Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 18

An t-ochtmad caibidil dég: Do na hiasgaib

infra 280-1
6180] De piscibus .i. do na hiasgaib. Agus bíth a fhis agut gurab beac oilid na héisg a n-aithfhégad na feóla, & gurab deacair a ndíleagad, & is mór geinius a n-oileamain imurcacha. Et atáit siat fuar fliuch do réir choimplexa, & atáit rigin ana
6185] substaint, & is urusa a truailliugad annsa ghaile, & gabaid siat teas éigin morguigtheach chucu. Agus is measa oilid na héisg ná oilius in fheoil inmolta.

Et bíth a fhis agat gurab fearr éisg in mara ná éisg an uisgi milis, ach gé cruaidi feóil éisg in mara
6190] ná feóil éisc an uisgi; ar an adbur sin as deacair a ndíleagad; más ead, do réir mu breithimnuis is fearr éisg in mara a follamnugad na sláinti ná feóil éisg an uisgi milis.

Et as inchomurthaid co deithideach gurab é in
6195] t-iasg ag nach bí feóil rigin nó biamail is molta d'iasguib an uisgi & na fairgi. Gid eadh, na héisg agá mbí substaint shéim, & arná bí balad trom acht balad édrom, & nach morgann co luath & mairius aimsir gan morgad, & ar nach bí droch-dath acht
6200] beith geal, & ná haitreabuid a lathachaib ná a lochaib ná a n-inaduib a faduid siat salchur ná a n-uisgib a faduid droch-luibinna, gurab iat is inmolta díb; et na h-éisg nach bí


p.131

infra 281-2
ro-thruag ná ro-mór ná ro-óg & gá mbí gluasacht
6205] luath, is iat is fearr díb. Et dá mbeith éisg in mara arna ngabáil a srothaib beas spás rnaith ón muir, & gan na cuingill adubramar do beith acu, as iat is mó is molta díb.

Tuillead: ar tuicsin na cuingill adubramar, gach
6210] lannaighi dá mbeid, as í in méide sin is inmolta iat; & tuicthear a chusmailius sin dá ndeilgnib, óir foillsigid na deilgne séime na substainti.

Tuillead: ní fhuil idir na hiasguib muiridhi éisg is fearr náid na héisg gabthur i ndoimne na mara
6215] mur a mbí in t-anfad mór & coimrith na srothann. {MS P page 397} Et conclúididthear as so, na héisg gabthur & oiltear annsa muir mairb, nach fuilid siat molta chum na hoileamna, mur atáit na héisg gabthur annsna maruib eile. Et ní comshlán na héisg gabthur
6220] annsa muir theas & na héisg gabthur sa muir thuaid, óir ní mór anfad na mara tuaid; & ní mar sin don muir theas, is mór a hanfad & is luath línus & tráigius. Et tuicthear a chusmailius sin d'iasg an uisgi milis, óir gach doimne & gach
6225] siblaige dá mbia an t-uisgi, as í in méide sin as inmolta in t-iasg.

Más ead, is éidir a thuicsin as so co fuil cuid do na hiasguib inmolta & cuid dimolta.

Agus as follus as na ráitib so adubramar nach
6230] mór is imchubaid na héisg phiastamla a coiméd


p.132

infra 282-3
na sláinti, mur atáit, muca mara & madraigi in mara & delphin & thoninus; óir is deacair a ndíleagad & imdaigit leanna reamra gá mbít mórán imurcrach; óir ní follus cuingill maithi na n-iasg
6235] d'áirmimair don taeb thuas dín a feólannuib na n-iasg so, mur atá, gile & séime & caindiacht meadónach & gluasacht luath & balad édrom. Et dá teagmad co n-ístaigi na héisg so nó a cusmaile, ní hinchaiti & ní hinbeirbthi iat a ngar tar és a
6240] ngabála, acht as inchoiméda iat méid éigin do laethaib d'és a ngabála nó co mboga & co tearcuidi a feóil gan morgad a substainti. Agus is fearr na héisg sin adubramar leath-shaillti ná úr. Et ní himchubaid an t-iasg saillti co fuirfe a coiméd
6245] na sláinti, & mur an cédna don fheóil tshaillti, óir is mall díleagthur iat & is olc oilid.

