Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 24

An ceathramad caibidil fichead: Do regimen lucht an tshiubuil

infra 223-4
Consequenter dicendum est de regimine 11 iter agencium .i. labrum anois do regimen lucht an
7830] tsiubail, & cuirfimid riaglacha air ann so.

An chéid-riagail díb .i. in té thshanntaigius siubal do dénam do réir éigintuis dligid sé a gnáthugad do chlaechlód a mod a bheathad.

Riagail eile .i. is mod ar leith dligius lucht an
7835] tsiubail do beith acu ó lucht an chomnuidhi, óir do budh , baedal droch-easláinti do geineamain ó theinnius & ón tsaethur theagmus do lucht an tsiubail acht muna claechluigthear an gnáthugad. Agus ní dleagur an gnáthugad sin do chlaechlód
7840] co hobann acht do réir uird; ar an adbur sin is éigin gibé shanntuigius siubal do dénam ord do gnáthugad. Et a tosach an tshiubail déntur beacán saethuir, & gnáthuigthear mur sin d'és a chéile nó co tinnsgaintear an siubal; & tuicthear
7845] a chusmailius sin don tart & don ocras. Et is ní ard annsa chúis so an gnáthugad do chlaechlód. Et dligid sé an biad thshanntaigius sé do gnáthugad a n-aimsir an tsiubail. Et is mó an guasacht atá do lucht an tshiubail annsna neithib nár gnáthuigidur
7850] siat & do na daínib égruaidi & do na daínib


p.50

infra 224-5
arsaidi ná do lucht a ngnáthuigthi & do na daínib láidiri & do na daínib óga; & an drong is mó dá ndénuid so guasacht as iat is mó dligius a seachna, & co háirithi a claechlód a ngnáthuigthe & chum12 na
7855] neitheadh atá éigintach do lucht an tshiubail.

An dara riagail do-gabur í do leith an bíd, óir dligid sé beith so-díleagtha & substaint maith do beith aigi & beith a caindiacht fhoguis gan beith mór. Agus atá aen-ní agum dá rád fá cheann
7860] oileamna na droingi so .i. co ndliginn sí beith mur so .i. co .i. díleagthur é co luath & co maith & ná timaircthear imurcacha isna cuisleannaib; & na biada atá mur sin adubramar iat don taeb thuas dín sa chaibidil labras do na biaduib & do na
7865] deochaib co generálta

Tuillead: ní dligid siat marcaideacht do dénam & an gaili lán do biad innus nach truaillfidi an biad annsa gaili, & nach bud éigin dóib uisgi d'ól innus nach dearnad sé fodar ná gaethmuireacht
7870] ana meadón. Agus fuirigthear gan biad do chaithim an tan sin co huair in chaithme; & mad éigin an biad do chaithim caitear beacán de innus nach bud éigin deoch d'ól; ar an adbur sin dligid siat in deoch do sheachna & co háirithi an t-uisgi.


7875]

Tuillead: dligid lucht an tsiubail na praiseacha & na tortha do sheachna & gach ní geinius leanna oma, acht muna tucthur iat do leith leigis.


p.51

infra 225-6
Tuillead: ní dligid lucht neam-álguis an bíd siubal do thinnsgaint; más ead, codluid siat ar tús
7880] innus co leigistigi an fastidium.

Agus mur an cédna ní dligid lucht na gorta saethur do dénum, óir an lucht ara mbí gorta & éigintus mór ní dligid saethur ná siubal do dénum, óir as í an bríg dleagur do chomfhurtacht
7885] ar tús. Gid eadh, fédtur an t-éigintus do laigdiugad ar tús a' laigdiugad na gorta innus co sgristur co léir álgus an chaithme nó laigdigthear é co mór, más ead, is maith biad do chaithim lé fédann duine breith as co fada gan biad; más
7890] ead, as intuicthi na biada do-níthir13 do na haeib róstaigthe & pillidi do-níthear d'almont & d'olaid almont & do geir mairt, dá caitear pille díb sin as fada fhuilingthear gorta dá éis. Tuillead: ola uiola ana curthar geir mairt coisgid an gorta, &
7895] dobud éidir lé neach do chaithfead .2. de sin breith as gan álgus inchomurthaid ré feadh deich lá acht beacán.

