Corpus of Electronic Texts Edition
Íosagán (Author: Pádraic H. Pearse)

p.92

Bhí sean-Mhaitias ina shuí le hais a dhorais. An té ghabhfadh an bóthar, shílfeadh sé gur dealbh chloiche nó marmair a bhí ann —sin nó duine marbh —mar ní chreidfeadh sé go bféadfadh fear beo fanacht chomh ciúin, chomh socair sin. Bhí a cheann cromtha aige —agus cluas air ag éisteacht.

Is mó sin fuaim ceolmhar a bhí le cloisteáil, an té a mbeadh aird aige orthu. Chuala sean-Mhaitias olagón na dtonn ar na carraigreacha agus monabar an tsruithleáin ag sileadh leis an gclochar. Chuala sé scréach na coirre éisc ón duirling, agus géimneach na mbó ón mbuaile, agus geal-gháire na bpáistí ón bhfaiche. Ach ní le ceachtar acu seo a bhí sé ag éisteacht chomh haireach sin —cé go mba bhinn leis iad go léir ach le glór glé glinn cloig an Aifrinn a bhí ag teacht chuige le gaoith i gciúnas na maidne.

Bhí na daoine an fad brúite leo chuig an Aifreann. Chonaic sean-Mhaitias ag gabháil thairis iad, ina nduine is ina nduine, nó ina mion-dreamannaibh. Bhí na gearr-bhodaigh ag rith agus ag léimneach. Bhí na cailíní ag sioscadh cainte go meidhreach. Bhí na mná ag comhrá os íseal. Bhí na fir ina dtost.


p.93

Mar sin a thriallaidís an bóthar gach Domhnach. Mar sin a shuíodh sean-Mhaitias ar a chathaoir ag breathnú orthu nó go dtéidís as amharc. Thriall siad thairis an mhaidin áirithe seo mar ba ghnáthach. D'fhan an sean-fhear ag féachaint orthu go dtí go raibh críoch leis an ngleo is leis an bhfothram, go dtí gur ghlan an plód deireannach barr ardáin na cille, go dtí nach raibh le feiceáil ach bóthar fada díreach ag síneadh amach is é bán, go dtí nach raibh fágtha ar an mbaile ach corr-shean-duine ina leaba, na páistí ag cleasaíocht ar an bhfaiche, agus é féin ina shuí le hais a dhorais.

Ní théadh sean-Mhaitias chuig teach an phobail. Níor éist sé ‘an tAifreann binn’ le tuilleadh is trí scór blian. Bhí sé ina ógánach luath láidir an uair dheireannach a choisric sé é féin i láthair an phobail, agus anois bhí sé ina shean-fhear chríon chaite, a chuid gruaige liath-bhán, roic ina éadan, a shlinneáin cromtha.

Níor fheac sé a ghlún i bhfianaise Dé ar feadh na dtrí scór blian sin; níor chuir sé paidir chun a Chruthaitheora; níor ghabh sé buíochas lena Shlánaitheoir. Fear ann féin ab ea sean-Mhaitias.

Ní raibh a fhios ag éinne go cé an fáth nach dtéadh sé ar Aifreann. Dúirt daoine nár chreid sé go raibh aon Dia ann. Dúirt daoine eile go ndearna sé peacadh uafásach éigin i dtús a shaoil, agus nuair nach dtiúrfadh an sagart asplóid dó ar faoistin go dtáinig cuthach feirge air agus gur mhionnaigh sé nach dtaobhódh sé sagart ná séipéal lena bheo arís.


p.94

Dúirt daoine eile —ach ní deirtí é seo ach i gcogar cois tine nuair a bhíodh na sean-daoine ag seanchas leo féin tar éis dul a chodladh do na páistíbh —dúradar so gur dhíol sé a anam le Fear Mór áirithe a casadh dó uair ar mhullach Chnoic an Daimh agus nach ligfeadh an té seo dó an tAifreann a chleachtadh.

Níl a fhios agam cé acu fíor nó bréagach na scéalta seo, ach tá a fhios agam nach bhfacthas sean-Mhaitias ag Aifreann Dé le cuimhne cinn an duine ba shine ar an mbaile. Dúirt Cuimín Ó Niadh, sean-fhear a fuair bás cúpla bliain roimhe seo in aois a dheich mblian is ceithre scór, go bhfaca sé fein ann é nuair a bhí sé ina stócach.

