Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen Sanitatis (Author: [unknown])

p.17

Regimen Sanitatis

{MS page/column 1/1}

REGIMEN SANITATIS est triplex .i. ataid tri gneithi ar follamhnughadh na slainte. 1 Conseruatiuum .i. coimed ocus preseruatiuum .i. rem-coimed ocus reductiuum .i treorugadh mar foillsighius Galen 2 sa treas partegul do Tegni. Conservatiuum do na daoinibh slána is imcubidh e. Preseruatiuum don droing bhis ag dul an eslainti no dolucht na neimnechtarda dlighear e. Ocus reductiuum do lucht na heslainti dlighear. Gidhedh gairther presiruatiuum do seruatiuum uair and mar adeir Hali sa treas partegul do Thegni 3 sa seathadh coimint dég ocus dá fitheat. Maseadh adeirim gurub o neithibh cosmhaile do niter in coimed mar adeirur san inadh cétna ‘Si uis conseruare crasim quam accepisti similia similibus offeras’ .i. madh áil let an coimplex dogabuis cugat do coimet tabhair neithi cosmuile. 4 Maseadh is neithi cosmuile go huilidhi a céim ocus a foirm dligher do tabhairt don corp mesardha ocus in corp claonus do claonadh nadurdha o measurdacht dligher neithi cosmuile do réir foirme ocus ni do réir céime do tabuirt dó arson na togra ata aige cum tuitme mar adeir Aueroys 5 sa seathadh leabur do Collegett. Et da n-abairsi nach gabann ní gnímh ona cosmailius cuige mar adeir Auicina 6 a caibidil comhar(tha) {MS page/column 1/2} (n)a coimplex sa dara fén don cét leabur mar an abair gurub o thota species gnimaighitt na baill ar in biadh. Adeirim-si gurub o thota species 7 an baill do niter an dileaghadh ocus on tes mar indstruimint mar adeir Aueroys sa cuigedh leabur do Collegett do gaile an éin renaburthar struccio gurub ullma an aimsir ina leaghtur iarann mór ann o thota species na sa teine ocus is mar sin and sa cás so. No adeirim nach gabtur gním ona cosmailius anns na neithibh bis gan anum gidheadh féttur a denamh go maith is na neithibh ambi anum. Maseadh na cuirp claonas on mhesurdhacht follamhnaighter o neithib cosmuile do réir fhoirme iad in tan bit sa measurdhacht dilighter doibh ocus gan am beith cosmhail do réir chéime oir dlighidh an céim beith nis ísle sa biadh na sa corp da tabartur da oilemhain e ocus dlighear in drong so d'oileamhain le biadh leighiseamail oir is le biadh is biadh 8 dlighear an coimplex mesardha d'follamnughadh. ‘Uerbi gracia’ .i. adir Hali sa treas partegul do Theighni a coimint an texa so ‘calidiora calidioribus et cetera’ 9 condlighear an corp tesaighi do shír no an corp claonas o cuttromacht 10 a dhá céim d'follamhnughadh le neithibh tesaidhi sa cét céim ocus is neithi fuara gaires dibh sin oir in teas iseal is fuaradh am bél an lega e ocus is uime sin a deirit drong go seachranach ag tuigsin an texa sin gurup le neithibh fuara dligher na cuirp tesaighi do coimhed ocus is brég sin gidhegh féttur a remh-choimhed no a tesargadh re neithibh fuara is isle a céim


p.18

{MS page/column 2/3} na in corp dobáil do rem-coimhett. Gidhegh cena an follamnughadh renaburtar reduccio is le neithibh fuara sa taoibh contrardha ocus a céim in and dlighear a dhenamh gidhegh dlighear a fhis gurub le neitibh tesaighi ísli dlighear na cuirp theo docoimhett ocus na cuirp fhuaara le neithibh fuara ísli ocus na cuirp tirma le neithibh tirma ísle, et cetera. Ocus is folluis gondlighear cuirp lenna duibh 11 d'follamhnughadh le neithibh fuara, tirma, ísli ocus is neithi tesaighi flichi sin ocus ni go h'aonda acht an aithfheghadh coimplexa lenna duibh12 mar a deir commentator an damasenus13 sa dara partegul sa cuigedh coimint ocus tri fithit go fuil an fín tesaighi tirim gidhegh adeir gurub tesaighi flichi e an aithfegadh lenna duibh ocus is mar sin adeirim ann sa cás so. Et is mar an cétna do coímplex lenna find condlighear a follamhnughadh le neithibh fuara flicha ísle ocus is neithi tesaighi tirma ísli sin gidhegh da mbia coimplex lenna find ar tuitim do thuithim aicidigh chum fuarachta ocus cum flichada dlighear a follamhnughadh le neithibh tesaighi tirma árda ocus is e sin a treorughadh cum a contrardha. Maseadh dlighear na neithi-si d'fheuchain a coimhed na slainti .i. cáil ocus caindighecht ocus órd ocus aimsir bliadhna ocus aimsir no uair in proindighthi ocus aois ocus gnathughadh. Ocus adubhrumar don chail gustrasda14 go ndilighinn si bheith cosmail a céim ocus a foirm no a foirm amáin ocus gan a beith a céim oir mar aduburt ar tús go mbi nite íseal cosmail risin coimplex fuar oir is ní fuar gairtear on liaigh don nithe íseal ocus is cosmail in fuar ris in ní fuar ocus fós gach uile ní ina fuil betha is te e ocus is uime sin nach dlighear a tuigsin gurub cosmail risin corp ndaonda na neithi fuara acht na neithi fuara ísle ocus is neithi tesaighi sin {MS page/column 2/4} am bél in legha. In dara Caibidil do chaindigecht in bídh.

