Ordo naturalis est ut post predicta & cetera .i. is ord nádúrda labairt dona neithibh itear & ibthear a ndiaid na neithead adubramar romainn; óir atá an biad & an deoch éigintach d'éis an
3690] tshaethuir & an fhothraicthi & na coimriachtana. Labrum ar tús don biad & don dig co generálta. Et laibeórmaid an dara huair co speitsialta d'adburaib na mbiad innus co mbeith ar foirceadal co tarbach & co lór.
3695] Tair éis an fhothraicthi & an tsaethuir do do dénam dleagur an biad do thabhairt, óir atáit na cuirp folam an tan sin. Agus is don fholmaideacht sin gairius Ipocráid an gorta; & a mbél an gaile críchnuigthear í, gid eadh, is ó na ballaib eile
3700] thinnsgnus. Et as í an gorta so as fear garma
Et as intseachanta gu mór gan an gaili do línad don biad, agá rigid & agá chur a truime móir, & ac cur na hanála a cumga & an puls a luas. Agus
3720] as intseachanta mur an cédna línad
urlaictheach do-ní fasdidium mór, & co háirithi do droch-biadaibh; óir cúisigthear teinneas alt ó na droch- biadaibh reamra, ó ndéntur fastidium & teinneas dubán & disuria & reime annsna haeib & annsa
3725] tsheilg & easláinti fleumaticacha co huilidi. Et dá tí fastidium ó droch-oileamain tshéim, teacaid droch-easláinti géra an tan sin & neascóidi géra; ar an adbur sin as intseachanta gu mór an repletion.
Ná hitear biad an méide so innus nach bia cuid
Tuillead: dligmid a thuicsin nach bia in tochlugad
3745] mailíseach, óir ní dearbad díleas ar an mbiad do chaithim an tochlugad mailíseach; más ead, rithim chum comurthad eile, mur atá, folmaideacht do mothugad annsa ghaili, & imurcacha an bíd do caithead roime sin d'innarbad, & an fual do beith
3750] díleagtha; & an uair bus follus sin as aimsear do chaithim an bíd, ginco bia in tochlugad ar marthain, & co speitsialta, má táinic an uair anar gnáthuig sé biad do chaithim, & gan seachrán do beith annsa chéid-biad ná a n-aen-ní do thoirmeósgad díleagad
3755] an chéid-bíd.
Et dleagur a thabairt d'áig co deithideach co fuil drong do na daínibh rig a leas mórán bíd
Et mur thuicmid do chaindiacht big nó móir an bíd ana mod féin tuicthear an cédna don biad reamur & don bhiad shéim; óir an drong gá fhuil
3770] teas láidir &
boill chruaidi & bríga oileamnacha {MS P page 450} láidiri & thshaethraigius co mór, reagaid a leas diet reamur do chaithim, mur atá, feóil daim & muici & lachon & a cusmaili. Et a chontrárda so don droing agá mbít cuirp boga fhliucha thearca & gá
3775] mbí teas anfhann, óir is diet séim rigid a leas, mur atáit, uigi boga & eanbruithi feóla.
Tuillead: adeirim co fuil drong rig a leas biad gá fuil oileamain mór do chaithim, & drong rig a leas biad gá fuil oileamain beac, & drong rig a
3780] leas biad gá fuil oileamain meadónach. Óir na daíne truaga agá fuil teas dísgaílteach gu mór, & thsaethraigius gu mór, rigid a leas biada oilius gu mór, mur atáit, uigi boga, & feóil mairt & muice, & eanbruithi feóla & fín milis. Agus a chontrárda
3785] sin do na daínibh atá lán do méthrad & do linn fhinn, & gá fuilid cuirp fhliucha boga, & nach
Ar an adbur sin dá ngnáthuige neach do biadaibh
3790] oilius co holc, ginco déin sé díth ar tús ar son an gnáthuigthe nó ar son láidireacht na bríge díleagthaigi, gid eadh, cúisigid mórán d'easláintib fá deóid. Gid eadh, fédaidh drong droch-biad do chaithim a méid éigin ar son a gnáthuigthe & ar
3795] son shuigigthi éigin nádúrda agá fuil cusmailius ris. Ar an adbur sin gibé neach gnáthuigius droch-biad do chaithim ní dliginn a gnáthugad do chlaechlód gu hobann acht tar éis a chéile; & dá teagmad ná bud éidir leis an gnáthugad do
3800] chlaechlód ar son cúise éigin speitsialta, is maith beith deithideach an tan sin d'fholmugad an leanna geintear ón droch-biad, óir do remchoimédfaidi an tshláinti uada sin. Et dá teagmad méid éigin mailísi annsa biad gnáthuigtheach, ná claechluigthear
3805] é, óir ceartaigid an nádúir & an díleagad láidir an mailís beac. Gid eadh, dá mbia in mailís inchomurthaig is maille ré docomal ceartaigthear ón nádúir hí.
