Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 5

An cúigead caibidil: Don choimriachtain

{MS P page 447} Coitus secundum ueritatem iuuamentum habet in
3560] expulcione superfluitatum .i. atá furtacht ag an coimriachtain co fírinneach ag innarbad na n-imurcach, & co háirithi imurcacha an treas díleagtha. Et adearar nach cúisiginn éigintus an choimriachtain co fírinneach, mur do-ní an saethur
3565] & an choimilt & a cusmaile, óir atáit so éigintach an gach aen-aís. Agus is éidir leis na macámuib beith beó gan coimriachtain do gnáthugad, mur as follus co mbíd drong slán beo gan coimriachtain do dénam fead a n-aimsiri; gid eadh, gan cunntabairt,


p.33

infra 174-5

3570] as sláinidi iat coimriachtain do gnáthugad, ach gu mbí sí co measurda. Óir an imurcaid bís ag an oileamain, do réir chainndiachta & ní do réir cháilideachta, an uair thuitius sí a soithigib na geineamna, as ré adearar sperma.; & innarbthur
3575] sin leis in coimriachtain, óir ní fhuil sligi as imchubaidi ná sin aici; ar an adbur sin is mór an guasacht gan an síl sin d'innarbad lé coimriachtain, óir morgthur & truailltear é, & inntaigthear a neim as cusmail ris féin é, & cúisigid
3580] droch-easláinti.

Et innarbthur imurcacha an treas díleagtha lé saethur & lé fothragad & lé coimeilt, an uair pheacuigid siat a cáilideacht & a caindiacht. Óir as ead as sperma ann imurcaid an treas díleagad
3585] nach peacaidinn a cáilideacht, atá arna hordugad do choiméd na gnee; & is ón choimriachtain coimlíntur an coiméd sin annsna hainmintib fuirbthi, óir ní fhuil aen-shligi as mó atá imchubaid d'innarbad na himurcaidi sin ná an choimriachtain,
3590] et co háirithi an uair thuitius an sperma a soithigib an tshílne. Et is mur sin is follus do beith 'na furtacht mór a coiméd na sláinti.

Et atáit tarbachta eile do-ní an choimriachtain: óir édromaigid sí na cuirp línta, & do-ní an t-anam
3595] subach faílid, & mínigid an fhearg, & innarbaid na smuaintigthi, & médaigid an tochlugad, & togairmid in codlad.


p.34

infra 175-6
Tuillead: dá cúisigthear dobrón ó grád mná ar neach in méide sin gurab beac nach fadann bás,
3600] gnáthuigeadh sé mórán coimriachtana, ginco fadann sé an bean dá fhuil a grád, & míneóchaid cuthach a gráda.

Tuillead, édromaigid an choimriachtain measurda an ceann & an chial . Et ní headh amáin a coiméd
3605] na sláinti, acht as imchubaid í a leigeas móráin d'easláintib mur is follus annsa phraitic. Et na daíne gnáthuigius coimriachtain & sheachnus ainnséin í, cúisigthear tromdacht & fuaraideacht ana corpaibh & docomlacht gluaisti. Et teagmaid
3610] ó uireasbaid na coimriachtana & ó imdugad an sperma, & óna inntóg a ndásacht & a fuacht uair eile, co n-inntaigthear a neim é, innus co curthar droch-deathaige neimneacha chum an chraidi & chum na hinchinne, mur theagmus
3615] annsna mnáib ó chumgugad matrix.

Et mur do-ní an choimriachtain measurda mórán tarba don droing darab imchubaid í, is mur sin do-ní an choimriachtain ainmeasurda urchóid don droing darab animchubaid í; óir
3620] is mó anfainnigius sí ná do-ní én-fholmugad eile, & truaillid an tochlugad, & cabánaigid na súile, & anfhainnigid an inchinn & na cédfada ana suigiugad. Et dligid an drong gá mbíd cuirp anfanna coimriachtain do sheachna, mur do


p.35

infra 176-7

3625] sheachóndais easgara marbthach, óir an drong gnáthuigius í cúisigid eitic inntu.

Tuillead: dligid na daíne anfanna truaga, & an drong gá mbíd féithe anfanna & cuisleanna cumga, coimriachtain do sheachna gu mór; óir gortaigid an
3630] choimriachtain mór minic na féithe, & urchóidigid dona súilib, & truaillid bríga an chuirp co huilidi, & treóraigid a n-arsaideacht ar an adbur sin is beac as imchubaid í dona sean-daínibh.

Et atáit na daíne agá fuilid cuirp reamra láidiri
3635] lán d'fhuil, & gá fuilid cuisleanna fairsingi, & ar a {MS P page 448} fuil dath dearg & mórán finnfaid, ullam chum na coimriachtana, & co háirithi a ndeireadh na haísi macánta, & an drong gnáthuigius oileamna méduigius an sperma, & ibius fín milis, & chodlus
3640] mórán.

Et as intuicthi co deithideach an choimriachtain as imchubaid a coiméd na sláinti co ndliginn beith ó thoil nádúrda shláin nach dúisgthear ó radurc ná ó glacad ná ó ímáigiugad láidir, acht
3645] dligid sí beith ó imdugad an sperma & ó línad maille ré gaethmuireacht.

Et dligid neach coimriachtain do gnáthugad an feadh beas tochlugad láidir aigi, & aireóchus sé13 é féin édrom lúthgáireach . Agus ní dliginn
3650] neach gá mbia corp lán do biad a gnáthugad.


p.36

infra 177-8
Et nídleagur a dénamh tair és bíd gan inmeadón, mur nach dleagur saethur do dénam. Agus ní himchubaid do na corpaibh ara mbí gorta mór í, óir sgrisaid an choimriachtain sin an teas nádúrda, &
3655] togairmid an eitic.

Et as í uair imchubaid na coimriachtana ar coimlínad an chéid-díleagtha, & an dara díleagtha, & ar tinnsgaint an treas díleagad. Agus dleagur an choimriachtain do dénum roim an saethur &
3660] roim an coimeilt. Et dá mbeith aen-neach ar an suigiugad so a tosach na hoidchi do bud í uair imchubaid na coimriachtana í; óir bíth an codlad fada ana diaid an tan sin, & fásaid an bríg, & inorduigthear an sperma a matrix, & gabthur an
3665] toirrcheas co hurusa an tan sin, & is beac anfainnigthear na cuirp ón choimriachtain sin.

Tuillead: an drong darab imchubaid an choimriachtain ní dligid siat beith arna tégad ná arna fuarad co dásachtach, acht gé luga urchóidigius
3670] sí d'éis an teasa ná tar éis an fhuachta.

Tuillead: dleagur an choimriachtain do sheachna tar és na folmuigthid láidir, mur atá, sgeathrach & flux bronn & cuisle & saethur láidir corparda. Et mur an cédna dleagur a seachna déis fheirgi
3675] móire & dobróin & gairdeachuis móir & co háirithi a n-aimsir na n-imurcach d'innarbad.

Tuillead: dligid na mná torrcha bís amuirseach ar toirrcheas marb an choimriachtain do sheachna. Tuillead: ní dleagur ar aen-mod an sperma do


p.37

infra 178-9
3680] chonnmáil a n-aimsir na coimriachtana, óir treóraigid sin cumgach a n-uirgi . Et an drong gá mbí gairdeachus mór ag dénam na coimriachtana is mór anfhainnigthear iat; ar an adbur sin an drong is mó gairdeachus is iat is mó anfainnigthear
3685] innti.