Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 7

An seachtmad caibidil: Don chodlad & don neam-chodlad

De sompno et uigilia, est tractandum: .i. ó do labrumur don taeb thuas dín don biad & don dig labrum annso don chodlad & don neam-chodlad;
4170] óir do-gabur riaglacha uatha so atá éigintach a regimen na sláinti. Más ead, taburthar d'áig co deithideach tarba an chodalta a coiméd na sláinti, dá ndearntur a mod imchubaid é. Dá réir sin as


p.55

infra 197-8
intuicthi an méid comfhurtachtaigthear an nádúir
4175] ón chodlad, óir calmuigid an codlad an teas nádúrda oibrigius adbur na hoileamna isna ballaib inmeadónacha & annsna ballaib a mbeóaigthear díleagad na hoileamna. Tuillead: cumsanaid na boill uile óna17 n-oibrigthib annsa chodlad, & do-níthear
4180] an díleagad annsa chumsanad sin, ar an adbur sin calmuigthear an díleagad annsa chodlad. Tuillead: comfhurtachtaigthear & athnuaigigthear an bríg ainmidhi atá arna cor trít an codlad; & mur an cédna na neithe do coiread ré saethur
4185] athnuaigigthear iat lé cumsanad an chodalta. An gach uile gluasacht chorparda, an uair thinnsgnus teinneas neach, & cumsanad do dénam a cédóir, coisgid an teinneas. Agus ní fhuil comnuidhi as fearr an tan sin ná comnuidhi
4190] maille ré codlad, óir bít orgáin na cédfad ag dénam a ngníma féin annsa neam-chodlad, & is mur so nach éidir leó cumsanad fírinneach do dénam.

Más ead, ní héidir leisin duine beith ann gan codlad. Et dá mbia an codlad measurda díleagthur
4195] an biad, & reamraidthear an corp, & dísgaíltear an teinneas, & comfhurtachtaigthear an meanma, & méduigthear an teas nádúrda, & measraigthear na leanna, & glantur an meanma.

Tuillead: téigid & fliuchaid an codlad & beóaigid
4200] an díleagad tré theasaideacht & tré fhlichideacht; más ead, is follus gurab maith fhurtachtaigius


p.56

infra 198-9
an codlad an díleagad. Óir atáit na sean-daíne fuar tirim & is olc díleagaid, ar an adbur sin as imchubaid codlad dóib. Et as trít sin adubairt
4205] Galen an codlad do thogairm annsan aís arsaid maille ré lactuca do chaithim, óir atá an lactuca fuar & togairmid an codlad óna dead-balad.

Agus mur atá mórán tarbachta ag an codlad measurda dá dénum, as mur sin do-ní an neam-chodlad
4210] measurda a mod dleistinach mórán tarba. An neam-chodlad measurda, immorra, méduighid in tochlugad, & cúisigid an gorta, & calmuigid na boill fhuirimeallacha, & gluaisid an spirad a fuirimeall, lé saethraigid na boill an gluasacht
4215] atá éigintach dóib.

Et mur choimédus an codlad & an neam-chodlad an tshláinti co measurda, as mur sin, dá tucthur an codlad & an neam-chodlad a mod animchubaid, truaillid an tsláinti. Ar an adbur sin ullmuigid
4220] an codlad ainmeasurda na cuirp chum apoplexia & chum epilepsia & chum pairilisi & chum sdupair & chum easláintid fliuch & chum réma, & cúisigid an leisgi, & sgrisaid an tochlugad, & geinid neascóidi & fiabras. An neam-chodlad ainmeasurda tirmaigid
4225] sé na cuirp, & anfhainnigid an bríg ainimidhi, & laigdigid an bríg díleagthach, & ullmuigid an corp chum easláintid cnaíteach.

Ar an adbur sin tuigim cinnus dleagur an codlad measurda do gnáthugad. Más ead, adeirim


p.57

infra 199-200

4230] nach imchubaid an codlad tair és bíd gan inmeadón; & dleagur an méide so do chomnuidhi do dénam, gan codlad tair és bíd an feadh bís an biad ag tuitim ó bél an ghaile chum a íchtair.

