infra 244-5
De herbis & oleribus que sunt in usu ponende sunt primo regule herbarum generales .i. do na
5440] luibib & do na praiseachaib atá a ngnáthugad; & is inchuir ar tús riaglacha generálta na luibead ann so: an chéid-riagail díb .i. gurab olc gach aen-luib co haenda, dá ngabur mur biad iat, chum oileamna in chuirp; óir claenuid gach aen-luib
5445] do réir a nádúire do geineamain leannann melangcolica nó flegmatica. Et do-nít siat sin óna substaint co huilidi a n-égmuis bugulusa & borráitsi; & is iat in dá luib sin is fearr mur biad do na luibib & is luga urchóidigius.
5450] Et geinit na luibi fuara, mur atá, atriplex & spinargia & bleta, fuil uisgeamail neim-díleagtha fhlegmatica atá ullam chum morgaid & chum fiuchtha ar son a flichideachta, & ar son foámuigthi a substainti & tearcacht a teasa nádúrda; óir is
5455] luath gabuid so teas eachtrannach chucu.
Na luibe teasaidi, immorra, mur atá sáitsi & minntus & persille & a cusmaile, geinit siat fuil {MS P page 387} gér lasamain gontach theasaidi thirim, & ní himchubaid mur biad iat do na corpaibh measurda.
5460] Gid eadh, fédtur a caithim mur leigeas chum rém-choiméda & chum claechluigthi, mur atáit,
An dara riagail .i. nach dleagur na luibi do chaithim om, ach lactuca & portulaca maille ré haicéid, do cheartugad teasa fola deirgi & ainnteasa
5470] in gaili & na n-ae, & a caithim a tosach na coda a cainndiacht bic.
An treas riagail .i. na luibi teasaidi do gnáthugad annsna haimsearaib fuara & na luibi fuara annsna haimsearaibh teasaidi; & na luibi measurda, mur
5475] atá, borráitsi & bugulosa, an gach aen-aimsir; & curthar annsa tsamrad spinargia & lactuca & bleta farú, & annsa géimread beacán do duilleabar minntuis & persille.
An ceathramad riagail: nach dleagur na luibi
5480] do chaithim in uair bís a síl abuid, & mur an cédna ní dleagur a caithim nó co ticid chum méide fuirfe.
An cúigead riagail .i. co ndleagur a n-ullmugad maille ré bainne almont, nó ré huisgi feóla inmolta, nó lé holaid na holiua.
5485] An sémad riagail .i. gurab a tosach na coda dleagur an phraiseach d'ól, óir laguid sí an brú co coitchinn. Et teagmaid a chontrárda so do shubstaint in chobláin: acht gé tá eanbruithi in chobláin laccthach, & co háirigthi in uair beirbthear
An tseachtmad riagail .i. dá caitear na luibi
5505] fuara fliucha mur biad dleagur a n-ullmugad mar so .i. a flichideacht do measrugad; ar an adbur sin is maith a mbearbad a n-uisgi & a priáil ainnséin a n-oluid milis, nó a mbearbad lé chéile arna cumusc a ní éigin gá fuil bríg contrárda dóib;
5510] verbi gratia .i. atá in cucurbita fuar fliuch, ar an adbur sin as maith a bearbad ar tús a n-uisgi, & a phriáil lé holaid ainnséin, nó a chumusc lé neithib éigin teasaidi, mar atáit, uinneamain & finél & persille.
5515] An t-ochtmad riagail .i. gurab imchubaid na praiseacha chum oileamna, & co háirigthi an uair
Agus ar tús don lactuca. Agus is beac oilius sé, gid eadh, ní fhuil idir na huile luib, luib is mó ó ngeintear fuil maith ná é, acht co claenann sé chum fuaraideachta & chum flichideachta; ar an
5530] adbur sin is maith é do na complexaib teasaidi & a n-aimsearaib teasaidi & roim biad. Et fédaidh neach a chaithim om nó beirbthi; gid eadh, is mo chlaechluigius sé om & is luga oilius, & a chontrárda sin an uair beirbthear é. Et ní dleagur a nigi, óir an uair nigthear é geintear gaethmuireacht
5535] & deathaige ann, & ardaigthear a fhuaraideacht & a fhlichideacht & do réir chonsiquens is deacair a díleagad.