Éisg ele na fairgi gá mbít na cuingill adubramar romainn, mur atá, rogetus & gornatus, as iat is imchubaide díb, óir atá a feóil gu mór séim, geal,
6250] sobristi, deadh-balaid, deadh-blasta, & is follus co fuil a substaint ro-glan. Et as iat éisg is fearr ana ndiaid sin .i. placta & sona37. Gid eadh, is mó is biamail a feóil, & is deacra a mbrisid, & is luga is geal, & is reime gu mór iat náid na héisg
6255] adubramar romainn; & ní fhuil a mblas ná a mbalad comtholtanach ris na hiasguib sin. Et co hathchumair gach iasg coimédus na cuingill adubramar is móidi is inmolta iat a coiméd na sláinti.


p.133

infra 285
Do na hiasguib gnáthuigmid do gabáil annsan
6260] uisgi milis. Agus adearmaid gurab cóir na cuingill d'áirmimair don taeb thuas dín do beith inntu, mur atá, dath geal, & a mbeith sobristi, & substaint shéim do beith acu, & a mbeith inmolta do blas & do balad, & a mbeith a caindiacht inmeadónaid, & a
6265] mbeith lannach, & gluasacht luath do beith acu, & an t-uisgi ana fadtur iat do beith maith. Et adeirim gurab iat na héisg gabthur annsna huisgib clochacha rithius a n-aigid na hairdi tuaig is fearr díb; & is amlaid is maith na huisgi sin,
6270] a mbeith domain maille ré hanfad, chum nach silinn salchur cathrach, & ar nach fásuid droch-luibi. Et is follus gurab iat na picréil & na liúis 38 is mó thacmuicius an chéid-chéim d'iasguib an uisgi milis, acht gé atáit siat méith. Et gé
6275] lannaighi carpa náid na héisg so, ní comshéim & ní comgeal & ní comsho-bristi ré liús na ré picrél é, & is minic do-gabur annsa lochaib é.

Do na heasgannuib. Agus bíth a fhis agad gé toltanach iat do leith a mblasa, ar smuaineadh na
6280] cuingill adubramar romainn, is cian ó maith iat, óir ní bít lanna orra, & ní gabthar co coitchinn a n-uisgib maithe iat, & ní luath a ngluasacht, & is iasg atá rigin gu mór iat.

Lampredo .i. an lamprae. Agus an uair gabthur


p.134

infra 286-7

6285] a n-uisgib maithi é is fearr é ná an easgann. Gid eadh, is guasachtach é acht gé toileamail a blas. Agus as cusmail geineamuin na lamprae & na n-easgann annsan uisgi ré geineamuin na nathrach {MS P page 398} neimi ar talam, ar an adbur sin is mór in chunntabairt
6290] nach fuilid siat neimneach; más ead, is maith a cinn & a n-earbuill do buain díb, & a ndeilgne inmeadónacha mur a ngnáthuiginn an neim beith, óir ní cóir in chuid sin do chaithim ar aen-mod díb. Et is cóir a mbáthad a fín &
6295] ligin dóib ann nó co faduid bás ar son na biamlachta atá inntu; ana diaid sin ullmuigthear lé spísraib maithe iat do réir mur is aithnid do chócuirib na tigearnad 39 mór; et moluim fiuchad nó a dó do ligin dóib ar tús a n-uisgi nó a fín, & sin do
6300] dortad, & a mbearbad a n-uisgi & a fín ainnsén, & a chaithim maille réna sabsaib dísle féin. Gid eadh, as inill ligin dá leithéidibh sin d'iasguib, óir do bádur mórán do daínibh a nguasacht óna ngnáthugad.


6305] De cancris .i. do na partánuib. Agus bíth a fhis agat gurab deacair a ndíleagad & gurab mór oilid; & ní hurusa a truailliugad annsa ghaile mur do-níthear mórán do na hiasguib eile. Et atá gné shaillteachta orro, ar an adbur sin laguid in
6310] t-uisgi ana mbeirbthear iat an brú & fostuigid a substaint féin. Et as inmolta oileamain na partán,


p.135

infra 287
& ní fhuil do na hiasguib iasg is mó athnuaidius ná iat.

Et bíth a fhis agad nach inchaithme na héisg
6315] tar és shaethair láidir ná tair és aen-gluasachta eile láidir, óir is urusa a truailliugad an tan sin. Et an drong gá mbít gaileada égruaidi lán do droch-leannuib, ná gnáthuigid iasg do chaithim. Agus seachain gan iasg & feóil do chaithim ar aenshligi,
6320] ná iasg & gnéithi an bainne, ná iasg do chaithim tar és na mbiad eile. Agus as imchubaidi iasg do lucht leanna ruaid ná do lucht na coimplex eile, óir fliuchaid a cuirp & imdaigid bainne & sperma.