Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 21

An t-aenmad caibidil fhichead: Dona deochaib

Postquam determinauimus de cibis .i. ó do
6755] luaidimur don taeb thuas dín co speitsialta do na biaduib labrum anois do na deochaib. Ar an adbur sin bíth a fhis agad co fuil cuid do na deochaib is leigeas amáin, & cuid eile is deoch & is leigeas ar aen-shligi, & cuid eile is deoch amáin.
6760] Deoch is leigeas amáin, mur atá, siróip díleagthach


p.18

infra 185-6
nó laccthach, nó nectár, nó cláiréd, nó deoch do-níthear do spísrad do-beirit drong a ndeiread na coda do chomfhurtacht na bríge díleagthaigi. Deoch is deoch & is leigeas, mur atá, siróip na
6765] uiola nó in rósa, do-bearar annsa tshamrad do míniugad in tarta & do cheartugad an droch-coimplexa teasaidi. Deoch is deoch amáin, mar atá, in deoch do-bearar do chumusc an bíd nó d'ísliugad an ainteasa treóruigthear ón biad annsa
6770] ghaile; & is cumain lim co ndubart sin don taeb thuas dím.

Agus atáit dá mod ar an dig sin .i. deoch nádúrda & deoch ealadnach. An deoch nádúrda, immorra, atáit dá mod uirre .i. fín nó uisgi, & gnáthuigthear
6775] na deocha so againne. Et is do na deochaib so do-rinneadar eagnaidi na n-Araipeach & na Gréigi mensión, an uair do luaididur do na deochaib, acht cé gnáthuigid cinead éigin bainne a n-inad digi, & cinead eile ola, & cinead eile
6780] siróipi. Gid ead, ní gnáthach againne na deocha sin, ar an adbur sin ní dénum cuimniugad díb ann so. Deoch ealadnach, immorra, gnáthuigid drong againne, mur atá, linn & pomerium & cerasarium & mellicratum. Agus adubramar co lór
6785] don uisgi don taeb thuas dín annsa chéd-chaibidil {MS P page 404} don dara pairteagal & ní hinráid aen-réd de anois ach beacán. Gid eadh, laibeórmaid don fhín gé


p.19

infra 186-7
do-rinneamur mensión co generálta de don taeb thuas dín.


6790]

Bíth a fhis agad gurab imchubaidi in t-uisgi mur dig do báthad in tarta ná an fín, gid eadh, ar tuicsin gach aen-neith eile, as imchubaidi in fín mur dig ná an t-uisgi a follamnugad na sláinti, ach gé theacmus co nádúrda gurab fearr mínighius
6795] in t-uisgi in tart (ar son gurab eadh is tart ann álgus na neithead fuar fliuch & co fuil in t-uisgi fuar fliuch co nádúrda) ná do-ní an fín; gid eadh, do chumusc an bíd & dá leathnugad ar na ballaib is fearr in fín ná an t-uisgi, tré mar atá sé séim
6800] ana shubstaint & ana gním, cumuiscthear co hurusa é risin mbiad, & co háirithi furbaíltigid an nádúir reime; ar an adbur sin tairrngid & cumuiscid ris na biaduib é. Agus as amlaid do-níthear an cumusc sin tré fhiuchad, & furtachtaigid
6805] an fín co mór chugi sin ar son a beith te do réir bríge; & toirmiscid in t-uisgi é tréna beith fuar.

Et is mar sin is follus gurab fearr an fín do chumusc an bíd ná in t-uisgi; & mar an cédna
6810] is fearr é do leathnugad na hoileamna ar na ballaib ná an t-uisgi; óir is é in fín tolltóir na n-uile ball, óir do-ní sé sin do leith shéime a shubstainti & teasa a bríge (óir atáit na neithe sin tolltanach co mór) & do réir chonsiquens is mó dísgaílius an
6815] fín ná do-ní an t-uisgi, óir ní fhuil bríg theasaidi


p.20

infra 187-8 ann ó aér ná ó theinid, ar an adbur sin toirmiscid in t-uisgi gach uile gluasacht.

Tuillead .i. atá gluasacht na hoileamna chum na mball ó bríg atairraingthig na mball. Ar an
6820] adbur sin is mó grádaidit na boill in fín ná an t-uisgi, más ead, is mó fhurtachtaidius an fín chum sgaílti na hoileamna ar na ballaib ná do-ní an t-uisgi.

