{fol. B 105a} Kal. Ian. iii. f., l. xx. iiii., Anno Domini M. d. x. ui.
Coccadh mór ar n-eirgi iter h-Ua n-Domnaill & O Neill & fostadh mór daíne do denam doib araon & creacha móra do dénam la Maghnus h-Ua n-Domnaill ar mac Uí Neill, .i. Enrí Balbh & urmhór an tíre uile do loscadh o t-Shliabh astech d'Ua Domnaill. Crecha aili beós do denamh do Brián, mac Cuinn Ui Neill, a Ciniul Moain.
Coccadh d'érge iter t-Seaan, mac Cuinn Uí Neill & slicht Aoda Uí Neill.
Cenglus Seaan ris O n-Domnaill arson Uí Neill do beth le slicht Aoda. Téid O Domnaill, sluagh, a Tír Eogain & loiscis Cenel Feradhaigh & cois Úna.
Ridere Frangcach do thecht d'á ailithri docum Purgatora Patraic an bliadhain-si.
Cenglais O Domnaill cumann ris & tic leis da thigh & doni onoir mór do & tuc eich & fal Afracha dó & tindlaicis slán docum a luinge h-é. Tic do cumand Uí Domnaill ris, gur' chuir long lán d'ordanás & do ghunnaidhib bristi caislein, ar costus fhir-inaid rígh Alpan, docum Uí Domnaill. Tairrngis O Domnaill an long les go Sligech & téid fen & cuid d'á t-shluagh & suidhis fa 'n m-baile. Ocus O Néll a coccadh ris 'n-a diaid & Mac Diarmata & o t-Shliabh anúas a coccadh
Mac Donnchaidh Baili in Muta & mac Mic Donnchaidh do marbadh, ac techt a cenn fhaslongpuirt Uí Domnaill, lé Donnchadh, mac Toirrdelbaigh Uí Baíghill.
Sluaighedh le Geroit, Iarla Cilli Dara, .i. Giústis Erenn, co maithibh Gall & Goidhel Midhe & Laighen uime, a n-Eile Uí Cerbaill & tic Semus, mac Iarla Desmuman, co maithibh Gall & Gaidhel Muman & Píarus Builter, lin a t-shluagh, a n-a comdail. Loiscit & millit an tír do gac thaob, no co ráncatur Lém Uí Banain (.i. caislen Uí Cerbaill). Ocus shuidhit fa 'n m-baile & brister co talmain é & elóit {fol. B 105b} an bharda. Ocus ge do bí athair an Iarla-sin sechtmain roimhe fá 'n m-baile-sin, ní dechaidh aigi fair & nír 'cumhaing ní dó. Ocus fácbait na sluaigh-sin an tír & tíaghait assin co cathair Duine h-Iascighe & do-berar oigri Tómais, mic Emaind Builter, a n-gill re n-a breth fen do 'n Iarla. Teit an t-Iarla assin co Cluain Meala & do ber Sofráe an baile & daíne maithe aili a laim les & tic slán d'á tigh.
O Dochartaigh, .i. tigerna Innsi h-Eoghain, .i. Cu Connacht Carrach, mac Briain Ui Dochartaigh, mortuus est.
O Gallcubuir, .i. Toirrdelbach, mac Briain Uaíthne, d'fhagbail báis an bliadhain-si.
Mac Briain Caích, mic Taidhg, mic Eoghain Ui Concobuir, do marbadh a feall do mac Taidc na Túaighe,
Síth do denam d'O Domnaill & d'O Neill. O Domnaill ar Machaire an t-Sencaislein & O Neill a Carraic na Fiach fá t-shlánaibh Dé & fa mhinnaibh na h-ecluse & fá t-shlánaib maithe Conallach & Eóghanach ar anmhain co suthain mar a déradh Iarla Cilli Dara & maithe Comairrle an rígh. Ocus do ghellatur fa na minnaibh cetnaibh dol a cend an Iarla fá mi o 'n uair-sin. Gluaisidh O Domnaill & tét co h-Áth Cliath a cend Comairle an rígh & do bí sechtmain co h-onorach and & do cengail a cairdes riú. Ocus ní dhechaidh O Nell, ná duine úaidh, ann & tic O Domnaill slán da thigh.
Cep mór Brathar an Chabhain do bhathadh for Loch Éirni & cupla Brathar de Obseruancia ann, .i. Seaan, mac Tomais Charraigh Meg Raith & Nícól O Cathain & daine aili maille friú.
Mac Con Midhi, .i. Brian Óg, mac Briain Ruaidh Mic Con Midhe & a bhen d'h-eg an bliadhain-si.
Greis oidhchi do dhenam le h-Aodh Caoch, mac Neill, mic Airt Uí Neill, a bh-Fínntonach & cethrar marcach do muinntir Einrí Bailbh Uí Neill do marbadh leis.
Remann, mac Ruaidhri, mic Briain Meg Uidhir, do lot & do ghabail le cloind Mhaghnusa Mhég Uidhir & a ég do 'n lot-sin a m-baile mac Maghnusa.