infra 176-7
Dicendum est de condimentis et saporibus .i. ó
6585] do luaideamur don taeb thuas dín do na biaduib
Agus is iat so na neithe dá ndéntur annlann nó sabus, mur atá, salann & ola & im. Et teaguiscid
6595] an dearbad na biada caitear gan salann co mbít siat gan blas annsa bél, & gurab beac thochluigius an gaile iat. An salann, immorra, do-beir sé blas maith ar na neithib caitear, & innarbaid sé in mailís bís isna biaduib ón fhlichideacht
6600] neim-díleagtha uisgeamail bís inntu; & is trít sin as fuirfi díleagad & bearbad na mbiad maille ré salann ná gan salann. Agus atá in dísleacht so ag an tsalann .i. na fliuchada imurcracha eachtrannacha do thirmugad, & an
6605] fhlichideacht mairius do cheangal. Et bud follus co lór cé hiat na biada rig a leas mórán saluinn mur shabsa & cé hiat na biada rig a leas beacán: óir na biada gá mbí imurcaid do fhlichideacht reamuir rigid a leas mórán saluinn, & na biada
6610] tirma séime is beac do shalann rigid a leas; & is mur sin is follus co fuil in salann éigintach a follamnugad na sláinti.
Tuillead, ní himchubaid salann & uisgi mar
{MS P page 402} Ola na holiua, immorra, ní fhuil do na holaduib lé cóirithear an biad ola is millsi ná as measurda
6625] ná as cairdeamla don nádúir ná hí.
Ola nuca, immorra, atá sí teasaidi tirim co mór, & mar an cédna d'olaid an lín; & ní fhuil blas cairdeamail orra amail atá ar olaid na holiua.
Ola in phoipin 2, immorra, is maith, a blas & a
6630] balad; & claenuid beacán éigin chum fuaraideachta, ar an adbur sin ní himchubaid a follamnugad na ndaíneadh slán í.
Ola na n-almont milis, is lór a cairdeamlacht & a gaire do measurdacht. Et an uair bís easbaid
6635] na feóla ar na praiseachuib gnáthuigmid na holada annsna biaduib mar shabsa ar son na cúisid adubramar romainn.
De saporibus .i. do na sabsaduib . Agus bíth a
Et atáit neithe as inchoiméda a timchill na sabsa An céid-ní díb .i. gurab beac in chainndiacht dleagur do chaithim díb ar son gurab nádúir leigis atá acu. Tuillead, ní dligid na daíne slána neithe leigeasamla do chaithim acht a cainndiacht
6665] big; & ní mór is résúnta na neithe leigeasamla do chumusc risna biaduib acht a cainndiacht bic;
An dara ní dligmid do thuicsin .i. co ndleagur
6670] sabuis teasaidi do chaithim annsna haesaib & annsna coimplexaib & annsna haimsearaib fuara, & a chontrárda sin do na haesaib & do na coimplexaib & do na haimsearuib teasaidi.
Et is díb so do-níthear na sabuis fhuara, mur
6675] atá, agresta & fín na n-uball ngráineach & aigéid & súg an ubuill buidi & arán arna róstad & arna thuma a finégra & almoint millsi & uisgi róise maille ré beacán cainél & persille.
Et is iat so na neithi dá ndéntar na sabuis
6680] teasaidi gnáthuigmid annsna haimsearaib fuara, mur atá, musdard & ruib & sinnsér & pibur, cainél & clobus , gairleóg & sáitsi & minntus & persille & fín & eanbruithi feóla & aigéd gan beith láidir acht beith a ngaire do nádúir fhína.
Agus annsna haimsearaib inmeadónacha is sabus inmeadónach 3 dleagur do chaithim innti.
Agus an treas ní dligmid do thuicsin .i. gurab iat na biada inmeadónacha is luga rig a leas ré sabsa & ré blasaib, & co háirithi annsna corpaibh
6690] slána, & mur an cédna, dligid blas na mbiad beith a ngaire do measurdacht in méid bus éidir; & dá mbia blas an bíd tuitmeach, dligid na sabuis
Agus as iat sabuis imchubaidi na n-ainmintid
6700] coillti & na laeg & na fearbóg bearbthar a n-uisgi .i. na sabuis uaine do-níthear annsa tshamrad lé haigéd & lé hagresta & lé harán róstaigthi arna thuma inntu maille ré beacán spísraid, mur atá, beacán sinnséir & beacán clobuis . Annsa
6705] geimread, immorra, déntar in sabsa cédna maille ré mórán spísraid & maille ré beacán gairleóigi & ré fín ro-maith & ré beacán agresta.
{MS P page 403}Sabus fheóla in daim beirbthear a n-uisgi .i. piperatum. Agus is mur so do-níthear é .i. gab
6710] pipur & arán arna róstad & eanbruithi feóla & beacán agresta; & is annsa geimread as imchubaidi é. Annsa tsamrad, immorra, caitear í maille ré beacán pibair & ré mórán agresta. Agus as imchubaid in sabus sin lé feóil muici a n-aimsir
6715] geimrid co háirithi; & an tan beas easbaid na neithead so adubramar orainn, gabthur musdard & ruib ana n-inad. Agus fétur in fheóil sin
Agus as iad so sabuis imchubaidi na coiníne & na ngearrcach róstaigthe .i. camelina do-níthear d'arán & do chostus & d'agresta arna tuma a
6740] n-aigéid & a cainél, & annsa geimread a tuma a fín & a mbeacán aigéidi.
infra 182-5
De piscibus & .i. don iasg. Agus bíth a fhis agad co generálta, gach reime & gach dodíleagtha & gach méid d'imurcrachaib beas aigi & gach
6745] flichi dá mbia ann, as í in méide sin dligid a shabus beith gér, teasaidi. Más ead, tuicthear na héisg rigne ar nach bít lanna, mur atáit esgainn, co ndligid a sabuis beith d'fhín & do spísraib láidiri annsa geimread, & beith do spísraib anfhanna &
6750] d'agresta & d'aigéid annsa tshamrad.
Sabsa na partán, immorra, dligid siat beith d'aigéid aenda annsa tsamrad & beith d'fhín nó d'aigéid maille ré púdur spísraid annsa geimrid.