Tuillead .i. ní fhuil in t-uisgi imchubaid mur
6825] dig mar atá an fín, óir toirmiscid an t-uisgi an biad do dol a n-oileamain ar son nach oilinn sé leis féin, & ar an adbur sin gach uisgeamlacht dá mbia an biad is lugaidi oilius; más ead, is maith an fín do chumusc an bíd, óir ní thoirmiscinn sé an
6830] oileamain acht furtachtaigid & atairrngid & athnuaigid co mór & oilid co ro-luath.

Tuillead: comfhurtachtaigid an fín an teas & na spiraid & téigid in corp uile; óir is mór méduighius sin an oileamain; & cúisigid in t-uisgi
6835] pairilis do leith a fhuaire & marbaid & sgrisaid oibrigthi na nádúire co huilidi, ar an adbur sin ní dliginn an t-uisgi a chos do chur a n-oibrigthib na nádúire maille ris féin; ar an adbur sin, gid bé gnáthuigius uisgi leis féin as dimolta hé, acht
6840] muna tucthar é annsna fiabrasaib géra.

Tuillead: atá tarba eile ag an fín nach fuil ag an uisgi, óir tollaid co maith an corp co huilidi, & gearraid & dísgaílid linn finn rigin, & folmuigid


p.21

infra 188
linn ruad lé fual & lé hallus, & bogaid linn dub &
6845] innarbaid é & toirmiscid a urchóid, & dísgaílid na hadbuir théchtaigthi.

Tuillead: soillsigid an fín an t-inntleacht, & ceartaigid an fhearg, & innarbaid an dubrón, & togairmid an gairdeachus, & dúisgid an drúis, &
6850] sgrisaid in meirtnigi, & cúisigid an beódacht, & sgrisaid an tshaint, & treóruigid an tshubáltaigi. Agus adeirim so co hathchumair co ndéin an fín duine fearrda do leith chuirp & anma, & do-ní an t-uisgi an corp bannda; ar an adbar sin gid bé
6855] nach ibinn fín bíth sé bannda a n-aithfhégad na droingi ibius é; & do dearbad so ar neach nár ib fín ar tús & do gnáthuig a ól ainnséin & do bí inmolta do leith a chuirp & a anma . Ar an adbur sin as imchubaide fín mur dig a follamnugad
6860] na sláinti ná uisgi, óir ní moluim deoch uisgi aenda a follamnugad na sláinti.

Et atáit na dísleachta sin ag an fín dá n-ibthear co measurda é. Et dá n-ibthear co hainmeasurda é, innus co cúisiginn sé meisgi, múchaid solus
6865] an anma résúnta & comfhurtachtaigid an bríg mírésúnta & iarasibile & concupisibile .i. an bríg tsanntach & an bríg fheargach, & do-ní sé an résún anumal an tan sin, & bíth an corp an tan sin mur luing ar muir gan fear follamnuigthi uirre; ar an
6870] adbur sin gabaid sé ag an neach nach ingabála, &


p.22

infra 189
{MS P page 405} moluid an ní nach inmolta, & labraid droch-ní co gnáthach maille ré feirg & ré huabur, & do-ní droch-oibrigthi mur an cédna, mur atá, adalltrannus dochraid. Tuillead: an uair ibthear an fín co
6875] hainimchubaid is mírbuileach gortaigius an inchinn & na féithe, & treóruigid pairilis & sdupur & easláinti eile na féithead. Agus co hathchumair marbthur & arsaidthear an drong gnáthuigius sin co luath, & do bud fearr dóib an tan sin uisgi d'ól ná fín; ar
6880] an adbur sin as inchuir riaglacha bus inchoiméda a ngnáthugad an fhína innus nach cúiseóchaide seachrán ó thabairt animchubaid an fhína.

An chéid-riagail díb .i. nach inibthi fín & an gaile folam & an corp gortach, óir cúisigid neach
6885] do thuitim a spasmus & a seachrán meanman. Et dá teagmad tart do beith ar neach & an gaile folam, féchad an neach ara mbia an tart sin an tart fírinneach nó nádúrda é. Óir as ead as tart nádúrda ann ainnteas do-níthear annsa ghaile ó
6890] chaithim na mbiad, & ní bí sin annsa ghaile fholum ara mbí tart, más ead, ní hinibthi fín annsa tart sin acht muna caitear ní éigin leis. Gid eadh, do míniugad in tarta sin fétur iulep d'ól nó siróip eile atá díleas ana aigid. Gid eadh, ná
6895] hibthear an fín ar aen-mod & an gaile folam.

