Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 23

An treas caibidil fhichead: Don droing lérb áil a mbeatha do choiméd

Quoniam quidam sunt comendabiles seu uenerabiles .i. atá drong do na daínib lérb áil a mbeatha do
7655] breith as co hanórach inmolta, innus gurb áil leó beith slán, ar an adbur sin do-bér dom aire aen-chaibidil athchumair do génum don regimen is fearr do-chíbh dóib. Ar an adbur sin as {MS P page 412} intuicthi, acht gé atá gním na coimriachtana
7660] tarbach a coiméd na sláinti, gid eadh, ní fhuil sé éigintach; ar an adbur sin drong éigin do na sean-daínib do luaid d'fhollamnugad na sláinti, ní dearnadur siat mensión don choimriachtain. Óir bít mórán do na daínib mairius slán gan
7665] choimriachtain mur mairid drong eile slán maille


p.43

infra 218
ré coimriachtain, ar an adbur sin ní fhuil in choimriachtain éigintach do choiméd indiuiduum , gé atá sí éigintach do choiméd na gnéé. Ar an adbur sin fédaidh duine beith slán gan choimriachtain
7670] mur fhéduid daíne eile beith slán maille ré coimriachtain, mur is follus a mórán d'ógaib annsan aimsir so & annsan aimsir do-chuaid torainn. Más ead, as inchuir riadlacha ann so lé fédfuidi duine do choiméd slán co himchubaid
7675] gan choimriachtain.

An chéid-riagail díb do-gabur í do leith in gnáthuigthi. Más ead, as intuicthi gurab do na neithib choimédus duine slán neam-gnáthugad gníma na coimriachtana, mur is follus annsna
7680] mnáib an uair nach gnáthuigid bainne do thabairt dá leanbaib nach geintear bainne 'na cígib, & is trít sin nach éidir leó na leinm d'oileamain. Et mur an cédna, an uair nach gnáthuigid boill na geineamna gním na coimriachtana, ní
7685] himduidthear sperma inntu & ní geintear uatha, & do réir chonsiquens ní dúisgthear chum na coimriachtana iat. Agus as inchomurthaig co deithideach, dá ngnáthuigead neach coimriachtain ré haimsir fada, nach innil an gnáthugad sin do
7690] chlaechlód co hobann acht tar és a chéile, óir is réd guasachtach a follamnugad na sláinti an gnáthugad do chlaechlód co hobann. Agus mad


p.44

infra 218-9
áil lé neach in gnáthugad sin do chlaechlód fédtur a dénam mur so: .i. in choimriachtain do dénam
7695] nísa annma ná mur do gnáthuig, & co háirithi risin droing atá dochraid réna féchain, & ymáigithear co dochraid; & muna fédtur a chlaechlód mur sin, cusmailtear iat risna hainmintib bruideamla & risna piastaib, oir ní geintear gním
7700] ná aibíc thshubálta innainn ó gnáthugad mór na coimriachtana . Et co speitsialta tarraingthear in duine ó mórán d'oibreachaib na subáltaigi ón gním sin 9, óir gaidig an bean craidi in eagnuid. Et ar tuicsin na neithead sin uile & arna
7705] ngnáthugad, fédaidh neach é féin do choiméd co maith.

Tuillead: bíth a fhis agad, in drong gnáthuigius fiadach & gnéithi na cluithid & cuisleanna & díniti, co coimédann sin na daíne & co comfhurtachtaiginn
7710] co mór iat, & do-ní in fheallsamnacht & stuidér na leitreach in cédna; & co háirithi do-níd na deidh-bésa & in t-allus in cédna, & do-níd na cathanna & a gnímurtha in cédna, óir furtachtaigid na neithe sin co mór & coiméduid duine geanmnuid.


7715]

Tuillead: is mór choiméduid so duine geanmnuid, mur atá, cuisle & fothragad tirim & saethur láidir & fothragad. Agus na daíne nach gnáthuiginn


p.45

infra 219-20
fothragad, is mó dligid siat in chuisle do gnáthugad, & is minca dligid fothragad tirim do
7720] dénam & mórán saethair ná dligid in drong gnáthuigius í, óir cnaítear & tirmuigthear & toirmiscthear imdugad an sperma annsna corpuib ó na neithib sin uile.

Tuillead: gibé lérb áil beith geanmnuid seachnad
7725] sé biada dúisgius neach chum coimriachtana, & teas mur in cédna, nó spiruid, nó gaethmuireacht arna timurgad a mballaib na geineamna. Agus na biada do-ní sin do sgríbamur iat don taeb thuas dín annsa dara pairteagal don leabur so
7730] annsa chaibidil do-rinneamur do riadlachaib follamnuigthi na sláinti do-gabur ó éxamlacht na mball, & atá sin a ndeireadh na caibidleach. Agus in drong lérb áil beith geanmnuid, seachnuid siat na neithe sin uile; & is maith na neithe gnáthuigius
7735] in sperma do thirmugad annsa chúis sin.