Caindigeact in bídh 15 .i. condlighear a chaitimh in tan tochluightear e oir adeir Arustotul16 in Epistula ad Alexandrum ‘Dum adhuc apetitus durat manum retrahe’ .i. tarruing do lamh chugatt ocus in tochlughadh ar marthain agut. Ocus adir Auicina sa caibidil laburus d'follamhnughadh na neithedh itther ocus ibhter ‘Ita comede quod sint reliquie desiderii’ .i. gurub amhlaidh caithfir fuighlech tochluighthi do beith agut oir is ferr na huaire d'imdughadh na in cainndigecht mór ocus is ferr began do caitimh fadhó na móran an én uair oir in biadh caithear an éinfhecht améidh móir ni héidir a dhileaghadh ocus seachrainughi brigh dileaghthach an gaili annsin ocus in sechran doniter sa chét dileaghadh in tan is mór e ni certaighter sa dara dileaghadh mar adeir comentator damasenus sa cét partegul sa seathadh comint dég ocus is uime sin nach oilenn se go dlistinach annsin ocus is ar in adhbur sin adeir Auicina sa treas leabhur nach fhásaidh na daoine ginacha. Et fós an biadh thosgaighes a méid andlistinaigh doní duinte ocus is cúis sin don mhorgadh17 tre esbhuigh an indfhuartha18 do réir Hali sa tres partegul do Thegni. Et is e is comurtha go caithind neach go leór in tan nach tig o caithem an bhídh méid and sa puls na loighett and san anail oir ni thegmhand so acht arson go cumhgaighind an gaile ar in sgairt ocus is uime sin bis an anail beg minic ocus do beir égintus innfhuartha in croidhi19 an puls do médughadh o nach bi anmfhaindi ar in mbrigh. Comhurthaighi eile gan claochlogh do beith ar in fual na ar in feradh ocus gan na hindedhi go háirighthi ypocondria


p.19

{MS page/column 3/5} do righeadh ocus gan cuirrineacht na gaothmairecht na truimidecht na anmfainne do mothughadh ocus gan urlugadh na apititus caininus20 na tuitim tochluighthi do beith air na leisgi indtlechta acht go fétfadh stuider do dhenamh déis bídh mar do denadh roime acht amhain in tan tuitius an biadh ocus tinnsgnus dileaghadh do gabhail oir éirghitt na dhetaighi inmolta21 in tan sin ocus donít codladh ocus toirmisgit an stuider. Et fós gan nem-codladh do beith air ocus gan blas an bídh d'fhaghbhail a cind aimsiri ar in mbrúchtaigh oir da mbiadh na neithi-si mar adubhrumuir foillsighter an biadh do bheith mesardha ina caindigeacht. Gidhegh dlighear an gnathughadh do coimet andso muna ro-olc e mar do cithfighter. Et adeirim mar in cétna don digh nach dlighind si beith an méidisin go mbeith an biadh ar snámh sa ghaili mar bis ag lucht na meisgi ocus is uime sin aní adeir drong gurub maith beith ar meisgi uair sa mhí is brég e mar foillsighius Auerois sa dara22 partegul dona Cantichibh sa treas cantic dég ar fhithit mar an abair ‘Assensus ebrietatis simel in mense est erroneus’ .i. as seachrannach aontughadh na meisg aon uair is in mí oir ge do na neithibh is mó tarbhaighius don tes nadurra an fín arna gabhail go mesardha is do na neithibh is mó urcoidighius dó ocus don incind ocus dona cétfadhuibh é in tan tosgaighius go himurcrach23 ocus is uime sin adeir annsin gurub ferr uisgi na meala don droing ag ambit feithi anmfhanda24 na e gidhegh féttar began d'fhín deghbalaidh do tabairt do na sen-daoinibh mar adeir annsin gidhegh adeir Auicina sa caibidil labrus d'fhollamhnughadh an uisgi ocus an fíona. ‘Pueris dare uinum est addere ignem igni in lignis debilibus’ .i. is tine do cur a cenn tinedh a conadh anmfand fín do tabhairt dona macamhaibh. Gidhegh tabair go mesardha dona daoinibh óga e ocus don t'sendaoine an méid is áil lis maseadh is a méid moir is imchubhaidh25 doibh e. Adeirim {MS page/column 3/6} condligher an méid is áil lis do tabairt dona tshenduine on thsendacht ocus is e sin an senduine mesardha thochluighes an méidh fhédus do dileaghadh ocus bis ina duine rodheisgribhidech.26 Gidhegh an senduine on thsenordhacht27 ni dlighear an méidhi sin do tabhairt dó oir bidh in drong sin dibenta28 ocus bidh rabhaile orra ocus is beg a teas oir bidh mar lóchrand bis ullamh cum báidhti29 mar a deirur sa cét partegul d' amforismorum30 ocus is uime sin adeir Galen an sa partegul cétna a comint na canona-so ‘Potus indigenciam soluit, et cetera’. Is uime sin fiarfuighim31 in roimh in chuit dlighear atabairt no ina diaigh ocus docíter nach roimpi oir adeir Auicina sa caibidil labhrus d'follamhnughadh an uisgi ocus an fína ‘Sapiens debet sibi prohibere ne ieinunus uinum bibat’ .i. dlighi in duine égnaidhi a caomhna féin ar fhín d'ól ar cét longadh ocus ni dlighear a tabhairt déis na coda oir adeir Auicina sa caibidil cétna ‘Uinum post quodlibet omnium ciborum est malum’ .i. is olc an fín tar éis gach uile bídh ocus adir a caibidil follamhnuighthi an neith itter ocus ibhter ‘Uinum post cibum est ex rebus magis impedientibus digestionem’ .i. dona neithibh is mó toirmisgius an dileaghadh fín d'ól tar éis bídh arson co tabhair ar an mbiadh tolladh sul dileaghta e. Et ni himchubidh an fín ar in cuid do réir Auicina sa caibidil labhrus d'follamhnughadh a neithe itter ocus ibhter mar an abair ‘Oportet ut post comestionem bibat quis et non in hora comedendi’ is hégin gurob tar éis an caithmhe ibhus nech deoch ocus nach an uair proindighti. Et adeir began roimhe sin ‘Non est bibendum donec cibus de stomaco descendat’ .i. ni dlighear deoch dh'ól no go tuitinn an biadh is an ghaile. In opossitum .i. ata in gnathughadh coitchind ina aguidh so ag ól an fína ar in cuid ocus tara héis. Adeirim nach imchubidh