Tuillead: as intuicthi cáilideacht gnímach &
3810] brígach na mbiad. An cháilideacht gnímach, immorra, .i. co ndleagur na biada caitear do beith te co gnímach annsa geimread & fuar annsa tshamrad, & biada inmeadónacha annsna haimsearaib inmeadónacha; & mur an cédna don cháilideacht
3815] brígaid, óir dleagur neithe teasaidi do réir bríge
3820] Tuillead: an drong thuitius a teasaideacht rigid a leas biada fuara d'fhagbáil; & is mur sin tuicthear do na cáilib eile.
Tuillead: adeirim gurab intseachanta na neithe as cúis do thruailliugad an díleagtha, mur
3825] atá, slugad na codach & a droch-cogaint, & imad na cúrsad, mur atá, mórán do biaduib & do deochaib éxamla do chaithim ar aen-bord, & mórán ribóideachta & droch-ord na mbiad, mur atáit, biada reamra do chaithim roim an mbiad séim;
3830] óir truailltear an díleagad uaid so; óir díleagthur an biad séim roim an mbiad reamur, & anaid nísa shia ná an chóir annsa ghaili tré gan sligi aigi as, & truailltear mur sin é, & truaillid sin an biad nár díleagad annsa ghaili. Ar an adbur sin as résúnda
3835] na biada séime do chaithim ar tús & na biada reamra ainnséin; óir dá ndíleagthur iad roim na biadaibh reamra fágbuid an gaili, & anuid na biada reamra annsa ghaile nó gu ndíleagthur iat co fuirbthi; óir an tshligi atá follus don ní shéim
3840] ní fhuil sí follus don ní reamur.
Et as intuicthi dá sanntaidi neach beacán do biad reamur do chaithim & línad mór do biad shéim, as í mu dóich an tan sin gurab résúnta an
3850] Tuillead: tabair dot úigh nach bia an biad caitear ar tús sleamain, óir tar éis díleagtha an bíd so tairrngid leis an biad eile gan díleagad ana choimideacht.
Tuillead: is mór is tuctha d'aire gan tortha
3855] stipeacda do chaithim a tosach na coda, mur atáit, oráitsi & péireadha & mespila, óir toirmisgid so an biad d'fhágbáil an ghaili. Gid eadh, as imchubaid iat a tosach na coda don droing ara mbí flux bronn co gnáthach. Gid eadh, is do
3860] choiméd na sláinti labramaid annso.
Item, is coiméd coitchinn gan gnáthugad dona praiseachaib ná dona torthaib acht a méid bic ; óir geinid siat fuil uisgeamail deathmur atá ullam chum morgaid. Et dá teagmad tortha do gnáthugad a coiméd na sláinti caitear na tortha
3865] stipeacda a ndiaid na mbiad eile, mur atáit, oráitsi & péireadha & castania, & na tortha laccthacha roim an cuid, mur atáit, áirneada & fígeadha & seiríne & a cusmaile. Agus ní hinchaiti na biada eile dá n-éis so gan inmeadón, acht spás beac do
3870] beith aturra, & deoch lagus an brú d'ól, mur
Tuillead: bíth a fhis agad nach imchubaid gu
3880] mór blasa éxamla, toltanacha a coiméd na sláinti ar eagla co caithfid nísa mó ná mur do ricfead a leas díb.
Ar an adbur sin as imchubaidi na blasa mianamla dona daínibh easlána ná dona daínibh
3885] slána.
Tuillead: bíth a fhis agad nach imchubaid leigeas a coiméd na sláinti acht chum rémchoiméda na sláinti; óir mur as é as díleas don biad an tshláinti do choiméd, as é as díleas don leigeas
3890] an corp do chlaechlód. Más ead, ná gnáthuigeadh fear coiméda na sláinti aen-ní a mbía nádúir leigis acht chum rémchoiméda amáin.
