Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 5

An cúigead caibidil: Do na neithib lagus an brú

Interdum uentris solucio quibusdam hominibus
10375] multum cumpedit in regimine sanitatis .i. as imchubaid co mór do droing do na daínibh an


p.147

infra 327
brú do lagad a follamnugad na sláinti .i. dá coimhéd ó na heasláintibh adburda tic ó thruailliugad na leanann. An leigeas noch lagus an brú, glanaid
10380] sé an corp ó na leannaib truailligthi noch do gnáthuig geineamain ó maindeachtnaigead an diéta nó ó choimplex nádúrda nó aicídeach an chuirp. Óir gach feabus dá mbia coimplex an chuirp óna oileamhain & ar son na neithe oilius é, dá caithi
10385] sé neithe fiadánta nó coillidi imdóchaid sé droch-leanna ann féin, & muna glantur uatha sin hé do thromóchdais an curp. Et mar in cédna dá fheabus regimen bís ac neach geintear droch-leanna truailligthi andsa churp ó mailís an
10390] choimplexa & ó anbfhoinde na mball, mur atá, linn ruad nó linn finn nó linn dub. Oir coimédtur an curp óna easláintib ó fholmugad na n-imarcrach sin.

Ar in adbur sin an drong gnáthuigius droch-regimen,
10395] & agá fuil droch-coimplex, & nach fuil ana naíginaibh ná ana seanóiribh, & agá fuilid gailidi & inne láidire, & agá fuilid cuirp móra reamra, & iad craesach, ac ithi móráin, & guru beac gluaisid ná shaethraighid siad, & gurub beac
10400] innarbaid lé hinglanad ná lé hallus, as inphurgóidighthi go 43 mór an drong sin. Agus muna térnaigid mar sin as cuntaburthach iad gan


p.148

infra 328-9
tuitim a ndroch-easláintib. Agus an drong bís contrárda do na cuingillaib so as beac rigid siad
10405] a leas ré leigeas lagthach.

Et as inchomurthaighthi co deithideach co ndleagur an corp d'ullmugad, & na leanna do díleagad & do ullmugad, indus co mbeidis siat umal don fholmugad sul gabthur an leigeas lagthach.


10410]

Et dleagur an corp d'oileamain lé neithibh bogthacha olamla & oslaigius na cuisleanna; & seachantar an biad acht an biad bogus & oilis an corp co mór. Et dá mbia an t-adbur reamur rigin, séimigthear & gearrthar hé; & dá mbia sé
10415] ro-shéim teasaide, remruigthear méid éigin hé. Gid ead, dá mbia an t-adbur dásachtach do leith {MS P page 484} a gluaisti, nó do leith a mailísi, nó do leith an boill, nó do leith an inaid, nó do leith na cáilideachta, nó do leith na cainndieachta, nó do leith
10420] na haicíde thidlaicius an t-adbur sin, ní dleagur fuireach réna díleagad an tan sin.

Tuillead, as intuici nach dliginn neach leigeas lagthach do gabáil chugi a n-aimsir ro-the ná ro-fhuair acht annsna haimsearaib measurda, mur
10425] atá, in t-earrach & in foghmur. An aimsear fhliuch, immorra, as imchubaid í chum an leigis lagthaig. Agus is mór is intuicthi nach bia an t-ésga a Leo, & nach bia Leo ac dul a n-airdi, & co huilidi nach bia an ré a comurtha cheangailti,
10430] acht a beith a comartha gluaisteach fhuar fhliuch. Ar in adbur sin do-chíthear nach fuil do na


p.149

infra 329-30
comurthaib comartha as imchubaide *chum an leigis lagthaig*44 ná Canser & ana diaigh sin Pisis; óir ní comurthaí daingni iad, ach atáit siat fuar
10435] fliuch méid éigin. Scorpio, immorra, as comartha imchubaid hé, óir atá sé uisgeamail fliuch; gid eadh, is comartha ceangailti é.

Tuillead, as intuicthi gan an t-ésga do beith cengailti do Ióib co corpurda ná do réir fhégtha;
10440] & an uair bís sé ceangailti do Saturnus, ní dleagur an leigeas do thabairt; óir an uair ceangailtear an ré & Iób, calmuigid brig nádúrda an chuirp, & ní fholmuigeann an leigeas lagthach ach ar claí bríge nádúrda an chuirp; tuillead, an uair ceangailtear
10445] ré Saturnus é, cuirid an leigeas a neam-gluasacht, & toirmisgid oibriugad an leigis lagthaig an tan sin.

Tuillead, as mór as intuicthi co fuilid cuid do na leigeasaib lagthacha, an uair caittear iad, co
10450] ndleagur mórán codalta do dénam, mur atáit, na leigis láidiri caitear a mod phillidi. Acus atáit cuid ele dib as luga ara ndleagur codlad do dénam, mur atáit, na leigis nach fuil comláidir riú so ach caitear a mod lictauáire. Et atáit
10455] cuid ele díb nach dleagur aen-réd codalta do dénam, mar atáit, na leigis égcruaidi caitear amail digh.

