Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 12

An dara caibidil dég: Do na torthuib

{MS P page 381}Sciendum quod quamuis fructuus in uia nutrimenti non competunt in sanitatis regimine .i. as intuicthi gingub imchubaid na tortha a sligid oileamna a coiméd na sláinti ar son gan a mbeith


p.86

infra 226-7

5015] inmolta co coitchinn (óir an oileamain do-gabur ó na torthaib geinid sí fuil shomorguigthi, & is beac oilid, & is mór a n-imurcacha), gid eadh, gnáthuigid mórán do daínib na tortha ar son na tarbachta speitsialta tic óna ngnáthugad.


5020] Et atáit cúig tharbachta fánab imchubaid na tortha a rém-choiméd regimen na sláinti: an chéd-tarbacht díb, mínigid siat linn ruad; an dara tarbacht, múcuid siat ainteas fola deirgi; an treas tarbacht, fliuchaid siat na cuirp & fuaraid.


5025] Agus is iat so na tortha ordaigthear chugi sin .i. na tortha fuara fliucha, & co háirigthi an uair bít siat nua, mar atáit na tortha so .i. áirnida & persica & fígida & caera & melones, cucumeris & sitruilli. Agus mad áil linn ainnteas fola deirgi
5030] do míniugad a rannaibh an ochta & na mball spiradálta gnáthuigim do na neithib so adubramar romainn, mur atá, cucumer & melones do chaithim a ndiaid bíd; & mur an cédna gnáthuigim na neithe sin an uair beas ainnteas annsan
5035] ucht & annsan inchinn ó biad éigin do chaitheam, mur atáit, biada rósdaigthi nó priáilti ó cúisigthear an t-ainnteas adubramar co minic.

Et mad áil linn ruad atá annsna cuisleannaib do chlaechlód, & ainnteas fola deirgi atá annsna
5040] haeib & annsa sheilg & annsna ballaib ele do míniugad, caitear na tortha adubramar an tan sin roim biad; & ibthear uisgi fuar innus comad luaithidi


p.87

infra 227-8
do reachdais chum na cuisleann & coma móidi in t-innfhuarad; nó ibthear fín ana mbia uisgi co maith, óir is
5045] sé as mó moluim.

Et is mó atáit na tortha sin imchubaid a n-aimsir samraid & fodmuir ná isna haimsearaib eile: óir is mó bít na cuirp annsan aimsir sin tirim & is mó gabuid lasad chucu & is mó imdaigid
5050] leanna coilearda innta ná isna haimsearaib ele. Agus mur an cédna is imchubaidi na tortha sin adubramar do lucht leanna ruaid & fola deirgi & do na daínib óga ná do na haesaib ele & do na coimplexaib ele.


5055] Et as inchomurthaig co deithideach gurab deacair melones & sitruilli & cucumeres do díleagad; & an linn geintear uatha bíth sé ullam chum murgaid & geintear fiabrais rigne uatha. Et gid eadh, báigid siat an tart, & mínigid an t-ainnteas,
5060] & comfhurtachtaigid an gaile, & lagaid an brú, & togairmid an fual, & brisid na clocha arna caithim maille ré síltaib; & as fearr cucumer ná melones & sitruilli.

Gid eadh, as intuctha d'aire nach beid na tortha
5065] adubramar anabaid ná arsaid; & as inchoiméda an cuingill so an gach aen-torad. Agus an uair ticid siat chum beith abuid co fuirfe, dubaid ar na crannaib & ithid na damáin allaid iat. Et ní himchubaid a ngnáthugad so ar aen-mod, óir
5070] ullmuigid siat na leanna chum morgaid, & imdaigid


p.88

infra 228-9
bubones & carbongculus & antrax annsna corpaibh gnáthuigius iat; & do-nít sméra na drisi an cédna, dá licthear dóib ar na crannaib nísa shia ná an chóir. Et as mur an cédna atáid na caera & adbur
5075] na seiríneadh reamur dá ngairthear calmones anar teangaid-ne. Et an uair gabmaid na tortha sin adubramar, & iat ar teacht chum beith abuid in méide so co n-oiltear na damáin allaid uatha, ní {MS P page 382} dligmid a caithim ná a ngnáthugad ar aen-mod in
5080] tan sin, ná aen-torad ana fadthur péist ara lár; óir foillsigid sin truaillead.

