Kal. Ian. i. f., l. ii., Anno Domini M. d. x. iiii.
Caislen na Cuilentraighi do brisedh & an Coill Mór do gerradh & d'argain d'Iarla Cilli Dara, .i. do Geroid mac Geroit, ar Laíghis Uí Mórdha.
Mac Toirrdelbaigh Óic, mic Mic Domnaill, do marbadh la Laíghis, .i. Consapal gallóglach an Iarla.
Caislen Cúil Rathain do gabail & do brisidh d'O Domnaill (.i. Aod) a n-eraic a t-shlána do bris Domnall O Catháin.
Caislén na h-Oghmaighe do brised les O Neill, .i. la h-Art Óc.
Maidm do thabairt les O Neill ar cloinn Domnaill Uí Neill & ar cloinn Airt Uí Neill & móran d'echaibh & d'étedh & do daínibh do buaín dib.
Sluaighedh la h-Iarla Cilli Dara, .i. Geroit, mac Geroit, Giustis Erenn, ar O Raighilligh d'ar' bris caislen an Chabáin & d'ar' n-iadmaidh O Raighilligh & d'ar' marbadh é, .i. Aod, mac Cathail Ui Raighilligh & moran do maithibh a thíre maille ris. Ocus gabthar Mac Cába and.
Sluaighedh le Semus, mac Iarla Desmuman & les O Cerbaill ar Píarus Buitilér. Loiscit an Trían
{fol. B 104c} Crecha móra do dhenamh d'O Domhnaill a n-Galenga d'ár' loisc & d'ár' airg an tír co Crúachán Gaileng & marbtar O Ruádhan les & a lán aile.
Maidm do thabairt d'O Neill (.i. Art Óc) ar Aod, mac Domnaill Uí Neill & ar Conn, mac Neill, mic Airt, d'ar' marb & d'ár' ghab moran d'a muinntir & dar' ben a n-eich & a n-éidedh dib & d'ar' ainfainnigh iat, innus gur' an tigernus Tire h-Eogain can imresain aige o shin amach.
Coccadh ar n-erghi ider O n-Domnaill (.i. Aod) & O Neill (.i. Art Oc) & moran doíne d'fhostadh gacha taoba doib & a m-beth a fad a faslongport ar comair a cheile. Ocus a techt do rath an Spirita Naim & do comairle na n-deghdaine síth cairdemail do denam doib & a n-dol a cend a celi ar droicheat Arda Sratha & cairdes-Crist do denam dóib ré ceile. Ocus cartacha nuaídhe, maille ré daingniughudh na sencartach, do thabairt la h-Ua Neill d'Ua Domnaill ar Ceniul Moain & ar Innis Eogain & ar Feruibh Manach. Ocus O Domnaill do thindlacudh a mic d'O Neill, .i. Niall O Neill, do bí a fad roime-sin a n-gill ré tairisecht.
Clann Geróit Mic Uibilín do marbadh a feall do cloinn Bhaltair Mic Uibilín & an tír do crechadh & do loscadh do mac Neill (.i. Aod), mic Cuind, tresan marbadh-sin.
Sloghadh la h-Iarla
Coblach long fada & bhád do tharraing d'O Domnaill ar Loch Erne & beth 'na chomnaidhe a fad ar Inis Sgeillend. Airgis & loiscis oilein Chuil na n-Oirthear & do ní sith riú n-a dhiaidh-sin ar cur a cumhachta orra.
Mac Uilliam Burc do mharbadh an bliadhain-si, .i. Seaan, mac Ricaird, lé n-a braithribh féin a feall.
Sluaighedh leisin n-Giustis, .i. lé Geroit Óg, mac Geroit aile, 'sa m-Breifne gairid ría Lughnusadh & dith mhór do denum 'sa m-Breifni do 'n turus-sin, .i. O Raghalligh, .i. Aodh, mac Cathail Uí Raghalligh do marbadh lais, (&) Pilip, a derbrathair & mac do Philip & Geroitt, mac Emainn, mic Tomáis Uí Raighilligh. Achtmadh en ní, do marbadh cethre fir décc d'uaislibh & d'ardmaithibh Muinntire Raghailligh, cenmothá sochaidhe dia muintir. Ro gabhadh ann beos Mág Caba, .i. Maine, mac Mathgamhna.