Tuillead: bíth uair an chaithme fuar, & munab éidir a beith fuar bíth an t-inad fuar. Agus bíd
3895] uaire an chaithme mur so innus comad éidir lé neach cumsanad do dénam; óir ní co hobann dleagur an saethur do dénam a ndiaid in chaithme acht d'éis chomnuide, & siubal mín ainnséin
Tuillead: as dona neithib fhurtachtaidius an díleagad ar tús beacán codalta do dénam ar an taeb ndeas, innus comad feirrdi do thuitfid an biad a n-íchtar an ghaili, & codlad aimsear fhada
3905] ana diaid sin ar an taeb clé do chríchnugad an díleagtha; óir ní fhuil laigi as imchubaidi do chalmugad an díleagtha ná laigi ar an taeb clé, óir leatar na hae ar an gaile a' timargad an bíd annsa laigi sin, mur do-ní an chearc réna huidib,
3910] & díleagthur an biad co fuirfe annsa gaili trít sin. Et is inntaigthi a ndeireadh an chodalta ar an taeb ndeas, innus comad usaidi leisin mbiad an gaile d'fhágbáil chum na n-ae & imurcacha an chéid-díleagtha chum na n-inneadh.
Et comurthaig co deithideach dá teagmad biad
3915] gá mbeith droch-cáil ó chúis éigin, mur atá, biad aigéidigthi, nó saillti, nó poinnticda, nó a cusmaile, gurab résúnta ní éigin do chaithim gá fuil cáil chontrárda don biad sin do cheartugad mailísi an
3920] chéid-bíd: verbi gratia, .i. dá caithead neach biad atá saillti co gnímach dobad imchubaid ana diaid, sul do díleagfaidi é, neithe millsi fliucha, nó neithe insipita do chaithim, & as imchubaid sin mur regimen; & tuicthear a chusmailius sin
3925] do na neithibh eile.
{MS P page 452}Tuillead: seachaintear gan fín ná uisgi d'ól
3940] Tuillead: bíth a fhis agad an neach ara mbí gorta mór nach dliginn sé biad séim do chaithim ar tús; & dá teagmad co caithfidi an biad séim ar tús do-gébad aduathmuireacht an gaile roim an mbiad reamur ana diaid innus nach éidir leis an
3945] biad reamur do gabáil ná do díleagad, más ead, do réir chonsiquens, truailltear é. Ar an adbur sin caitear an biad reamur ar tús. Et as é as cúis dó sin, óir
bíth teas ard a ngailib folma lucht na gorta nach imchubaid don biad shéim.
3950] Ar an adbur sin an uair caitear an biad séim sgaíltear é ar fud an ghaile co huilidi, ar son áilgis láidir an gaile & sochumsgaidthi an bíd shéim. Et cúisigthear línad taidbrigtheach uada sin, & iatur bél an gaile, & is trít sin aduathmuirius
Tuillead: is mór dligmid beith deithideach a nuimir an chaithme; & coimédaidh an gnáthugad gu mór an nuimir sin, & mad olc é dligmid a
3965] sheachna d'éis a chéile. Gibé do gnáthuig biad do chaithim aen-uair sa ló ní dliginn sé claechlód obann do dénam chum caithme fá dó, nó14 econtra15; óir is mór urchóidigius an claechlód obann; más ead, dligid an liaig beith co deithideach a coiméd
3970] an dearbtha.
Et bíth drong ann darab lór biad do chaithim aen-uair sa ló nádúrda do réir résúin, mur atá, an drong gá fuili bríga & baill láidiri, & gan a mbeith sodísgaílti, & beacán saethuir do dénam, & biad
3975] do chaithim gu lór aen-fheacht. Óir is lór do lucht leanna finn biad do chaithim aen-fheacht sa ló, & gu háirithi an drong gá mbít cuirp fhliucha & a mbeith mur so, .i. gur gnáthuigidur biada reamra rigne méid éigin; & is lór dóib sin caithim
3980] mur adubramar acht muna beith gnáthugad ana n-aigid.
Et an drong gá fuilid cuingill chontrárda do na
Et is lór dona daínibh measurda & do na daínib atá inmeadónach aturra sin caithim fá thrí risin dá lá, innus co mbia spás sé huairi dég idir an dá chaithim.