{MS P page 388}An lactuca, immorra, is luath díleagthur é dá
5540] nádúir féin; & múchaid an tart, & mínigid ainnteas leanna ruaid & fola deirgi, & measraigid fiuchad na leannann, & imdaigid bainne a cígib na mbanaltrann, & dúisgid tochlugad an bíd, & ní lagann & ní fhostaiginn an brú, & ní thogairminn in fual. Et
5555] Bleta, immorra, atá sé fuar fliuch. Agus ní dleagur a chaithim om ar aen-mod acht beirbthi. Agus is luga oilius sé ná an lactuca & is measa in fhuil geinius. Et anfhainnigid an gaili & na hinne. Agus cúisigid a gnáthugad teinneas gontach
5560] annsa broinn, & cúisigid cuirrineach & gaethmuireacht , acht muna caitear neithe thoirmiscius a mailís ar aen-shligid ris; & dá caitear mur sin é leigisid teinneas na bronn agá lagad & ag osgailt
5565] na cuisleann. Et bíth a fhis agad gurab flichi bleta ná lactuca innus gurab beac nach fuil in lactuca inmeadónach idir in coblán & bleta.
Atriplex: is beac deichfrigius sí ó bleta ana hoibriugad & ana coimplex, acht gurab flichi
5570] atriplex; & ar an adbur sin lagaid sí an bru & is beac oilius & mínigid loisgnigi leanna ruaid & togairmid an sgeathrach, & a síl co háirigthi, & is
Spinairgia, immorra, is cusmail ré hatriplex í, acht gurab fearr don gaili hí náatriplex. Agus
5580] fliuchaid sí an brú, & geinid leanna fuara fliucha uisgeamla, & ceartaigthear a mailís mur do-níthear mailís atriplex. Agus is maith don sgórnaig & don sgamán í.
Portulaca, immorra, is beac oilius sé an corp, &
5585] is dimolta óir is fuar fliuch é, & cúisigid tart & sdupáilid an brú & cúisigid sdupur na fiacal. Et is maith don tsheilg é, & co háirithi a shíl. Agus teimligid sé in radarc & toirmiscid in tochlugad & an drúis.
5590] Cucurbita: geinid sé leanna uisgeamla & is beac oilius. Agus atá ullam do gabáil truailligthe ar son tsochlaechluigthi a shubstainti; ar an adbur sin, in uair truailltear é arna díleagad , geinid sé droch-leanna; ar an adbur sin an drong gá mbít
5595] gailidi neam-glana, ní dligid a caithim acht muna hullmuigthear co maith iat, óir is luath gabaid siat morgad chucu annsa gaili ar an dá mod sin, & inntaigthear chum droch-leannann iat. Más ead, is maith a cumusc ré huineaman geal & ré finél & ré
An coblán, immorra, is fuar tirim é do réir droingi, & is teasaidi tirim é do réir droingi ele. Et adearmaidne, ar tuicsin a shubstainti & arna
5605] thuicsin mur biad, gurab fuar tirim é & co ngeineann linn dub; gid eadh, an uair caitear mur leigeas é maille risna neithib atá 'na thimcheall, is teasaidi tirim é. Agus do-ní urchóid don ghaili & is beac oilius sé & is olc na leanna geinius & dorchaigid in
5610] radarc & togairmid in codlad; & fostaigid a shubstaint an brú d'éis a beirbthi fá dó, óir laguid {MS P page 389} in brú óna chéid-bearbad; & togairmid in fual.
Agus dleagur a bearbad & a ullmugad maille ré feólannaibh inmolta, & do-níthear oileamain maith
5615] toltanach de, mur sin, is éidir do chaithim. Et is mór chomfhurtachtaidius in coblán na hailt co fuirimeallach & co hinmeadónach; ar an adbur sin do oildis na sean-mná a meic lé coblán innus comad luaithidi do-déndais siubal.
5620] An borráitse, immorra, atáit dá gné air .i. gné muinntearda & gné choillidi. Agus ní fhuil do na praiseachaib praiseach is imchubaidi don choimplex daena ná hé. Agus atá sé teasaidi fliuchaidi co measurda; & ní fhuil do na praiseachaib teasaidi
5625] praiseach is mó geinius fuil maith ná é. Et atá gné gairbthin ann, & is lugaidi is toltanach é réna chaithim sin, & is maith ní éigin do chumusc ris
Agus na luibi eile teasaidi gnáthuigid na daíne as iat so iat .i. finél & persille & cerfolium28, meirsi & pibur cas, sáitsi & minntus. Agus ní déntur praiseacha díb so amáin, óir is beac oilid siat &
5640] geinit fuil gér & loisgid in fhuil atá arna geineamain; ar an adbur sin ní himchubaid a caithim leó féin ar aen-mod mur biad, acht mur leigeas amáin. Agus ar an adbur sin gnáthuigid na daíne slána na luibi so do cheartugad mailísi na mbiad fuar
5645] & na praiseach fuar. Agus curthar a sabsaib iat co minic ar son na tarba speitsialta óna cusmail duine do choiméd ó easláinti dóib.