An dara tarba fá ngnáthuigid na daíne na tortha do chaithim, ar son na bronn do lagad. Agus atáit drong co nádúrda do na daínib bís
5085] stupáilti do gnáth nísa mó ná mur reagur a leas; & rigid a leas in drong sin tortha lagus an brú do chaithim. Et is iat so na tortha sin .i. caera & áirneadha & sméra drisi & seiríne aipchi & persica boga. Ar an adbur sin as ingnáthuigthe na tortha
5090] adubramar roim biad; & ní hinchaiti biad ele 'na ndiaid, ach as inanta spás ana ndiaid, ag ól eanbruithe nó fína uisgeamail nó uisgi fhuair, óir adearait drong gurab imchubaid na neithi sin adubramar do lucht leanna ruaid & don droing
5095] aitreabus a régión ro-theasaidi & do na daínib óga & a n-aimsir theasaidi; & is fearr eanbruithi feóla inmolta d'ól in tan sin nó fín milis uisgeamail ná in t-uisgi.


p.89

infra 229-30

Et as intuicthi co maith co fuilid trí moda ar
5100] na caeraib .i. caera ainaipchi, & is díb do-níthear agresta; & caera aipchi glasa nuada, & is eistib beantur an fín; & caera tirma ré n-abur uua passa.

Na céd-chaera adubrumar, ní lagaid an brú
5105] acht is mó fhostaigid, & togairmid an tochlugad cúisigthear ó linn ruad neam-glan, & innfhuaraid ainnteas in gaile, & is mór fhodnaid siat annsa flux bronn do-níthear ó linn ruad.

Gid eadh, na caera aipchi, & co háirigthi na caera
5110] geala nuada gan sgealla nó gan eitnida & gan croicinn, lagaid an brú; & is iat is mó & is fearr oilius, óir oilid mur do-níd na fígid . Gid eadh, geinid siat gaethmuireacht & teinneas bronn; & dá curthar lá nó dá lá a fiadnuise gréine iat is feirrdi
5115] oilid siat & is lugaidi lagaid ná geinid gaethmuireacht. Gid eadh, an drong gá mbit gailidi lána do biad, & iat neam-glan lán do droch-leannuib, ní dligid siat ar aen-mod caera do chaithim & co háirigthi an uair bít nua gan sgealla; óir is luath
5120] truailltear iat annsa gaili neam-glan, & díleagthur iat a cédóir annsa gaile lán do biad; & an uair nach éidir leó an gaili d'fhágbáil tar éis a ndíleagtha, & an biad ele gan beith díleagtha, truailligthear iat an tan sin & truaillid sin an biad ele; & tuicthear
5125] a chusmailius sin do na torthaib laccthacha ele. Agus mad áil lé neach na caera glasa nuada do


p.90

infra 230-1
chaithim is maith a cur a n-uisgi fhiuchach fead uaire, & a cur a n-uisgi fuar annséin sul caitear.

Et is mó claenuid uua passa chum teasaideachta
5130] ná chum fuaraideachta, & comfhurtaigid an gaili & méithigid na hae, & co háirigthi an uair glantur iat óna sgeallaib.

Et as inchomurthaig co deithideach co fhuilid gnéithe imda ar na fígeaduib; gid eadh, atáit
5135] siat uile teasaidi fliuchaidi annsa chéid-chéim. Agus is iat na fígid geala is fearr díb ar son shéime a substainti & measurdacht a teasaideachta; gid eadh, is urusa a truailliugad & atáit uili gaethmur & geinit míla. Et is tarbach don ucht
5140] iat & do chruatan na n-árann. Agus gach méid dá mbeid siat as í in méide sin is inmolta iat, óir foillsigid sin gur ligidar mórán dá ngaethmuireacht uatha & geinid fuil maith. Agus dá caitear iat a tosach in mís do lagad na bronn, & dá mbeid
5145] siat nua nó dá mbeid tirim, ibthear eanbruithi nó fín leó, & co háirigthi ibit in drong agá mbíd ae fuara sin leó; gid eadh, in drong agá mbíd teasaidi as innile dóib uisgi fuar d'ól leó, & ní do thogairm an fhluxa sin.

