{fol. B 107a} Kal. Ian. i. f., l. ix., Anno Domni M. d. xx.
Mac Mhég Uidhir, .i. Pilib, mac Emainn & Gilla Padraic, mac Pilib, mic Toirrdhealbaigh Meg Uidhir, do dhul ar ínnsoighidh ar mac Pilib Uí Raghalligh, a n-Ichtar Tire. Ocus crech do ghabail dóibh & toír trom do
Persun Daim Ínnsi d'h-eg an bliadhain-si; .i. Niclas, mac Píarusa Uí Fhlannagain.
O Caiside d'h-eg an bliadhain-si; .i. Feidhlimidh, mac Taidg Ui Caisidi, ollamh legha shlechta Pilib Mhég Uidhir & liaigh clumur, deghaithnech an Feidhlimidh-sin.
Plaigh mhor a bh-Feraibh Manach an bliadhain-si, d'á n-dechaidh Rughraidhi, mac Donnchaidh, mic Aodha Mhég Uidhir, .i. saí chinn-fhedhna & duine maith greannmar & Mailechlainn O Cíanain: sai re senchus & re filidecht & re dán an fer-sin.
Iarla o Suirrigh & Saccsanaigh do thecht a n-Erinn an bliadhain-si & nert mór do ghabail doibh ínnti & adobhradh nach tainic a n-Erinn riam mac Saxanaigh dob' fherr do dhuine ina an t-Iarla-sin.