Tuillead: ní dleagur saethur do dénum tair és
4235] bíd gan inmeadón, óir toirmiscid na neithe sin díleagad an bíd. Más ead, as indénta cumsanad & as inéistigthi innstruiminti ciúil leis ná tarróngthur an teas nádúrda a fad ó inad an díleagtha, nó éistig sé sdair éigin. Agus dá
4240] teagmad nach tuitfid an biad ó bél an ghaile ana íchtar, déntur beacán do shiubhal mín an tan sin, nó co mothuigthear an biad ag tuitim. Et dá sanntaigi neach codlad do dénam sul tuitis an biad ó íchtar an gaile, geintear an tan sin
4245] deathaige & teinneas annsa broinn & truailltear an díleagad; & tair és an bíd do thuitim éirgid {MS P page 456} deathaige míne chum na hinchinne chúisighius an codlad, & sásaidthear an nádúir annsa chodlad so.

Tuillead: déntur an codlad a n-aimsir shamraid
4250] a n-inad fhuar gan beith rémamail, gan asáin, óir cúisigid an codlad a n-asánaib anfhainne radairc & ainnteas annsa chorp co huilidi.

Codlad tair és bíd reamraigid sin an corp &
4255] calmuigid an díleagad. An codlad do-níthear roim an mbiad cuirid sé an corp a truaigi.

Tuillead: dligid boill an chuirp co huilidi beith fá édach a n-aimsir an chodalta, óir is mó dligid


p.58

infra 200-1
siat beith fá édach an tan sin ná sa neam-chodlad,
4260] & co háirithi an ceann. Agus dligid an cuisín beith ard innus ná hinntaigead an biad chum béil an ghaile. Et an uair thinnsgónus neach codlad do dénum dénad beacán codalta ar a'18 taeb ndeas, óir furtachtaigid sin tuitim an bíd a n-íchtar an
4265] gaile ó calmuigthear an díleagad. Et adubradar drong dona maidistreachaib a chontrárda so, .i. co ndéin athloidi ar a' taeb ndeas an díleagad do chomfhurtacht, óir curthar na hae ar an gaile an tan sin. Et is brégach an t-ímáidiugad sin,
4270] óir ní díleagaid na hae an biad annsa ghaile ag tégad ar mod teineadh, ach a' cruinniugad an bíd annsa gaile mur do-ní an chearc an t-ogh. Óir an uair codaltur ar an taeb clí as fuirbthi leatar na hae ar an gaile, más ead, as fuirbthi
4275] do-níthear an díleagad. Ar an adbur sin ní hinchodalta ar an taeb ndeas ach beacán ar son an tuitme sís do-ní an biad, ainnséin ar a' taeb clí ar son an díleagtha. Et ar coimlínad an chéid-díleagtha as inchodalta méid éigin ar a'
4280] taeb ndeas innus comad usaidi do fhúicfid an biad an gaile chum na n-ae, & comad usaidi do hinnarbfaidi imurcacha an chéid-díleagtha chum na n-inneadh.

Et dligid caindiacht an chodalta beith an
4285] méide so, .i. an céid-díleagad do choimlínad ann


p.59

infra 201-2
(& as annsa ghaile do-níthear é), & an feadh beas an biad ac dol ón ghaile chum na n-ae, mur a ndéntur an dara díleagad, óir teagmaid nach olc an codlad d'fhaidiugad co coimlinad an
4290] díleagtha sin. Agus éxamailtear an aimsear sin fá éxamlacht na coimplex & na n-aes & a cusmaile. Óir an drong gá fuilid coimplexa teasaidi & bríg díleagthach láidir, & chaithius biada as urusa do díleagad gan beith a caindiacht móir, as luath díleagaid an
4295] drong sin; & is cusmail gurab gearr an codlad reagaid a leas an drong sin, mar atáit, sé huaire nó ocht n-uaire an méid is mó. Gid eadh, an drong atá contrárda dóib so, .i. an drong gá fuil coimplex fuar & bríg díleagthach anfhann, & chaithius mórán
4300] bíd atá anumal don díleagad, rigid a leas an drong so codlad fada, mur atáit, sé huaire dég; & ní tualaing an drong so caithim acht aen-uair sa ló nádúrda. Agus an drong atá inmeadónach idir an droing so adubramar rigid a leas codlad
4305] inmeadónach, mur atáit, dá uair dég.