Et mur adearar don gorta tuicthear a chusmailius sin don tart. Et ós éigin an tart d'fhulang
7900] as intuctha leigeas choisgius in tart, mur atá, in t-aen-leigeas urusa édrum so .i. gabthur síl portolaca {MS P page 415}trí .3., & bris maille ré haigéid & ré huisgi an méid


p.52

infra 226-7
bus lór, & eabur & coisgid an tart. Et seachaintear na neithe chúisigius in tart, mur atá, iasg & gach
7905] uile ní saillti & mórán comráid & siubal láidir & a cusmaile. Agus dá mbia tart mór ar neach ibeadh sé uisgi maille ré haigéid, óir is mór choisgius in deoch sin an tart.

An treas riagail do-gabur í do leith na cuislinni
7910] & do leith an leigis lagthaig, óir dá rigi a leas neach ré neachtur díb so do leith an línta ullmuigthear iat sul tinnsgaintear an siubal; & muna hullmuigthear is baedal dóib fiabras & neascóid & gortaigthi na mball fuirimeallach. Et dá mbia an aimsear
7915] fuar, fliuch, truailligthi, & gan beith te co mór, & na baill fhuirimeallacha láidir, & na leanna reamra & iat loisgthi méid éigin, as baedal lubra an tan sin. Más ead, is maith, sul tinnsgaintear an siubal, an leigeas lagthach nó an chuisle do thabairt
7920] do réir mur do-chífi an liaig, & cúisigthear an corp umal uatha sin & innil ó na heasláintib. Agus gibé lenab áil siubal do dénam ná dénad é ar mod ar doman gan comuirle leaga maith.

An ceathramad riagail do regimen lucht an
7925] tsiubail: & do-gabur é do leith teasa bís isna corpuib ó easbaid na coimriachtana. Et atá drong do na daínibh darab éigintach siubal do dénam a n-aimsir thé, & dligid siat co mór a n-inchinn do choiméd ó theas innus nach gortuigthear hí. Omacr;ir
7930] is meinic theagmus teinnius mór cinn do lucht an tsiubail ón teas sin, & fiabras efemera, nó fiabras


p.53

infra 227-8
morguigthi, & mórán d' easláintib eile; más ead, clúdtur a cinn & díntur in ceann an méid bus éidir. Tuillead .i. dá mbia an aimsear te bíthear
7935] co deithideach fá cheann an ochta, ar eagla co tirmóchaide an t-ucht nó co téigfidi ón tshaethur mór é ar son an aéir theasaidi do tharrang. Más ead, dligid siat epitima do chur ara n-ochtannaib & a n-ongad, & co háirithi a craidi & an régión atá
7940] faí an cígh clé; & as epitime fuara fliucha dleagur do thabairt an tan sin, mur atá, biamlacht psillium, & súg portulaca, & a cusmaili. Tuillead: annsan aimsir theasaidi ná caithead sé aen-diet gan beacán d'ithi ar tús. Agus dá teagmad gan
7945] gorta do beith ar neach, is maith méid éigin d'ithi, do réir riachtanuis a leas na haimsire, do choiméd an teasa, mur atá, súg eórna & siróip do-níthear do thorthuib, & a cusmaile; óir an uair do-nít siat murcaideacht, & ná bí biad ana ngailib , is
7950] mór anfainnigthear iat ón dísgaílead & gan aen-ní acu do-dénad athnuaigiugad . Más ead, caitear ní éigin dá ndubramur, nó a cusmaile, & ná tinnsgnaid aen-biad do chaithim nó co fáguid sin bél an gaili.


7955]

Tuillead: is maith do lucht an tshiubail uinneminti nóid olada do beith ar imchur acu do gnáth, mur atá, ola róis & uiola & nenufar & uinnemint populion , asa n-ongthur an t-ucht uair a ndiaid


p.54

infra 228-9
uaire. Et atáit drong furtachtaigthear co mór ó
7960] fhothragad uisgi fhuair an uair theagmus gortugad éigin dóib ó theas; & is maith gan sin do dénum co hobann ach méid éigin comnuidhi do dénum; ainnséin eirgid co horduigthi annsan uisgi.

Tuillead: dá mbia eagla droch-balaid ar neach ó
7965] aér nó ó gaíth truailligthi, iatur an tsrón. Et sul caitear biad in tan sin, eabur bainne dá mbeantur a im, ana mbia uinneaman gearrthur co min, & is mur sin is luga do-ní an droch-balad urchóid. Et is maith balad ola róis14, & a hól annsa chás
7970] so, & innarbaid an urchóid do-ní in gaeth truailligthi. Et dá teagmad urchóid ón droch-balad sin, crotar uisgi fuar ar na ballaib fuirimeallacha, & innailtear an aigid as. Et ongthur an ceann leis na holaduib fuara adubramar romainn. Agus an uair do-déna
7975] sé comnuidhi tar éis an tshiubail, as imchubaid dó fín measurda do chomfhurtacht na bríge & do cheannsugad an tarta. Et as imchubaid iasg saillti do thogairm thochluigthi an gaili.

