Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 70
FINDTAN doroine
- Bréfne, cá h-adbar dia fail?
fíarfaig dona h-ollamnaib:
caide adbar in anma
aran tír co trom-tharba?
- Cá h-adbar dia fuil Slíab Fráech?
fíarfaigid dam an gním gáeth:
abair frim an fáth co m-blaid,
inní diatá Túaim Regain.
- Cá h-adbar dia fuil Mag Slécht
ar Mag Senaig na sáer-écht?
abair leat tre gním ngosa
senchas Maige h-Indusa.
- Bréfne, ban-gaisgedach bil,
ingen Beóáin maic Beothaig,
rothuit ag tachor fan tír
le clandaib Cáim co cláen-bríg.
- Regan do chlaind Cháim cholaig
do shlúag Balair béimennaig,
láech co ngaisged is co ngluind
ris' ná gabtha ceit comluind.
p.254
- Regan anglondach can acht
is é dorinni an comracc;
toíseach teaglaig, lín a shlúaig,
Áenguis meic in Óig arm-rúaid.
- Luid roime an láech da rírib
ó domarb in ban-mílid
d' íarraidh chísa, narbo chert,
ar slúag nGáedel, gérb anrecht:
- Conustarla 'na agaid
mac ríg Gáedel can chabair,
cor' fhersadar comlunn crúaid
ós oir Alla meic Asúail.
- In baile ar' benad de a chend
don Fhomóir, ba gním rothend,
ní cheilim ort fáth dia fail,
is úad atá Túaim Regain.
- Fráechnat do muintir Chesrach
ráinic an slíab sáer-thestach:
dofuil fo duma glan gáeth,
conad úaithi atá Slíab Fráech.
- Indusa, ingen Breis búain,
do Thúaith Dé Danann drech-búain
dotuit le fer-gním ngosa
a Muig úathmar Indusa.
- Deich cét ocus trí míle,
issé in rád foirbthe fíre,
dorochradar, líth co m-blaid,
le sáethar ag Sléchtan-maig.
- Is aire tucad Mag Slécht
ar Maig Senaig na sáer-écht,
ar senaib ná ceilid raind,
ó ré Odbgen meic Shengainn.
p.256
- Mé Findtan mac Lamíach luind
bá-sam crúaid a cert chomluind
isam eólach-sa rem ré
senchais Bethad is Bréfne. B.