Ná síltear go mba dhroch-dhuine sean-Mhaitias. Bí sé ina fhear chomh macánta, chomh simplí, chomh nádúrtha is a casfaí ort i do shiúl lae. Níor cluineadh as a bhéal riamh ach an dea-fhocal. Ní raibh dúil aige in ól ná i gcomhluadar, in ór ná i maoin. Bhí sé bocht, ach is minic a roinneadh sé le daoinibh ba bhoichte ná é.

Bhí trua aige don easlán. Bhí trócaire aige don truán. Bhí modh agus meas ag fearaibh eile air. Bhí gean ag na mnáibh, ag na páistíbh, agus ag na hainmhithibh dhó; agus bí gean aige-sean dóibh-sean agus do gach ní atá grámhar croí-ghlan.

B'fhearr le sean-Mhaitias comhrá ban ná comhrá fear. Ach b'fhearr leis comhrá malrach is girseach ná comhrá fear ná ban. Deireadh sé gur tuisceanaí na mná ná na fir agus gur tuisceanaí na páistí ná ceachtar acu. Is i


p.95

bhfochair an dreama óig a chaitheadh sé an chuid is mó dá aimsir dhíomhaoin. Shuíodh sé leo i gcúinne tí ag inseacht scéalta dhóibh nó ag baint scéalta astu.

B'iontach iad a chuid scéalta. Bhí Eachtra an Ghearráin Ghlais ar dheiseacht an domhain aige. B'é an t-aon tsean-duine ar an mbaile é a raibh scéal Phréacháin na gCearc is an Dreoilín i gceart aige. Nach é a chuireadh scanradh ar na páistíbh is é ag aithris ar Fú Fá Féasóg agus Fathaigh an Dá Cheann; is nach é a bhaineadh na gáirí astu ag cur síos ar imeachtaibh an phíobaire i gCaisleán an tSeilmide!

Agus na hamhráin a bhí aige! B'fhéidir leis leanbh breoite a mhealladh chun suain lena —
‘Seoithín seó, is codail, a pheata,
Tá an slua sí amuigh ag siúl an ghleanna!’
Nó thiocfadh leis lán tí de pháistíbh a chur i dtrithíb gáire lena —
‘Haidh didil dum, an cat is a mháthair,
a d'imigh go Gaillimh ag marcaíocht ar bhárdal!’
Agus nach aige bhí na sean-ranna greannmhara, agus na crua-cheisteanna deacra, agus na tomhaiseanna breátha! Maidir le cluichíb, cá raibh an té, fear, bean, nó páiste, a d'fhéadfadh Lúrabóg, Lárabóg nó An Bhuíon Bhalbh a choinneáil ar siúl leis?

San uair bhreá is ar thaoibh an chnoic nó ag siúl na bportach a d'fheicfeá sean-Mhaitias is a chomrádaithe beaga, é ag míniú slí beathadh na


p.96

seangán is na míol gcríonna dóibh, nó ag ríomhadh scéalta i dtaoibh na gráinneoige is an iora rua.

Tamall eile dóibh ag bádóireacht, maide rámha ag an sean-fhear, ceann eile ag buachaillín beag éigin, agus b'fhéidir gearrchaile ag stiúradh. Is minic a chluineadh na daoine a bhíodh ag obair in aice na trá gártha áthais na bpáistí ag teacht chuca ó bhéal an chuain, nó b'fhéidir glór shean-Mhaitiais is é ag gabháil fhoinn—
‘Óró! mo churaichín ó!
Is óró! mo bháidín!’ —
nó rud éigin mar é.

Thagadh faitíos an chuid de na máithreachaibh scaite agus deiridís le chéile nár cheart dóibh ligean dá gclainn an oiread sin aimsire a chaitheamh i bhfochair shean-Mhaitiais —‘fear nach dtaithíonn Ord ná Aifreann.’

