Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 26

An seisead caibidil fichead: Do na comshuigigthib & dá ngnáthugad


8235]

Sciendum quod homines sani comuniter utuntur confexionibus ante cibum & post .i. bíth a fhis agad co ngnáthuigid na daíne slána, na comshuigigthi roim an mbiad & 'na diaid, & an gaili línta nó folam, & a n-aimsir fhuair nó the; más ead, is
8240] maith aen-chaibidil speitsialta do dénam do na comshuigigthib.

Más ead, bíth a fhis agad co ngnáthuigid na daíne co coitchinn na comshuigigthi ana sláinti do leith a toile, ar an adbur sin do réir mu thuicsina
8245] is mó d'urchóid do-nít a follamnugad na sláinti ná do tharba; & dámad imchubaid iat do na corpaibh slána ar aen-mod is do choiméd na sláinti & do theagmáil d'urchóidib éigin teagmus co cumachtach do na corpaibh. Gid eadh, ní har an adbur sin
8250] gnáthuigid na daíne iat acht do choimlínad na toile, óir gnáthuigid siat na comhshuigigthi innus comad móidi do ibdais do dig iat; & is é in t-arán bud fearr dóib in tan sin. Agus as ar an adbur


p.65

infra 241-2
sin gnáthuigid na daíne na comshuigigthi; más
8255] ead, ní hurusa an gnáthugad sin do chlaechlód; ar an adbur sin dob áil lim a sásugad lé gnáthugad bus fearr ná sin.

Más ead, bíth a fhis agad gurab iat so na comshuigigthi is fearr gnáthuigthear & is toltanaighi ,
8260] mur atá, sinsér & siúcra maille ré mil & cnó. Et is maith ainís mur shabsa leis na biaduib, nó carabuaid , nó coriandrum, nó siúcra rosarum, nóid cnó arna cumusc maille ré mil & ré siúcra, & dactuli.


8265]

Agus atá cuid do na comshuigigthib nó do na sabsaib imchubaid annsa geimread & do lucht na coimplex fuar & annsan aís arsaid. Agus is iat na comshuigigthi teasaidi fhodnus in tan sin, mur atá, sensibratum, & sinnsér arna chumusc
8270] maille ré mil, & cnó, & siúcra, & clóbus, & mil, & comshuigigthi eile teasaidi.

Et atáit cuid eile is luga is te ná sin díb, mur atá, siúcra rosarum & dia sitrum fhodnus co mór annsa tshamrad & do lucht an choimplexa teasaidi
8275] & na haísi óigi. Et is maith péirida mur shabsa chum an neith chédna, & cucurbita & coriandrum; & is luga is te na comshuigigthi so ná na comshuigigthi adubramar romainn.

Tuillead, atá cuid do na comshuigigthib as


p.66

infra 242-3

8280] imchubaid co mór a n-aimsir an tréigeanuis an uair bís an gaili folum ó biad & ó dig, & cuid eile is mó as imchubaid tair éis bíd gan inmeadón, & cuid eile co gar roime. Et as iat so na comshuigigthi as imchubaidi do lucht an tréigeanuis .i. na
8285] comshuigigthi as luga thirmuigius iat, & is luga atá gér, & is mó ana fágthur nádúir oileamna, mur atáit so .i. pineatum, & siúcra rosarum, & cnó arna cumusc maille ré mil maith arna spumáil & beacán spísraid do chur trít; & do-níd dactuli
8290] an cédna. Agus is maith na comshuigigthi sin a n-aimsir an tréigeanuis, & co háirithi maille ris na comshuigigthib eile do-níthear don arán; óir dá n-ibthear mórán digi, gan biad do chaithim lé, gortaigthear an gaili & an inchinn & an corp
8295] co huilidi, & dá caitear na spísraid adubramar innarbaid an urchóid do-ní an fín & coisgid gorta an gaili méid éigin, & ní tirmuigthear an corp ón chómshuigiugad sin. Gid eadh, dá caitear na comshuigigthi so atá gér teasaidi & tirmuigius an
8300] corp nísa mó ná do-nít na comshuigigthi eile, & is luga ana fuil nádúir oileamna, ní choisgid siat an urchóid do-ní an fín mur do-nít na comshuigigthi eile; ar an adbur sin dá caithid lucht an tréigeanuis sinnsér mur shabsa nó a comshuigiugud, & carabuaid
8305] & ainís, ní mór as imchubaid iat a n-aigid an gortuigthi do-ní an fín ar an gaili. Gid eadh, mad áil lé neach gnáthugad do chomshuigigthib

