Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 25

An cúigead caibidil fichead: D'fhollamnugad lucht tsiubail in mara

Oportet qui per mare uult transire & cetera .i.
8195] gibé thshanntuigius dul ar muir is éigin dó laeithi roim dul ar muir cuisle do ligin, & nísa luga ná ar gnáthuig sé roime sin do chaithim; & gnáthuigead biada chomfhurtachtaidius an gaili adubramar romainn a caibidil choiméda an gaili don taeb
8200] thuas dín. Tuillead, gibé lérb áil dul ar fairgi oilead sé é féin lé hublaib gráineacha & lé horáitsib & lé hublaib fiadáin, & ré fín maith deadh-balaid, & ré hiasguib beaca saillti, & leisin comshuigiugad do-níthear do phéireaduib & d'oráitsib & d'aigéid
8205] & do spísraib, & mur an cédna imurchad sé


p.63

infra 239-40
neithe thogairmius in tochlugad do shír, & na neithe is maith a n-aigid na sgeathraigi. Ar an adbur sin beirid leó oliua saillti, & caithid préma choisgius an sgeathrach tar éis na coda, & caitear iat co háirithi maille ré haigéid & ré salann a
8210] caindiacht bic.

Agus an céd-lá reachus neach ar muir ná féchad sé an t-uisgi & ná tógad a cheann co hard, & ná hithid & ná hibead acht beacán; & is do na neithib chomfhurtachtaidius an gaili so & shrianuidius an
8215] sgeathrach. Agus dá teagmad co mbeith buaideart annsa gaili chum sgeathraigi, leagur dó méid éigin sgeathraigi do dénam & ní déna urchóid. Et is dóich co coisgfid na neithe so an sgeathrach imurcach, mur atáit, ubla gráineacha & ubla
8220] buidi, & arán róstaigthi arna thuma a finégra maith. Et bíth a fhis agad co coisginn síl meirsi an sgeathrach, & co háirithi dá mbia sé arna gearrad & arna thuma a n-aigéid. Et is do na neithib choisgius an sgeathrach aipsint d'ól, nó ceirín
8225] do dénum di, nó a balad do gabáil. Tuillead, is maith neach d'oileamain lé neithib aigéidigthi chomfhurtachtaidius bél an gaili & toirmiscius na deathaige d'éirgi chum na hinchinne, mur atáit so, .i. lenntes arna mbearbad nó arna róstad
8230] maille ré haigéid & a caithim, nó maille ré hagresta {MS P page 417}& beacán do phúdur cailimint do chumusc ris .


p.64

infra 241
Tuillead, is maith arán róstaigthi do thuma a fín maith deadh-balaid & a chaithim chum an neith chédna