Ar [gap: extent: roinnt fhocal]29 an adbur sin is luib theasaidi an sabrae. Agus atá seirbe & stipeacdacht ann co follus, ar
5650] an adbur sin ní mór is imchubaid mur biad é. Agus is maith don gaile é dá caitir om nó beirbthi é. Et is beac an bearbad rig sé a leas. Agus fédtur a thabairt maille ré holaid & ré haigéid & ré
Et bíth a fhis agad gurab mór fhurtachtaidius
5660] in feinél an radarc arna chaithim co hinmeadónach nó arna chur risna súilib co fuirimeallach; & ar an adbur sin caithid na hainminti neimneacha é & coimlid siat féin dá súilib é innus comad feirrde a radarc, mur adearar don lochaid ré
5665] n-abur talpa bís a fuathachaib talman a comursanacht in fenéil .
Agus is mall díleagthur é & is olc & is beac oilius & ní himchubaid mur biad é. Agus is maith a n-aigid gaethmuireachta an gaili é. Et dá n-ibthear
5670] maille ré huisgi fhuar é, coisgid an sgeathreach. Agus dá mbristear maille ré salann é & a chur ar greim na con confuid, leigisid é. Agus is mó as imchubaid é mar leigeas ná mur biad; ar an adbur sin ní himchubaid é a regimen na sláinti
5675] acht do cheartugad mailísi na mbiad ele mur adubramar romainn.
Agus adeirim co ngeineann sé fuil gér, & co ndúisginn neach chum feirgi, óir atá sé osgailteach
An meirsi, immorra, is cusmail risin persilli é do réir choimplexa & dísleachta; gid eadh, is neam-tholtanaighi an blas bís air ná ar an persilli; ar an adbur sin is beac gnáthuigid na daíne é
5690] mur biad. Agus ní com-thirim é risin persille & ní com-mór in dísleacht atá aigi ag oslugad póiread na n-ae & na seilgi. Gid eadh, do-ní sé urchóid do na haeib & dúisgid gluasacht lucht na hepilepsia, & an uair cogantur é do-ní an bél
5695] deadh-balaid.
Bíth a fhis agad co téiginn sé an gaile & na hae & co loisginn an fhuil & gurab beac oilius; glanuid an sgamán & dúisgid an choimriachtain; ar an adbur sin is beac dleagur do chaithim de a tosach in mís30; & caitear é maille ré salann & re holaid
5700] do thogairm in tochluigthi; & is olc ar aen-mod
Sáitsi, immorra, atá sé teasaidi tirim; ar an
5705] adbur sin ní himchubaid maille ris féin é mur biad. Agus is mór chomfhurtachtaidius na féithe. Agus gnáthuigid na daíne in sáitsi ar dá modaibh: an céd-mod díb, agá chumusc ré fín, óir comfhurtachtaigid in fín sin arna ól na daíne & co háirithi
5710] i tosach na mís. Agus as imchubaid an fín sin do lucht na pairilisi & na hepilepsia arna ól co measurda, ar folmugad an adbuir rém-thosgaithi. Tuillead, gnáthuigmid an sáitsi mur shabsa óir dúisgid sé in tochlugad an uair bís an gaili línta
5715] do droch-leannuib oma neim-díleagtha. Et bíth a fhis agad nach innil in sáitsi do chaithim, óir trialluid na hainminti neimneacha chugi & sailigid é; ar an adbur sin is maith a phlanndugad a n-aici na ruibi, óir ní thrialluid na hainminti
5720] neimneacha chugi an tan sin.
An minntus, immorra, atá sé teasaidi tirim & is beac is imchubaid é mur biad. Agus is fírinneach a rád co comfhurtachtaidinn sé an gaile & co coisginn singultus. Et toirmiscid sé an sgeathrach
5725] fhlegmaticach & an sgeathrach fhola, & dúisgid in choimriachtain, & toirmiscid an seile fola. Agus is imchubaid é a n-aigid greama na con confuid, óir atá dísleacht aigi chucu.