p.67

infra 243-4
do chomfhurtacht an gaili & an díleagtha, & co speitsialta do chomfhurtacht béil an gaili, atá
8310] fuar co nádúrda & anfann chum a ndíleagtha, gnáthuigthear an comshuigiugad so gan inmeadón tair éis bíd, mur atá, sinnsér & sinnsibratum & a {MS P page 410}cusmaile do chomshuigigthib eile atá imchubaid sa chás so, & co háirigthi dá n-ibthear fín maith
8315] a caindiacht big leó.

Agus má do gnáthuig neach éigin brúchtach nó gaethmuireacht do mothugad ana gaili, nó biada gaethmura do chaithim, nó gaili gaethmur do beith aigi co huilidi, as maith tair éis bíd an
8320] tan sin ainís & carabuaid do gnáthugad . Et dá mbia bél an gaili anfann co nádúrda ag neach gnáthuigthear coriandrum tair éis bíd, & co háirithi annsa geimrid maille ré púdur spísraid, & annsa tshamrad gan spísrad. Agus tair éis
8325] bél an gaili d'iadadh ní hinchaiti spísrad & ní hinóla deoch, acht gé atá gnáthugad na maigistreach & na ndaíneadh conáich 'na aigid so; óir osgailtear bél an gaili uatha so, & co háirithi dá mbia toil acu chum a caithme, & as cúis do thruailliugad
8330] an díleagtha an osgailt sin, nó dá laigdiugad annsa gaili. Item, is luaithi díleagthur na comshuigigthi so náid na biada eile, & an uair nach fédaid siat an gaili d'fhágbáil anuid ann nísa mó ná an


p.68

infra 244-5
chóir & truailltear é, & ón truailliugad sin truailltear
8335] an maiste uile in tan sin .

Agus mad áil lé neach comshuigiugad do chaithim idir dá biad & gan an gnáthugad do chlaechlód, as iat na comshuigigthi médaigius an díleagad dleagur do thabairt an tan sin, & atá séim do
8340] réir substainti & gníma; óir is luath cumuiscthear na comshuigigthi sin risin maiste & is mur sin is luga thoirmiscid siat an díleagad, & díleagthur iat leis na biaduib eile. Agus adeirim nach imchubaid pineatum & fisticatum & dactuli & cnó & a cusmaile
8345] do chaithim ar aen-shligi risin mbiad mur as imchubaid na neithe sin adubramar romainn. Gid eadh, as imchubaid sinnsér & a cusmaile do chaithim ar aen-shligi risin mbiad . Tuillead, atá drong do na daínib gá mbí bríg díleagthach anfhann
8350] ana ngaile 16 co huilidi, & gá mbít gailidi fuara gaethmura, & is maith dóib sin comshuigigthi teasaidi do chaithim uair roim an cuid brisis an gaethmuireacht; & is mur sin is fearr díleagus an gaili an biad gabus sé chugi. Agus dligid na
8355] comshuigigthi sin adubramur romainn do chaithim roim an mbiad in méide so do spás innus co treóraigthe ó chumachtain chum gníma iat ó theas an gaili, innus co téigdis an gaili & co tuitidis ana íchtar. Et as í mo thuicsin gurab lór spás


p.69

infra 245-6

8360] uaire co leith chugi sin, óir atáit na comshuigigthi so séim ana substaint & ana ngním, & co háirithi dá caitear a caindiacht big iat is luath díleagthur iat & is luath ullmuigid an gaili chum na mbiad do gabáil; & is maith beacán d'fhín maith d'ól
8365] ana diaid. Agus as iat so na comshuigigthi is maith in tan sin .i. na comshuigigthi atá séim teasaidi a substaint & a mbríg & chomfhurtachtaidius an gaili & brisis an gaethmuireacht. Agus as iat so na comshuigigthi atá mur sin .i. sinnsér,
8370] & co háirithi an sinnsér fhásus annsan Innia, & carabuaid & ainís & a cusmaile do chomshuigigthib eile.

Agus is lór lim na neithe athchumaire sin do na comshuigigthib.

An ceathramad pairteagal: Do riaglachaib follamnuigthi na sláinti do-gabur ó na neithibh atá a n-aigid na nádúiri