p.20

{MS page/column 4/7} an fín roimh an cuid an aimsir na sláinti. Gidheadh is imchubidh e uair ann an aimsir na heslainti .i. in tan is mó is egail uireasbhaidh na bríghi na urchoid an fína mar is folluis isin t'singcoipis32 tig o anmhfainne na bríghi ocus adeirim gurub imcbubidh e in tan sin roimh in cuit ocus tar a héis. Ocus in tan doniter mar argamainti nach imchubaidh ar in cuid e adeirim do réir Auicina sa caibidil labhrus d'follamhnughadh an uisgi ocus an fína nach urcoidigheann dá bhriala33 d'ól ar in cuid don nech do gnathuigh e ocus mar in cétna don duine shlán déis cuislindi.34 Gidhegh dlighear an gnathughadh do coimeidh annso mad arrsaigh e muna fa ro-olc e35 ocus dleghar a treigen in tan sin déis a céile ocus ni go hoband. Et iseadh tuigim trid in focul-so briala .i. misur ina tuillfedh oirett éndighe amain .i. an méidh do ghebadh nech gan claochlogh anala36 .i. den anail gan coimhéigniughadh gan fostogh ainndeonach. Adeirim fós gurup olc an fín déis gach uile bídh acht tar éis an bídh do beith dileaghta ocus athuitme acht a caninus apititus mar an dlighear neithi meithi do tabhairt ar tús ocus fín aindsein ocus is dlighi leighis sin. Gidhedh ni himchubaidh an fín déis bídh onginter droch leann na roimhe na in tan caither e mar adeir Auicina san inadh cétna37 oir do bhir ar in droch linn sin tolladh cum foirimill an chuirp ocus is uime sin thsheacranaoid an drong lerbáil fín d'ól déis nan droch biadh dan dileaghadh oir imighi roimh in ndileaghadh ocus tromaighi an corp is uime sin adeirim go cumair gu féttar an fín do tabairt a méid big déis na coda ocus ni a caindighecht móir ocus a tabairt do nech do gnathuigh e ocus do neach déis cuislindi ocus gan a tabairt do neach eile acht an aimsir tharta móir ocus is na cásaibh eile curtur sa caibidil labrus d'follamhnughadh an uisgi ocus an fína. Et in tan adeir nach imchubidh an fín ar in cuitt adeirim {MS page/column 4/8} gurob mar so dlighear briathra Auicina do tuigsin in tan adeir gurub tar éis na coda38 dlighear an deoch d'ól ocus nach uirri .i. gurub tar éis thsluigthi an grema ocus nach e trath ata sa bél dlighear a h'ól no nogan imurcraigh dh'ól in tan caithius biadh ocus is ris sin adeir Auicina caindighecht. Is tarbhach don biadh nach dlighind nech d'ól ar in cuitt acht ni do beradh siubhal ar an mbiadh no gan ni do beradh siubhal ro-obond air d'ól no do denadh dealughadh atturra ocus an gaile no do beradh ar snámh e. Gídhegh féttur began d'ól daéis indus go mbiadh an biadh arna comusg ocus arna timprail gu maith ocus gan fundamint39 romór do denamh ocus gan móran do ól as a háithle acht na huaire d'imdughadh ocus gan an caindighecht continoidech40 do médughadh. Et is uime sin adeirim go fuilit tri deocha and41 .i. Potus alteratiuus .i. deoch claochluightech ocus Potus permixtinus .i. deoch cumuisgthech ocus Potus delatiuus deoch imairctech. An deoch claochluightech is roim an mbiadh is imchubidh i mar ataid na sirioipighi ocus na deocha leighis, ocus an deoch cumuisgtech is ar an cuid dlighear i ocus began do caithemh ocus began dól indus conderntar an cumusc dlistinech. An deoch imairctech, umorro, tar éis na coda ocus ar ndenamh an dileaghtha ocus ar dtuitim an bídh as a gaile dlighear i no in tan bhes ag a fágbhail. Et is uíme sin adeir Auerois sa dara partegul do na cantigibh sa naoimheadh comint fithed mar coisgius an t-uisge doirtter a croccan fhiuchach afiuchadh in t-uisgi no an deoch curthar acend an bídh bhis ag a dileaghadh sa gaile coisgidh an dileagha ocus is uime sin nach maith móran dól tar éis na coda no co mbia in dileagha imslan sa gaile. Acht is tarbhach cum an dileaghtha tart d'fhulang déis

p.21

{MS page/column 5/9} na coda gidhedh ni héidir caindighecht na neithead is intabhurta42 d'foillsiughadh o leitreachuibh cindti mar a deir Galen sa treas partegul do Megathegni maseadh dentur do réir mhesa bus fogus don fhírindi ocus daingnighter do réir dherbhtha ocus gnathuighthi e. In treas caibidil don Ord.

D'Órd in Dieta no Caithme in Bhidh43 — is e so e .i. in tan éireochas neach sa mhaidin sínedh ar tús a lamha ocus a mhuinel ocus cuiredh aedaighi go glan uime ocus indarbadh ainnsein imurcracha in cét dileaghtha ocus in dara dileagha ocus in treas dileaghtha le seiledh ocus le himurcrachaib na sróna ocus na bráighedh oir is iad so imarcracha an treas dileaghtha ocus aindsein coimleadh an corp44 da mbia aimsir imcubidh aige arson fhuighill an alluis ocus in luaithrigh bis air in croicind oir ata in croicinn poiremhail ocus tairngidh cuigi gach ní bis angar dó doréir Galen sa cét leabur de simplici medicina. Et aindsein círeadh a chend ocus indladh a lamha ocus a aighiadh a huisgi fhuar sa t'shamradh ocus a huisgi the sa geimhregh ocus nigheadh a shúili le huisghi arna congmhail sa bhél ocus arna theghadh and ocus ar tuma an méir tanuisti and oir indurbidh sin tursgar na súl45 ocus glanaidh iat. Et coimleadh aindhsein a fhiacla le duille urcuill isin t'samhradh ocus le croicinn an ubhaill buidhe sa geimhredh. Et aindsein aburadh a trátha muiri no a ní eili bhus dúthracht lis. As a h'aithle sin denadh saothar ocus siubhal mesarrdha an inaduibh árda glana ocus ullmuigter a biadh indus congabha biadh a cét oir déis an thsaothair sin in tan tinnsgnus a thochlugadh go nadurdha ocus na gabhadh roimhe ocus na cuireadh afaill46 oir adeir Auicina sa caibidil labhrus do ní ithter ocus ibhter go {MS page/column 5/10} tabair fulang ocaruis tar a gnathughadh an gaili do línadh do lenduibh morguighthi47 ocus tic in tan sin línadh tadhbais o lind ruadh48 arna tarruing cum béil an ghaili indus nach éidir an biadh do caithim lis in thochlugadh ainmhidhe49 ge madh áil e ocus ni dligheann neach a sháith do caitimh mar adubhramar roimhainn ocus ni dlighinn acht énbhiadh do caithimh ar aon bórd oir adeir Auicina san inadh th'shuas ‘Nichil deterius quam cibaria multiplicare et in eis temporibus prolongare’50 .i. ni fuil ní is measa na na biadha d'imdhughadh ocus aimsir d'faidiughadh ag a caithimh ocus is uime sin adeir an deiradh caibidilech de regimine cibi gur leór lis na sendaoinibh feoil amhain do caithimh sa maidin ocus aran amhain ar a suiper ocus ni gabdhaois biadha examhla an éinfheacht51. Gidhedh da caithter biadh imdha ar énchuid is ferr na neithi seimhe do tabairt ar tús ocus na neithi remhra ainnsein na a contrarda sin oir in tan caithter in biadh seimh déis an biadh remair diligher go luath e ocus ni dentar an biadh remhur ocus bidh se in tan sin ag iarraidh sligheadh amach ocus ni fhaghann on biadh remhar do beith an íchtar ocus tic de sin go comuisgter ris e ocus go truaillter uile iat. Gidheadh da mbeith a fhis ag neach in biadh do meadughadh52 ris in ghaili do budh cóir oireat in méid is teó íchtar an ghaili na a uachtar do tabairt don biadh remhur ar tús. Gidhedh ni héidir no ni h'urusa sin do denamh ocus o nach féduruis cad is indenta53 claon aleith na seimhe mar adir Auicina a caibidil leighis in quartana ocus sa dara partegul do Regimenta Acutorum. Item na gabhadh biadh omh ar