3990] Et atá drong eile dligius biad do chaithim fá thrí nó fá cheathair sa ló nádúrda, mur atáit, na seanóire, & an drong atá ag éirgi a heasláinti dá n-inntóg chum a staidi féin. Óir is amlaid atáit na seanóiri mur atá an lóchrann ullam chum a
3995] báiti, ar an adbur sin muna tucthur biad dóib co minic múchthur an teas, & dá tucthar mórán ar aen-shligi dóib cnaítear & múchthur a teas; ar an adbur sin dligid siat beacán do chaithim & a chaithim co minic.
4000] Agus as mur an cédna dleagur an drong bís ag éirgi a heasláinti d'oileamain; óir atá teas anfhann acu nach fuil cumachtach ar díleagad do dénam, ar an adbur sin is maith dóib beith coigilteach ar biad nó co calmuigthear a cuirp &
4005] a teas nádúrda chum an díleagtha; & as é a chusmailius {MS P page 453} sin tuicthear dona leanbuib.
Et ar tuicsin coimplex na ndaíneadh adérmaid gurab maith fhuilngid lucht leanna finn an tréiginus, & gurab ro-beac fhuilngit lucht leanna
4010] ruaidh. Lucht fola deirge & leanna duib, immorra,
Do na haesaib, immorra: óir is follus dúin nach éidir leis na ndaídinaib, & co háirithi an drong atá anmamuil acu, tréiginus d'fhulang. Et na sean-daíne & co háirithi an uair bít siat a mod inmeadónach,
4020] ní maith ní holc fhuilngid tréiginus.
Agus as iat sin na neithe as éidir linn do rád do réir résúin do nuimir an chaithme.
Et as inchomurthaig co deithideach co fuil cuid dona biaduib nach inchaithme ar aen-shligi, mur
4025] atá, bainne & uinégra & gach uile ní aigéidigthi, & bainne & iasg, & bainne goirt & raidis, ná feóil én do-ní eitillach a ndiaig rais; & ní dligmid ola ná méthrad coimédtur a soitheach sdáin do chaithim ar aen-shligid risna biadaibh.
4030] Tuillead: dligi a fhis do bheith agad in moch-thráth nó am hráthnóna dligid na biada reamra do chaithim; & as í mu dóich do beith mu breithimnus maith co ndleagur an biad reamur do thabairt im easpartain acht muna toirmisci
4035] an réma é, & is mó an chaindiacht dleagur do thabairt de ar mbeith na hoidchi fada & ar son an chodalta, óir is annsa chumsanad & annsa chodlad do-níthear an díleagad; óir cumsanaigid
4045] Tuillead: as inchomurthaig, gibé lérb áil a shláinti do choiméd, gan mórán d'ól a tús ná a meadón a choda, acht a sheachna co deireadh a choda, & ibthear an tan sin an méid choisgius in tart fíre. Óir as ead as tart fíre ann mur adeir
4050] so: Sitis est quedam estuacio in stomacho causata ex cibo recepto qui habet stomachum quodammodo califacere & desicare , .i. is ead is tart ann, teasbach éigin cúisigthear annsa ghaile ó chaithim na mbiad téigius & tirmaigius an gaile ar mod éigin.
4055] Agus teagmaid an teasbach sin gu mór a ndeireadh in chaithme, más ead, as inibthi in deoch an tan sin & gan ach beacán d'ól a tosach na coda.
Bíth a fhis agad co n-abur deoch a trí modaibh, .i. deoch cumuscda & deoch threóraigtheach
4060] & deoch coisgius an tart.
An deoch cumuscda, immorra, ibthear í ar aen-shligi risin mbiad; ar an adbar sin tuigim, & an breithimnus imshlán, nach dleagur a seachna feadh an chaithme; más ead, ibthear hí a tosach
4065] & a meadón & a ndeireadh na coda; & is mór as imchubaid an deoch so an uair caitear na biada
Deoch coisgi an tarta, immorra, ní dleagur a
4070] hól co deiread an chaithme; óir ní tart fírinneach acht an tart bís ó theasaideacht an ghaile ar son an bíd, & ní faicthear gu resúnta gurab ar aen-shligi thinnsgnus an tart & an t-ocras, óir is dá thochlugad chontrárda iat.