{MS P page 413}Et is maith na neithe fhuarus & tirmuigius baill na geineamna, do gnáthugad annsa chás so. Agus dá teagmad co ndúiseóchad gaethmuireacht neach chum coimriachtana ar son éirgi na slaiti,
7740] más ead, is maith na neithe gaethmura do sheachna & na neithe brisis in gaethmuireacht do gnáthugad & tirmuigius an sperma. Agus atá cuid díb sin fuar & cuid eile tirim. Na neithe fuara, immorra, mur atá, lentes & a n-eanbruithi arna bearbad
7745] maille ré sene & ré síl cnáibi, & coriandrum, & síl lactuca, & meadg bainne gan im & é goirt co mór,


p.46

infra 220-1
& aigéid, & síl portulaca, óir tirmuigid so arna caithim an sperma. Agus déntur púdur díb so nó lictabáire nó deoch, & gibé lérab áil a
7750] geanmnuideacht do choiméd gnáthuigeadh na neithe sin.

Tuillead: bíth a fhis agad co tirmuigid na neithe so an sperma dá n-ongthur baill na geineamna & na dubáin leó, mur atá, ola poipín & ola gaifne;
7755] & do-ní lile & síl ruibi in cédna, & duilleabur & síl angnus castus , & calamint, & eufurbium, mirr, & cuimín; ar an adbur sin tirmuigid an lictabáire ré n-abur diasiminum adbur an sperma, & co háirithi an drong gá mbí coimplex teasaidi; &
7760] caitear é a n-aimsir theasaidi maille ré haigéid.

Tuillead: bíd a fhis agud gurab do na neithibh thoirmiscius toil na coimriachtana boill na geineamna do chur a n-uisgi fhuar, & co háirithi dá mbia sin ann annsan aimsir a ndúisgthear í chum
7765] na coimriachtana. Tuillead: an drong gá mbít dubáin té & boill na geineamna, pláta luaidi do chur ara ndubánuib & a phollad co min, & a n-ongad lé holaid éigin fhuair thirim, & dá ngnáthuigthear sin is mór muchus sé toil na
7770] coimriachtana.

Tuillead: ní dligid biada na droingi lérb áil beith geanmnuid mórán oileamna do beith inntu ná beith teasaidi fliuchaidi, acht dligid siat beacán


p.47

infra 221-2
oileamna do beith inntu & beith a' claenad chum
7775] fuaraideachta & chum tirmaideachta.

Tuillead: an drong lérb áil beith geanmnaid, bít siat neam-chodaltach, & caithid nísa luga ná a ngnáthugad , & ná bíth siat dímaíneach, óir ullmuigid in dímaínius an oileamain chum locht,
7780] & ní chum na drúisi amáin acht chum móráin do lochtaib eile. Agus moluim an drong lérb áil beith geanmnaid gnáthugad d'angnus castus a fothragad & a ndeathaigib & chum a chaithme. Et deisigthear a seómra 10 & a leapthacha d'angnus
7785] castus
, óir atá dísleacht chumachtach aigi do médugad na geanmnuideachta, mur bearuid na heagnuidi fiadnuise .

Agus as mór do na daínib nach gnáthuiginn coimriachtain agá mbid gailidi & craidi égruaidi
7790] anfanna; más ead, is maith dúin ar n-aire do thabairt do chomfhurtacht an gaili leis na leigeasuib itear & ibthear, & mur an cédna do na ceirínibh teasaidi nó fuara nó measurda mur do-cífithear don liaig do réir éxamlacht an
7795] choimplexa & na haimsiri & na haísi & a cusmaile; & adubramar na neithe so co lór don taeb thuas dín sa dara pairteagal don leabur so sa chaibidil labras do choiméd na mball, mur a laburthar do choiméd an gaili, & tuicthear an cédna don chraidi.


p.48

infra 222-3

7800] Tuillead: moluim don droing sin mórán saethuir do dénam léna mballaib uachtaracha, mur atá, tógbáil chloch & co coitchinn gach uile shaethur lé ngluaistear baill an ochta & na láma nísa mó náid na boill íchtaracha, óir cnaítear na fliuchada
7805] ón tsaethur sin annsna ballaib uachtaracha & ní himduidthear na himurcacha ó sheachna na coimriachtana in tan sin. Agus dleagur na boill íchtaracha d'ongad & ceirína do chur rú do neithib fuara tirma thirmuigius an sperma, &
7810] is iat so is mó caithfear do dénam fhurtachta annsa chúis so, & is riagalta na ceirína & na huinneminti so do beith a' claenad chum fuaraideachta & chum tirmaideachta do shír. Agus an uair do-chíthfeam gur cnaídeadh adbur na
7815] gaethmuireachta ó na ceirínaib sin is éidir linn an tan sin neithe teasaidi séimigtheacha do chur ré ballaib na geineamna, mur atá, camamilla & {MS P page 414} angnus castus & a cusmaile.

Agus bíth a fhis agat gurab imchubaidi an
7820] sgeathrach don droing lérb áil a ngeanmnuideacht do choiméd náid na leigis laccthacha eile, óir dobu baedal tosgugad an adbuir sís ón leigeas lagthach. Tuillead: .i. is maith cuisli do ligean do shofena don taeb astig do na haltaib don droing
7825] ara mbí anfainne craidi & gaili. Tuillead: bíth a fhis agat co ndéin smargadus & safir duine geanmnaid innraic.


p.49