p.22

{MS page/column 6/11} muin bídh leth bruithi. Et dlighear a fis uime sin go mbi in biadh a comnuighi sa corp sul dilighthar go himlan e sea huair dég mar adeir Aueroys sa dara partegul do na Canticibh ocus adeirar in cétna sa caibidil deighinuigh don tseiseadh leabhur do Colliget ge ataid naoi nuaire ag a radh a leabhraibh éigin ocus is brég sin oir is dóigh gurub e in sgribneoir fuair nuimir éigin sgribhtha ocus ni fitter catt í ocus do rinn e seachran ag sgribhadh ocus is sea huairi dég do dhlighfeadh beith and ocus is e a cúis sin oir adeir Auicina a caibidil de regimine cibi ocus Aueroes isna Canticibh gurub e is proindiughadh orduighthi54 ann biadh do caithimh fa thrí sa dá la .i. fa dhó ládibh ocus einfecht lá eile55 ocus dlighith sea huaire dég beith ittir gach dá uair dibh sin indus go roindfigter in dá lá nadurda ina fuilitt ocht nuaire ocus dá fithet go comtrom a trí rannuibh ocus is e a adhbur sin madho rindeadh sechran sa ló inarcaith fadhó go certuighter e arnamhárach ag caithimh énuair ocus e contrario oir gach olc do-niter on linadh leighisigh in folmughadh e ocus e contrario mar adeirar sa dara partegul d' Aforismormh. Gidhedh adeir Auicina sa treas leabur sa treas fén dég sa treas trachtadh ocus sa caibidil labrus do moille tuirlingha an bhiadh asa ghaili ‘Remanencia equalis cibi in stomacho et egressionis eius est illud quod est inter duodecim horas et uiginti duas’56 .i. is i aimsir cuttroma anmhana in bídh isin gaili ocus a fhagbala dhó ambi ittir da uair dég ocus a dhó fithteat tre moilli oiprighthi na brighi dileaghthaighi57 ocus is uime sin adeirim o theid an biadh go remar isin gaili gurub sia anus and na inaduibh58 nan dileaghadh eili oir is seimhe in chilus na in t'aran ocus is uime sin is luath inntaighter a fuil deirg e ocus is luath indtaighter59 fuil derg aros a póiribh nam ball ocus tic lis in radh so Auicina in biadh do dhileaghadh{MS page/column 6/12} isna ballaibh uili re sea huairibh dég ge teagmadh gan a cur a cosmailius go huilidhi riu risin fedh sin gidheadh anuidh uair and o anmhfainne an ghaile ocus o reimhe ocus o righne an bídh re ocht n-uairibh dég no ré fitit uair sa gaili mar is folluis a neimhdhileaghadh an gaili ocus in tan caithius nech biadha urchoideacha eigin anus uair and a póiribh an ghaili ré mí no ré ráithi mar do chuala o daoinib fírindecha gur sgeigheadur60 bídh ocus leighes uair éigin sa cainndighecht ocus sa t'substaint mar gabattar iat mí roime sin. Tuilleadh eile dlighear d'foillsiughadh .i. nach imcubidh baindi ocus iasg ar én bórd na fín ocus baindi oir ullmuighit nech cum lúbra61 ocus na gabhthur lictuairi62 rotesaigi déis an bhídh go luath na énní diureticach oir truaillitt an biadh aga losgadh no aga chur ar siubhul go ro-luath ocus is ume sin is olc in drageta63 do níter do maratrum ocus d'anís cona cosmuilibh go luath déis na coda oir is ferr cumsanadh ina sesamh no siubul ailginach do denamh déis in bídh mar a dubhuirt Rufhus ‘Modicus incessus post prandium hoc est quod michi placet’ .i. is mian lium-sa began siubhuil tar éis na coda gidheadh gluasacht mór do denamh deis in proindighthi do siubul no do marchuideacht64 truaillidh in biadh ocus toirmisgidh an dileaghadh. As a haithli sin codladh go mesarrdha oir furtachtaighi sin in dileaghadh mar adeirur sa canoin-si ‘Uentres hieme et uere’ gurub maith rena thuigsin a méd fhurtachtaighius in codladh in dileaghadh gidheadh is olc in codladh ocus in nemh-codladh téid tar modh amach65 mar adeirur sa dara partegul d' Aforismorum ocus dentar e san oidhci oir adeir Ipocras sa cét partegul do Pronosticorum ‘Sompnus naturalis est qui noctem non effugit et