Nocht bean acu na smaointe seo uair don Athair Seán. Séard adúirt an sagart —
‘Ná bac leis na páistíbh bochta,’ ar seisean.
‘Ní fhéadfaidís a bheith i gcomhluadar níb fhearr.’
‘Ach deirtear liom nach gcreideann sé i nDia, a Athair.’
‘Is mó naomh sna Flaithis inniu nár chreid i nDia tráth dá shaol. Agus cogair mé seo —muna bhfuil grá ag sean-Mhaitias do Dhia —rud nach feasach duit-se nó dom-sa —is iontach an grá atá aige don ní is áille agus is glaine dár chruthaigh Dia —anam gléigeal an pháiste. Bhí an grá céanna ag ár Slánaitheoir féin, agus ag na naomhaibh is glórmhaire an neamh, dóibh.


p.97

Cá bhfios dúinn nach iad na páistí a tharraingeodh sean-Mhaitias go glún ár Slánaitheora fós?’
Agus fágadh an scéal mar sin.

An mhaidin Domhnaigh seo d'fhan an sean-fhear ag éisteacht nó gur stad clog an Aifrinn dá bhualadh. Nuair a bhí deireadh leis, lig sé osna, mar ligfeadh an té a mbeadh cumha is tuirse air, agus thug sé a aghaidh ar an mbuín mhalrach a bhí ag súgradh dóibh féin ar an ngiodán féir —an ‘fhaiche’ a bheireadh sean-Mhaitias air — ag an gcros-bhóthar.

Bhí aithne ag sean-Mhaitias ar gach pataire ceann-chatach cosnochtaithe acu. Níorbh fhearr leis caitheamh aimsire ar bith ná bheith ina shuí ansin ag breathnú orthu is ag éisteacht leo.

Bhí sé ghá gcomhaireamh, ag féachaint cé acu dá chairdibh a bhí ann agus cé acu bhí imithe chun an Aifrinn leis na daoinibh fásta, nuair a thug sé fá deara páiste ina measc nach bhfaca sé riamh roimhe.

Gasúr beag donn a bhí ann, a raibh cóta bán air mar bhí ar gach malrach eile, agus é gan bróga gan caipín, mar is gnáthach le páistíbh an Iarthair. Bhí éadan an mhalraigh seo chomh soilseach leis an ngréin, agus facthas do shean-Mhaitias go raibh mar bheadh gaethe solais ag teacht óna cheann. An ghrian ag lonradh ar a chuid gruaige, b'fhéidir.

Bhí ionadh ar an sean-fhear fá an bpáiste seo fheiceáil, mar ní chuala sé go raibh aon strainséar tar éis teacht ar an mbaile. Bhí sé ar tí dul anonn agus duine de na scurachaibh


p.98

beaga a cheistniú ina thaoibh, nuair a chuala sé gleo is gliadar na ndaoine ag teacht abhaile ón Aifreann. Níor airigh sé an uair ag sleamhnú thairis a fhaid is bhí a aird ar chleasaibh na ngasúr.

Bheannaigh cuid de na daoinibh dó ag gabháil thairis dóibh is bheannaigh seisean dóibh-sean. Nuair a thug sé súil ar an scata malrach arís, ní raibh an páiste deorata ina measc.

An Domhnach ina dhiaidh sin bhí sean-Mhaitias ina shuí le hais a dhorais, mar ba ghnáthach. Bhí an pobal bailithe siar chuig an Aifreann. Bhí an dream óg ag ritheacht is ag caitheamh léim ar


p.99

an bhfaiche. Ag ritheacht is ag caitheamh léim ina bhfochair bhí an páiste deorata.

D'fhéach Maitias air ar feadh i bhfad, mar thug sé taithneamh a chroí dhó i ngeall ar áilleacht a phearsan agus gile a éadain. Sa deireadh ghlaoigh sé anall ar dhuine de na buachaillíbh beaga.

