{fol. B 103d} Kal. Ian. uii. f., l. xxi., Anno Domini M. d. x. iii.
Rosa, mac Maghnusa Meg Mathgamna, tigerna Oirgiall, mortuus est.
Tadg, mac Maileclainn Uí Cellaigh, tigerna O Maine, mortuus est.
Maighister Muiris O Fithcellaigh, doctúir díadacht & Brathair Minúr, an t-en clérech bud mó clú & oirrdercus do bí th-soir na abhus ré a linn, taréis a beth da fichit bliadhan 'sa 'n Edáill dó ag légtóracht & ag denam ghluasand ar an Scribtúir, tic a tír a n-Gaillimh & é 'na airdespuc a Tuaim & loghad na n-uile pecadh aige do gach aon do bíadh 'g á Aifrend an cet la do rachadh co Tuaim. Ocus ar n-ordughudh laí arithi chuige-sin & fir Eirenn d'urmór ag triall 'na comdhail, fuair bás a n-Gaillimh, maille re tuirsi b-fer n-Erenn do beth
Octouianus de Spinellis, .i. primfhaid Arda Macha, in Christo quieuit.
Geróit, Iarla Cilli Dara, .i. fer inaid an rígh, an t-en macgoill dob' ferr & bud mó nert & clú & oirrdercus & is mó do-rinde do ghabhaltus ar Gaídealaibh & is lía do cumdaigh do chaislenaibh do Ghallaibh & do bris do chaislenaibh Goidhel & dob' ferr recht & riagail & is mó tuc d'á arneis fen d'feraib Eirenn, d'fhagail báis Ongtha & aithrighe a Cill Dara. Ocus a adhnacal a tempull Crist a m-Baile Atha Cliath, maille re tuirsi urmóir Gall & Gaidhel Erenn 'na dhíaidh.
Sluaighedh la Piarus, mac Semais Buitilér, a n-Uí Mic Coille 'sa Mumain, d'ar' crech & d'ár' loisc an tír. Sluaighedh aile lais im O Cerbaill & im claind Mic Murchadha, d'ár' loisc Baile an Gharrgha O Conaill & móran eile do 'n tír.
O Domnaill, .i. Aodh, mac Aodha Ruaidh, do dul, becan fedhna, a n-Alpain lé h-iarradh rígh Alban maille re litrechaibh air, d'á fuar onóir & tidlaici mora o 'n rígh. Ocus, ar m-beth raithi faris an rígh dó & ar cláochlódh comhairle do rígh Alpan im thecht a n-Erinn, tic O Domnaill slan d'a thigh ar fagháil cunntaberta moire ar fairci.
Sluaighedh les O Néill, .i. Art, mac Aoda, a Trian Conghail, d'ar' loisc Magh Line & d'ar' crech na Glinne. Ocus beris mac Néll, mic Cuinn & Mac Uibhilín ar chuid do 'n t-sluagh & marbthar Aod, mac Uí Nell, do 'n cur-sin. Teagmaidh an sluagh & an toír da cheile arna mharach & marbthar Mac Uibhilín, .i. Risderd, mac Rugraidhe & scaí Alpanach. Ocus tic O Néll slán da thigh iarum.
{slip C }O Breislén d'h-eg an bliadhain-si,
.i. Domnall,
Mac Mhég Uidhir, .i. Domnall, mac Seaain Mhég Uidhir, do ghabail leisin comarba Mhág Uidhir gairid ría Nodlaig & Donn, mac Concabuir, mic Con Connacht Meg Uidhir, do marbadh ar an lathar-sin fós.
Innsoighidh le Conn, mac Neill, mic Airt Uí Neill, a Clainn Conghail & crecha mora do dhenum leis & Art, mac Aodha, mic Domnaill Uí Neill, do ghabail leis & Seaan, mac Neill, mic Briain Buidhe Uí Neill & da mac Mic Cinath do mharbadh leis.
O Ceallaigh Maine d'h-eg an bliadhain-si, .i. Donnchadh, mac Mhaílechlainn Uí Cheallaigh.
Dá mac Pilib, mic Briain Mhég Uidhir, .i. Emann & Remann, do marbadh lé clainn Uí Fhlannagain a n-éruic a m-braithrach do mharbadur san roime-sin.
{fol. B 104a}Sluaighedh lá rígh Alpan co maithibh Alpan uimé d'á raibhe tri fichit mili fer coganta a crich t-Shaxan. Loiscis & airccis an tír do gach leth. Cruinnighis Loard Seomuirlín & a mac & cliar t-Shaxan & cumín t-Shaxan 'na n-aghaidh. Tucsat cath d'á céile & muighidh for Albanchaibh & marbtar ri Alpan ann & Mac Calín & airdespuc Sangct Andriás & mórán do thigernaibh ailibh Alban & mórán nuimer di-airmidhe do doínibh ar gach taob. Ocus berthar corp and righ co Lundain.
Art, mac Nell, mic Airt Uí Nell, d'fhagail báis & a andlacadh co h-onorach a n-Dún na n-Gall.
Art, mac Aodha Ui Nell, tigherna Tíre h-Eogain & duine aithnech, deigeinech bud mór clú & uáisle, d'fhaghail báis Ongta & aithrighe a n-Dún Ghenainn & Art Óc, mac Cuinn Uí Nell, do ríghadh 'n-a inadh les O Catháin & lé h-urmór Ciniuil Eogain a
Caislen Duin Libsi do ghabail d'O Domnaill ar cloinn Geroíd Mic Uibhilín & a thabairt do cloinn h-Ualtair Mic Uibilín.
Alustar, mac Ualtair Mic Uibilín, do crochadh le Domnall Clerech O Catháin a Cuil Rathain.
Cathal Óc, mac Domnaill, mic Eogain Uí Concobuir, an mac rígh dob' ferr einech & engnam & glicus do bí a n-Íchtar Connacht, do marbadh da derbrathair fen, .i. d'Eogan, mac Domnaill, a feall, laim re baile Uí Gillgain. Ocus techt do breithemhnus direch Dé Eóghan féin do crochadh d'O Domnaill fá cend tri lá tresan n-gním-sin.
Foslongport do dhenam d'O Domnaill timchill t-Shliccigh o fheil Brighde co Cingcís. Ocus ní dechaidh aige fair & do marbadh ann duine úasal do Cloinn t-Suibne Fhanat, .i. Níall, mac Erimhoin Mic t-Suibne.
Emann (.i. Mac Uilliam Burc), mac Ricaird a Burc, tigherna Conmaicne Cuile, do marbadh le cloind Uáter a Búrc a feall a mainistir Rátha Brannduibh.
Eogan O Maille do thecht, lucht tri long, fa na Cella Beca {fol. B 104b} 'sa n-oidhci & maithe an tíre ar eirghi amach an uair-sin. Airgit & loiscit an baile & gabait mórán brághat ann & anait a n-imeal an tíre re doininn moír ruc orra & doniat teinnti a focus da longaib. Ocus beridh orra macámh óc do cloinn Mic t-Suibne, .i. Brian & clann Briain, mic an Espuic Uí Ghallcubuir & buidhen lercach & scolóc. Ocus cuirit chuca &
Mac Mic t-Suibne Tíre Boghuine, .i. Eogan Ruadh, do marbadh do cloinn a derbrathar fén & do mac Toirrdelbaigh Ui Buíghill.