p.23

{MS page/column 7/13} diem non impedit’ .i. is sin is codladh nadurda and in codladh nach sechnann in oidchi ocus nach toirmisgind in lá. Gidhegh do-nit daoine imdha lá don oidchi ag codladh sa ló ocus ina ndúsacht san oidchi ocus is ro-olc sin. Gidhegh dlighidh tu a fis gurub ar in taobh ndes dlighear codladh ar tús oir is mar sin is ferr do niter an dileaghadh arson nan ae do beith faoi in gaili66 and ocus dilighur impog ar in taobh clé67 as a háithli conach tairngter an biadh cum nan ae sul dilightur go himli e ocus impogh arís ar in taobh ndeas innus gu madh usaide tarrongtar an ní do dileaghadh sa ghaili cum nan ae ocus tuicter so o Auicina sa caibidil labrus d'follamnughadh aneith itter ocus ibter ocus isa caibidil labhrus don codladh ocus don nemh-codladh ocus adeir fós and sin go tabhair tindsgaint loighi ar in medon furtacht mór cum an dileaghtha arson go connmhann an tes nadurda ocus gu tachmaingind e gurub uime sin méduigter e. Gidhegh is olc codladh faon ocus is olc don radarc codladh go luath déis bídh ocus is olc fós codladh lae muna derntur angar do beith a suighi68 e ocus athaigh maith déis na coda ocus isin th'samradh ocus becan in tan sin fós ocus is uime sin adeir in fersaighteoir ‘Aut breuis aut nullus sit sompmus meridianus’ .i. bith codladh in meadoin-lae gerr no na dentur e. Gideagh dan derntur roimh in cuit e dentur o mhaidin go teirt69 do réir Ipocrais sa dara partegul do Pronosticorum. Et ingaibhter a dhenumh ocus in bél osluigthi ar egla droch aeir do dul asteach do toirmeosgadh in dileaghadh ocus bith in cend go hárd isin chodladh ocus cluthur le hédach go maith e70 do réir Auicina ocus is ro-maith sin cum in dileaghtha. Item measruighter aicidigi na hanma71 ocus is uime sin adeir in fersaightheoir ‘Sit tibi mens leta labor et moderata dieta’ .i. bith menma tshuilbir {MS page/column 7/14} agat ocus diet mesurdha ocus déna saotar. Et is mór fhoghnus fothrugadh uisgi milis acht nach72 bia biadh isin gaile. Et bith in suiper gerr no édrom muna bia in gnathughadh ina aighidh oir do leith in dileaghtha do niter isin codladh do budh ferr ni budh mhó do biadh do caithimh isin oidchi gidhegh o do-niter in codladh go ro-luath sul toitis an biadh73 o bél in ghaili is uime sin is ro-mór urchoidighius móran in bidh san oidche don radhurc ocus is uime sin ataitt móran d'fersadhaibh ar an adhbar-sa ‘Nocturna cena fit stomaco maxima pena’ .i. is mór an pian do goile super na h'oidhce ‘Si uis esse leuis sit tibi cena breuis’ madh áil let bheith édrum74 bioth do shuiper co gerr ocus ata dá fersa ele ar an cétna75 ‘Scena breuis uel cena leuis raro molesta’ .i. is andam is athumulta76 an suiper gearr no édrum. ‘Magna nocet medicina docet res est manefesta’77 .i. teagasgaigh an ealadha leighis78 ocus is raod fholluis con urcoididhinn an suiper mór. Tuilleadh fós ‘Sume cibum modice modico natura foueatur’ .i. caith began bídh oir sástur in nadur o began. ‘Sic corpus refice ne mens ieiuna grauetur’ gurub amlaidhi shásfaidhter an corp gan truime do bheith ar an menmuin on trégenus maseadh tabuir an biadh uait mar is tusga tochluighes an nadur e. Item indarbtur an fual ocus in feradh ocus na fastaighter ar én cor iad79 tar an aimsir a san dtaighter an indharbadh oir do gendaois duinte80 isna taobhaibh ocus siansanach isna cluasaibh on gaothmuirecht ag impogh suas no cloch no ydoripis o chongbail au fuail. Sin duit a Eoin o Aodh O Cendainn81


p.24

{MS page/column 8/15}

‘Nec minctum retinere uelis nech82 cogere uentrem’ .i. narub áil let th'fual do congmail na do meadhon d'éigniughadh .i. tar an aimsir ina beitter go maith e ocus is uime sin nach maith beith gu ro-fadha ar in camra na fásgadh éigneach do denamh ocus is uime sin is sea huaire is maith in fual do tabairt sa ló co n-oidchi83 oir is e sin in lá nadurda ocus in feradh fa dhó no fa thrí san aimsir cétna mar adeirit na ferrsadh so ‘In die minctura fit sexies naturali tempore bis tali uel ter sit egestio pura’ .i. in cetruma caibidil don aimsir.

Don aimsir .i. dleghur aimsir na bliadhna do féchuin oir is cóir ni éigin do tabairt d'aire do leith na haoisi84 ocus in fhuind ocus na h'aimsiri mar adeirur sa chéd partegul, d' Aforismorum. Maseadh taburtur biadh remur a méid móir sa gheimredh oir adirur san inadh cétna ‘Uentres hieme et uere calidissimi sunt natura’ .i. ataid na cabain inmedhonach 85 ro-the do réir nadura sa geimredh ocus san errach ocus bidh in codladh ro-fhada gurb uime sin dlighear móran in bidh do tabuirt ocus ni dlighear na proinndighi do beith minic oi86 ni bfuil an tes gearr ann mar bis san tsamhradh acht mór do réir shínti tre imad na spirut. Gidhegh bidh in tes beg isin tsamradh a gabail thesa arson cuirp the nis sa mó do réir shínte an édluis87 no in disgaoilti ocus ni do réir shínte na cainndighechta acht do réir áirde ocus dlighi an biadh bheith a claonadh cum88 tesa an tan sin ocus is folluis as sin cred is inraidh re tes nan daoine óg ocus na macam.

San earrach, umorro, dlighear an biadh bheith mesurrdha89 acht a claonadh cum méide bige arson an línta do rinnedh sa geimredh roimhe.

