{fol. B 102c} Kal. Ian. ii. f., l. uii., Anno Domini m. d. ix.
O Neill, tigherna Tire h-Eogain, .i. Domnall O Nell, d'fagbail báis an bliadhain-si & Art, mac Aodha Uí Neill, do righadh 'na ínadh.
O Baíghill, .i. Emann Buidhe, mac Néll, do marbadh le Concobur Óc O m-Baíghill d'en urcar do gha sa 'n oidche.
Pilib, mac Briain, mic Pilib Meg Uidhir, d'h-eg ím fheil Brighdi na bliadhna-sa, saí chinn-fedhna.
Eoghan mac Cuinn, mic Aodha Buide Uí Neill, d'h-eg in bliadhain-so.
Donnchadh Mhág Ruaidhri,oirchinnech Machaire na Croisi, d'h-eg an bliadhain-si.
Mac Uí Neill, .i. Art, mac Cuinn, mic
Mac Uilliam Chloinni Ricaird d'h-eg an bliadhain-si; .i. Uilleg, saí cinn-fhedhna, fer einigh & eghnuma.
Sluaighedh leisin n-Giústis, .i. lé h-Iarla Chilli Dara, a Tír n-Eoghain ar tarraing clainni Cuinn Uí Néill & caislen Duine Genainn, .i. caislen Uí Néill, d'faghbail do chlainn Chuinn suil tanaic an t-Iarla uime & an t-Iarla do dhul assin fa caislen na h-Oghmuighe & a ghabail leis. Ocus Toirrdhealbach, mac Néill, mic Airt Uí Néill, do ghabail ann & Eoghan Ruadh Mac Suibhne fós do ghabail ann, nech do shín lámh d'Art, mac Cuinn, 'g á ghabail 'sa caislen cetna. Ocus in caislen do brisedh leisin Iarla 'na dhiaigh-sin & in t-Iarla do impód día tigh do 'n turus-sin.
Tomas, mac Remuinn Mhég Uidhir, do marbadh ar sluagh Uí Dhomnaill a Muigh Luirg.
Ocus innsoighidh le Brian, mac Cuinn Uí Neill, ar shlicht ingine Mic Murchadha ar bord Locha Laoghaire & Enrí Óg, mac Enrí Óig aile Uí Néill & da mac Néill Bernaigh Uí Néill, .i. Eoghan & Brian, do marbadh ann & cethri h-eich ar coichait ech do bhuain dib a cetoir.