An dara riagail .i. nach dleagur fín d'ól idir dá chaithim & an biad do caithead ar tús díb gan


p.23

infra 190-1
beith díleagtha, óir cúisigid an fín an tan sin an biad neim-díleagtha d'fhágbáil an gaile.


6900]

An treas riagail .i. nach inibthi an fín gan inmeadón d'és tsaethair móir nó fothraigthi, óir gortaigid an fín na féithe & an inchinn co mór an tan sin.

An ceathramad riagail .i. nach dleagur in fín
6905] d'ól maille ré droch-biaduib ná lé torthaib, ná gu gar tar és a caithme; & co háirithi gan fín séim d'ól, óir cúisigid an fín mailís na mbiad do thollugad co luath chum na mball. Agus is fír sin dá caitear a caindiacht móir é, gid eadh, dá
6910] n-ibthear a caindiacht bic é fá résún an bíd, ceartaigid mailís an bíd uile.

An cúigead riagail .i. dá ngnáthuige neach fín anfhann & fín láidir d'ól ar aen-bord, ibthear an fín anfann ar tús & an fín láidir fá deóig, óir is
6915] fuirfe iatur bél an gaile ón ord sin & cruinnidthear an biad annsa gaile. Gid eadh, dá n-ibthear an fín láidir ar tús & an fín anfhann fá deóig dobu cunntaburtach an fín láidir do leith treisi a gníma d'fhágbáil an ghaile roim an díleagad do beith
6920] fuirfe & an biad neim-díleagtha do tharrang leis. Óir is mó gráduigid na boill co huilidi an fín láidir ná an fín anfann, ar an adbur sin tairrngid co luath é mar amantúr.

An sémad riagail .i. an fín ibthear do chumusc
6925] an bíd co ndleagur a chaithim ar aen-shligi risin mbiad & nach dleagur fuireach risin tart. Agus


p.24

infra 191-2
an fín ibthear do báthad an tarta, ní dleagur a ól co deireadh in chaithme & beacán nó mórán d'ól dé an tan sin fá méid nó fá laigead in tarta.
6930] Et an fín is deoch threóruigtheach is ann dleagur a hól, ar coimlínad an chéid-díleagtha & beacán roim an dara biad do chaithim. Et is imchubaid an deoch so co háirithi an uair beid na biada caitear roimpe reamur a substaint & a ngním; &
6935] ní dleagur fuireach risin tart gan an deoch so d' ól, óir ullmuigid an deoch sin an gaile do gabáil an bíd eile & furtachtaigid do thollugad an bíd do caithid chum na n-ae; & ní dliginn an deoch sin beith a caindiacht móir innus comad usaidi a
6940] díleagad annsa ghaile sul do thosgaigead sí chum na n-ae.

An seachtmad riagail .i. gach reime & gach treisi dá mbia an biad as í in méide sin dleagur an deoch threoruigtheach nó an deoch cumuiscthi do
6945] beith mór, & econtra .i. gach séime & gach teó & gach flichi dá mbia an biad, gurab í an méide sin dligius an deoch beith beac, mur atá, an deoch threóruigtheach & an deoch cumuiscthi. Ar an adbur sin is córa in fín láidir d'ól lé feóil daim ná
6950] lé feóil gearrcach, & is córa a ól lé hiasg ná lé feóil.

An t-ochtmad riagail .i. an uair bís neach lán do thart dligid a fhín beith séim anfhann a


p.25

infra 192-3
{MS P page 406} ndath ísil. Agus an uair nach bí tart mór ar
6955] neach dligid a fhín beith láidir dearg, óir ní himchubaid na fínta láidiri do báthad in tarta.

An naemad riagail .i. nach dligid na macáim náid na banaltranna fín d'ól , acht beacán d'fhín anfhann uisgeamail. Na sean-daíne , immorra, as
6960] imchubaid fín láidir, deadh-balaid, deadh-blasta dóib. Óir dá tucthar fín do na macámuib, & co háirithi fín láidir, is teine a ceann teineadh é, óir atáit féithe anfanna ag na macámuib & inchinn fhomámuidtheach anfann; ar an adbur sin
6965] gortaigthear co hurusa ón fhín iat, óir ní fhuil in fín cudruma do choimplex na macám do leith a thirmachta , óir atáit na macáim fliuch co mór & caithid biada is urusa do díleagad & atá díleagad láidir acu & spirada imda. Na macáim, immorra, &
6970] co háirithi ara céd-oileamain, ní hincheaduigthi ar aen-mod fín dóib acht ro-beacán. Et gach méid tosgaidit ana n-aimsir, as í in méide sin as innile fhéduid fín d'ól, & co háirithi an uair chaithid biada reamra is deacair do díleagad & is deacair do
6975] threórugad chum na mball.