Sa tsamhradh, umorro, dlighi an biadh bheith seimh{MS page/column 8/16} ag dul a bfuaire ocus is seimh ina cainndighecht sin .i. began do tabhairt an éinecht de oir bidh substaint in tesa beg in tan sin arna cnaoi ocus arna disgaoileadh on tes foirimeallach ocus da tucaoi biad seimh ina shubstaint do loisgfidhe on tes teinntighe e ocus is uime sin adeir Galen sa canoinsí ‘Uentres hieme et cetera’ go téid an tes a bfoirimill sa tsamradh a gabail luthgaire re na cosmailius gurub uime sin anbfuinnighter go hinnmeonach e. San bfoghmar, umorro, tabhair an biadh a gcainndighecht big ocus dlighi beith ag dul a tesoighecht ocus a bflichidacht ocus ataid fersadha air so ‘Quantum uis sume de mensa tempore brune’90 caith an mhéid is áil leat don biadh an aimsir in geimridh. ‘Tempore sed ueris cibo moderate frueris’ gnathaigh biadh go mesurrdha91 an aimsir an erraich. ‘Et calor estatis dapibus nocet in moderatis92’ do ní tes an tsamraidh urchoid do na biadoibh mí-mesurrdha ‘Autumpni fructus extremos dant tibi luctus’ do berid toirrthi an foghmhair caoinedh dermair duit.

In cuigeadh caibidil — d'uairib in proinnighthi. Is i uair in proinnighthi in tan bhis an t'ocarus fírinneach ann mar adubhrumar sa treas caibidil t'suas ocus is i uair is fearr sa tsamradh an uair is fuaire .i. roimh an teirt93 ocus an uair na hespartan ocus is i uair an éigentuis94 in tan is éider le nech biadh d'faghbhail ocus is uime sin adeir Galen in libro De regemine sanitatis nach eidir le nech95 d'follamnacha na slainti do congmail acht a nech bes gan toirmisg o aon gnodugh


p.25

{MS page/column 9/17} éigentach eile air ocus ag a mbeith a chuingill saor in gach énní. Sa geimhredh, umorro, toghthar in uair bhus teo ocus mar an cétna don errach ocus don foghmhar óir rannchuidid ris in samradh ocus reis an geimhredh oir as anns na rannuibh is nesa don tsamhradh dibh dlighid in uair bheith mar uair an tsamhraidh ocus is na rannoibh is nesa don geimredh toghthar in uair bhus teo mesurrda.

In seiseadha caibidil — don ghnathughadh96. Dlegar gnathugh in dieta do congmail muna ba ro-olc e ocus madegh dlighear a treigen go mall ocus is uime sin in gnathughadh aontuighius leis na neithi nadurda dlighear a congmail ocus da tosgaigh e began uatha dlighear a chongmail fós. Gidegh mad mór in tosgaghadh dlighear a treorughadh tar a ais ocus ni go hobonn mar adubrumar. Gidhegh tabhradh lucht an droch fhollamhnuighthi anair riu oir gin gon airgid ar an lathair e aireochuid fós go maith mar adeir Auicina ocus is uime sin an drong adeir gur línadar iad fein do biadh go minic ocus nach derrna én urchoid doibh tabhradh an aire riu oir goirteochar iad óir da ndernadh dia dighultus in gach én pecadh a cét oir déis a dhénta ni bheith duine na bethaidh ocus mar ata in nadur uilidh97 .i. dia is mar sin ata a náduir rannaighthi sa duine nach dénonn dighultus an cét uair acht a gcinn aimsire. Item bidh drong ann chaitheas nisa mó do thorrthuibh na do biadhaibh eile ocus is sechranach do níd sin oir do gach uile thoradh98 fuil{MS page/column 9/18} uisgemail mítarbhach somorgtha. Gidheagh dlighear torrtha stipeghdha do chaithemh déis an bídh da mbia an medon lactach mar ataid péiredha ocus coctana ocus úbhla. Gidhedh lagaid na húbla rósdaighthi roim an chuid lucht lenna ruaidh99 ocus istipeda100 na húbla omha ocus ni comór ata gach gné dibh mar sin oir is lugha istipeda na húbla millsi ocus is mó na húbla goirti. Na bolais, umorro, ocus na risineadha ocus na figedha is roim in cuid dlighur an gabhail mar adeir Ysaac101 In dietis particularibus. Gidhedh ata in gnathughadh coitcind ina aighidh so gu h'olc oir donit so duinti ona meithi ocus is uime sin dlighear a caithimh maille sinnsir oir cathaighidh re gach uili truailleadh tic ona toirthibh do réir Auicina. Gidhedh is ferr na toirrthi uile do tregin ocus is uime sin innisis Galen a leabur follamhnaighti na slainti go raibhi a athair fén cét bliadhan ina bhethaidh arson nar chaith toirrthi. Item, bidh drong ann le nab inmain irboill nan ainmintigh nisa mó na an chuid ele ocus drong ele a gcinn ocus drong ele a a gcnamha102 ocus mar sin do na ballaibh ele. Ocus is uime sin adeir an fersa-so ‘'Pisces et mulieres sunt in caudis meliores uel dulciores’103 is inan errannaibh is ferr no is millsi na héisg ocus na mná ocus ni bfuil ann sin ac gurub lugha is fuar in tiasg inanerr arson in gluasachta na sa cuid eile dhe. Gidhedh is usa na boill eile do dileaghadh.


p.26

{MS page/column 10/19} mur is folluis do tharr in bradain104 ocus da cosmailibh. Gidhedh is i in cuid is mó bis ar gluasacht105 is lugha imurcacha ocus is uime sin is i is ferr isna hainminnthibh caithid na daine da mbia cudrumacht ria isna neithibh eli. Maseadh toghtar in cuidh is maeithi ocus bis ar gluasacht hegin106 ocus bus fearr blas oir is e in ní is fearr blas is ferr oilus da mbia cudrumacht eli ann. Gidhedh adeir in fersa ‘Non ualet in iecore quod dulce scit in oire’ .i. ni maith is na haeibh in ní is milis isin bel. Ocus is don milsi aenda tuighter sin107. Gidhedh adeirim do na cnoib and so nach fuil etir108 na huili toradh déis na fígeadh ocus na rísinedh toradh is ferr na iad ocus is uime sin adeir in fersa ‘Dic auellanas epati semper fore sanas’ .i. abair gurab fallain na cnó do sír do na haeibh. Tuilleadh eli, adeirim .i. an drong ler b'áil coimriachtachain do gnathughadh109 nach dlighid a denam ocus a meadhon lán ach ar críchnughadh in cét dileaghtha ocus in dara dileaghtha ocus leithi in treas dileaghtha ocus gana a denumh go minic oir anmfainnighi sin go mór an gaili ocus in corp uili ocus is ro-mór urcoidighius don radhurc oir cuiridh na súile an doimne ro-móir {MS page/column 10/20} go follus. Don cuislind, umorro110, dlighear a fis nach maith a ro-gnathughadh oir adeir Auicina111 a caibidil na cuislinne co cúisighind an cuislinn ro-minic aphoplexia112 ocus adeir Galen sa naoimeadh leabhur do Meghathegni113 ‘Minucio ceteris euacuacionibus uirtuti maiorem debilitatem infert’ is e folmughadh na cuislinde114 is mó anmfainnighius an brígh do na huilidh fholmughadh ocus as se adhbhur sin gurob mó is cara don nádur fuil derg115 naid leanda ele ocus is uime sin is e a folmughadh in tan is imurcach e116 is mó anbhainnighius muna bia an duine óg ocus complex fola deirge117 aige ocus e a cumsanadh ocus a gnathughadh dh'feoil ocus do biadhuibh eile oilius go maith oir dlighitt sin ar egla squinancia ocus nescoidedh inmedonach118 cuisli do leigen nis minica na nech eile. Et dlighear riaghail do bir Damasenus sa dara partegul do Afoirismorum fein sa naoimeadh comint ocus dá fithett119 do congmail .i. mad do gnathuigh nech ina oige cuisli do ligen fa cheithir sa bliadhain nach dlighind a ligen acht fa thrí acind a dara fithett bliadhan ocus én uair amhain acind a tri fithitt bliadhan ocus o chind a deich ocus trí fithitt no ceathra fithitt bliadhan gan a ligen go huilidhi. Gidhedh as i mediana dlighear do ligen acind tri fithitt bliadhan ocus basilica acind dá fithett bliadhan oir ni cóir cefalica

