Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 15

An cúigead caibidil dég: don fhungus

Volo post tractatum de radicibus aliquantulum loqui de fungibus32 .i. dob áil lim tar és tráchtuid
5825] do dénam do na prémuib labairt méid éigin do na fungib, óir is mó in cusmailius atá acu ris na


p.117

infra 261-2
prémaibh ná ris na luibib & ris na torthuib. Et bíth a fhis agat co ngnáthuigid na hEadáilig na fungi mur biad tar éis a mbeirbthi a huisgi nó
5830] d'éis a priáilti, arna caithim maille ré spísraib deadh-balaid toltanacha. Et geintear iat annsna {MS P page 392} meadaigib33 & annsa talum neam-thruailligthi, mur nach dénuid ainminte neimneacha comnuide; & an gné fhásus de a comursanacht fuathach na
5835] n-ainmintid neimneach & annsna hinaduib morguigthi & a n-aici na prém marbthach, atá in chuid sin marbthach díb. Agus is fearr tirim iat ná úr; ar an adbur sin is maith fiuchad do ligin dóib a n-uisgi maille ré lus & ré puliol ruigiol; & priáiltear
5840] ainnséin é maille ré holaid na holiua millsi, & ó crotar púdur spísraid orra, mur atá, púdur sinnséir gil & púdur cainél; & is mur sin ceartaigthear a mailís, óir is mór atáit siat fuar fliuch & geinid a cusmailius sin do leannuib. Et is somorgtha
5845] a substaint & an linn geintear uatha, & is deacair a ndíleagad & innarbthur iat sa mod a caitear iat, & geinid colica. Agus tic múchad & cumgach & singcoipis & allus fuar co gnáthach uada , & leigistear sin lé hoximel diureticach maille ré ní
5850] ara mbeirbthear ísóip & puliol ruigiol. Agus do-ní urchóid don ghaili, & is maith fín maith d'ól ana ndiaid. Ar an adbur sin dimoluim gnáthugad na fungi.


p.118