infra 204-5
Sicut accidencium anime correccio ad philosophum
4370] moralem pertinet ut anime bonis habitibus21 informentur & cetera: .i. mur beanus ceartugad aicídi na hanma risin feallsamnacht morálta innus co cruthóchaidi é a n-aibícib maithe, as mur sin beanus risin liaig an tshláinti do choiméd co
4375] himchubaid. Et an méid do modaibh ana claechluigthear an corp co héigintach, as í an méide sin atá do chinéluib ar a leigeas. Óir claechluigid aicídi na hanma ar cuirp-ne, ar an adbur sin do-gabur aen-chinél leigis & aen-regimen
4380] uatha, & is risin liaig beanus sin d'aithne. Agus as iat so na haicídi sin, .i. fearg & gairdeachus, eagla & dobrón, cumgach & náire.
Óir gluaistear an fhuil choilearda chum an chraidi a n-aimsir na feirgi ar son tochluigthi
4385] dásachtuigh an dígaltuis, & gabaid sé lasad chugi chum gluasachta dána, & leatar é nísa mó ná an chóir & do-níthear an corp co huilidi, & co háirithi na boill fhuirimeallacha, lé dásacht an teasa. Óir an uair gluaistear an teas & na spiraid chum
4390] na mball sin & chum an chraidi, do réir chonsiquens, ó mincacht an gluasta & ón tégad mór, tirmuigthear
4405] Ar an adbur sin an claechlód do-ní an fhearg annsa chorp daena, ní himchubaid a regimen na sláinti é, óir buaidrid an fhearg gnímartha an résúin uile. Más ead, seachaintear adbur na feirgi acht an méid fhuráilius an résún é a cúisib toileamla; óir as imchubaid fearg do dénum co
4410] minic a cúisib sochraidi & ceadaigtheacha, gincob imchubaid a regimen na sláinti hí.
Et bíth a fhis agad gurab imchubaid fearg co gnáthach dona daínib bís fuar neam-chumachtach
4415] chum na coimriachtana. Et atá cuid eile dona heasláintib darab leigeas imchubaid fearg mur innisis Hali, ac dénam gluasa ar Tegni, co roib diúic gá leigeas ag liaig éigin ara roib sdupur, &
An gairdeachus, immorra, leathnuidthear an craidi & an teas nádúrda & na spiraid uada, innus gurab beac nach curthar an teas & na spiraid chum na mball fuirimeallach; óir as é an craidi as acfainnigi
4425] dona ballaib a' tidnacad neith, & co háirithi d'orgánuib an mothuigthi & an gluaisti, dá n-ullmugad & dá síneadh chum fuirme an neith toltanuig theagmus dóib, innus co mbí sé féin folam ó theas acht má beacán. Agus adearar co
4430] mbíd na boill inmeadónacha gan teas, & na boill fhuirimeallacha maille ré teas measurda, a n-aimsir an gairdeachuis; & as fírinneach co ndísgaíltear mórán spirad ón chorp co huilidi a n-aimsir an gairdeachuis; óir an méid bís an gairdeachus
4435] ainmeasurda, as í an méide sin bís an dísgaílead ainmeasurda; óir gach treisi dá mbia an gairdeachus as treisidi leathnuigthear na horgáin & na boill, & ar leathnugad & ar n-osgailt na mball innarbthur an spirad co hurusa.
4440] Et as cúis d'anfhainniugad na mbríg an gairdeachus fada, óir dá mbia sé ainmeasurda fétur an craidi d'fhuarad ó oslugad an gairdeachuis, & singcoipis nó bás do thogairm an tan sin; óir an uair fholmuigthear an craidi ó na spiradaibh
4445] & ón teas nádúrda, cúisigthear singcoipis ó thruailliugad coimplexa & comshuigigthi nádúrda an chraidi, & as éigintach galur do geineamain
Et as imchubaid an gairdeachus gu mór a coiméd
4465] na sláinti an méid is measurda é, óir an drong tarraingthear a n-imshním & a smuaintigthib, as í an méide sin tarraingthir a ndobrón & a cumgach iat. Et an drong atá a ngairdeachus ainmeasurda do gnáth as imchubaid dobrón co gnáthach dóib.
