infra 209-10
Ad sanitatis regimen perfectum oportet considerare diuersitatem temporum22 anni & cetera:
4560] .i. as éigin a thuicsin co fuilid aimseara na bliadna égsamail chum regimen fuirfe na sláinti; ar an adbur sin as intuctha ní éigin don aimsir mar do-bearar don aís & don choimplex. Óir ní haen-regimen co huilidi dleagur do thabairt a
4565] n-aimsearaib éxamla teasaidi & fuara na bliadna; et ní mí-résúnta gurab do réir éxamlachta aimsear na bliadna tuicthear éxamlacht an regimen.
Ar an adbur sin as intuicthi co fuilid ceathra haimseara annsa bliadain, mur atá, earrach &
4570] samrad, fodmur & geimread. Agus dealuigthear na ceathra haimseara so na bliadna do réir an asdrolaici, do réir gluasachta na gréine an gach aen-rann do spér na comarthad, ag tinnsgaint ó phongc spéire an earraig as céid-chéim d'Airies.
4575] Agus mairid gach aen-aimsear do réir na n-asdrolaici feadh trí mís & trí comartha, innus co mbít trí comartha annsna trí mí. Et is mur sin bít aimseara na bliadna comthrom, nó a ngar do chomthrom.
An liaig, immorra, ní thabair sé dá úig ag dénum
4580] disdingi idir na haimsearaib gluasacht na gréine
Et a ndiaig aimsiri an earraig tic an samrad, & is aimsear theasaidi thirim í. Agus is mór
4605] chomaentaidius an aimsear sin risin earrach; & bíth spás fada aici a régión, & a
régión ele spás gearr.
Et tic an fodmur ana diaid sin, atá contrárda
Ana diaid sin tinnsgnus an geimread. Agus is fuar fliuch é, & as é as tosach do deireadh an fhodmuir, an uair thuitid duilleabur na crann; & as é as deireadh dó tosach an earruig, an uair
4630] thinnsgnaid na crainn bláth do thabairt.
Et ar tuicsin na neithead so as intuicthi cad as regimen díleas don tshláinti an gach aimsir acu fá leith. Et tinnsgnum ar tús ón earrach. Agus adearmaid co cusmailtear an t-earrach
4635] risan easláinti do-níthear ó línad, óir atáit na cuirp línta annsan aimsir sin. Et conclúidigthtear as sin gurab imchubaide an aimsear sin chum
Agus teagmaid co minic a mbeith nísa teó &
4650] nísa flichi ná mur as emacr;igin a mbeith, óir claenuid sí chum teasaideachta & chum flichideachta; ar an adbur sin ní hingnáthuigthe neithe théigius & fhliuchus gu mór do thabairt innti, mur atá, biad & deoch, a n-aithfhégad na n-aimsear eile;
4655] ar an adbur sin as indénta an regimen do shéimiugad. Et ní rigid a leas na cuirp línta mórán bíd ná digi do chaithim. Et do réir mur atá an aimsear so measurda as saethur measurda dleagur do dénum innti; & dligid sé beith nísa
4660] mó ná saethur an tshamraid & nísa luga ná saethur an geimrid. Tuillead, óir tinnsgnuid an teas calmugad annsan aimsir so, & co mbuaidearthar an fhuil & na spiraid & an corp, más ead, as maith aibstinens do dénum ó na neithibh teasaidi &
4665] saillti & géra. Agus is maith siróipi múcus an
Et as inchomurthaid co fuil an corp slán & gan mórán línta do beith ann ón aimsir roime, an
4670] uair adeirim gurab éidir annsan aimsir so nísa mó do biad reamur do thabairt ná a taburthar annsa tshamrad, & nísa luga ná a taburthar annsa geimread; óir atá an bríg & an teas láidir annsan aimsir so, óir is mór an dísgaílead bís ó na corpaibh
4675] annsan aimsir sin ó láidireacht an teasa nádúrda & ó umlacht na corp do leith na flichideachta. Óir atáit na cuirp líntach annsan aimsir sin & atáit bríga láidiri acu, más ead, is maith beacán do chaithim ann. Ar an adbur sin dom thuicsin,
4680] as maith d'orduig an Eagluis tréigeanus do dénum annsan aimsir sin, acht muna lína duine é féin aenfheacht gach lae, mur do-níd lucht an tréigeanuis; óir do bud fearr an biad do roinn an tan sin ná mórán do chaithim aenfheacht.
