Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Ulster otherwise Annala Senait, Annals of Senat (Author: [unknown])

Year U1512

U1512.0

Kal. Ian. u. f., l. x., Anno Domini M. d. x. ii.

U1512.1

Niall, mac Cuinn, mic Aódha Buide, mic Briaín Ballaigh Ui Neill, tigerna Trin Conghail & fer einich coitcenn d'écsib & d'aós ealadhna & fer médaighthi Ord & eclus & gach maithesa arcena & ana Oirrthir Erenn, do dul d'h-ec


p.498

a Carraic Fergusa iar Comna & iar Sacarbaic. Ocus a annlacadh co h-onorach a mainistir na m-Bráthar Minúr.

U1512.2

Sluaighedh la Geroit, Iarla Cilli Dara, .i. Giústis Erenn, ar Trian Congail, dá' r' ghab caislen Beóil Fersti & da' r' bris caislen Mic Eoin & dá' r' airg Na Glinne & moránn do 'n tír. Ocus tuc mac Neill, mic Cuinn & braighde eile leis fós a n-gill re n-a breth féin.

U1512.3

Coccadh mor iter O n-Domnaill, .i. Aódh & O Neill, .i. Art, mac Aodha & coccadh eile fós iter O n-Domnaill & Mac Uilliam Burc, .i. Emann, mac Ricaird. Ocus fostais O Domnaill coic cet déc túagh a n-Ichtar Connacht & a Tír Conaill & a Feraibh Manach. Gluaisidh O Domnaill o Doiri, becán marcach & gabais caislen Beoil in Clair a cocrich Ghaleng & facbais bhardan ann & tét tar ais a Tír Fhíacrach. Cruinnighis Mac Uilliam Burc & tét fa 'n m-baile & arna cloistin sin d'Uá Domnaill, indsaighis an baile arís & fácbais Mac Uilliam an baile dó & téit do chur lóin & barda a caislen Escrech Abhann a Tír Fhiachrach. Ar n-á cloistin sin d'Uá Domnaill, leanais O Domnaill h-é tarsna Shléibhe Gamh. Ar n-a airiughudh sin do Mac Uilliam, fácbais a mac annsa baile & bharda eile & gabhais fein roime docum Aird {fol. B 103c} na Riagh. Beridh O Domnaill radharc fair & legar amach fair & tegair ider Mac Uilliam & an t-áth & téid Mac Uilliam fá t-shnámh 'na [gap: left blank/extent: 4 letters]n-aindeoin? ass, uaíthedh & lentar an chuid d'á muinntir tar Muaídh & bertar morán ech & édidh díb


p.500

& do imdigetar féin a coír madma. Suidis O Domnaill fa caislen Escrech Abhann & gabais an baile fa cend cetri lá & brises é as a h-aithle & gabais mac Mic Uilliam (.i. Uillec) & an barda uile & tic slán d'á thigh.

U1512.4

Sluaighedh lais O n-Domnaill a Tír Eogain go maithibh Ichtair Connacht leis, dá' r' loisc do gach taobh no co ráinic Dún Ghenaind. Sídhaighis O Néill ris iar m-beth sechtmain 'sa tír dó & tic assin ar an Oghmaigh. Cumdaighis caislen re sechtmain and do brised roime-sin le h-Iarla Cille Dara & fácbais barda and.

U1512.5

Sluaighedh la Geroit, Iarla Cille Dara, Giústis Erenn, tar Áth Luain a Connachtaibh: crechais & loiscis Cluain Conninn & gabhais Ros Comain & fácbus barda ann. Tét assin a Muigh Luirg & gabais caislen Baile na h-Uama & millis mórán do 'n tír. Tic O Domnaill, sluagh mór, d'á cois tresan Corr Shliabh do comrádh risin Iarla & fillis tarais an oidci cetna & tuc ced tóraighechta do 'n tír air & marbthar drong d'á muinntir fa Belaigh Buide, can echt oirrderc. Ocus suidhis annséin sá n-Shligech & do mill duthadh t-sleachta Briain Uí Concobuir.

