Kal. Ian. uii. f., l. xxui., Anno Domini M. d. uiii.
Mac Még Mhathgamna, .i. Remann Óg, mac Rémainn aile Mheg Mhathgamna do mharbadh a n-domnach Muighi Dá Claine, lá fheili Padraig, lé mac Mhég Uidhir, .i. lé Pilib, mac Emhainn Mhég Uidhir, an bliadhain-so. Ocus mar so tharrla sin, .i. Pilib do dhul a n-onóir Padraig d'eistecht serbhise do 'n bhaile &, mar do bhádur ag estecht an Aithfrinn 'sa tempoll, Rémunn Óg do thecht, fedhan mór, fa 'n tempoll & téinnti do adhuint doibh a cethri ardibh an tempuill. Ocus mac
Donnchadh (.i. Donnchadh Caoch), mac Briaín, mic Pilib Mhég Uidhir, d'h-eg an bliadhain-so.
Pilib, mac Briain, mic Feidhlimthe Ui Ragalligh, .i. cenn-fedhna & fer tighi aidedh & duine dob' {fol. B 102b} fherr aithne ar gach ealadhain d'á roibhi a n-Gairb Trian an am-sin, a ég an bliadhain-si, Aine Chasc mór do sunnradh, iar m-buaidh Ongta & aithridhe.
O Domnaill, .i. Aodh, mac Aodha Ruaidh Uí Domnaill, do thecht, loingis, ar Loch Érne an bliadhain-so & caislen Ínnsi Scillinn d'fagbail dó ó Ruaidhri Mhág Uidhir. Ocus O Domnall do thabairt an chaislein isin do Pilib, mac Toirrdelbaigh Mhég Uidhir. Ocus braighdi an tíri d'faghbail dó fós. Ocus O Néill (.i. Domnall) & Mag Uidhir (.i. Concabur) do thecht gu h-Ínís Sceillinn & a ríarughudh doibh & Pilib, mac Briain Mhég Uidhir, do brisedh a chaislein féin ar egla Ui Domnaill & clann Briain d'fhágbail an tíri, .i. Ruaídhri, a cend Uí Ruairc & Pilib, a cend Airt Óig, mic Cuinn Uí Neill. Ocus
Mac Uí Ruairc, .i. Tighernan Óg, mac Eoghain, mic Tighernain aile, do marbadh le Seaan, mac Tighernain Fhínn Ui Ruairc, an bliadhain-si.
Insoighidh le cloinn Donnchaidh Mhég Uidhir, .i. le Tomas & le Pilib & le Féidhlimidh & le Clainn t-Sheaain Bhuidhi Még Mhathgamna ar Mag Uidhir, .i. ar Conchabur. Ocus Mag Uidhir do breith orra & brisedh dó orra & Feidhlimidh, mac Donnchaidh, do marbadh leis & Brian, mac Seaain Bhuidhi Még Mhathgamna, do bualadh & do ghabail leis.
Somairli Bacach, mac Somairle aile Mic Domnaill, cend cóirighthe galloglach do muinntir Uí Néill, d'h-eg an bliadhain-si.
Crecha mora le h-Art, mac Cuinn Uí Neill, ar Cheinel Feradhuigh & Eoghan Ruadh, mac Uí Neill, do breith air clainn mic Cathmhaíl & Aonghus, mac Somairle Bhacaigh Mic Domnaill, do mharbadh fa Art & Art fein d'imdhecht ar éigin & na crecha do breith leis dó.
Níall, mac Alaxdrainn Mic Caba & Enrí, mac Briain Mic Cappa, d'h-ec an bliadhain-si.