p.27

{MS page/column 11/21} do ligen ochind dá fithett bliadhan amach oir dallaidh sin nech ocus truaillidh in cuimhne. Uair toghnidhi na bliadhna120, umorro, cum na cuislidhi .i. in t'errach ocus in foghmur. Gidhedh is i cuisle an erruigh is ferr and oir ni fuil én-ní coimedus nech ar eslaintibh in t'samhruigh mar do ní cuisli an erruigh121 do réir Auicina. Gidheadh is an dá rannuibh fhodhailter aimsir na bliadhna uili do réir na tuathadh .i. a samrad ocus an geimhredh. Et ni dleghar in cuisli do ligen an aimsir ro-fuair na ro-the ocus is uime sin is coithcenn tshechranuighius in drong ler b'áil cuisli do ligen um Féil Stefain ocus122 um Fhéil Eoin Baisti tre fhuaire aimsiri dib ocus tre tes na haimsiri eili acht go ligter uair and um Nodluig i do tesargadh ar na h'eslaintibh do gentaoi on línadh gnathuighid do denamh a coitcinne in tan sin.

Don taobh as an dlighear a ligen,123 umorro, adeir in fersaigtheoir ‘Estas uer dextras autumpnus iempusque sinistras’ .i. na lamha desa san errach ocus sa tsamradh ocus na lamha clé san fogmhur ocus sa geimredh ocus adeir fós do leith in ré124 mar so ‘Luna uetus ueteres iuuenes noua luna requirit’ .i. a ligen do na sean-daoinibh in tan is arrsuigh in ré ocus do na daoinibh óga in tan is nua e. Don diet d'áithli na cuislindi. 125 Dlighear a fhis co ndentur sechran mór and sin oir bit daoine ann ler b'áil móran d'ól ocus d'ithi in tan sin do geinemuin fhola arís maseadh cad far ligettur126 i ocus is uime sin dlighitt began d'ól ocus d'ithi. Gidhedh dlighitt nis mó d'ól d'fhín an aithfeaghadh in begain bid127 sin na mar do clechtattur oir{MS page/column 11/22} is usa línadh na dighe na línadh an bidh128. Maseadh sechnadh cáisi in tan sin ocus feoil remhar ocus iasg sailti ocus toirrthi ocus ferg ocus gluasacht ocus na biodh go gar do theine ocus na denuid coimhriachtain129 ocus na denuid acht super beg ocus is uime sin is maith an fersa so ‘Prima dies uene moderacio sit tibi sene’ .i. bidh do shuiper mesarrdha an cét lá don chuislinn. Gidhegh is brégach na fersada eile churtar ar in gluasacht ocus ar in coimhriachtain ocus mad áil a fios ca huair thinnsgnuid aimsira na bliadhna do gabtur isna fersadhuibh-si iat ‘Uer petre detur estas et innde sequetur quam dabis urbano autumpnum simphoreano’ .i. in t'errach a Féil Peaduir130 ocus in samhradh a Féil Urbanus ocus in fhoghmar a Féil Simphoreanus.131 ‘Festum clementis iemis caput est orientis’ .i. Féil Clemint ina cend do tinnsgaint an geimhrigh ocus is do réir nan astroluighedh-so132 noch cuires na haimsira go cutroma ocus ni mar sin do na léghiubh acht gairit errach d'aimsir measurdha na bliadhna ocus mairidh sin uair and re mí ocus uair eili ni luigha ocus uair eili nis mó. An saimradh, umorro, aimsir ro-te e ocus infoghmhur uair and te ocus uair eili fuar fo examhlacht uairedh a laetheadh133 ocus in geimredh ina aimsir ro-fhuair go huilidhi. Tuilleadh eili .i. dlighear a fis go comfurtachtaoidh na h'uighi ocus a caibhdel134 135 in drong bis déis cuislinn da mbia in gaili glan. Gidhedh da faghaid in soigtech nemh-glan truaillter ga ro-urusa iad ocus is amhlaid is follaine iat am briseadh an uisgi. Tuilleadh eili


