Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 10

An deachmad caibidil: Dona gránaib & don arán

Quia sermones uniuersales in operacionibus sunt inutiles nisi applicentur ad particularia: .i. is mí-tharbach comráiti uilidi acht muna ceangailtear iat dona neithib rannaidhi ana n-oibrigthib.
4795] Ó do luaideamur don taeb thuas dín dona hoileamnaib a coitchinne laibeórmaid ann so co speitsialta díb. Et ar tús dona biaduib, & an dara huair dona deochaib nádúrda & ealadnacha. An


p.78

infra 219
méid beanus sé risin mbiad beid24 naí caibidleacha
4800] speitsialta ag labairt de: an chéd-chaibidil dona gránaib & dona haránuib; an dara caibidil dona potáitsib; an treas caibidil do na torthaib; an ceathramad caibidil dona luibib & do na praiseachaib; an cúigead caibidil do na prémuib; an
4805] seisead caibidil do na hainmintib; an seachtmad caibidil d'imurcachaib na n-ainmintid; an t-ochtmad caibidil dona hiasguib; an naemad caibidil dona sabsaib & do na blasaib.

Bíth a fhis agad co ndéntur an t-arán don
4810] chruithneacht & don choirci & don eórna & don tsheagal & don milium & do rais. Agus ní díb so amáin do-níthear an t-arán acht dá gach ní dá ndéntur panisium. Et as ead as panicium ann, .i. grán beirbthear a n-uisgi nó co mbí sé
4815] daingin a cusmailius aráin; & an uair beirbthear an grán sin ar uisgi co fuirbthi, nó co mbí sé tiug, & cumuiscthear co maith ré huisgi é & curthar ainnséin ar miasaib nó ar saltaraib nó gu fuara, & as cusmail ré harán é an tan sin & fédtur a
4820] gearrad mur do-níthear arán. Et as imchubaidi & as fearr do-níthear so dona gránuib beaca ná dona gránuib móra, mur atá millium & ris , óir is foirbthi cumuiscthear iat ré huisgi arna mbearbad. Et ní mór gnáthuigthear panicium, & co háirithi
4825] a coiméd na sláinti, ar son easbaid an tshalainn & an laibén; más ead, ligim torum é.


p.79

infra 219-20

An chruithneacht, immorra, beirbthear a n-uisgi, ní mór as imchubaid í a coiméd na sláinti, óir imdaigid dúinti & béisti. Et tuicthear a
4830] chusmailius sin dá gach uile phastae shlim dá ndéntur biad; óir is mall díleagthur an t-arán slim, & is oileamain reamur rigin do-beir sé uaid, & togairmid sé cuirineach na bronn, & imdaigid sé gaethmuireacht isna hinnib. Et más imchubaid
4835] d'aen-droing é as don droing do-ní saethur láidir & agá mbít cuirp láidiri as imchubaidi é.

Et as é an t-amidum as fearr & as édruma díb, ar son tirmacht na cruithneachta & ar son fuirbtheachta díleagtha a fhlichideachta. Agus is
4840] mór oilius sé , & is deacair a dísgaílead, & is don droing shaethruigius co mór is luga urchóididius, óir ní himchubaid don droing agá mbít cuirp measurda ar aen-mod é. Et dá teagmad co gnáthóchaidi cruithneacht do chaithim, beirbthear
4845] an chruithneacht a n-uisgi ar tús, & 'na diaid sin caitear lé heanbruithi feóla inmolta nó lé bainne almont, & is biad imchubaid sin ar mod éigin do lucht an tréiginuis, óir is mall claechluigthear é, & arna díleagad as mór oilius.


4850] Et fédtur mur an cédna na biada do dénum don eórna & don choirci, & is mó as imchubaid mur biad iat ná an biad do-níthear don chruithneacht. Et ní molaim an biad do-níthear do phanicium ná do milium, óit is beac oilid & is
4855] deacair a ndíleagad, & geinid linn dub, óir atáit


p.80

infra 220-1
{MS P page 464} siat fuar tirm annsa dara céim, & ceanglaid an brú, & fuaraid & casaid an gaile.

Et an uair do-níthear biad eile dona gránaib sin as éigin a croicinn do buain díb; & is fearr
4860] oilid siat an tan sin ná mur adubrumar romainn. Agus dá caitear maille ré feóil méith nó maille ré heanbruithi méith iat, as mór ceartaigthear a fuaraideacht & a tirmaideacht.

Et as é an t-arán do-níthear don chruithneacht
4865] as mó atá inmolta díb, & 'na diaid sin an t-arán eórna, & na diaid sin an coirci. Et ní moluim an t-arán do-níthear dona gránuib eile a coiméd na sláinti.

Agus seachaintear na gráin adubrumar do
4870] thruailliugad ó arsaideacht. Et ní dliginn an chruithneacht beith arsaid, ná beith anabaid, ná ro-nuad, ná arna timurgad ó droch-buain; acht dligid grán na cruithneachta beith reamur trom a' claenad chum deirgi. Agus dleagur cainndiacht
4875] measurda thshalainn & uisgi do chur air innus nach beith sé ro-bog ná ro-thirim ná ro-chruaid; & dleagur lauén do chur ann, innus comad usaidi a díleagad & comad lugaidi do geinfidi dúinti & péiste & clocha annsna dubánuib & annsa lamannán.
4880] Et ní dliginn sé beith te ná cruaid ó arsaideacht, & beirbthear an céd-lá é. Et tabair dot aire gu mór ná bía an teine lé mbeirbthear an t-arán ro-láidir ná ro-égruaid, & co mbía sí do chonnad imchubaid gan beith morguigthi. Agus mad


p.81

infra 221-2
áil linn a beith oileamnach co mór glantur óna
4885] bran uile hí. Agus mad áil linn an brú do lagad, leigim méid éigin don bran ann; óir as beac oilius an bran & lagaid an brú, & do-ní an min a chontrárda so.

Tuillead, bíth a fhis agat gurab fearr & gurab
4890] luaithi oilius an taes ná mur do-ní an crúsda fuirimillach, óir geinid an crúsda linn dub; & ní mór as imchubaid dona daínib slána é, acht don droing agá mbít gailidi fliucha & lérb áil dol a truaigi; & as a ndeireadh na coda as mó as
4895] imchubaid é, & do-beir sé furtacht chum an bíd do thuitim a n-íchtar an gaili, & comfhurtachtaigid bél an ghaili. Agus is lór linn a ndubramar dona gránaib & don arán & do phanisium.