An deachmad riagail .i. gibé gá mbí inchinn anfhann co nádúrda nó co haicídeach, ná hibead fín láidir acht a caindiacht bic, gid ead, féduid fín anfhann uisgeamail d'ól. Agus mur an cédna
6980] don droing gá mbít ae & gailidi teasaidi, dligid fín láidir teasaidi do sheachna. Agus mar an


p.26

infra 193-5
cédna don droing aitreabus isna régiónuib teasaidi & gá mbí coimplex teasaidi, as beac dligid d'ól d'fhín láidir theasaidi thshéim. Agus a chontrárda
6985] so don droing aitreabus a régión fhuar & gá mbí coimplex fuar.

An t-aenmad riagail dég .i. co ndleagur na sein-fhínta do sheachna, co mór a sligid digi, óir is mó is leigeas iat ná as deoch. Agus mur an cédna as insheachanta na fínta nuada , óir atáit siat
6990] neim-díleagtha, neam-glan, gaethmur, & geinid dúinti & cúisigid disinteria. Na fínta a n-aís inmeadónaid, immorra, & arna nglanad co maith, as iat as intogtha a coitchinne díb.

An dara riagail dég .i. dá n-ibthear an fín ní
6995] mur dig amáin dleagur a ól acht d'oileamain an chuirp & dá reamrugad & dá athnuaigead mur rigid a leas na daíne bís truag co nádúrda nó co haicídeach. Agus is fínta millsi, reamra, deadh-datha dleagur d'ól an tan sin, óir oilid na fínta
7000] sin co lór, & athnuaigid an ní do millead, & reamraigid na cuirp. A chontrárda so dá teagmad nach iat na neithe so do-bérmais dár n-úid, acht an corp do chnaí nó do thruagugad nó do thirmugad, mur is cóir do dénum risna daínib reamra méithi;
7005] óir is fínta séime a substaint & a ngním dleagur do thabairt dóib, & gan a mbeith milis acht a


p.27

infra 195-7
mbeith poinnticda nó stipicda a' claenad méid éigin chum gile.

An treas riagail dég: dá tucthar an fín do
7010] chomfhurtacht na spirad & do cheartugad na mbríg, dleagur fín séim deadh-balaid do thabairt an tan sin, ara mbí blas toltanach & ara mbí dath inmeadónach & ana mbí neart imchubaid. Agus dleagur an fín sin d'ól maille ré beacán bíd &
7015] dligid beith glan co maith óna imurcachaib & dleagur a ól a caindiacht bic.

An ceathramad riagail dég .i. dá tucthar fín do chomfhurtacht bríge fostaigthi an gaili & na n-inneadh as iat fínta dleagur do thoga an tan
7020] sin .i. fínta dearga reamra poinntica mur iarthur don droing ara mbí flux bronn ó anfainne bríge fostaigthi an ghaili. Et dá togram an bríg díleagthach do chomfhurtacht, dligmid fínta séime a substaint & a ngním do thoga in tan sin, & a
7025] mbeith deadh-balaid, & méid éigin géiri maille ré beacán millsi do beith inntu.

An cúigead riagail dég .i. gurab fearr an fín do-níthear anfann ó chumusc uisgi ris ná an fín
7030] bís anfhann co nádúrda & a chur anfann a céim inann, & co háirithi an tan bís an fín anfann co {MS P page 407}nádúrda; óir na fínta bís anfhann co nádúrda is usa a truailliugad & is luga oilid an corp ná


p.28

infra 194, 197-8
oilius an fín láidir anfainnigthear ó chumusc
7035] uisgi ris: & teaguisgid an dearbad sin co lór.