4075] An deoch threoraigtheach, immorra, as imchubaid co mór í ar coimlínad an chéid-díleagtha, óir ní holc deoch d'ól an tan sin do threórugad an bíd ón ghaile chum na n-ae & d'ullmugad an ghaile do gabáil na mbiad eile. Et dá teagmad tart ar
4080] neach, & gan biad do chaithim do roime, & gan {MS P page 454}gorta air, as tart mi-nádúrda an tart so & as imchubaid deoch roim an mbiad annsa chás so. Agus ligmid do sin, óir téit sé tar tórannaib regimen na sláinti.
4085] An deoch atá imchubaid co riagalta a coiméd na sláinti ní huisgi í acht fín, nó deoch eile atá cusmail ris, mur atá, linn nó deoch do-níthear do na luibib & a cusmaile; gid eadh, as é an fín as fearr díb. Et as trít atáim athchumair annso,
4090] óir laibeórad leathatís dím co speitsialta dona deochaib.
An fín gnáthuigmid a regimen na sláinti ní dliginn sé beith gér ná teinnteamail ná reamur ná milis ná aigéidigthi; & bíth 'na fhín fhinn,
4095] nó a cusmailius rósa annsa tshamrad; & bíth
4105] Et bíth a fhis agud co deithideach gurab tart brégach bís ar neach an uair nach bí teasbach a mbél an ghaile, óir bíth sé co minic ón sgamán nó ón bráigid nó ón bél nó ó luaithrid nó ó aér theasaidi. Et ní reagur a leas deoch d'ól an tan
4110] sin ach gargraisim fhína uisgeamail nó uisgi fhliuchus na boill adubramar. Nó féda, mád fearr lat, tortha a mbí mórán súig do chogaint & a cur amach, nó beacán dá súg do shlugad ar son tirmachta na sgórnaighi, & toirmeósgaid sin an
4115] tart. Et as imchubaid tarrang an aéir fhuair annsa bél & annsa sróin isin tart sin.
Et as inchomurthaig co deithideach gurab do réir égsamlacht an choimplexa, & na haísi, & an regimen, & an gnáthuigthe, tuicthear égsamlacht
4120] taburta na ndeoch; óir ata cuid dona coimplexaib darab imchubaid fín láidir, & cuid eile fín égruaid, & cuid darab imchubaid mórán fína, & cuid darab imchubaid beacán, & cuid darab imchubaid fín
Na daíne agá mbíd coimplexa teasaidi dligid deocha séime anfhanna d'ól a caindiacht móir; & an drong agá mbíd coimplexa fuara dligid fínta láidiri d'ól a caindiacht bic. Tuillead: na daíne
4130] agá mbít féithe anfhanna as fínta anfhanna dligid d'ól; et an drong agá mbí inchinn láidir & féithe & ailt láidiri féduid siat fínta láidiri d'ól co hinnil, & a chontrárda so don droing agá mbíd inchinni égruaidi & féithe & ailt
égruaidi. Tuillead:
4135] .i. atáit drong rig a leas fín maith ara mbeith tirim, óir fliuchaid an fín ag oileamain; & do-nií na daíne brónacha furbaílid, & an drong agá mbí beacán spiraid geinid mórán spiraid inntu, más ead, as imchubaid an fín dóib so co mór.
4140] Tuillead: bíth a fhis agad, mur nach éidir caindiacht móráin dona neithibh eile do deimniugad lé litreachaib, & co fuil an deoch mur sin, nach éidir a caindiacht do rád annso, ach tuicthear do réir résúin an ní atá a ngar don fhírinne.
4145] Et atáit drong darab imchubaid mórán digi & drong eile beacán; & is mór dligmid caindiacht & cáilideacht an bíd
do thabairt dár n-úig an tan sin, óir is do réir cháilideachta & caindiachta an bíd éxamailtear cáilideacht & caindiacht na digi,
4150] & mur an cédna éxamailtear an tart co nádúrda. Ar an adbar sin an drong caithis biada do-ní teas mór a mbél an gaile as iat is mó tart & is
Tuillead: as mór dligmid cáilideacht & caindiacht na ngailead do thabairt dár n-úig ag tabairt na
4160] digi; óir an drong agá mbíd gailidi tirma bíth {MS P page 455} tart mór orra & ní fhéduid mórán digi d'fhulang, & a chontrárda sin don droing agá mbít gaileada fliucha.
Agus is lór linn na neithe generálta so adubramar
4165] do na biadaibh & do na deochaib; óir laibérmaid 16 co speitsialta díb don taíb thís dín.