Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 14

An ceathramad caibidil dég: do na prémaibh

Radices quibus communiter homines sani
5730] utuntur hiis temporibus .i. do na prémuib gnáthuigid na daíne slána. annsna haimsearaib so, mur atá, lus & gairleóg & uinneamain & meacain rí & raphanus & napiones & rapa. Agus laibeórmaid don lus & don gairleóig & do na huinneamnaib co hathchumair,
5735] óir ní mór as imchubaid iat do na corpaibh measurda ná teasaidi mur biad, & co háirithi an uair bít siat omh. Et is beac oilid siat & geinit droch-fhuil gér gontach; gid eadh, séimigit siat na leanna reamra & gearruid na leanna rigni. Agus an uair
5740] beirbthear iat, ligid uatha in cháil gontach bís inntu & mairidh an bríg gearrthach shéimigtheach inntu; ar an adbur sin as imchubaidi iat beirbthi ná om.

An lus, immorra, atá sé teasaidi tirim, & is dimolta
5745] an oileamain do-beir sé don chorp & urchóidigid do na súilib & geinidh fuil dub melangcolica . Et geinidh aislingthi aduathmura & gortaigid na féithe ar son na gontaigi chúisigius inntu; & urchóidigid do na fiaclaib & dá feóil. Et ní dliginn fear leanna
5750] ruaid ná leanna duib a gnáthugad & co háirithi an uair bís sé om.


p.114

infra 258-9
Na huinneamain, immorra, atáit siat teasaidi & atá flichideacht talmaide acu maille ré flichideacht tshéim uisgeamail neim-díleagtha. Agus geinid
5755] siat droch-aislingthi & teinneas cinn; ar an adbur sin ullmuigid a ngnáthugad gu mór neach chum míchéile. Agus dá caitear omh iat geinid leanna morguigthi annsa gaile, & buaidrid siat an résún {MS P page 391} & in chuimne. Gid eadh, dá caitear iat beirbthi
5760] maille ré heanbruithi feóla inmolta, comfhurtachtaigid in díleagad & laigdigit na hurchóidi do-níthear uatha & measraigid na biada fuara ara mbeirbthear iat; gid eadh, is fearr gan a ngnáthugad.


5765] An gairleóg, immorra, atá sí teasaidi & claenuid sí chum flichideachta éigin. Agus is luga fhodnus sí a n-aigid na gaethmuireachta ná fhodnus in t-uinneaman, & is maith a n-aigid na cosachtaigi hí, & innarbaid an seile co maith. Gid eadh,
5770] urchóidigid don radarc & cúisigid teinneas cinn. Agus is ria adearar triacla na mbodach. Et is don droing agá mbeid leanna fleumaticacha reamra rigne is imchubaid an gairleóg; & is mór dligid lucht leanna ruaid a seachna.


5775] Raphanus (.i. ragam)31, immorra, ní mór is imchubaid mur biad é, & co háirithi do lucht leanna ruaid; óir geinid fuil gér gontach. Et is olc don


p.115

infra 259-60
gaili iat & cúisigid brúchtach aigéidigthi & geinid leanna reamra; & dá mbia an bríg díleagtha anfhann
5780] geinidh leanna oma. Et atá bríg sheímidtheach gearrthach innta. Et ithid drong préma rafanuis a ndiaid na mbiad eile do chomfhurtacht in díleagtha; & adearuid dá caitear i ndiaid biad ele rafanus co comfhurtachtaiginn an bríg innarbthach
5785] & co lagann an brú; gid eadh, dá caitear roim biad ele é innarbaid chum na mball uachtarach & togairmid an sgeathrach. Más ead, is maith rafanus maille ré salann & ré haigéid a ndiaid biad eile & a chaithim a méid bic. Et is
5790] fír co n-urchóidighinn do na súilib & do na haeib & do na fiaclaib. Et is maith é a n-aigid greama na con confaid arna chaithim co hinmeadónach, nó arna chur rú co fuirimeallach & do thogairm na coimriachtana.


5795] De napionibus & rapis .i. bíth a fhis agad gurab iat préma is imchubaidi d'oileamain an chuirp iat; & foillsigthear sin co lór ó chairdeamlacht a mblasa, óir is coitchinn an gach uile oileamain gurab iat na neithe searba & gontacha is luga oilius & gurab
5800] iat na neithe millsi is mó oilius. Agus as iat na rapai & napiones is millsi do na prémaibh; ar an adbur sin is iat is imchubaidi mur biad díb, gid eadh, geinid leanna reamra, & is deacair a ndíleagad, & geinit siat gaethmuireacht & leanna
5805] oma dá mbia an bríg díleagthach anfhann. Agus


p.116

infra 260-1
atá dísleacht chumachtach acu do chomfhurtacht an radairc. Et is maith a nglanadh ón chéd-uisgi ara mbeirbthear iat & gan a n-ithi om. Et is imchubaid napiones & is mó is molta ná rapa.
5810] Agus dúisgid in choimriachtain & boguid an brú & glanuid sligthi in fhuail. Et bíth a fhis agat co ndleagur rapa do leith-bearbad a n-uisgi aenda & ainnséin a mbearbad maille ré feóil méith, & arna n-ullmugad mur sin is maith an biad iat.

Don meacan rí


5815] Bíth a fhis agad an uair bít siat geal co fédtur a caithim beirbthi maille ré feóil nó gan feóil, óir furtachtaigid na háirne & an brú mur do-ní rapa & is luga oilid siat ná do-ní rapa. Et is do-díleagtha iat mur as ead na préma eile; & na leanna
5820] geintear uada atáit inmeadónach idir maith & olc, & co háirithi dá mbia an bríg díleagthach anfann. Agus as mór thogairmius sé in choimriachtain.