Et tuicthear as so an leigeas gabthur a substaint


p.150

infra 330-1
phillide gurab annsan oidhchi dleagur a chaithimh.
10460] Et dligidh nach beid na pillidi ro-chruaid ná ro-bog. Gid eadh, na leigis caitear a mod lictuáire dleagar a caithim a meadón na haidche , & codluid gu lá dá és. Et na leigis caitir a ndigh, a caithimh sa maidin; & is beac nó ní dleagur aen-ní do chodlad
10465] an tan sin. Et ní dleagur sibal do dénam an tan sin acht comnuighi, óir ní oibrigeann aen-leigeas anbfhann ar in linn, ach muna treóruigi an nádúir ó chumachtain chum gníma hé. Ar in adbur sin as indénta cumsanad nó gamadh
10470] fogus aimsear an oibrigthi; & is ingluaisti an curp anunn & anall, & ná déntar co saethrach ná a n-inad ro-the ná ro-fhuar; óir mad áil leat eliborus do fholmugad gluais an corp; ar in adbur sin ná codaltur nó go críchnuighi an leigeas sin a
10475] oibriugad, óir connmaid an codlad an folmugad láidir.

Et mur an cédna, tar éis an leigis do chaithim, ná hitear biad ná deoch nó gu coimlína in leigeas a oibriugad. Gid eadh, atá drong éigin anfhann
10480] do réir nádúiri, agá bhuil comshuigiugad tearc, {MS P page 485} leis nach éidir beith gan biad nó co coimlína an leigeas a oibriugad. Et dligid an drong so, roim an digh leigis d'ól, réd éigin séim do chaithim bus urusa do díleagad. Agus fédaid an drong
10485] cédna, tar éis an leigis do thinnscna a oibrigthi,


p.151

infra 331-2
biad séim stipeaca do chaitheamh, chomfhurtachtuighius an gaile & innarbus an leigeas chum na mball íchturach . Et munbad éigin an biad do chaitheam as maith gan biad gan deoch do
10490] chaithem nó co críchnuigi an leigeas a oibriugad.

Et aitheónmaid an leigeas do choimlínad a oibrigthi mur so: an uair do-chífim an t-inglanad ac claechlód, nó an linn chum a tugad an leigeas, nach é a dhath díleas féin atá air, & is comartha
10495] sin ar in oibriugad do beith coimlínta, & dleagur an t-easlán d'oileamain annsin. Tuillead, comartha ele fhoillsigius an t-oibriugad do beith coimlínta, óir an leigeas do-bearar bud follus é annsan inglanad, óir tar éis an leigis d'oibriugad
10500] co lór innarbaid an nádúir hé. Tuillead, an treas comartha .i. an tart45, an uair nach tic sé ó géiri an leigis ná na leannann, ná ó choimplex an gaile. Ar in adbur sin dá mbia an leigeas gan beith gér nó na leanna dleagur do fholmugad gan beith
10505] teasaidi, ná gan an t-othur do beith tartmur co nádúrda & an tart do theacht a ndiaig na purgóidi as comartha sin gur purgóidid co lór hé.

Et tara éissi so do thuicsin dúin as maith don othur deoch shleamnuigtheach glantach, noch
10510] mínighius in tart, d'ól, & cheandsuigius & innarbus an leigeas. Agus atá uisgi te na heórna mar


p.152

infra 332-3
so, óir atá sé glantach sleamnuidtheach & ceandsaigi an leigeas. Agus caithid sé, tar és uaire, biad séimh as urusa do díleagadh, & ibheadh fín te,
10515] & ná caithidh sé aen-ní beas fuar co gnímach, & ligeadh sé dá gach uili thorad an lá sin, & co háirigthi do na torthaibh fuara fliucha anmhainnigius an gaile.

Et dá teagmad cu mbeith an leigeas gér cu
10520] mór, & coimplex te co mór do beith ag in easlán, & an aimsir do beith te co mór, ná hibthear fín ar aen-mod an tan sin, acht ibthear mellecratum a n-inad an fhína, nó uisgi siúcra, nó uisgi beirbthi arna chlaechlód lé beacán fína. Bídh a fhis agud
10525] dá folmuigthear an t-othur co dásachtach, & gumad eagail linn an flux tar és na purgóidi, nach dleagur mellicratum, ná uisgi siúcra, ná a cusmaile d'ól ar aen-mod an tan sin, ór lagaid an bhrú. Gid eadh, dleagar súgh sitonia d'ól,
10530] arna chur a tigi lé huisgi arna bearbad lé hiarann, nó a cusmaile.

Et teagmaid co gnáthach nach folmuiginn an leigeas do-bearar don chorp, ar son an leigis nó an chuirp do beith égruaidh, nó ar son gaethmuireachta
10535] do dísgaíleadh substainti an leigis, nó ar son thshligidh na n-inneadh do beith dúinti.

