Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 16

An sémad caibidil dég: do sdruphula & do shubera

infra 264-4
Non solum homines utuntur fungis sed eciam
5855] sdrufulis .i. ní headh amáin gnáthuigid na daíne fungi acht gnáthuigid sdrufuli. Agus as ead is sdrufuli ann préma fhásus annsa talam gan lurga, agá mbí duilleabur cruinn dearg & ara mbí blas insipita a' claenad méid éigin chum millseachta.
5860] Agus is dóich leam co tabraid siat oileamain fhuar fhliuch uatha & co ngeinid leanna reamra; & caitear om & beirbthi iat. Et atá nádúir thalmaide co mór aca; ar an adbur sin dá caitear a ndiaid bíd eile iat furtachtaigid siat
5865] an biad chum tuitme ó bél an ghaile chum a íchtair. Agus geinid leanna melangcolica. Et is maith a mbearbad ar tús a n-uisgi maille ré buidén uigi tair és a croicinn do buain díb ar tús, & ainnséin caitear iat lé holaid milis & lé púdur
5870] spísraid; & dleagur fín maith d'ól tar a n-éis. Agus as guasachtach gnáthugad continóideach na prém so don chorp ar son co treóruigid siat pairilis & apoplexia & colica & stranguria. Agus is deacair a ndíleagad & tromuigid an gaile; & is fogus do
5875] nádúir na fungi iat: más ead, comuirlim a seachna. Agus as í mó dóich gurab mó gnáthuigthear iat tré chraes ná tré éigintus.


p.119