Do na sméraib


5150] Agus bíth a fhis agad nach laguid na sméra {MS P page 383} anaipchi an brú ach is mó fhostaigid í, óir atá


p.91

infra 231-2
nádúir & bríg fhrithbuailti & stipeacda inntu. Gid eadh, lagaid na sméra aibchi an brú, óir claenuid siat chum fuaraideachta & chum flichideachta; & ní
5155] dleagur a caithim ar aen-mod tar éis bídh ar son foámuithi a substainti. Agus na daíne bís amuirseach ar morgad na leannann ná gnáthuigid siat sméra, óir is torad somorguigthi co mór iat; ar an adbur sin ní moluim co mór iat don droing
5160] atá ullam chum fiabrais.

Do na háirneadaib, immorra, bíth a fhis agad co ngnáthuigthear iat abuid & anabaid. Na háirnidi aipchi, immorra, is iat is mó is imchubaid díb, & a mbeith a fuirm fhada & iat féin mór &
5165] beacán feóla orra & iat cruaid a' claenad chum stipeacdachta & croicinn tana orra. Agus ní dligid blas milis co fírinneach do beith orra acht blas milis a' claenad chum géiri; & is mur sin atáit áirnidi Damasena. Et fliuchaid & fuaraid
5170] na háirnidhi; ar an adbur sin is imchubaid iat do lucht na fiabras, & lagaid an brú mur adubramar.

Et atáit mórán do gnéithib ele ar na háirnidhib & ní moluim a ngnáthugad: óir atá gné beac fhiadánta díb ré n-abur prunella, & atáit siat beac
5175] cruinn & fásaid ar na claidib & ní lagaid siat an brú acht is mó fhostaigid, & is díb do-níthear acasia fhostaidius an brú.

Et dligid na háirneadha caitear do lagad na bronn a chur a n-uisgi fuar ar tús fead uaire: &


p.92

infra 232-3

5180] is mur sin is fearr fhuaraid siat & fhliuchaid, & an uair theagmaid do linn ruad folmuigid é ag sleamnugad, & is mur sin is fearr ullmuigid siat an gaili chum gabála an bíd.

Et bíth a fhis agad co deithideach gurab iat na
5185] háirneada fliucha nuada is mó fholmuigius linn ruad, acht gid iat is measa oilius & is mó imurcacha. Gid ead, is mó chomfhurtachtuigid na háirneadha tirma & is fearr oilid an corp.

Agus mur tuicthear do na háirneaduib tuicthear
5190] a chusmailius sin do na seirínib. Agus bíth a fhis agat gurab luga do fhlichideacht atá annsna seirínib ná annsna áirnidhib & gurab séime & gurab luga is rigin iat; ar an adbur sin is luga oilid siat ná oilid na háirnidhi.

De Perciccis


5195] Óir geinit siat leanna so-morguigthi & comfhurtachtaigid in tochlugad & ní dleagur a caithim tair és bíd, óir do thruaillfidis siat an biad, acht caitear iat roim in mbiad mur do-níthear na háirnidi; óir díleagaid siat 25 co maith in tan
5200] sin, & comfhurtachtaigid an gaili te coilearda gá fhuarad & gá fhliuchad. Agus is maith a mboltanugad a n-aigid cardiaca pasio, et comfhurtachtaigid siat an craidi co mór. Agus atá dísleacht chumachtach


p.93

infra 233-4
acu a n-aigid an bréntuis nó an dobalaid
5205] tic ón gaili & ón ucht.

Agus dá mbia gaile fuar nó anfann nó lán do droch-leannuib ag neach, & persica do chaithim ar céd-longad, furtachtaigid co mór iat; & is maith sein-fhín deadh-balaid d'ól mailli riú
5210] innus comad usaidi na leanna do díleagad é, & do cheartugad mailísi in phersica, & co háirigthi dá mbeid siat cruaid.

Agus bíth a fhis agad co laguid na persica aipchi an brú; & an uair bít anabaid co fostaigid.


5215] Et is intuicthi an gach uile thorad nach dleagur tortha éxamla do chaithim a n-aenfheacht: ar an adbur sin an drong caithius fígid ní dligid siat caera na fineamna do chaithim, & mur sin do na torthaib ele. Et mur dleagur na biada & na deocha
5220] éxamla do sheachna a regimen na sláinti is mur sin & nísa mó dleagur na tortha éxamla do sheachna.

Agus is mur sin is follus an dara tarba ar son a ngnáthuigthear na tortha do chaithim a regimen na sláinti, & mod a ngnáthuigthe.


