Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Ulster otherwise Annala Senait, Annals of Senat (Author: [unknown])

Year U1515

U1515.0

{fol. B 104d} Kal. Ian. ii. f., l. xiii., Anno Domini M. d. x. u.

U1515.1

Crecha móra do denam d'O Domnaill ar Cloinn Diarmata Ruaidh a n-imel Coillted Concobuir, co tuc boruma n-di-airmidhe. Ocus loiter cos Uí Domnaill le ga do bí ina laim féin ag maruscálacht choda d'on t-sluagh & tegait slán acht sin.

U1515.2

Sluaighedh les O Nell


p.518

(.i. Art Óc) a Cloind Aoda Buidhe, tar sárugudh a shlána leth ris O n-Domnaill 'sa síth ar a rabhatur Cland Aoda Buidhe & O Domhnaill a n-othrus an luit remráiti. Loiscis & crechais cuid mór do 'n tír & tic mac Nell (.i. Aod) mic Cuinn, a cend Uí Neill & gabais tuarustal Uí Neill & impais slán da thigh iarum.

U1515.3

Crecha mora do denam d'O Domnaill ar t-shlicht Briain Meg Uidhir & a n-ithe aca fein & síth do denam riú as a h-aithle.

U1515.4

Caislen Aíne do ghabail ar t-Seaan, mac Iarla Desmuman, do t-Semus, mac Iarla Desmuman & suidhis annsen fa caislen Locha Gair & do bí a cumgach mór aigi, no gur' cuir Sil m-Briain & Sil Cerbhaill & Sil Aoda uaid h-é.

U1515.5

Aódh, mac Néll, mic Cuinn, tigerna Trín Conghail, do dol ar siubal 'sa Coill Ulltaigh & crecha do gabail dó. Lenais Niall, mac Briain, mic Neill Gallda, .i. tigerna na Coille Ulltaighi — neoch do bí a n-imreasain fa tigernus Trín Conghail — a tóraighecht iat & marbthar mac Briain & airgter an Coill co h-imshlan & anaidh nert an tíre ag mac Nell o t-shin amach.

U1515.6

Espuc Ratha Both, .i. Menma Mac Carmaic, in Christo quieuit.

U1515.7

Mac Ui Domnaill, .i. Domnall, mac Aoda Ruaidh, tanusti Tíre Conaill, do marbadh le h-Aod m-Buidhe, mac Aoda, mic Aoda Ruaidh, 'sa Tuaith Bladhaigh & a breth tromloiti do thigh Mic t-Suibni Fhánat & bás d'fhagail annsin dó iar n-Ongad & iar n-aithrighi.

U1515.8

Semus, mac Tomais Ruaidh, mic in n-Abaidh Meg Uidhir, do marbadh leisin comarba


p.520

Mág Uidhir a b-ferann Claínn Ínnsi.

U1515.9

Tadhg, mac Toirrdhealbaigh Mhég Uidhir, d'h-eg an bliadhain-si.

U1515.10

Espuc Clochair, .i. Eogan, mac Airt, mic Eogain, mic Airt aile Mic Cathmail, d'h-eg in bliadhain-si.

U1515.11

Ben Mic Mhaghnusa Mheg Uidhir d'h-eg an bliadhain-si, .i. Siubhan, ingen an Espuicc Mhég Bhráduigh.