‘Cé hé an malrach údan a fheicim in bhur measc le coicíos, a Chóilín?’ ar seisean —
‘é sin a bhfuil an cloigeann donn air —ach fainic nach bán-rua atá sé: níl a fhios agam an dubh nó fionn é is an chaoi a bhfuil an ghrian ag scalladh air. An bhfeiceann tú anois é —é sin atá ag rith chugainn?’
‘Sin é Íosagán,’ adeir an scurach beag.
‘Íosagán?’
‘Sin é an t-ainm a thugas sé air féin.’
‘Cé dhár díobh é?’
‘Níl a fhios agam, ach deir sé go bhfuil a athair ina Rí.’
‘Cá gcónaíonn sé?’
‘Níor innis sé é sin riamh dúinn, ach deir sé nach fada uainn a theach.’
‘An mbíonn sé in éineacht libh go minic?’
‘Bíonn, nuair a bhíos sinn ag caitheamh aimsire dhúinn féin mar seo. Ach imíonn sé uainn nuair a thagas daoine fásta sa láthair. Féach! Tá sé imithe cheana!’

Bhreathnaigh an sean-fhear, agus ní raibh ann ach na malraigh a raibh aithne aige orthu. Bhí an Páiste ar a dtug an gasúirín ‘Íosagán’ ar iarraidh. An neomat céanna cluineadh fothram is tormán na ndaoine ag filleadh ón Aifreann.


p.100

An chéad Domhnach eile thit gach ní amach díreach mar thit an dá Dhomhnach roimhe sin. Bhailigh an pobal siar mar ba ghnáthach agus fágadh an sean-fhear agus na páistí leo féin ar an mbaile. Thug croí shean-Mhaitiais léim ina lár nuair a chonaic sé an Páiste Neamhdha ina measc arís.

D'éirigh sé. Chuaigh sé anonn agus sheas sé ina aice. Tar éis tamaill ina sheasamh dó gan corraí, shín sé a dhá láimh chuige agus labhair sé de ghlór íseal—
‘A Íosagáin!’
Chuala an leanbh é agus tháinig sé ag rith chuige. ‘Tar i leith is suigh ar mo ghlúin go fóillín, a Íosagáin.’
Chuir an páiste a lámh i láimh thanaí chnapaithe an tsean-fhir agus thrialladar cos ar chois trasna an bhóthair. Shuigh sean-Mhaitias ar a chathaoir agus tharraing Íosagán lena bhrollach.
‘Cá gcónaíonn tú, a Íosagáin?’ ar seisean, ag labhairt os íseal i gcónaí.
‘Ní fada as seo mo Theach. Cad chuige nach dtagann tú ar chuairt chugam?’
‘Bheadh faitíos orm i dteach ríoga. Insítear dom go bhfuil d'Athair ina Rí.’
‘Is é Ard-rí an Domhain É. Ach níor ghá dhuit faitíos a bheith ort roimhe. Tá Sé lán de thrócaire is de ghrá.’
‘Is baolach liom nár choinnigh mé A dhlí.’
‘Iarr maithiúnas air. Déanfad-sa is mo Mháthair eadarghuidhe ar do shon.’
‘Is trua liom nach bhfaca mé roimhe seo tú, a Íosagáin. Cá háit a raibh tú uaim!’


p.101

‘Bhí mé anseo i gcónaí. Bím ag taisteal na mbóthar is ag siúl na gcnoc is ag treabhadh na dtonn. Bím i lár an phobail nuair a chruinníos siad isteach i mo Theach. Bím i measc na bpáistí fhágas siad ina ndiaidh ag cleasaíocht ar an tsráid.’
‘Bhí mise ró-fhaiteach —nó ró-uaibhreach —le dul isteach i do theach, a Íosagáin; ach fuair mé i measc na bpáistí thú.’
‘Níl aon am ná áit dá mbíonn páistí ag súgradh dóibh féin nach mbím-se ina bhfochair. Amanta chíonn siad mé; amanta eile ní fheiceann.’
‘Ní fhaca mise riamh thú go dtí le gairid.’
‘Bíonn na daoine fásta dall.’
‘Agus ina dhiaidh sin gealladh dhom thú fheiceáil, a Íosagáin?’

p.102

‘Thug m'Athair cead dom mé féin a fhoilsiú duit de bhrí go dtug tú grá dá pháistíbh beaga.’
Cluineadh glórtha na ndaoine ag filleadh ón Aifreann. ‘Caithfidh mé imeacht anois uait.’
‘Lig dom imeall do chóta a phógadh, a Íosagáin.’
‘Déan.’
‘An bhfeicfidh mé arís Thú?’
‘Feicfir.’
‘Cé an uair?’
‘Anocht.’
Leis an bhfocal sin bhí sé imithe.
‘Feicfidh mé anocht é!’ arsa sean-Mhaitias agus é ag dul isteach sa teach.