U1512.6

Mairgréc, ingen Concobuir Uí Briain, bantigerna Ichtair Connacht o t-Sliab anúas ar tús & ben Uí Ruairc iarum — an en ben dob' ferr clú & einech & tighedhus & do ba shaidbri d'ór & d'aircet & do gach uile maith d'á raibhe a n-Erinn 'na h-aimsir — d'fhaghail báis & a h-annlacadh a n-eclus croind do-rinne fen do na Brathrib Minúra laim re Druim dá Ethiar.


p.502

U1512.7

Art, mac Cuinn Uí Domnaill, d'fhaghail bháis co h-obann do thaom thinnis a mainistir Dúin na n-Gall.

U1512.8

O Cleírich, .i. Túathal, ollam Uí Domhnaill re senchus, mortuus est.

U1512.9

Pilib, mac Toirrdhealbaigh Mhég Uidhir & a chlann & Tomas, mac Mhaghnusa Mhég Samradhain, do dhul ar ínnsoighidh a Teallaigh Echach & crech do dhenam dóibh ar Thoirrdealbach, mac Aodha Mheg Samradhain. Ocus Toirrdhealbach feisin, nech do bhí 'na thanaisti 'sa tír, do mharbadh a toraighecht na creichi-sin. Ocus a n-dul assin fa crannóig Mhég Samradhain & an 6 {slip A } crannóg do ghabail leó. Ocus Mag Samradhain feisin do ghabail leó & é tínn & a fhágbail dóibh mar nár' fhédadur a thabairt leó. Ocus mac Uí Raghalligh, .i. Emann Ruadh, mac Cathail, mic Aodha Uí Raghalligh, do bhreth ar na Manachaibh-sin & ar mac Maghnuis & brisedh dó orra. Ocus Donnchadh, mac Rémuinn, mic Pilib Még Uidhir, do marbadh leó & Pilib, mac Eogain, mic Domnaill Ballaigh Mhég Uidhir & Aodh, mac Eogain, mic sen Toirrdelbaigh Mhég Uidhir & Muircertach Ruadh Mag Murchaidh & morán aile do bhuain dibh.

U1512.10

Clann Pilib, mic Briain Mhég Uidhir, d'eirghi do Ghilla Phadraig, mac Pilib, mic Toirrdelbaigh Meg Uidhir. Ocus O Flannagain, .i. Maghnus, mac Gilbert & a chlann & a braithri, ag idhlucudh mic Pilib. Ocus síad do dhul fa cheili & brathair Uí Flannagain, .i. Gilla Isu & mac Uí Fhlannagain, .i. Sémus, do lot & a n-ég araon a cend a naomuidhi. Ocus días do muinntir chlainni Pilib, mic Briain, do marbadh ann, .i. Toirrdelbach Bernach, mac Cathail, mic Airt & Feradhach Buidhe Mhág Samradhain.

U1512.11

Innsoighidh le Domnall, mac Briain, mic Domnaill Uí


p.504

Neill, ar Ghilla Padraic, mac Pilib, mic Toirrdelbaigh Mhég Uidhir. Ocus slicht {slip B } Flaithbertaigh Meg Uidhir faraon re mac Briain. Ocus a n-dola ar baili Bona Obhann & crech do ghlacadh dóibh. Ocus brisedh orra & creach do bhuain díbh & cuid da muinntir do bhathadh & do marbadh a timchill mic Maghnusa, mic Briain, mic Concabhair Oig Még Uidhir, eter baile Bona Abhann & Inís Móir. Ocus mac Briain féin do ghabail a Tomnuigh an Réta i ferann na h-Arda Muinntire Luinín & fer lé h-ochtar da muinntir do bhathadh a Caraidh Muinntire Banain in lá cétna.7