Tuillead: bíth a fhis agad ag tabairt na fíntad gurab iat na fínta duba agá mbí substaint reamur ré cumuiscthear méid éigin uisgi is luaithi chuirius neach ar meisgi, óir is luath téid sé chum na
7040] féithead & is luath téid a deathaige chum na hinchinne; ar an adbur sin gach séime & gach toltanaighi dá mbia an fín is luaithidi chuirius neach ar meisgi, gid eadh, as urusa in meisgi sin do dísgaílead. An meisgi do-níthear ón
7045] fhín reamur, immorra, is mall tic & is deacair a hinnarbad. Na fínta reamra anfanna, is cian uatha meisgi do dénum. Na fínta séime láidiri, atáit siat ro-ullum chum na meisgi.

Et adubradar drong éigin dár n-eacnuidib-ne
7050] gurab imchubaid a coiméd na sláinti beith uair nó dá uair annsa mí ar meisgi, innus co cúiseóchaide codlad fada ón meisgi sin & co mbedais na bríga ainmidi a cumsanad annsa chodlad sin & co n-innarbthaigi na himurcracha tré allus, nó tré
7055] sgeathraig, nó lé fual, nó lé fearad, & folmuigthear an corp mar sin. Et ní dliginn in meisgi sin beith mór ná anorduigthi ó n-anfainneóchaidi an inchinn co mór, óir ullmuigid in meisgi sin neach chum pairilisi nó chum apoplexia. Et ní dliginn beith
7060] ana meisgi leómanda ná mucamail, acht beith ana meisgi threóruigius lúthgháir &


p.29

infra 198-200, 203
gairdeachus & ana diaig sin treóróchus codlad, nó sgeathrach, nó allus, nó fearad. Agus ní moluim-si an tsligi sin acht annsa droing gnáthuigius
7065] droch-regimen.

Tuillead: bíth a fhis agad dá tugam dár n-úid in t-ucht nó an sgamán do glanad & an brú do lagad, as iat na fínta gá mbí substaint inmeadónach & blas milis is mó is intogtha díb in tan sin. Et
7070] dá tucam dár n-úid regimen na sláinti, dligid in fín beith inmeadónach nó cudruma idir beith nua & arsaid, & beith solus a' claenad chum deirgi, ara mbí balad maith & blas cudruma, gan beith aigéidigthi ná gér ná ro-milis, & gan beith deathmur
7075] ná reamur, & gan a fhás a n-inaduib clochamla ná sléibtigi, ná a talam ro-shocair shoaradachta, acht a fhás a talam thirim shléibtigi beas a fiadnuise gréine, & a adaid ar an aird bu deas, & gan a fhás a régión ro-theasaidi ná ro-fhuar. Et is éidir a
7080] chonclúidiugad as sin nach imchubaíd na fínta ro-láidiri, mur atá, fín an tíre ré n-abur Cipria, & na Gréigi, a fhollamnugad na sláinti.

Agus as inchomurthaid ana diaid sin na fínta ealadnacha gnáthuigid drong éigin, mur atá, an
7085] fín ré n-abur saluiatum nó enulatum nó rósatum. Óir is nádúir leigis atá ag na fíntaib sin, más ead, ní himchubaid iad a follamnugad na sláinti acht a caindiacht bic. An fín ara mbeirbthear


p.30

infra 203-4
sáitsi, ré n-abur saluiatum, fétur a gnáthugad a
7090] caindiacht bic gan urchóid annsa geimread. Óir an fín ara mbeirbthear sáitsi gabaid teasaideacht & stipicacht & deadh-balad éigin chugi, innus gurab éidir a chaithim annsa geimrid do théigead an ghaile. Agus comfhurtachtaigid an gaili &
7095] an inchinn & na baill eile do leith a stipicdachta & a deadh-balaid. Et ní himchubaid mórán d'ól de do báthad an tarta, óir atá an sáitsi teasaidi tirim. Agus ní himchubaid do threórugad ná do chumusc an bíd é, óir do chlaenfad sé an biad
7100] uile chum teasaideachta & chum tirmaideachta. Et an uair beas an fín teasaidi tirim & an sáitsi teasaidi tirim co mór, is mór thosgaidius a cumusc ré chéile chum teasaideachta & chum tirmaideachta, ar an adbur sin ní himchubaid é a follamnugad
7105] na sláinti. Tuillead: dá n-ibthear fín ara mbeirbthear sáitsi a caindiacht móir cúisigid an biad d'fhágbáil an ghaili & na n-ae sul díleagthur é co fuirfe, óir atá bríg diuereticach thshéimigtheach ann & an uair beirbthear ar dig
7110] é togairmid an fual & an fhuil místa; ar an adbur sin ní hinibthi saluiatum ar aen-mod a caindiacht móir. Agus gid bé ara mbia easláinti féithead {MS P page 408} ná easláinti fhuar na hinchinne, mur atá, pairilis, féduid siat fín ara mbeirbthear sáitsi do chaithim
7115] a caindiacht móir & a sligi leigis; is fearr dóib an

p.31

infra 204-6
fín ara mbeirbthear sáitsi d'ól a tosach an mís5 ná 'na deireadh.