5225] An treas tarba ar son a ngnáthuigid na daíne na tortha do chaithim a coiméd na sláinti: & is tarba díb an brú d'fhostóg. Agus atá cuid do na {MS P page 384} daínib agá mbí brú laccthach co nádúrda nó co haicídeach nísa mó ná mur reagur a leas; &
5230] dligid so tortha fhostuigius an brú do gnáthugad, mur atáit, oráitsi & péirida & ubla & mespila &


p.94

infra 234-5
sorbe. Agus an uair caitear na tortha so roim in mbiad stupáilid an brú. Et ní dleagur na tortha adubramar do chaithim a caindiacht móir,
5235] óir is olc oilid & is deacair a ndíleagad; ar an adbur sin in biad caitear ana ndiaig is luaithi díleagthur é náid na tortha adubramar, & mairid nísa shia ná an chóir annsa ghaili & truaillid in díleagad, mur is follus annsa feóil beirbthear nísa
5240] mó ná an chóir co truailltear í. Et caitear na tortha sin adubrumur a tosach na coda & a méid bic mad áil linn an brú d'fhostóg. Agus mad áil linn an brú do lagad caitear a ndeireadh na coda iat.


5245] Et is iat na horáitsi is mó is inmolta díb, óir atáit siat deadh-balaid do leith a stipeacdachta & a poinnticdachta, ar an adbur sin comfhurtachtaigid siat an gaili & an craidi co mór; ar an adbur sin is mór is imchubaid iat do thogairm in tochluigthi
5250] truailltear ó linn ruad neam-glan. Et is maith a folach a stufaib & a mbearbad a luaith té; & an uair glantar iat óna n-imurcachaib curthar a fín maith deadh-balaid iat, & is ar an mod so is mó oilid siat & is luga thromuigid an
5255] gaili & is luaithi díleagthur; & is ar an mod sin dleagur a tabairt do na daínib agá mbít gailidi anfhanna.

Et is mór atáit na horáitsi oma stipeacda & is


p.95

infra 235-6
deacair a ndíleagad, & ní dligid an drong gá mbít
5260] gailidi anfanna fuara a caithim ar aen-mod.

Do na péiridaib

Agus gach foicsi do deadh-balad & do shubstaint & do blas & do dath na n-oráitsi beid, as í in méide sin bus imchubaíd don gaili iat,26 [...] & do cheangal na bronn an uair caitear iat roim in mbiad & do
5265] lagad na bronn an uair caitear iat & i ndiaid in bíd. Et a chontrárda so atá ag na péiridaibh millsi agá fuil substaint bog; & beirbthear iat mur do-níthear na horaítsi.

Et bíth a fhis agad co deithideach an uair
5270] caitear péireadha nó oráitsi ar céd-longad gurab cúis láidir do cholica iat. Et dá teagmad co caithfide iat ar céd-longad a n-aen-chúis, ibthear fín arsaid deadh-balaid a caindiacht big ana ndiaid, mur adubrumar romainn do na
5275] péireadhaib.

Do na hubluib

Bíth a fhis agat co fétar na hubla do chaithim roim biad & 'na diaid; & is mo atáit siat imchubaid


p.96

infra 236-7
chum na hoileamna ná atáit na tortha poinnticda nó aigéidigthi nó stipeacda, óir atá résún inann dá
5280] poinnteacacht & dá stipeacdacht, mur atá, do na horáitsib & do na péireadhuib, do leith a mbríge & do leith muid a taburta.

Na hubla deadh-balaid, immorra, comfhurtachtaigit siat an craidi & an inchinn & atá dísleacht
5285] acu do chomfhurtacht na mball spiradálta dá mbeid siat ainmeasurda a teasaideacht; & as do na hubluib poinnteaca aigéidigthi tuicthir sin. Gid eadh, ní himchubaid na hubla millsi do na corpaibh coilearda, óir inntaigthear iat a linn ruad
5290] co hurusa.

Et bíth a fhis agat co fuil droch-dísleacht ag na hublaib a' geineamain gaethmuireachta annsa dara díleagad & annsa treas díleagad; ar an adbur sin adearuid na heagnuidi co ngeinit na hubla
5295] eitic, óir in gaethmuireacht tic uatha atá droch-dísleacht aici do thirmugad airteireadh in sgamáin.