Tháinig an oíche fliuch stoirmiúil. Cluineadh na tonntracha móra ag briseadh le fuamán in aghaidh an chladaigh. Bhí na crainn thart timpeall ar teach an phobail ag luascadh is ag lúbadh le neart na gaoithe. (Tá an séipéal ar ardán atá ag claonadh le fánaidh síos go farraige).

Bhí an tAthair Seán ar tí a leabhar a dhúnadh agus a phaidrín a rá nuair a chuala sé an torann mar a bheadh duine ag bualadh an dorais. D'éist sé ar feadh scathaimh. Chuala sé an torann arís. D'éirigh sé ón tine, chuaigh go dtí an doras, agus d'oscail é.

Bhí gasúr beag fir ina sheasamh ar leic an dorais —gasúr nár chuimhneach leis an sagart a fheiceáil riamh roimhe. Bhí cóta bán air agus é gan bróga gan caipín. Facthas don tsagart go raibh gaethe solais ag lonradh óna ghnúis agus


p.103

timpeall a mhullaigh. An ghealach a bhí ag taithneamh ar a chaomh-cheann donn, b'fhéidir.

‘Cé tá anseo agam?’ arsan tAthair Seán.
‘Cuir ort chomh tapaidh is is féidir leat é, a Athair, is buail soir go dtí teach shean-Mhaitiais. Tá sé i mbéalaibh báis.’
Níor theastaigh an dara focal ón sagart.
‘Suigh anseo go mbí mé réidh,’ ar seisean. Ach nuair a tháinig sé thar ais, bhí an teachtaire beag imithe.

Bhuail an tAthair Seán bóthar, agus níorbh fhada a bain sé de, cé go raibh an ghaoth ina aghaidh, agus é ag báistigh go trom. Bhí solas i dteach shean-Mhaitiais roimhe. Bhain sé an laiste den doras is chuaigh isteach.

‘Cé hé seo chugam?’ ansan guth ó leaba an tsean-fhir. ‘An sagart.’ ‘Ba mhaith liom labhairt leat, a Athair. Suigh anseo lem ais.’ Bhí an guth fann agus tháinig na focla go mall uaidh.

Shuigh an sagart agus chuala scéal shean-Mhaitiais ó thús deireadh. Cé ar bith rún a bhí i gcroí an tsean-duine nochtadh do sheirbhíseach Dé ansin i lár na hoíche é. Nuair a bhí an fhaoistin thart ghlac sean-Mhaitias Corp Chríost agus cuireadh an Ola Dhéanach air.

‘Cé dúirt leat go raibh tú ag teastáil uaim, a Athair?’ ar seisean de ghlór lag íseal, nuair a bhí gach ní déanta. ‘Bhí mé ag guidhe Dé go dtiocfá, ach ní raibh aon teachtaire agam le cur fá do dhéin.’


p.104

‘Ach chuir tú teachtaire chugam, ar ndóigh?’ adeir an sagart agus ionadh mór air.
‘Níor chuir mé.’
‘Níor chuir tú? Ach tháinig gasúirín beag agus bhuail sé ar mo dhoras agus dúirt sé liom go raibh mo chúnamh ag teastáil uait!’
Dhírigh an sean-fhear aniar sa leaba. Bhí faobhar ina shúilibh. ‘Cé an sórt gasúirín a bí ann, a athair?’
‘Buachaillín beag caoin a raibh cóta bán air.’
‘Ar thug tú fá deara mar bheadh scáile solais thart timpeall a chinn?’
‘Thugas, agus chuir sé ionadh mór orm.’
D'fhéach sean-Mhaitias suas, tháinig meangadh gáire ar a bhéal, agus shín sé amach a dhá láimh —
‘Íosagán!’ ar seisean.

Leis an bhfocal sin thit sé siar ar an leaba. Dhruid an sagart anonn go socair agus dhún a shúile.