An fín ara mbeirbthear eillinn ré n-abur enlatum is mór chomfhurtachtaigius sé an craidi & na
7120] boill adras de; ar an adbur sin gibé gá mbí craidi anfann nó gaili anfann ó fhuaraideacht & ó fhlichideacht gnáthuigead sé an fín ré n-abur enalatum a caindiacht big mur adubramar do shaluiatum. Et ní fhuil cunntabairt gurab
7125] imchubaide enalatum a mórán do chúisib ná saluiatum.

De ceruisia .i. don linn

Agus as inlaburtha de & do na deochaib ele, mur atá, pumerium (.i. deoch do-níthear do na luibib) & cerasarium (.i. deoch do-níthear do na seirínib) & a
7130] cusmaile. Agus atá drong do na daínib gnáthuigius na deocha so d'uireasbaid an fhína; gid eadh, ní com-imchubaid iat risin fín mur dig. Et bíth a fhis agat gurab éidir linn do dénum do choirci & d'eórna & do chruithneacht; & do réir
7135] mur bís sé d'éxamlacht na ngrán is dá réir sin bís coimplex éxamail aigi & do réir chonsiquens oibriugad éxamail. Et dá mbia an linn arna dénum dá gach aen-grán bud gairbi é ná an fín &


p.32

infra 206-7
bu deacra a díleagad. Agus geinid dúinti &
7140] gaethmuireacht annsna hinnib, & togairmid teinneas an chinn & flux bronn co gnáthach. Gid eadh, is fírinneach dá ndíleagthur co maith é gurab maith oilius.

Et an linn do-níthear do na gránuib chúisigius
7145] in meisgi, mur atá, an linn do-níthear don grán ré n-abur cogal, as ro-olc é, óir geinid teinneas cinn & gortaigid na féithe. Agus éxamailtear an linn fá éxamlacht na ngrán. Óir an linn do-níthear d'eórna & do choirci as beac geinius sé
7150] gaethmuireacht & is beac oilius. Agus an linn do-níthear do chruithneacht claenuid chum teasaideachta, & oilid nísa mó. Agus gach reime dá mbia an linn as í in méide sin is dimolta é, & gach séime & gach glaine dá mbia is feirrdi.


7155]

Agus atáit deocha eile ealadnacha ann do-níthear do mil, noch atá teasaidi tirim. Agus geinid dúinti annsna haeib & annsna cuisleannaib & annsa tsheilg & geinid mórán gaethmuireachta & co háirithi an uair bís caindiacht mór meala
7160] inntu. Agus an tan ná beirbthear an mil co fuirfi lagaid an brú, ar an adbur sin ní himchubaid na deocha sin a follamnugad na sláinti, acht is mó is imchubaid iat don droing gá mbí coimplex fuar, & co háirithi dá mbia linn finn ana ngailidib
7165] & ana n-innib, óir atá bríg gearrthach thirmuigtheach


p.33

infra 207-8
annsa mil, ar an adbur sin glanuid & tirmuigid an brú.

Cerasarium .i. an deoch do-níthear do na seirínib & do phumerium, as gaire do nádúir fína iat ná
7170] an linn. Et as í mu dóich gurab imchubaidi iat a coiméd na sláinti ná an linn, mur is follus don droing dearbus a mblas & a mbalad & a substaint; óir atáit siat cusmail co mór risin fín annsna cuingillaib sin, acht cé luga a teas & a n-oileamain
7175] & a comfhurtacht & a ndeadh-balad, ná teas & oileamain & comfhurtacht & deadh-balad an fhína; ar an adbur sin is luga as imchubaid iat a follamnugad na sláinti ná an fín. Ar an adbur sin na deocha so & a cusmaile fédmaid a molad
7180] do bél amáin, gid eadh, as toltanach linn & lénar lucht ingráduidthi an fín do réir oibrigthi & craidi.