht. Ocus, ó rángatur a n-gar d'foslongport Ui Neill, tugatur an dá t-shluagh-sin gáirthe aidhbhle d'ároile, innus co n-dechaidh an sluagh Conallach asan ordughudh & co rabhatur fein & sluagh Uí Neill ar fut a céile athaidh fhada a comarbadh a chele, amail fá mían leó. Acht en ní chena, do-chuaidh ag an t-slúagh Conallach ar fhoslongport Uí Neill & do brisedar ar a tarrla riú and & do an foslongport co n-édálaibh imdhaibh aca. Ocus do chaithetar a raibi rompa do 'n oidhci ré marbadh & re fodhbadh a námhat. Ocus o 't-chualadh O Neill láthair a fhoslongpuirt 'gá escairdib, do imdhichas, an ordughudh a raibhe, & an chuid do len de d'á daínib. Ocus nír' licc díth a n-each do 'n t-sluagh Conallach an marcshluagh do lenmain, amail bud mían leó. Ocus ar techt t-shoillsi an lai chuca, do ba dofhaisnéisi a raibhe marbh a n-áit an fhoslongpuirt ó urrlaidhe na h-oidci-sin, maille ré h-echtaibh imdhaibh do Cloinn Domnaill & do Cloind t-Shithigh & d'Albainchaibh & d'Oirgíallaibh & d'feraibh Midhe. Conadh ferrde {fol. B 109a} Tír Conaill re lind an líne-sin a rainic d'étaíl an madma-sin iat d'echaibh & d'arm & d'éted & d'étach & do lón & do gac ní do b' imchubaidh do beth ar slúagh. Imthúsa an t-shluaigh Conallaigh: do fhilletar tar a n-ais do comhfhurtacht caisléin t-Shliccigh ar an t-shluagh Connachtach-sin do shuid 'na timcheall. Ocus o 't-chúaladh an dá Mac Uilliam & an slúagh mór sin do bí ac freagra dóibh dáil Uí Domnaill cuca & é ar n-denamh a áithis ar an t-sluagh-sin eile, do elótar féin o 'n bhaile & do imghidhetar a coír madhma, gen gur' cuiredh chuca. Ocus tainic O Domnaill & a t-shlúagh

p.548

slan can díghbail, oirrderc do dhenam doib.

U1522.4

Mac Uí Catháin, .i. Domnall Clerech, mac Seaain Uí Catháin, fer einich & uaísle & duine tuicsech, tréighach do taob Latne & Gaídilce & adhbur tigerna Oirechta Catháin gan chunntabairt, do mharbadh do cuid do 'n Rúta.

U1522.5

Mág Cormáin, .i. Mailechlainn, an t-é dob' ferr tuicsi & tegh n-aíghedh d'aós grádha Túaghmumhan, do dhul d'éc in hoc anno.

U1522.6

Domnall, mac Donnchaidh Uí Ruairc, duine maith, uásal 'na dhúthaich féin, do marbadh le cloind Félimthe Ui Ruairc.

U1522.7

Mac Uí Neill, .i. Brian, mac Domnaill, mic Enrí; Uí Neill, d'h-eg an bliadhain-si.

U1522.8

Prióir Lesa Gabhail, .i. Rémann Ruadh, mac an Aba Óig Meg Uidhir, d'h-eg an bliadhain-si.

U1522.9

Maighister Feidhlimidh O Corcráin, saí chleirigh a Canoin & a rannaidhacht & a n-gramaduigh & saí duine, a ég a n-deredh Erraigh na bliadhna-sa ag t-fhilledh dhó o Droiched Átha & a adhlucudh a Lughbaidh.

U1522.10

Rugraidhi, mac Aodha Óig, mic Aodha Ruaidh Meg Mathgamna, d'h-eg; saí chind-fhedhna.