Agus dá mbia tart mór ar neach tar éis deathaig
7980] an aéir thruailligthi, déntur gargraisim nó innlad don bél do shiúcra, & sloigthear beacán tair éis a chéile de. Agus as maith don droing atá arna ngortugad ó theas, comnuidhi do dénam a n-inad {MS P page 415a} fhuar & na cosa do nigi a huisgi fhuar; & dá mbia


p.55

infra 229-30

7985] tart orra, ibid uisgi fuar & oiltear iat lé hoileamain díleagthur co luath.

An cúigead riagail do-gabur í do leith na haimsiri fuairi; óir an drong shiubluigius a n-aimsir fhuair is mór an t-adbur eagla é, acht cé mór
7990] choimédus an aimsear fhuar lucht an tshiubail. Óir stupáiltear an corp co huilidi ón fhuacht & cúisigthear spasmus nó apoplexia & bás fá deoig ón fhuacht sin. Na baill fhuirimeallacha, immorra, mur atáit, na cosa & na láma & na súile, gallruigthear
7995] iat co gnáthach ón fhuacht an méide so innus co morgaid & co tuitid a tochlugad madramail; más ead, is maith don droing lérb áil siubal do dénam édaighi teasaidi do beith acu, dár labramur don taeb thuas dín a caibidil chumdaig na corp. Óir
8000] gnáthuigid an fuacht dul a n-inmeadón an chuirp trít an sróin & trít an mbél & trít na cluasaib & trí phóirib an chuirp; más ead, is maith na póire do dúnad mur is fearr fhédfair innus nach deacha an fuacht a n-inmeadón; óir atáit mórán sligthid
8005] annsa cheann & annsan aduid tré ngnáthuiginn an fuacht siubal co hinmeadón; más ead, dligid an liaig beith deithideach a' cumdach an chinn & na haigthi air eagla an fhuachta, óir idir na ballaib fuirimeallacha as iat na súile & an aduid baill is
8010] uaisle díb. Agus gnáthuigid siat gortugad do gabáil chucu ón fhuacht, mur atá, deargus &


p.56

infra 231-2
teasbach & neascóidi co minic & teinneas mór; más ead, dleagur beith deithideach agá coiméd. Ar an adbur sin cumdaigthear na súile lé bréid
8015] lín cael mur so innus nach bia aen-réd ris díb, acht an méid bus éigin; & seachaintear an adaigh ar gním na gaíthi.

Tuillead: dligid an liaig beith deithideach co mór a coiméd na mball fuirimeallach, & co háirithi
8020] na cos; más ead, cumdaigthear na cosa lé héduidib teasaidi, mur adubramar an corp uile do chumdach leó. Et sul tinnsgnus neach siubal do dénam, coimiltear na cosa co mór lé holaid na holiua, innus comad feirrdi do coimédfuidi an teas arna
8025] threórugad ó chumachtain chum gníma an choimilt sin. Agus ana diaid sin gabthur olann círtha & curthar ar na bonnuib í, & gabad asáin teasaidi uime ana diaid sin & buatuisi fairsingi, innus comad éidir leis a chosa & meóir a chos do gluasacht; &
8030] is do na neithib choimédus na cosa ón fhuacht sin. Et an uair fuarthar na cosa & meóir na cos in méide so innus ná gluaistear iat co fuirfe, gan comnuidhe coimiltear & ongthur iat mur adubramar romainn. Agus adearuid drong eile gurab maith
8035] na baill fhuirimeallacha do chur a n-uisgi fuar, & co n-inntaiginn sé iat chum a nádúire féin; & dá curthar chum tinead iat is beac do tharba do-ní dóib. Ar an adbur sin is fearr a cur a n-uisgi fuar ná a cur a ngaire na teineadh, óir téigthear


