Aois domhoin, da mile ocht c-ced fiche bliadhan.
Naoi mile do ecc fri h-aoin-sechtmain do muinter Parthaloin for Shenmhaigh Ealta Eadoir .i. cúig míle d'feroibh, & ceithre míle do mnáibh. Conadh de sin ata Taimhleacht Muintere Parthalain. Trí ced bliadhain ro caithsiot i n-Erinn.
Ere fas triochat bliadhain go t-tainicc Neimhidh.
Aois domhoin, da mile ocht c-ced caocca.
Neimhidh do techt in n-Erinn. Is an dara lá décc iar t-techt do Neimhidh co na mhuintir at-bath Macha ben Neimhidh. At iad annso na cethra h-airigh batar lais, Sdarn, Iarbhainel Faidh, Fearghus Leithderg, & Aindind. Ceithre meic Neimhidh iad-sidhe. Medu, Macha, Yba, & Cera, cetheora mná na n-aireach-sin.
Aois domhoin, dá míle ocht c-ced caoga a naoi.
Isin m-bliadhoin-si ro mebhaidh Loch n-Dairbrech & Loch n-Ainnind h-i Midhe.
At iatt annso na ratha ro toccbadh, na moighe ro slechtadh, & na locha ro tomaidhmsat ind aimsir Nemhidh, gen go b-foghthor bliadhna sainredhacha forra. Rath Cind Ech i n-Uibh Niallain; Rath Ciombaoith h-i Seimhne, Magh Cera,
Magh n-Eabha, Magh Chuile Toladh, & Magh Luirg h-i c-Condachtoibh; Magh Tochair i t-Tir Eogain; Leagmagh i Mumhain; Magh m-Brensa i Laighnibh; Magh Lughadh i n-Uibh Tuirtre; Magh Seredh h-i t-Tethba; Magh Semhne i n-Dal Aruidhe; Magh Muirthemne i c-Conaille; & Magh Macha lá h-Airghiallaibh. Loch Cal i n-Uibh Nialláin, & Loch Muinremhoir h-i Luighnibh h-i Slebh Guaire. Cath Murbuilg i n-Dál Riada. Cath Boghna, & cath Cnamrossa, for Fomoiribh. Ro bris Nemhidh iad-sidhe.
At-bath Nemhidh iaromh do thamh i c-Crich Liatháin i Mumhain trí mile mar aon ris i nd-oilen Arda Nemhedh.
Aois domhain, trí mhile sescot a sé.
Toghail, tuir Conainn isin m-bliadhain-si la síol Neimhidh for Conainn mac Faobhair, & for Fomoribh ar chena a n-dioghail gach dochraidhe da t-tardsat forra, amhail as follus isin croinic da n-goirther
Aois domhain, trí mhile da ched sesccat a se.
Fir Bolcc do gabhail Eirionn a b-foirchend na bliadhna so. Slainge, Gand, Genann, Seangann, & Rudhruighe a c-cóig toisigh. Cuig meic Deala mic Loich iad-somh. Ro ríoghsat an cethror oile & Fir Bolcc ar chena Slainge uaistibh.
Aois domhain, tri míle dá céd seasccat a seacht.
Slainghe mac Deala do beith i ríghe Erionn frí re aoinbhliadhna, & a écc i foircenn na bliadhna sin i n-Dionn Rígh for bru Berbha.
Aois domhoin, trí mhile da céd seasccat a h-ocht.
Rudhruidhe mac Deala do gabhail ríghe n-Ereand.
An chéd bhliadhain dia righe innsin.
Aois domhain, trí míle dá céd seascat a naoi.
An dara bliadhoin do righe Rudhruidhe, & a écc i bh-foircionn na bliadhna-so.
Aois domhain, tri mile da céd sechtmoghat.
An céd bhliadhain do righe Gainn & Geanainn os Erinn innsin.
Aois domhain, tri mile da céd sechtmoghat a trí.
An cethramhadh bliadhain do Gann & do Geanann, & a n-écc do tamh a b-foircend na bliadhna so h-i c-Crích Liathain co f-fichit céd ar aon riú.