Tuillead: dligmid a thuicsin co corthur an bríg ainmidhi gu mór, óir is do réir chorthacht nó laige na bríge ainmidhi faidigthear nó gearraidthear an codlad. Agus dá mbia an chorthacht inmeadónach,
4310] bíth in codlad inmeadónach. Et as ead is comurtha ar an codlad do dénam gu lór, édromacht an chuirp co huilidi, & co háirithi na hinchinne & fhabraigead na súl, & toil fuail & fearaid. Saebad na fabrad & na hinchinne & an chuirp co huilidi, &


p.60

infra 202-3

4315] sgeathrach a cusmailius nádúire an bíd do caithead, signigid19 sin an codlad do beith easbadach.

Item, bíth a fhis agad nach sanntaigid na daíne measurda agá mbí regimen maith an codlad acht an méid as éigin dóib, óir ní thochluiginn
4320] an nádúir maith acht in méid is éigin dí; & as fír so acht muna toirmisgi gnáthugad é. Gid eadh, ní hinbeiti muinigin a tochlugad na corp tuitmeach, óir tochluigid drong acu codlad nísa mo ná mur as éigin, & drong eile nísa luga, mur
4325] adubramar romainn don tshaethur; ar an adbur sin na cuirp measurda gnáthuigius follamnugad measurda sláinti, fédmaid a rád co mbí caindiacht an chodalta comthrom do chaindiacht an neam-chodalta nó a ngar dí.


4330] Tuillead: bíth a fhis agad an méid as domuin {MS P page 457} an codlad gurab í an méide sin is fearr [acute ], & is don chodlad nádúrda labramaid ann so. Item, as intuicthi nach imchubaid dona corpaibh measurda codlad & a meadón fútha, ar son co mbrúidthear a
4335] muiníl & a ngaili, acht gé calmuiginn an bríg díleagthach anfhann & an díleagad. Tuillead: bíth a fhis agad nach dleagur codlad ar aen-mod ar an druim, óir ullmuigid sé droch-easláinti, mur atá, ingopus & apoplexia & sdupur. Agus
4340] is mór thshanntaigid na daíne égruaidi codlad ar an cor so, & co háirithi na daíne atá a ngaire do bás. Agus do-ní an codlad so na himurcacha


p.61

infra 203-4
do gluasacht do leith an droma, & connaimthear annsin iat, & ní imthigid trít na feadánuib.

4345]

Tuillead: bíth a fhis agad gurab é as codlad nádúrda ann an codlad nach toirmiscinn éirgi sa ló, óir ullmuigid codlad an lae an corp chum na droch-easláinti adubrumar romainn; óir atá an
4350] lá solus fógramuil, & atá imchubaid20 chum saethuir & chum neam-chodalta. An oidchi, immorra, atá sí imchubaid chum an chodalta ar son gurab fuaire hí ná an lá do leith an chuirp & do leith an anma; más ead, as í an oidchi as imchubaid
4355] chum an chodalta & an lá chum an tshaethuir. Ar an adbur sin conclúidigthear gurab a n-aici na hoidchi as fearr mórán an bíd do chaithim, & co háirithi muna bia an oidchi ro-gearr, óir as fearr do-níthear an díleagad annsan oidchi ar son
4360] an chodalta & ar son fhuaire an aéir ná sa ló . Gidh eadh, an drong atá amuirseach ar an réma & ar easláintib na súl & na cédfad eile seachnuid supér. Et as intuicthi co deithideach ar coimlínad an chodalta an corp do glanad ó na
4365] himurcachaib imdaidius ann, & ní headh amáin lé fearad & lé fual acht lé neithibh eile, mur atá, cosachtach & seileagar & an ceann do chírad & an aigid & na lámha d'innlad lé huisgi mbog.


p.62