Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 10

An t-aenmad caibidil dég: Do na potáitsib


4900] Consequenter de leguminibus sunt alica breuia disenda .i. ó dubrumar ní don taeb thuas dín do na gránuib, adéram neithe éigin athchumaire do na potáitsib ana ndiaid. Agus na potáitsi gnáthuigthear atáit cúig gnéithe orra .i. gné do-níthear do
4905] shisera & gné do phónuire & gné do-níthear do robus & gné do-níthear do lentes & gné do-níthear


p.82

infra 222-3
do phis. Agus má táit gnéithe eile orro fédtur a treórugud chuca so.

Et atá substaint gach uili photáitse gaethmur
4910] dodíleagtha, & as linn dub geinius; ar an adbur sin ní himchubaid iat do na corpaibh measurda, an feadh mairid siat a leithid na sláinti. Et as intseachanta na potáitsi, gid eadh, an t-uisgi ana mbeirbthear iat lagaid an brú & togairmid an
4915] fual & oslaigid dúinti na cuisleann; ar an adbur sin as imchubaid gu lór an ní ana mbeirbthear iat annsna haimsearaib a ngnáthuigthear biada reamra ó ndéntur dúinti, mur atá, aimsear an tréigeanuis. Et an uair do-níthear an t-eanbruithi
4920] sin co himchubaid, mur theigeósgmaid a cédóir, as luga d'urchóid atá ann ná annsa substaint; óir ní fhuil gaethmuireacht ná docomlacht díleagtha, ná mailís oileamna innta.

Et is mur so do-níthear an t-eanbruithi sin .i.
4925] curthar sisera nó pis a n-uisgi fhiuchach feadh oidchi & coimeltear lé lámuib iat aimsear fhada ainnséin; tempearáiltear iat annsan uisgi chédna feadh oidchi, et arna bárach leagar fiuchad fá dó nó fá thrí dóib; & sgagthar ainnséin & coimédtur.
4930] Et ullmuigthear é a fogus don chuid maille ré {MS P page 465} cainél & ré spica nardi & ré seinsér & ré cróch & beacán fína do chur ana cheann; & leagur fiuchad láidir dó ainnséin & taburthar a tosach na coda. Et oslaigid an t-eanbruithi sin na cuisleanna ré


p.83

infra 223-4

4935] n-abur uene capillares na n-ae & na seilgi, & togairmid an fual, & laguid an brú óna dúintib, & coimédaidh na dubáin & an lés óna cruatan.

Et as é eanbruithi siser & na pisi cruinne gile as fearr & as imchubaidi & as cairdeamla don
4940] nádúir díb, & as fearr a substaint ná substaint na potáitsi eile nó a n-eanbruithi. Et as í potáitsi an phónuire is measa díb, & co háirithi an uair beas maille réna chroicinn; óir as í is mó geinius gaethmuireacht & is deacra do díleagad & is mó
4945] méduigius linn dub.

Et as inchomurthuig co deithideach gurab measa oilius an croicinn fuirimeallach & gurab deacra a díleagad ná an t-eitne. Item cumgaigid croicinn an phónuire an brú & lagaid an t-eitne, & atá so
4950] gu fírinneach an gach aen-photáitsi: gid eadh, ní hinchaithme iat ar aen-shligi ar son an chumuisc ealadnaig atá orra, óir lagaid cuid acu & fostaigid an chuid eile; & is mur sin cúisigthear gluasacht suinneánach sa chorp uatha. Et atá so fírinneach
4955] ag labairt co speitsialta do na potáitsib ara fuil mórán dá croicinn fhuirimeallach, mur atá, pónaire & cicera móra. Et as cúis do na cúisib fá n-abur an phis chruinn geal do chaithim, ro-shéime a croicinn; ar an adbur sin fédaidh neach a caithim
4960] co hinnil maille réna croicinn, acht gé fearr í arna glanad óna croicinn.

Et na potáitsi do-níthear do na gránuib nuada


p.84

infra 224-5
as luga bís don chroicinn orra & is luga an deichfir bís idir an croicinn & an t-eitne & as usa a
4965] ndíleagad ná an tan bíd arsaid; ar an adbur sin as dóig lé droing éigin gurab mó atáit siat imchubaid don chorp daena an tan sin ná an tan bít arsaid. Gid eadh, as fírinneach gurab lia imurcacha na potáitsi nua & gurab sothruailligthi
4970] a substaint náid na potáitsi arsaidi, más ead, as luga as imchubaid iat do na corpaibh slána ar mbeith an respectum sin acu náid ná potáitsí arsaidi.

{MS P page 466}Et adeirim co fírinneach ar an adbur sin gurab
4975] imchubaidi na potáitsi tirma an uair glantur óna croicnib fuirimeallacha iat náid na potáitsi nuada nach glantur. Agus as fearr na potáitsi nuada nach glantur óna croicinn náid na potáitsi arsaidi nach glantur. Más ead, as maith na potáitsi
4980] glasa, an uair beirbthear iat air eanbruithi feólann inmolta nó maille ré bainne almont, ar cur sheinnséir gil & cróich orra. Et dá teagma na potáitsi tirma do chaithim, & gan a mbearbad air eanbruithi feóla, as maith uinneaman geal do gearrad co
4985] min & an potáitse do phriamacr;il maille ris & ré holaid na holiua & a caithim. Et is inchomurthaig co deithideach dá teagmad co caithfidi na potáitsi maille ris na biaduib eile, & cicera co háirithi, gan a caithim a tosach na coda; óir do thógfaidis
4990] siat léna ngaethmuireacht na biada eile chum béil an ghaili lé toirmeósgaidi an díleagad.


p.85

infra 225-6

Tuillead, ní hinchumuiscthi na potáitsi maille réna croicinn fuirimeallach risna biaduib eile, óir dá caitear roim na biaduib nó tair és na mbiad
4995] iat, mairid annsa ghaili maille ré mailís; & dá caitear a meadón na coda iat is amlaid as usa a cumusc risna biaduib eile, óir ceartaigthear a mailís ón chumusc sin: más ead, nárab í an photáitsi bus céid-meas ná bus meas déiginach
5000] ar an mbord, acht dá caitear í a caithim a meadón na coda, óir is ann bus fearr a cumusc. Tuillead, bíth a fhis agad dá caitear na potáitsi a ndiaid na mbiad ele co treóruigid siat droch-aislingthi melancolica; ar an adbur sin ná caitear fá deóid
5005] iat. Et ó tá an díleagad gá dénam annsa gaile tré shligi fiuchtha, dá caitear na potáitsi a meadón na coda as urusa a cumusc ris na biaduib, & ceartaigthear a mailís.

Agus is lór linn na neithe athchumaire sin do na
5010] potáitsib.