Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Ulster otherwise Annala Senait, Annals of Senat (Author: [unknown])

Year U1517

U1517.0

{fol. B 105c} Kal. Ian. u. f., l. u., Anno Domini M. d. x. uii.

U1517.1

Clann Fheilimthe, mic Toirrdelbaigh Carraigh Uí Concobuir, tar sárughudh a min & a síthe, d'imtecht a Cairpri & a caóraighecht & íat féin do dul a Muigh Luirg & a caislen fén do losccadh & do brisedh ar tús doib. Ocus crecha & loiscthi do denam ar múr Sliccigh & ar cell


p.526

Cairpri doib & a m-beth ar innarbadh an bliadhain-sin.

U1517.2

Caibidil generalta do beth ansa Roim an bliadhain-si ag Braithrib Minúra na Cristaighechta co h-uilidhi tre rath an Spiruta Naim & tre fhulair an deicmaidh Leo Pápa. Ocus, iter gach ní d'ar' crichnaigedh annsin, do fácbadh Menistir na m-Brathar de Obseruansie do beth os cind na m-Brathar co h-uilidhi & can acht Bicair no Maighistir do beith os cind na m-Brathar de Comúne Uita. Ocus gach mainister de Comúne Uita ag a m-biad dá trían a coimithinoil d'én aonta lena beth de Obseruancia, a beth d'fhiachaibh ar mheinistir na m-Brathar de Obseruancia a gabail chuige & a beth fa n-a umhla féin o shin amach.

U1517.3

Crecha di-airmidhe do dhenam les O Domnaill ar O Neill, ar tarraing Cuinn, mic Neill, mic Airt & techt slán co m-boruma romhoír.

U1517.4

Sloighedh les O n-Domnaill, co maithibh Ciniuil Conaill uima, d'ár' loisc Tír Eógain roimhe, no co ráinic an Coill Ichtarach. Ocus, ar m-beth coic oidchi annsin dó ag feithim ar mac Néll, mic Cuind & O Néll a cruinniugad t-slúaigh an fedh-sin, loiscis O Domnaill an tír ag impód dó, no co rainic Dún Ghenand. Ocus fácbais O Neill an baile dó & loiscter an baile iarum co h-imshlán & assin astech co slíabh & tic slán d'á thigh. Ocus, ar m-beth sechtmain do Cloinn Aoda Buidhe a Tír {fol. B 105d} Conaill maille ris O n-Domnaill, téid annsein d'á n-innlacudh & teid gach cuid dib slán día tighibh.

U1517.5

Sluaighedh lá


p.528

Geroit, Iarla Cilli Dara, .i. Giústis Erenn, a Coiced Uladh, d'ár' bris caislen Duin Droma & d'ar' mhill ar' ghab le Feilimidh Mag Aongusa d'Uib Echach & d'á tug ben Fheilimthe & mac Meg Aongusa & braighde an tíre co h-imshlán leis. Ocus, ar n-impódh dó, téit co Dún Ghenaind & brisis an caislen & loiscid an tír & tét slán da thigh.

U1517.6

Seaan, mac Cuinn Ui Néll, tánusti Tíre n-Eogain & rídhamhna a cinidh gan chunntabairt & nech dob' ferr glicus & uaisli d'fhuil Eogain, d'fhagail báis Ongtha & aithrighi a Cend Aird an bliadhain-si.

U1517.7

Mac Aódha, mic Domnaill Uí Neill, .i. Art, do marbadh la mac Cuinn, mic Neill, mic Airt Uí Neill.

U1517.8

Donnchadh, mac Toirrdelbaigh Ui Baighill, do tríall, lucht báid, a Toraigh & gaóth d'á fuadach 'sa fairci síar & nach fríth én fhocal d'á sgelaibh o t-shin.

U1517.9

Pilib, mac Toirrdealbaigh Mhég Uidhir, d'h-eg an bliadhain-si Aine Casc mór; .i. sai cinn-fedhna & duine aithesach.

U1517.10

Pilib, mac Seaain Buidhi Meg Mathgamna, d'h-eg an bliadhain-si; .i. sai chinn-fhedna & mac mic righ do bo mó caithim & cuid oidhchi 'sa Cuigedh ré na lín féin.

U1517.11

Art, mac Aodha, mic Domnaill Uí Neill, do marbadh le Niall, mac Cuinn, mic Neill, mic Airt Uí Neill. Ocus do bo saí chinn-fedhna an t-Art-sin.