Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 4

An ceathramad caibidil: Don fhothragad

{MS P page 445} Post consideracionem exerccicii8 & fricacionis sequitur consideracio balnei & cetera .i. ar ndénum


p.27

infra 167-8
consideracio don tshaethur & don choimelt do-níthear consideracio9 ann so don fhothragad, ar
3410] son co nglanann an fothragad na boill fhuirimeallacha ón tshalchur do fágad orra ón tshaethur. Tuillead: ní hé gach aen-ní do fágad faí an croicinn dísgaíltear nó cnaítear ón tshaethur & ón choimeilt co huilidi; más ead, reagar a leas an fothragad
3415] d'innarbad na neitheadh atá a fhogus don chroicinn. Tuillead: an drong leis nach éidir saethur do dénam ar son égruais a mball nó ar son cúise éigin eile, coimlínaidh an fothragad oibrigthi an tsaethuir an tan sin. Tuillead:
3420] téigid an fothragad na boill imeallacha & fliuchaid co measurda na neithe do tirmuigid & do fuarad ón tshaethur & ón choimeilt láidir. Ar an adbur sin is résúnta labairt don fhothragad tair és an tsaethuir & na coimelta.


3425] Et atáit tarbachta eile ag an fothragad, mar atá, an codlad do thogairm, & dúinti na póiread d'oslugad, & dath maith do thabairt ar an croicinn, & na leanna & na hadbair atá faí an croicinn do dísgaílead, & an gaethmuireacht do chnaí, & an
3430] teinneas do míniugad, & an brú do chumgugad, & an chorthacht d'innarbad.

Tuillead: téigid an fothragad co gnáthach, & fuaraid co gnáthach, & fliuchaid & tirmuigid mur an cédna. Óir an uair theagmus ar tús do na
3435] ballaib téigid iat, mur do-ní teas gnímach an


p.28

infra 168-9
aéir. Agus díleagaid na leanna fuara a' comfhurtacht an teasa. Et fuaraid ac dísgaílead an teasa nádúrda co hanimchubaid & na spirad tré fhuaraideacht esida an uisgi; acht gé atá an
3440] t-uisgi te co haicídeach nó co gnímach atá fuar co nádúrda; & an uair connaimthear co fada na cuirp ann fuaraid iat. Agus fliuchaid an fothragad na cuirp ar son a fhlichi; et tirmuigid mur an cédna ag tarrang na hoileamna chum
3445] na mball & agá dísgaílead uatha & ag osgailt na póiread, óir innarbthar an teas & an fhlichideacht a ndeathaigib ón oibriugad sin.

Tuillead: bíth a fhis agad an uair do-bearar an fothragad co hainimchubaid annsan inad nach
3450] reagur a leas co ndéin mórán d'urchóidib; óir, an uair do-ní neach comnuidhi fada ann, anfhainnigid an craidi & togairmid urlagad & singcoipis, & gluaisid na leanna atá a cumsanad & ullmuigid iat chum morgaid, & gluaisid iat chum tuitme
3455] chum na mball anfhann chúisigius neascóid do geineamain a ndoimne nó a fuirimeall na mball. Agus sgrisaid sé áilgeas an chaithme, & anfhainnigid sé bríg na coimriachtana. Ar an adbur sin fédmaid a chonclúidiugad nach dligid an drong
3460] gá mbíd cuirp línta náid gaileada náid ailt égruaidi fothragad do dénam; & mur an cédna don droing agá mbít craidi & féithe égruaidi; & co háirithi ní dligid siat fuireach fada do dénam ann.


p.29

10 Tuillead: bíth a fhis agad nach gnáthuigmid
3465] fothragad a coiméd na sláinti acht do glanad an chroicinn amáin. Agus dligid an fothragad beith measurda a teas an tan sin & comnuide gearr do dénam ann. Agus is ar céd-longad as imchubaid an fothragad an tan sin, & tar és thsaethuir &
3470] coimelta.

Et as é as cúis don fhothragad co minic imurcacha na corp nach fédann an saethur do dénum d'innarbad. Agus dligid sé beith dísgaílteach nísa mó an tan sin d'oslugad na póiread & d'innarbad na
3475] n-imurcach & do shéimiugad an chroicinn. Agus dligid sé beith te nísa mó & fuireach fada do {MS P page 446}dénam ann nó co lagaid súile na méiread11 nó co tinnsgna an corp allus do chur de.