p.57

infra 232-4

8040] an ball fuar arna chur a n-uisgi fuar a mod chontrárda, óir comfhurtachtaigid fuacht an uisgi ar mod éigin do leith a fhlichideachta an ball atá arna stupáil & ar téchtad acht beacán, a' cur an boill a mbuigi, mur do-chíamaid co leagann an
8045] t-oigread curthar annsan uisgi. Agus is mur sin calmuigthear & comfhurtachtaigthear teas an baill óna chur a n-uisgi fuar, mur is follus as in rád so: Unum quoque contrarium in presencia sui contrari fortificatur .i. an uair curthur ní contrárda
8050] a fiadnuise a chontrárda calmuigthear a oibriugad; ar an adbur sin an uair calmuigthear an teas co fuirimeallach is mó théigius sé ann sin ná do-ní ar tús, óir is mó atá sé ullam chum an teasa do gabáil ar son co mbogthur é ón uisgi an tan sin
8055] ní as mó ná ar tús.

Tuillead .i. gibé thshanntaigius siubal do dénam a n-aimsir fhuair ná siubluigid sé nó co caithi sé biad, & nó co n-ibe sé fín deadh-balaid séim. Agus ní hinchaiti dó biad tair éis repletióin. Gid
8060] eadh, tar éis na nádúire do gnímugad ar an mbiad téigthear in corp in tan sin innus gurab éidir an siubal do thinnsgaint. Agus mad éigin an siubal do dénam gan inmeadón tair éis in chaithme, caitear beacán in tan sin. Agus ní hingluaisti
8065] & ní hintshiubluigthi co láidir an tan sin air eagla co truaillfidi an díleagad, acht siubal mín do dénam nó co ndíleagthur an biad ar mod éigin.


p.58

infra 234-5
An siubal láidir, immorra, is cúis é d'innarbad {MS P page 415b} an bíd asin gaili sul díleagthur co fuirfi é, óir
8070] truailltear an díleagad uada sin. Agus an uair choimlínus neach caithim a choda faréna chompánachuib annsan ósda, ní hindula dó chum teineadh acht comnuidhi do dénum a n-inad te a fad ó theinidh.


8075]

Agus dá mbia corp fir an tshiubail stupáilti ar téchtad, as inchoimilta an corp co huilidi an tan sin a n-inad te, & ongthur iat lé holaduib teasaidi deadh-balaid, mur atá, ola ainédi & ola an chamamilla & ola sticados & ola lile & ola ainéide
8080] & ola cuimin. Et ana diaid sin curthar a leabuid buig é, & curthar cumduidi uime beas te do réir brígi & gníma, & leagur dó mur sin cumsanad & codlad do dénam. Et dá faicim co mbia éigintus mór ag fear an tshiubhail réna chlúdad, curthar
8085] daíne gá mbeid cuirp theasaidi lomnachta gacha taeba de nó co téigthear é, & coimiltear a meadón & a shliasta & a ucht; & is maith ana diaid sin asa fetida 15 & mirr & pibur maille ré fín maith dóib. Et tair éis chodalta dó & athnuaigigthi a shláinti,
8090] eirgid a fothragad & dénad comnuidhi fada ann. Agus coimiltear ainnséin é & ongthar é lé holaid éigin dá ndubramar romainn & cumuiscthear na neithe so ris na holadaib sin, mar atá, castorium & costus & muscus & eufurbium. Et dá teagmad
8095] nach beith fear an tsiubail arna stupáil, acht


p.59

infra 235-6
fuacht mór do beith air, is lór dó an tan sin fothragad & coimilt; & dá mbia fuacht is luga ná sin air, is lór do comnuidhi do dénum ré feadh uaire a n-inad te nó co mbia sé a ngar don ord
8100] imchubaid.

Et is iat so na biada dligius fear an tsiubail do chaithim a n-aimsir fhuair .i. na biada beas te do réir gníma & do réir brígi, & gnáthuigthear cnó & gáirleóg & uinneamain & lus do chur ana
8105] mbiaduib. Agus atá dísleacht chumachtach ag na cnoib do lucht an tsiubail, ar an adbur sin imchraid cnó annsan aimsir fhuair chum a caithme. Et is ar an adbur cédna dá mbristear cnó & gáirleóg co maith, & a cumusc ré heanbruithi
8110] feóla inmolta, & a caithim mur biad nó mur dig, téigid in corp co mór & dídnid ó fhuacht é. Agus fodnuid na comshuigigthi teasaidi eile do lucht an tshiubail annsan aimsir fhuair, óir ní dligid ar aen-mod beith 'na n-égmuis. Agus do-ní fín
8115] maith arna ól a méid móir an cédna maille ré biaduib olamla, & is mór in furtacht do-nít sin annsa chúis so.