De mespilis aut sorbis

Agus bíth a fhis agad gurab iat is animchubaidi do na torthaib adubramar romainn, & foillsigid poinnteacacht a mblasa & cruas a substainti sin.
5300] Et is luga dleagur do chaithim díb so ná do na torthuib adubramar romainn; & is mó dleagur a


p.97

infra 237-8
caithim mur leigeas ná mur biad, ar an adbur sin is imchubaid iat a flux na bronn. Et is tolltanaige sorbe náid mesbuli. Óir ní boguid na mespuli gu {MS P page 385}
5305] lór ar na crannaibh, ar an adbur sin leagur dóib bogad sul caitear iat, & is mur sin is fearr a mblas.

Et is mur sin is follus an treas tarba fá ngnáthuigid na daíne cuid do na torthuib a leithid coiméda na sláinti.


5310] An ceathramad tarba fá ngnáthuigid na daíne na tortha a leithid coiméda na sláinti, do-gabur í ó dlúthugad an bíd ó bél an gaili chum a íchtair. Et atáit cuid do na torthuib do-ní an fásgad sin óna poinnticacht & óna stipeacdacht, & do labramar
5315] díb sin co lór. Agus atáit cuid eile do na torthuib ó ndéntur in dlúthugad sin do leith truime & reime a substainti, mur atáit, cnó & castanea & a cusmaile. Óir ní fhuil stipeacdacht ná poinnticacht ag in dá thorad so lé ndingeandais an dlúthugad sin, &
5320] ní fhuilid deadh-balaid chum comfhurtachta béil an gaili; gid eadh, dlúthuigid siat an biad do leith a substainti & do leith a truma. Et ní mór is imchubaid na tortha so do na daínib slána, óir anfuinnigid siat an gaili tré deacracht a ndíleagtha, &
5325] ní fhuil millseacht acu ré furbaíltiginn an gaili ná stipeacdacht ó calmuigthear é; ar an adbur sin is mór is intseachanta na cnó glasa fliucha, ach gé dlúthuigid siat an biad ó uachtur co híchtar an gaili.


5330] Castanea, immorra, as deacair a ndíleagad &


p.98

infra 238-9
geinid linn reamur melancolica & dúnuid na cuisleanna. Et ní fhuil do na torthaib coillidi torad is fearr oilius ná castanea. Agus atá méid éigin stipeacdachta acu, & co háirigthi an uair róstaigthear
5335] iat, ar an adbur sin is imchubaid i ndiaid bíd iat.

Et is iat na cnó tirma is luga urchóidigius do na cnoib. Et dá mbeantur a croicinn díb gabaid chucu méid éigin stipeacachta & millseachta ó calmuigthear & ó comfhurtachtaidthear an gaili,
5340] mur do-ní in castanea arna róstad; más ead, is arna n-ullmugad mur sin is imchubaid iat, & tar éis bíd.

Item, is intuicthi gurab measa na cnó móra tirma náid na cnó Gaídilacha, óir is mó atáit siat
5345] olamuil náid na cnó Gaídilacha; ar an adbur sin inntaigthear a linn ruad co luath iat; & cúisigid teinneas cinn & buaidrid na súile & geinit uertigo, & co háirigthi an uair caitear iat tar éis bíd; et treóruigid siat parilis na teangad & togairmid an
5350] sgeathrach; & an drong gá mbít gailidi coilearda dligid siat na cnó tirma do sheachna. Agus gach arsuideacht dá mbeid is misti iat; & gach nuaidi dá mbeid is feirrdi iat, óir ní fhuil in méide so d'olamlacht inntu innus co ngeinfidis siat
5355] teinneas cinn ná uertigo & a cusmaile, mur do-nít na cnó tirma. Et do réir na flichideachta sleimne atá innta, lagaid an brú; & dá mbeantur a croicinn díb & a caithim d'éis bíd dlúthuigid an biad a n-íchtar an ghaili. Et dá caitear tirim


p.99

infra 239-40

5360] roim biad iat maille ré fígeaduib & ré ruib, is maith a n-aigid na neimi geintear ón iasg iat.

Agus as mur sin is follus gurab imchubaidi na cnó úra do na corpaibh slána náid na cnó tirma; & a chontrárda sin do na cnoib Gaídilacha, óir is
5365] fearr iat an uair bít tirim na úr.