Tuillead: do-bearar an fothragad do reamrugad
3480] na corp. Agus ní dleagur fuireach risin díleagad do beith coimlínta an tan sin; acht an tan bus follus an gaile do beith arna édromugad, dleagur dul annsa fothragad an tan sin & gan fuireach fada do dénam ann, óir is gearr an aimsear reagar
3485] a leas beith annsa fothragad chum na corp do reamrugad a n-aithfhégad an chomnuidhi dleagur do dénam ann dá thruagugad. Et an drong lérb áil a reamrugad, an uair thinnsgnaid deargad do dénam, fágaid an fothragad, & crotar uisgi fuar
3490] ar a corpaibh co huilidi, & ongthar a mboill lé holaid éigin dúnus na póire & chonnmus an


p.30

fhlichideacht. Et ná togairmthear an t-allus a ndiaid an fhothraigthe; & caitear biad gu grod ana diaid, .i. biad as urusa do díleagad & oilius
3495] gu mór & leanus co maith.

Et an uair bus áil leat an corp do thruagugad, déntur fothragad co gnáthach dó; & as é an fothragad tirim maille ré beacán uisgi as imchubaidi dóib sin; & dligid an fothragad sin beith te
3500] & fuireach fada do dénam ann nó co faicthear súile ná mér ag lagad. Agus ar fhágbáil an fhothraigthe dóib ní dligid siat uisgi fuar ná ola do gnáthugad. Agus dligid allus do chur díb d'éis an fhothraigthe, & dligid aipstinens fada do
3505] dénam & biada tirma oilius co beac do chaithim.

Et ná hibeadh uisgi fuar ná aen-ní eile atá fuar co gnímach d'éis an fhothraigthe, óir is cúis d'idroipis sin.

Et ní dligid na daíne slána co coitchinn fothragad
3510] uisgi fhuair do dénam acht muna beid coimplexa ro-theasaidi acu & féithe láidiri & ailt maithi; gid eadh, ná dénuid an drong sin comnuide fada ann.

Et adeirim co fédann duine óg fothragad uisgi
3515] do dénam beas fuar co measurda, & co háirithi dá mbia coimplex teasaidi aigi & corp feólmur & regimen maith & aimsear theasaidi & uair the, & a dénam tair és meadóin laí. Agus is ann dleagur an fothragad sin do gnáthugad, tair és fhothraigthe


p.31

infra 171-2

3520] uisgi the innus co calmóchaide a mboill & co timairgid a teas co hinmeadónach; & ní hindénta comnuide fada in tan sin ann lé ngébad an corp aduathmuireacht.12 Tuillead; bíth a fhis agad co ndliginn gach
3525] aen-duine d'éis fhothraigthe a cheann do chlúdad & an corp uile, & co háirithi annsa geimread, innus nach ullmuigthi an corp do gabáil an fhuachta, óir atá ullam chugi ar son mur do hosglad na póire ón fhothragad.


3530] Tuillead: bíth a fhis agad co fuil cunntabairt ar droing do na daínib fá dol a fothragad ar céd-longad ar son co méduidthear & co ngeintear linn ruad ana corpaibh; & dligid an drong sin greim aráin arna thuma a súg na n-uball ngráineach nó
3535] a fín uisgeamail do chaithim roime. Et atáit drong eile ana ngeintear dúinti ó dul a fothragad & co háirithi an drong caithius biad co grod roime; & as imchubaid oximel nó siróip aigéidigthi dóib.


3540] Et bíth a fhis agad gurab imchubaid na colpada d'innlad a coiméd na sláinti, & co háirithi a coiméd na súl & na cluas. Et dleagur a n-innlad nó a coimilt lé huisgi atá te co measurda. Et dligid an t-innlad sin beith annsan oidchi ré ndul
3545] annsa leabaid & a fad ón biad; & co háirithi as imchubaid an fothragad sin don droing nach déin suipér.

Tuillead: ná mainneachtnaidthear an ceann


p.32

infra 172-4
d'fholcad & co háirithi leath-astig don cheathramad
3550] lá dég; & ná déntur é & an gaile lán, ach déntur é roim an cuid nó a fad ana diaid.

Et is lór linn don fhothragad an méid beanus sé ré coiméd na sláinti. Fothraicthi na mitall, immorra, ní himchubaid iat ar aen-mod a coiméd
3555] na sláinti; gid eadh, is maith iat do leigeas móráin d'easláintib. Et ní thabramaid dár n-úid leigeas na heasláinti ann so, ar an adbur sin ní dénmaid mencion do na fothraicthib fhodnus dóib.