Tuillead .i. ongthur nuca & cnáma in muiníl ó uair co huair lé huinnemintib teasaidi, mar
8120] adubramar don taeb thuas dín, óir ní dligid lucht an tshiubail beith ana n-écmuis ar aen-mod annsan aimsir fhuair. Ar an adbur sin curthar éduigi teasaidi do réir gníma & do réir bríge im an corp


p.60

infra 233, 236-7
uile, & co háirithi im an muinél, & tuicthear a
8130] chusmailius sin do rannaibh na hinchinne uile.

Tuillead, bíth a fhis agad co ndligid lucht an tsiubail neithe deadh-balaid d'imchur annsan aimsir fhuair, mur atá, muscus & ambra & lignum aloeis & a cusmaile. Tuillead, bíth a fhis agad
8135] gurab dona neithib thoirmiscius gortugad lucht an tsiubail ón fhuacht innlad na mball fuirmeallach moch-thráth & ré laigi a huisgi the thshaillti, óir téigthear na boill fhuirimeallacha uada sin, & cruaduidthear & cnaítear na himurcacha innta, &
8140] bít siat foámuigtheach trít sin.

Tuillead, an drong gnáthuigius siubal an tsneachta teagmaid saebad dá súilib & neam-gluasacht & uireasbaid raduirc ó gile ainmeasarda in tshneachta & óna fhuacht imurcaid, ar son an
8145] dísgaílti do-bearar ar an súil ó gile imurcaid an tsneachta; ar an adbur sin is maith do lucht an tsiubail a n-aimsir an tsneachta éduigi duba do beith impu , & a cinn do chumdach lé héduigib duba, & éduigi duba do beith ana lámuib beas
8150] acu dá féchain.

An seisead riagail do regimen lucht an tsiubail, & do-gabur í on égruas & ón tsaethur theagmus dóib co gnáthach. Et an uair theagmus saethur {MS P page 416} mór & corthacht d'fir an tsiubail, an uair thecémus
8155] ósda dó, dénad comnuidhi uair nó dá uair ann;


p.61

infra 237-8
& eirgid a fothragad ainnséin & dénad comnuidhi ann nó co ndearga & co mínigi a fheóil. Agus ana diaig sin coimiltear a chorp uile co mín & ongthar é lé holaid teasaidi, & co háirithi na hailt annsa
8160] geimrid, mur atá, ola ainéide & ola camamilla & ola sdicados, & ola róis & camamilla annsa tsamrad, & codlad & cumsanad ainnséin a leabaid buig, & cumdaigead é féin co maith d'éduigib. Et an uair éireóchus sé asa chodlad coimiltear arís é, &
8165] eirgid a fhothragad, & is mur sin inntóchar chum a gnáthuigthi é.

An tseachtmad riagail do-gabur í do leith an uisgi as éigin do lucht in tshiubail do gnáthugad. Gid ead, do luaideamur don taeb thuas dín do na
8170] huisgib maithe & do na droch-uisgib, & mur beantur a n-urchóid astu a riadlachaib regimen na sláinti do-gabur ó éxamlacht na ceathra ndúl; ar an adbur sin rithim chum na caibidleach sin.

Gid eadh, bíth a fhis agad co ndénuid uinneamain
8175] & gáirleóg & lactuca, arna caithim maille ré haigéid, duine innil ó mailís an uisgi, & is maith chum an neith chédna uisgida éxamla do chumusc maille ré haigéid. Et dá mbia an t-uisgi saillti & comad éigin a ól, curthar na tortha so ann, .i.
8180] sorbe & sitonea, & eabur maille ré haigéid iat. Et dá mbia 'na uisgi locha & truailliugad do beith ann, cumuiscthear súg ubuill gráinig ris, & súg uball ngoirt, & eabur mar sin é; & seachaintear


p.62

infra 239
biada teasaidi do chaithim ar aen-shligi risin
8185] uisgi sin, & ná hibthear fín ar aen-shligi ris acht muna bia sé anfann, óir is mór chúisigid na huisgi fiabrasa.

Et dá mbeam a cunntabairt in mbeith sangis sugi nó péisti beaca do-thachmuici annsan uisgi,
8190] eabur an t-uisgi tré édach tana lín ar eagla na piast do thshlugad. Et dá mbia fasdidium ar neach eabar an t-uisgi maille ré súg na n-uball ngráineach.