Dona halmontaibh

Na halmoint millsi, immorra, atáit siat inmeadónach idir na cnoib beaca & na cnó móra; gid eadh, is fearr oilid siat & is imchubaidi don gaili iat náid na cnó ele; & is í mo dóich gurab
5370] fearr úr iat mur biad ná tirim arsaid, óir atá olamlacht innta tirim lé ndénuit siat urchóid mur do-níd na cnó móra tirma. Gid eadh, ní fhuilid na halmoint tirma a com-olc risna cnoib tirma, óir ní fhuil in méide sin d'olamlacht innta.


5375] Et is inchomurthaid co deithideach nach mór as imchubaid bainne na sean-almont tirim do lucht na fiabrus ar son na holamlachta atá innta, óir cúisigid siat teinneas cinn & inntaigthear a linn ruad co hurusa iat. Gid eadh, is imchubaid bainne
5380] na n-almont nua do lucht na fiabras. Agus mad áil linn bainne gan beith olamuil do dénum do na sean-almontuib .i. beantur a croicinn díb ar tús


p.100

infra 240-2
& curthar ainnséin a n-uisgi fhiuchach iat & nigthear {MS P page 386} a n-uisgi fhuar iat & suaitear an bainne co láidir
5385] & beantur a chubur de & beanaidh sin a olamlacht as.

Item, bíth a fhis agad nach imchubaid na halmoint tirma ar aen-mod roim biad ná tar éis bíd, acht do thoirmeasc éirgi na ndeathaigead amáin; ar an
5390] adbur sin toirmisgid in meisgi.

Na halmoint úra, immorra, reamraigid in corp & measraigid ainnteas in gaili méid éigin. Et cnaídit & glanuid flichideacht an gaili an uair caitear iat maille réna croicinn fuirimeallach &
5395] toirmiscid in meisgi. Agus an uair caitear iat tair éis na coda toirmiscid éirgi na ndeathaigead chum an chinn; & comfhurtachtaigid in radurc & glanuid in t-ucht & osluigid dúinti na taeb; & do-nít na halmoint shearba sin co háirithi. Et
5400] co speitsialta tirmuigid siat imurcacha na taeb, & méduighid substaint na hinchinne, & oilid co maith, & togairmid in codlad co háilginach, & osluigid sligthi in fhuail, & furtachtaigit & cumgaidit feóil na fiacal dá cogantur maille réna croicinn fuirimeallach
5405] iat.

An cúigead tarba tic ó gnáthugad na torthad a regimen na sláinti .i. in corp d'oileamain: & is i n-aimsir an éigintuis tuicthear so & annsa chás a n-uireasbuigid na biada eile. Agus idir na torthaib
5410] uile in tan sin, is iat na fígida fliucha, & caera na fíneamna is mó & is fearr oilius díb. Na tortha


p.101

infra 241, 243-4
fliucha eile, mur atáit, áirnida & a cusmaile, is beac oilid siat (& is iat áirnidhe tuicthear ann sin .i. na buláisi duba & geala), & mur an cédna na
5415] tortha a mbí súg mór, mur atáit, ubla & péireadha & a cusmaile; & is beac oilid siat, & co háirithi annsa geimrid.

Na halmoint, immorra, & na cnó Gaedilacha & na cnó móra & pini & a cusmaile, fédtur a caithim mur biad a n-aimsir in éigintuis
5420] & co háirithi annsa geimrid.

Et bíth a fhis agad gurab deacair grán pini do díleagad , & gurab é is mó oilius do na torthaib olamla, & is láidir in oileamain do-beir uaid; & is mór glanus na dubáin & na baill spiradalta co
5425] háirithi; gid eadh, is iat is easgairdeamla do na torthaib.

Dactuli, immorra, is dodíleagtha iat, & tromuigid in ceann, & geinit leanna reamra rigne, & dúnuid na cuisleanna, & sleamnaigit in t-ucht, & cúisigid
5430] in seile d'innarbad, & mínigid in chosachtach, & toirmiscid morgad na fiacal & a fheóla, & is maith don gaili iat ón méid stipicachta atá innta, & cumguigit an brú. Agus dá caitear na tortha sin adubramar maille ré mil nó ré siúcra is luguidi urchóidigid don
5435] ghaili. Gid eadh, ní himchubaid dona corpaibh measurda a ngnáthugad, & co háirithi an uair is mó caitear iat do leith na toile ná do leith na tarba.


p.102