p.28

{MS page/column 12/23} bith a fis aghutt gurub i uair imcubidh caithme in potaitsi a tosach na coda ocus dentur e sa geimredh do cabhlan ocus do h'ocus136 ocus do saith-si ocus do persillidh no do cennduibh geala losa arna mberbadh ocus arna fásgadh ocus a coimsuighedh le baindi almont137. 138 Et adeirim gurub ro maith an t'órd139 na h'almoint ocus a caitimh imlan mar bit no a croicind do buain dibh ocus a tabairt do na daoinibh da ligter cuisle ocus don droing bhis ar na cnaoi ocus do lucht na ptisisi140. Sa tsamradh, umorro, is imcubidh potaitsi do borrsaitsi ocus do buglosa ocus do sail-cuaich ocus do mercurial ocus do spinarchia ocus do paciencia ocus do lactuca ocus do bharr fhineil ocus persilli cona cosmuilibh ocus is maith macoll do cur and da mbia in gaili fuar141. An pís umorro, na caittir í acht maille cuimin ocus na caitter pónair na pís úr na arrsaidh acht maille saland ocus re cuimin ocus in drong ag am bia gaili annfann ocus gaothmairecht na caithid ar én cor iad. Gidhedh foghnuidh eanbruithi142 na písi ocus do ni lagadh ocus na bit én raod da substaint and. Tuilleadh eili bith a fis agut gon urcoidigenn an baindi don gaili fuar ocus ni dénann don gaili the ocus is imcubidh do sin bainne goirt and sa tshamradh. An t'ím, umorro, caitir roimh na biadhuibh e ocus na caitter e déis dighi ocus na caitter uachtur baindi d'áithli in tshuiper na treamhanta oir is dúintech righin iat143.{MS page/column 12/24} Dlighear afhis fós gurub mór urcoidigid na neithi omha mar ataid na hóisreaghdha144 ocus na neithi leat omha mar ataid na h'éin do niter do droch rósdadh ocus is uime sin is beg nach let don dileaghadh go hinmeadonach cogaint maith in bídh145 ocus a róstadh go maith ocus gu himlán no a beirbadh go foirimillach ocus is uime sin thsechranaoid in drong caithis biadh go ro-tindisnech oir caithid uair and neithi uircoideaca sul do biritt daniri iad146.

In Sechtmadh caibidil don aois ocus don coimplex.147 In aois ocus in coimplex is beag nach le neithibh cosmaili follamhnuighter iat. Gidhegh is mó dileaghaid na daoine óga na neithi remhra ocus na neithi cruaidi ocus na sen-daoine on tsendacht ocus na macaoimh148 na neithi flicha .i. na neithi maotha no boga maseadh dlighidh an diet beit athnuaighitech ocus dlighitt beagan do caitimh go minic. Et dlighear lucht an sduideir d'follamhnuighedh mar na sen-daoinibh oir tirmuighi an sduideir iad. Maseadh caithid neithi seimhe do réir fulaing noch indtuighter go luath149 a fuil ro-maith. Lucht an tsaothair, umorro, caithid neithi róstaigthi remra oir is iat sin is mó cathaighius ris in saothar oir ge flichi na neithi róstuighthi naid na neithi beirbtur an uisghi o fhlichigecht tsubstainntigh go h'inmeadonach. Gidheagh bit tirim go forimillach150 ocus is daingne go huílidhi iad ocus is uime sin is decra an dealughadh on tes ocus trit sin is deacra an díleaghadh. Na neithi beirbtur


p.29

{MS page/column 13/25} an aran bit fliuch ocus is maith iat. Gideadh is olc aran na pastae.151 Et is riaghail forlethon co ndlighear an biadh lenus do na méruibh in tan taidhillter e152 do shecna oir is righin e. Et ni maith na neithi róstuighthi connaimhter tar oidchi ocus cumdach orra naid na neithi ro-meithi ar deiredh na coda. In taibstinens measurdha is ro-árd in leighes e153 ocus is uime sin a dubairt Galen ‘Commedo ut uiuam non uiua ut commedam’ .i. is cum beith am bethaigh caithim ocus ni cum caithme bim am betaigh. Gidhedh adeirur sa cét partegul d' Aforismorum ‘Senes facilime ferunt ieunium’ .i. is ro-urusa lis na sen-daoinibh in tréiginus d'fhulang154 ocus is iad na sen-daoine on arrsuigecht sin ocus ainnsein na daoine óga ocus aindsein na macaoim ocus ainnsein na sen-daoine on tsendacht. Et mar in cétna is leór ansacht155 le lucht lenna fiond treighinus d'fulang ocus re lucht fola deirgi go hinmedonach ocus ni féduit lucht lenna ruaidh na lenna duibh a fulang. Gidhedh is ferr fuilngit lucht lenna duibh e na lucht lenna ruaigh oir is luigha in tes disgaoiles indtu156 ocus is mó caithaighius a ní ar an gnimuighend. Et do cuir in fersaightheoir fersadha ar follamnughadh na slainti ‘Si uis incolumem si uis te redere sanum curas tolle graues irasci credere profanum’ .i. mad áil let beith fallain cuir imsnimh trom dít ocus creit gurub dimaoin duit ferg do denamh.

{MS page/column 13/26}

‘Parce mero scenare caue nec sit tibi uamum pergere post epulas sompnum fuge meridianum’ .i. coigill fíon ocus sechain suiper ocus nar bu dímaoin let céimniughadh déis na coda157 ocus sechain codhladh in medoin-láe. ‘Non teneas minctum nec cogas fortiter anum’ .i. na conaim ar th'fual ocus na héigingh go láidir do shuigi158. Et ataid fersadha eili ar in fín ‘Dat uinum purum tibi ter tria comoda primum’ .i. ataid naoi socamhuil do beir in fíon glan duit159. ‘Uires muiltiplicat et viscera plena relaxata’ .i. imdaighi na brígha ocus lagaid na hinde línta. ‘Confortat stomacum ceribrum cor dat tibi letum’ .i. nertaighi an gaili ocus in inchinn ocus do bir in croidhi subaltach ocus do ni dánacht ocus togairmigh an t'allus ocus geuraigi in t'indtlecht ocus do ni foirbhearteos160 do na cáirdib. Gidhedh bit misur mailli ris conach truaillter a oipriugh oir teid an dimaoinus gach ní dibh so an égmais an misuir. Et o ibter an fíon uair and go deighinech bit an fersa so agut ‘Potus tarde datus multos facit cruciatus’ .i. do-beir in deoch ibter go deiginech piana imda. Item, gnathaighter cainel go minic oir do bir an bél go deghbalaidh ocus foghnuidh an aghaidh in remafhuar ocus coimheduigh ar truailledh na leanna anntu ocus is uime sin adeirur ‘Non morietur homo commedens sepe


p.30

{MS page/column 14/27} de cinamomo’ .i. inté caithius cainel161 go minic ni recha d'ég do truailledh na lendann oir toirmisgid e da mbia an follamhnughadh go maith o soin amach. Et dlighear a fis gon dligheand an t'uisgi beith glan ocus glantur an t'aer go h'ealadhanach le teine162 maith muna faghtur glan gu nadurdha e. Et is lór so ge do fédfuighi moran eili do radh ann163.

F-i-n-i-t.