{MS P page 469} Quoniam conualiscentes ab egritudinibus continentur
9175] in latitudine sanitalis .i. ó connaimthear na daíne bís ag éirgi a heasláinti a leithid na sláinti, as inlaburtha ann so dá follamnugad co generálta. Ar an adbur sin bíth a fhis agad co fuil cuid do na daínib bís ag éirgi a heasláintib
9180] atá glan co fuirfe óna n-easláintib, et an drong eile nach cóir conualiscentes do rád co fírinneach rú ar son nach fuilid arna nglanad co fuirfe & ar son aicídeadh éigin do beith ana coimideacht, mur atá, neam-thochlugad an bíd, & teinneas
9185] anorduigtehach an chinn, & tromdacht an chuirp co huilidi, & gan a cuirp d'inntóg chum a mbríg ná chum a nirt féin, aislingthi & saethur annsa chodlad & inglanad leannaigi, so & a cusmaile do chomurthaib eile, foillsigid siat gan neach do
9190] thérnód co fuirfi óna easláinti, óir atámaid
Conualiscentes co fírinneach, immorra, ní mairinn aen-red d'fhuidill an adbair acu; & tuicthear sin ó fheabus na bríge tochluigthigi, & ón chorp do beith ag impód chum a bríge & chum a fheóla, & gan an t-inglanad do beith leannaigi, & gan aen-ní
9205] do beith follus don chéd-galur acht anfhainne na mball amáin. Agus an drong atá mur sin ní rigid siat a leas aen-gné folmuigthi an tan sin acht an bríg do chomfhurtacht & an corp d'inntóg chum a oibrigthi gnáith & chum a bríge.
Agus atá so ana ní choitchinn dá gach aen-droing éirgius a heasláinti (má táit glan, cinco fuilid) .i. a regimen do beith cusmail & regimen na ndaíneadh easlán ré feadh dá lá nó trí lá gan inmeadón d'éis an fhaethuigthe; ar an adbur sin
9215] is beac dligid siat claenad chum regimen na ndaíneadh slán, óir is mór an guasacht do na daínib bís ag éirgi a heasláinti claechlód obann do dénum chum regimen na ndaíneadh slán. Óir
Dligid an drong bís ag éirgi a heasláinti a
9225] treórugad chum saethuir mín measurda tar éis a chéile, do réir mur thuicmid gurab éidir léna mballaib a fhulang gan gortugad, gan corthacht, óir as mór an t-amantúr do na daínib bís ag éirgi a heasláinti a leithéid sin do shaethur do dénum.
Et dligid biada na droingi bís ag éirgi a heasláinti cimus maith do geineamain, & beith so-díleagtha, & beith silteach so-óla, óir is maith oilid a leithéidi sin do biaduib, & is luath dileagur iat. Agus dligid a mbiada claenad chum teasa séim & chum
9235] flichideachta. Et bíd siat an méide so do chaindiacht innus comad éidir a ndíleagad co hurusa & nach mothuigthi gáirfideach ná tromdacht ná línad annsa gaile. Et ní dligid an drong éirgius a heasláinti gorta ná tart d'fhulang, acht beacán do
9240] chaithim co meinic. Et dá teagmad co mothóchaide cuirrineach & nó gaethmuireacht nó tromdacht annsa chorp as inlaigdigthi caindiacht an bíd an tan sin. Et as í uair imchubaid a n-oileamna an uair bus measurda don ló.
Et bíth a ndeoch d'fhín maith thséim deadh-balaid glan gan beith deathmur, & blas toltanach
Tuillead, as éigin do na daínib bís ag éirgi a heasláinti cumsanad & gairdeachus measurda do {MS P page 470}gnáthugad, [H2] & dénait radarc ar inadaibh uaine,
9255] & éistid ceóil binne, oir bláthuigi meanma na droinge bís ag éirgi a heasláinti ó éisdeacht ceól mbinn & ó fheicsin neitheadh uaine. Et seachnait siat gach uile fholmugad, mar adubramur romainn, & co háirigthi in choimhriachtain, óir is
9260] mór urchóidighis in choimhriachtain dóib. Agus dá mbia faethugad in té éirghius a heasláinti foluigtheach is amuirseach dligmid beith ara fuigeall; ar an adbar sin is lugha dleagar a sásugad lé fín ná in drong bís ar térnugad co
9265] fírinneach ón easláinti.
Agus dá faicir go rig sé a leas folmugad fétur sin do thuicsin go maith tríd na comarthaib do áirbhimar don taeibh thuas dín. Comhartachtaigthear in bríg ar tús in tan sin lé biadh maith, méid
9270] éigin do laithib, & aindséin leigistear hé lé leigeas
Agus ní himchubaid codlad fada don droing bhís ag éirghe a heasláinti, óir bogaid sé iad; & dámad imchubaid, as ar son in chumhsanaid
9280] do-ní ann budh imchubaid. Agus as do regimen na droinge bís ag éirghe a heasláinti a claechlód dochum aéir chontrárda don aér ina robadar easlán.
Tuillead, bíth a fhis agut co ndligid in drong
9285] bís ag éirghe a heasláinte innillius do dénamh ó na neithib do bhí orra annsan easláinti roime, óir dligid in lucht éirghius ó phleurisis eagla do beith orra roim na neithibh do bhí orra innte, mar atá, gairbhe an ochta. Agus dá n-imdaigead
9290] linn annsa droing bís ag éirge a heasláinte is comartha sin ar an línadh do beith acu.
Tuillead, teagmaid go gnáthach saint bíd do chaitheamh don droing bís ag éirghi a heasláinti; gidh ead, ní inntaigheann an tshaint sin an corp
9295] chum a bríge & lagaidh an brú; más ead, laigdigthear in biad annsa chás so, et as inchalmuigthi in gaile lé trétaigibh & lé ceiríneachaib & lé
Óir is annamh easláinti rigin ná tidlaicinn sí teidhm éigin do ball uasul, as mór is intuicthi an mbia gortugad ar doman a mball éigin phrinncipálta don neach bís ag érge a heasláinti, & as
9305] innteagmála don gortugad sin mar is fearr do-chífir dúin. Agus mar adearor do na ballaib tuicthear a chusmailius sin do na brígaibh nádúrda.
Tuillead, bíth a fhis agad corob mór thidhlaicis innladh na cos & círad in chinn glaine do radarc
9310] luchta conualescentés. Et mur in cédna as mór fhurtachtuigius innladh na mball fuirimeallach, co háirighthi in ceann, óir ní headh amáin édrumuigius na baill acht athnuaigid sé an meanma.