4685] Annsa tsamrad, immorra, innarbthur an fuacht & tinnsgnuid an teas & téigthear na gaetha & tirmuigthear na cuirp; ar an adbur sin déntur aipstinens ó na neithibh teasaidi millsi olamla saillti, & mur on cédna ó na neithibh líntacha
4690] thshásaigeas co luath, óir atá an teas nádúrda anfann a n-inaduib an díleagtha an tan sin. Et bíth a n-arán do chruithneacht glain & bíth a ndeoch anfhann do réir bríge mínidius an tart
4700] Et fliuchthar cumdaigi na teag a huisgidib glana aenda, nó lé haigéid nó lé duilleabur crann fuar arna córugud ar fhud an tigi, mur atá, duilleabur saileach & a cusmaile, & curthar soitheach lán d'uisgi a cúluib na seómrad annsan aimsir
4705] sin. Seachnuid siat séideadh na ngaeth fuar & {MS P page 462} seachnuid cuisle & coimriachtain & leigeas laccthach & saethur & tréigeanus mór, & gach uile ní théigius & tirmuigius.
Annsan fhodmur, immorra, as mór dligmid beith
4710] deithideach ag tabairt regimen maith; óir ní fhuilngid na cuirp, ar son mailísi coimplexa na haimsiri so & ar son anfainne na mbríg, seachrán do dénam annsa regimen; & ní liginn gnáthugud dona biaduib oilius co maith, gid eadh, ní liginn
4715] an diet inmolta do tharcaisniugad. Et atá an aimsear so tirim co mór & bít na cuirp teasaidi; ar an adbur sin dligmid ar n-indtinn uile do beith a fliuchad na corp & a calmugad na mbríg. Más ead, as intseachanta annsan aimsir so gach
4720] uile ní thirmuigius an corp & anfhainnidius an bríg; más ead, seachaintear an choimriachtain,
Tuillead: dleagur tart & gorta do sheachna an aimsear sin, & ná líntur an brú a n-aenfheacht innti. Et bíth an fín uisgimail co hinmeadónach.
4730] Agus is cusmail regimen an fhodmuir ré regimen an tsamraid a mórán d'inaduib, nó co tí fearthain annsa fodmur; & an uair tic, as mór an t-innillius do-ní sí ó mórán d'easláintib. Gid eadh, is mó dligmid beith deithideach a ceartugad & a comfhurtacht
4735] na leannann annsan aimsir so ná a folmugad. Et seachaintear na tortha annsan fhodmur, óir geinid siat leanna atá ullam chum morgaid; ar an adbur sin cusmailtear an aimsear so ré galar do-níthear ó thruailliugad.
4740] Tuillead: as mór as intseachanta fuacht na hoidchi & teas an lae annsan aimsir so. Óir is ro-urchóideach easláinti na haimsiri so, et dá teagmad easláinti do neach annsan aimsir so, freagurthur ana tosach í, sul daingnidius sí. Et
4745] dá faicim na leanna ar peacugad, folmuigthear iat sul tí an geimread, innus nach daingnigthi iat ó fhuacht an geimrid & co mbeith sí ó hoin amach 'na cúis do mórán d'easláintib eile.
Annsa geimrid, immorra, fédmaid mórán do
Tuillead: is mó dleagur saethur do dénam annsan aimsir so ná a n-aimsearaib eile na bliadna,
4770] & is mór atá coiméd na sláinti annsan aimsir so, ar an adbur sin ní bí neach easlán ann acht ó chúis móir láidir & ó sheachrán mór annsa regimen.
Óir imdaidthear linn finn annsna corpaibh isin aimsir so, ar an adbur sin is maith gan na praiseacha
4775] náid na tortha lé n-oiltear na daíne do beith fuar fliuch; ar an adbur sin as intseachanta an phraiseach do-níthear do lactuca & d'atriplex & dá