Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 14

TUAG INBER

BARD MAILE cecinit
  1. Túag Inber álaind, gáeth glass,
    in eól dúib a dindshenchas?
    in cualabair cen chaire
    senchas Túaige tond-glaine?
  2. Túag, ba taitnemach a dath,
    ingen Chonaill Chollomrach:
    rosalt asa ligi shiúil
    Conaire mac Etersciúil.
  3. Inmain leis a dalta dron
    la ríg n-Érenn, nírb úabor,
    co tart h-i Temraig na trét
    slúag ingen dia h-imchomét.
  4. Áes trí cóic m-blíadna cen brath
    roalt ingin a bráthar:
    ní léictis fir duib ná find
    chuici 'na gríanán glé-grind.
  5. Ó rogabsat ríg rige
    tochmarc Túaige tond-gile,
    rochúala Manannán mass,
    co roscar h-i cét-shercas.
  6. Cartais Manannán mac Lir
    techta úad dia h-indsaigid
    otá tech Manannáin múaid
    fri Túaig Inbir anairthuaid.
  7. Ainm in techtairi 'ca thig
    ba Fer Fí mac Eogabail,
    dalta do mac Lir na lann
    druí de thúathaib Dé Danann.

  8. p.60

  9. Atnaig in druí, mar rodlecht,
    ir-richt óc-mná for imthecht,
    cor-ránic in gríanán nglan
    i m-bátar ind ingenrad.
  10. Anais in druí h-i Temraig thind
    teora aidchi oc Túaig théit-bind,
    fo deilb mná dia muintir mais,
    fo chórus chóir chomthanais.
  11. Sin chethramaid tráth, ba tróg,
    canais bricht in druí dímór:
    i n-aidchi lúain, col-lín mod,
    tuc leis Túaig 'na trom-chotlod.
  12. Dosrat fora muin, mét chless,
    ocus roseind súan-traiges,
    ó thaig Themra, cen taisse,
    cor-rind Banba barr-glaisse.
  13. Fosruirim 'na súan 'sin tráig:
    luid d' iarrair ethair imláin:
    dotháet in tond tuile tig,
    báidis dia éis in n-ingin.

  14. p.62

  15. Imthús in drúad, cen cor' dess,
    ó 'tchuala in droch-scél díless,
    rosmudaig Manannán mer
    úair nách ríacht leis ind ingen.
  16. Inber nGlasgamna na ngním
    rop ed a ainm cen anfhír
    co tánic díth mná meic Lir,
    conid de atá Túag Inbir. T.
  17. Dodechaid Conaire cóir
    il-lurg a daltai dímóir:
    oirgis Elle is Lé malle
    i n-dígail tiug-báis Tuaige. T.
  18. Trí tonna h-Érenn uile,
    Tonn Chlidna, Tonn Rudraige,
    in Tonn robáid mnaí meic Lir
    tathig tráig ic Túaig Inbir. T.
  19. Ba bec Banna, roboí tan,
    dia m-beth nech las' bad chuman:
    noslingtis mná is maic immach
    ria maidm lond locha Echach.
  20. Eocho mac Maireda mais
    mac ríg Caisil chomadais
    roléic seirc dó 'na thír thend
    ard-ben a athar Eblend.

  21. p.64

  22. Eblend, ingen Guairi gil,
    a Brug maic ind Óc adbail,
    is uadi sin iar sine
    atberar slíab n-Ebline.
  23. Eocho ocus Eblend ena
    imgabsat maith Maireda,
    élait do lár Chassil Chaiss
    co Brug maic ind Óc amnaiss.
  24. Nirb úathad don dédiu dil
    co n-almaib co n-indilib:
    míle fer mór, maídit raind,
    scurset cen brón oc Bóind.
  25. Boí fer ara cind cen chess:
    dlomais dóib da thír díless,
    ocus marbais, mór ind neim,
    a m-búar uile in n-aidchi sin.
  26. Ansat dar ergaire ind fhir
    fescor d' adaig 'na tigib:
    dotháet chuccu, foceird úail,
    marbais a n-eochu i n-óen-úair.
  27. Iarsein atbert athesc n-ard
    ri mac Maireda mór-garg:
    ‘Mani dingbaid dím, chena,’
    ‘mairfet-sa far muintera.’
  28. ‘At móra th' uilc rind, a laích,’
    ar mac Maireda mór-gaíth:
    ‘ní rucam lind ar crod cain’
    ‘iar n-díth ar ngrega glomraig.’
  29. Co tart dóib Oengus cen fhell
    ech mór, mó d' echaib Érenn,
    dia n-idnacul ón Bóind braiss
    f'a crud, cid cían noragtais.

  30. p.66

  31. Atbert Óengus ilair ngal
    na roscurthea int ech ingnad
    noco lessed lige líuin
    i n-óen na n-íath-mag n-aníuil.
  32. Atbert a chartad for cúl
    ind eich móir cosin mírún
    suil shiled fúal, fechoir ngnás,
    arnach tísad a tiug-bás.
  33. Dothiagat dia domnaig dil
    im-mís medóin fhogamair:
    laigis int ech iar n-uide
    fescor lúain il-Líathmuine.
  34. Ataig cách a chrod co cert,
    gatsat dind eoch i n-óen-fhecht,
    ní thart nech díb, ba dál borb,
    agaid ind eich 'na athlorg.
  35. Uair rofuirged and cen on
    int ech, dogní a immarchor:
    silis accu int ech angbaid
    corbo thipra is' trom-thalmain.
  36. Dotháet Eocho, aille dremm,
    dogní tech inna thimchell,
    córaigis comlaid cen chol
    forin tiprait dia bádod.

  37. p.68

  38. Atnaig Eochu i cocud crúaid
    ri claind Rudraige rorúaid:
    rannais ri Muiredach Menn
    ard-rígi n-Ulad n-Érenn.
  39. Airechas n-Echach iarsin
    sáegul noídecdai i n-Emain:
    ataig col-láechraid Line
    úair thánic dó a thairngire.
  40. In tipra thall ina thaig,
    óen-ben and 'ca athigid:
    fecht ná rosíad in ben búan
    atracht Lindmuine lind-úar.
  41. Ó rolín topor tuile
    lergga lána Líathmuine:
    bádis Eocho cona chlaind,
    acht mac dia ngairthea Conaing.
  42. Conid ó Chonaing cen chess
    rocinset in chland chomdess,
    Dál sáer Selle, slúag cor-rath,
    ocus Dál mBúan m-bendachtach.
  43. Bennacht for ordan maic Dé,
    rolethnaig ler Líathmuine:
    is desin atá in gáeth glan,
    loch maic Maireda Muman.
  44. Maidm locha Echach na n-ess
    cét iar ngein do Día díless
    dorat bríg don Bannai bil
    dar cech tír co Túaig Inbir. T.
  45. Rop sen in flaith, fegait raind,
    tairnec i n-Ailiuch oebind,
    Níall, rodnerta Dia de nim
    don táib thíar do Thuaig Inbir. T.

  46. p.70