Uentosa est instrumentum cum orificio stricto & uentre spatioso .i. as ead as fásadarc ann innstrumint gá mbí bél cumhang & brú fhairsing. Agus do-níthear uair ann d'adairc í & uair eile do glaine,
10130] & uair and maille ré fuiliugad, & uair gan fuiliugad. Et an adarc curthur maille ré fuiliugad tairngid sí an t-adbar go mothuigtheach & an fhuil thshéim
Tuillead, bíth a fhis agad an inntinn adubramur
10140] romainn a timchill na hadairci co principálta bís maille ré fuiliugad .i. co folmuigeann sí co mothuigtheach & co coimlínann sí inad na cuisleann an uair toirmiscthear ó chúis éigin í (mar atáid, na macáim nach dleagur cuisli do leigin dóibh roimh
10145] a .14. mbliadain & do na sean-daínibh d'és .10. mbliadan & .3. fichit, & mar sin dá cosmailibh): & gairid Auicenna neithe do-ní inad na cuislinni díb so & choimlínas a tarbacht; & gnáthuigthear a cur do leth na n-oibrigthi sin a mórán d'inaduib,
10150] gid eadh, as a cúig n-inadaibh nó a sé n-inadaib as mó gnáthuigthear a cur.
An céid-inad díbh .i. a cur ar clais cúil an chinn, d'fholmugad an adbair ón cheann & óna reannaibh. Agus do-ní sí inad cephalica an tan
10155] sin; ar an adbar sin as imchubaid í a n-easláintibh na súl & a salchar na haidhchi & a mbréntus an béiil.
An dara hinad a curthar í .i. ider an dá shlinnén & folmuigid sí an t-adbar atá annsna ballaib
10160] spiratálta Agus do-ní inadh mediana an tan
An treas inad a ndleagar a cur .i. ar na háirnibh & ar uball na leisi, d'fholmugad an adbuir atá
10165] annsna ballaib oileamnacha. Agus do-ní sí inadh basilica in tan sin ; ar an adbar sin foghnaid sí a n-aigid dúinteadh, & neascóideadh, & tendis na n-ae & na ndubán, & sgabiesi an lésa & an chuirp co huilidi.
10170] An ceathramad hinad ina curthar í .i. ar an dearnainn ar son guta & teindis na mball bís 'na comarsannacht.
An cúigead hinad ana curthar í .i. ar lár na luirgne & ar lár na colpadh & a n-aici na n-alt.
10175] Agus do-ní sí inad shofena in tan sin; ar in adbar sin togairmid sí an fhuil místa, & leigisidh sdranguria & teinnius an maclaic & an lésa, & is imchubaid í a n-aigid podagra na ndroch-cneadh.
Et as í so as inntind phrincipálta do na
10180] hadarcaibh gan fhuiliugadh, & curthur a mórán d'inadaibh í do choimlínad na hinntinne sin.
An chéid-inntind díbh, fá na maethánuibh, do threórugad & do tharrang na fola ón tsróin. Agus as é so adeir Galen in quincto Terapeutice36;
10185] ar an adbar sin dá silead sí ón leath-tsróin deis , dleagur an adarc do chur ar na haebh,
{MS P page 481}An dara hinadh a curthar hí .i. fá na cíghibh
10190] d'athtarrang & d'inntóg fhluxa na fola místa. Agus as é so adeir >Ipocráid sa chúigead pairteagal d'Afoirismorum an uair adeir sé: Mulieri autem si uis menstruam retinere sic iam maiorem ad mamillas apone
Tuillead .i. curthar í, do réir Galen, ar na sliastaib, do thogairm na fola místa; & ní headh amáin, acht
10200] curthar í a fogus do neascóidibh na n-alt, dá ndísgaílead & dá ndrud ó na haltaibh.
Tuillead, curthar na fásadurca annsa pharilis ar bunáit na féitheadh dá téghad , do réir mur adeir Auicenna sa treas Canóin a caibidil na parilisi.
Tuillead, curthar ar in meadhón hí a colica, do dísgaílead na ndeathaigthi & do míniugad an tinnis.
Tuillead, curthar ar an maclac & ar na hinnibh í, dá cur ana n-inadaib féin, do réir chomairli
10210] Auicenna andsa treas Canóin ana caibidileachaibh fén.
Tuillead, curthar iad ar na sligthibh & ar na póiribh tré sibluigind an fual ó na háirnibh chum an lésa innus coma móide do thuitfeadh in chloch
10215] chum an lésa í, do réir Auicenna annsa treas Canóin.
Tuillead, cuirthear 37 iat ar na cluasaibh & ar bélaibh na cneadh ndomain, do tharrang an neith eachtrannaigh bís inntu.
Tuillead, curthar iad ar na greamannaibh neimneacha & ar na gontaibh neimneacha & ar na goránaibh neimneacha, do tharrang na nime astu.
Tuillead, bíth a fhis agad, do réir mar adearaid
10225] na sean-daíne, curob fearr an fhásadurc an uair bís an ré lán ná in uair bís sí uireasbadach, do réir mur adeir Auicenna & Galen sa treas leabar don fhaethugad. Agus dearbaid Almusor sin .i. an uair méduigthear an ré ana shoillsi go
10230] médaigthear & co tarruingthear na leanna a fuirimeall an chuirp, & an uair laighdithear a soillsi go laighdithear na leanna & co n-iatar a n-inmeadhón íad; ar an adbar sin as maith, an lá cuirfir an adarc, an gaeth do beith andeas &
10235] a cur ón dara huair nó co roith an treas uair.
Tuillead, bíth a fhis agud corob í as inntind dá gach aen-neach do-ní oibriugad annsa chás so inadh na fásadairci d'innladh lé huisgi te, &
Agus as leór lim so don fhásaduirc.