Kal. Ian. iiii. f., l. xx. ix., Anno Domini M. d. xi./p[gt ]
Art Oc, mac Cuinn Ui Neill, do bí a laim ag O Domnaill ag imtecht dó, do ligen do Mhaghnus, mac Ui Domnaill, as a braighdenus can chead d'O Domnaill & a mac, idon Níall Óc, do thecht 'na inadh a n-gill ré comhall.
O Concobuir Fhailghe, .i. Cathair, mac
Sluaighedh lais O Néll, .i. Art, mac Aódha, a Tír Conaill, d'ár' loisc Glend Finne & Tir Énna & an Lacan. Ocus téid iarum co h-Innsi & gabhais tennes roger é & impaís día thig & beris braighde Uí Dochartaigh leis.
O Domnaill, .i. Aodh, do thecht o 'n Roim, iar faghail morain cunntaberta ar muir & ar tir & ar faghail grás mór & loghaid na n-uile pecad o 'n Pápa. Ocus fuair a cuairt co h-onorach ac dul & ac teacht ac rígh Saxan & fuair tinnlaici móra; óir ní minic fuair nech d'ár' fhácaib Éire lethéd na h-onora fuair o 'n rígh. Ocus tainic a tír a Cairlind & sé tend o fhiabrus & do bí a fad 'na {fol. B 103b} luighi 'sa Midhe & tic slán da thigh a cenn bliadhna co leth o 'n uair fá' r' imdhigh.
Cenel Feradhaigh do creachadh le Maghnus h-Ua n-Domnaill & crecha mora eile do dhenamh ar t-slicht Toirrdelbaigh Carraig Uí Concobuir leis beós an bliadhain-si.
O Dochartaigh d'h-ec in bliadhain-si, .i. Seaan, mac Domnaill, mic Concabuir & O Dochartaigh do denam do Concabur Charrach.