4470] Annsan eagla, immorra, gluaistear an teas & na spiraid ó na ballaib fuirimeallacha chum na mball inmeadónach, & is beac gluaistear é annsa dobrón; {MS P page 459}gid eadh, gluaistear an spirad & an teas ón chumgach & ón náire ar dá modaibh, .i. uair co fuirimillach
Et as mur an cédna do-ní an dobrón. Óir fuaraid & tirmuigid nádúir na corp, ar an adbur sin cúisigid sé truaigi & tearcacht na corp, & fáisgid an craidi, & teimligid an spirad, & anfhainnigid
4495] an t-inntleacht, & toirmiscid an résún, & dorchaigid an breithimnus, & dearmadaigid an chuimne; ar an adbur sin as intseachanta uibiacht an dobróin, acht an méid fhuráilius an résún é, do sheachna na locht & d' athnuaigigid deadh-maise na meanman.
4500] Et atá drong dona daínib agá fuilid spirada teasaidi so-gluaisti; ar an adbur sin atáit siat méith feólmur & as maith dóib dobrón do
4505] Tuillead, adeirim co fuarann an eagla atá ar láthair nó atá chuguinn an corp, & co háirithi na boill fhuirimeallacha, óir tarraingthear an teas ó na ballaib fuirimeallacha chum na mball inmeadónach, & ní chum an chraidi gluaistear an teas acht
4510] chum na mball eile; óir gluaistear teas an chraidi chum na n-inneadh ar son easbaid ímáidi na spirad annsa chraidi & ar son tochluigthi an teithti, óir ní háil leó teagmáil d'adbur an uilc ar aen-mod; ar an adbur sin doimnigid an teas & na spiraid
4515] iat féin annsna ballaib, innus nach éidir leó iat féin d'ullmugad ná d'innordugad chum gluasachta, céimnigthi ná oslaigthi do theagmáil do ní aduathmur.
Ar an adbur sin beirid an feallsam fiadnuise
4520] a Leabur na Résún co lacthur an brú nó co togairmthear flux leannann chum na n-inneadh ar son cumgaid coiméignigthi an teasa & na spirad ón eagla annsna hinaduib sin; & cúisigid rith na spirad chum na mball sin reime & tromdacht
4525] inntu, óir cúisigthear fuaraideacht an chraidi & an chuirp co huilidi ón chumgach cúisigius an eagla, & ar son a laigid geintear teas & spirad ann ar son na fuaraideachta óir cúisigid an fhuaraideacht tromdacht annsa spirad agá téchtad.
Tuillead: an méid fhuarthur an craidi do
4530] résún na heagla, nó dona daínib atá arna
Et ní hiad amáin na haicídi adubrumar romainn connaimthear do leith na bríge tochluigthi, mur
4540] atá, irasibilis & concupisibilis, óir claechluigid sin ar cuirp. Gid eadh, na hímáidi so connuimthear do leith na bríge inntshamluigthi inmeadónaide claechluigthear ar cuirp uaithi, mur do-chíamaid gu follus co ngluaistear an fhuil ó fhaicsin nó ó
4545] ímáigiugad na réd ndearg; & mur an cédna geintear teinneas a neach éigin ó smuainead an {MS P page 460} teinnis atá ar a chompánach.
Agus mur adubrumar gurab intseachanta imurcaid d'aicídib na hanma, as ar an mod sin
4550] tuigmid gurab intseachanta an mian nó an t-ímáigiugad do-gabur uatha; óir ní himchubaid aen-uibiacht égcudruma do ímáigiugad a regimen na sláinti, óir gluaistear an spirad do gluasacht anorduigtheach óna leithéd sin d'ímáigiugad, &
4555] fácthur mod an díleagtha & toirmiscthear an codlad ón ímáigiugad sin. Agus is lór linn na neithe athchumaire so do rád d'aicídib na hanma.