Ar in adbar sin dá faicim nach oibreócha an


p.153

infra 333-4
leigeas ar son anmhainne na bríge, comfhurtachtaigthear
10540] an tan sin an bríg lé biadaib séime sleamna, & tabarthur 'na diaigh sin uisgi gan beith fúar co mór dá ól dó, & tabrum neithe cumgaidtheacha poinnteacda dó, mur atá, citonea & péiridha, óir innarbaid so an leigeas sís.


10545]

Et mad hí an gaethmuireacht bus cúis ann, nó na hinne da beith sdupáilti, as imchubaid clistere do threórugad an leigis & do dísgaíleadh na {MS P page 486} gaethmuireachta.

Et mad é in leigeas do-bearur nach oibriginn,
10550] & é ag tosgugad chum na mball uachtarach 46, & co ngineann greamanna & cnám craidi, & co togairminn sé gluasacht a cusmailius spasmuis, as intogairmthi an sgeathrach an tan sin. Et dá tuicim co mbia an leigeas a' claenad chum
10555] na mball íchtarach (tuicear sin ó gáirfí & ó chumgach na n-inneadh), déntar clistiri láidire athtairrngtheacha an tan sin. Tuillead .i. ceartaigi deoch uisgi fhuair mailís na leigeas, & fothragad uisgi fhuair, ar son co mbrisinn sé géiri & lasrach
10560] an leigis. Gidh ead, an uair nach folmuiginn an leigeas ní fhuil ní as mó as a ndleagmaid muinighin do beith ná a hoibriugad na clistiri. Agus dá mbia in leigeas gan innarbad ón chorp leó so uile,


p.154

infra 334-5
& co n-imduighthear na droch-aicídi, & co ngluaistear
10565] an t-adbar suas, ass innlici sofena in tan sin, & basilica aindséin. Agus togairmthear an sgeathrach mur an cédna, & tabarthar clistire & leigeas noch fhoghnus a n-aigid na neimi & chomfhurtachtuigius an corp co huilidi.


10570]

Et teagmaid co meinec gu folmuiginn an leigeas lagthach do-bearar nísa mó na mur as éigin, & dleagar sduidér do dénumh an tan sin d'innarbad an leigis ón chorp. Tuillead .i. comfhurtachtaigthear na hinne chum fostóigh; & coisgthear
10575] rith an adbair; & comhfhurtachtuigthear an corp co huilidi, & gu háirighthi an craidi & na boill phrinsipálta; & annsa chás anab éigintach so sdupáiltear & téchtaighthear an t-adbar.

Ar an adbar sin adeirim ar tús, dá fecear
10580] an leigeas do-bearur ag anmhuin annsa chorp, dligid neithe sleamnuidtheacha do thabairt an tan sin innarbus substaint an leigis ón chorp. Agus as ní díbh sin uisgi te eórna, maille ré biamlacht psillium, & a ól mur digh, óir anmhainnigi
10585] an deoch so bríg an leigis lagthaig & innarbaid ón chorp é; & as maith an leigeas so dá feicim co mbía an folmugad imurcach ó neart an leigis.

Tuilleadh, an dara ní adeirim .i. gu ndleagur
10590] bríg fhostaigtheach na n-inneadh do chomfhurtacht annsa chás so, óir dobud éidir a leithéid


p.155

infra 335-6
sin do fholmugad imarcach do theacht, & nach ó bríg an leigis do thicfadh ach ar son anmhainne brígi fostuigthighi na n-inneadh. Más ead,
10595] calmuigthear bríg fhostuigtheach na n-inneadh & an ghaili lé neithibh stipeaca do chur co foirimeallach & co hinmeadónach: gu hinmeadónach, immorra, lé siróipi citonia; gu foirimillach lé holaid róisi, nó maisdix, nó mirtuis.


10600]

Tuillead, an treas ní adeirim .i. gurub indénta sduidér d'impúgh an adbair, verbi gratia .i. dobud éider an t-adbar do rith chum na n-inneadh ó na ballaib uile. Agus as mór as imchubaid fothraigthi & coimilta an tan sin, d'inntúdh an
10605] adbair ó na hinnibh. Agus as imchubaid na neithe diureiticacha co gnáthach an tan sin d'inntód an adbuir, & as maith an sgeathrach mur an cédna.

Tuillead .i. folmuigid an leigeas lagthach nísa
10610] mó na in chóir ag claí bríg nádúrda & beóthuigheach an chuirp, ar an adbar sin as indénta sduidér deithidach do chomfhurtacht na mbríg. Ar an adbar sin tabarthar neithi sdupáilti & neithi thogairmius an collad do thoirmeasc an fholmuigthi. Ar an adbur sin annsan éigintus mhór ní holc
10615] opiata éigin do thabairt do chur an adbair a {MS P page 487} moille & do sdupáil na bríge ainmidhi; gid eadh, as maille ré hinnillius mór as indénta so.


p.156