Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 3

An treas caibidil: Don choimilt

Fricacio iuuamentum habet in superfluitatem
3315] tersie digestionis expellendo, .i. atá tarba ag an coimilt d'innarbad imurcach an treas díleagad, & mur an cédna a calmugad teasa na mball & chum móráin do neithibh eile; ar an adbur sin as intinnsganta don choimelt annsa chaibidil so do
3320] láthair, & dob áil linn sin do choimlínad co hathchumair innti. Et ar tús laibeórmaid do tharba na coimilta; et laibeórmaid an dara huair d'aimsir & do mod na coimelta, & an treas uair dá modaibh & {MS P page 444}dá gnéithib generálta.


3325] Ar an adbur sin bíth a fhis agad gurab í is tarba choitchinn don choimelt & don tshaethur imurcacha an treas díleagtha d'innarbad. Ar an adbur sin ní


p.24

infra 165
hinmainneachtnaigthi an choimelt don droing leis nach éidir saethur do dénum, nó agá mbít cuirp
3330] anfanna nó easlána, nóid boill speitsialta éigin anfhanna, nó braigdinus; óir osgailtear na póire & séimigthear an t-adbur ón choimilt & calmuigthear teas an boill & innarbthur a imurcacha gan saethur mór; & do réir chonsiquens is
3335] fuirfidi oiltear na boill sin & co háirithi boill an treas díleagtha, óir is ó ballaib an treas díleagtha thinnsgnus an tochlugad nádúrda.

Tuillead: bíth a fhis agad co reamraigthear na boill tearca ón choimeilt, & co tanuidthear na
3340] boill reamra, & co mbogthar na boill chruaidi, & co cruaidigthear na boill boga, & co coimédtur na boill measurda ana suigiugad nádúrda féin uaithi. Et as imchubaid do na corpaibh tearca an choimeilt, & ní har son innarbtha na n-imurcach amáin ná
3345] ar son na neitheadh adubramar romainn, acht dá reamrugad méid éigin, & dá mbeith neam-fhuilingtheach do na neithibh teagmuiseacha bud cusmail do dénam urchóidi nó dhíthi. Et tuicthear an mod so do na corpaibh reamra & cruaidi
3350] & boga.

Tuillead, tarba eile do-ní an choimeilt: óir innarbaid sí an chorthacht ó na ballaib, ar an adbur sin as ní do-ní cumsanad an choimeilt; et atá an choimelt so éigintach a ndiaid an tshaethuir
3355] ainmeasurda chúisigius an chorthacht.


p.25

infra 166
Tuillead: furtachtaigid an choimelt a n-aimsir an chodalta ar son co n-édromaiginn sí na cuirp; & toirmiscid sí rith na leannann chum na n-alt. Agus is mór dligmid an choimelt láidir garb do
3360] sheachna do chorpaibh na macám, óir toirmiscid sí an fás. Et as í sin tarba choitchinn na coimelta.

Aimsear na coimelta, immorra, inann hí & aimsear an tshaethair. Agus as inann fad dligius aimsear na coimelta lé n-innarbthur na himurcacha &
3365] dligius aimsear an tshaethair lé n-innarbthur; na himurcacha. Et ní labruim don choimeilt do-níthear roim an saethar ná 'na diaid, acht don choimelt choimlínus bríg an tshaethuir. Et is inchomurthaig co deithideach gurab do réir éxamlacht
3370] an choimplexa & na haibíce & na neitheadh nádúrda & nach nádúrda éxamailtear gnáthugad na coimelta & a fad & a mod, mur adubramar romainn don tshaethur.

Et bíth a fhis agad co fuilid sé gnéithe aenda
3375] ar an coimeilt & a naí comshuigigthi. Agus atáit; a trí aenda díb sin do réir chaindiachta, mur atá, coimelt mór & beac & inmeadónach, & a trí aenda do réir cháilideachta, mur atá, coimelt garb & mín & inmeadónach: nó as éidir coimelt láidir
3380] nó anfann nó meadónach do rád rú so. An choimelt imurcach, immorra, as cúis do thruaigi an chuirp hí; & médaigid an choimelt measurda an fheóil; et ní fhuil oibriugad ag an coimelt big chum an


p.26

infra 166-7
médaigthi, acht téigid méid éigin. Et as é as
3385] oibriugad don choimelt láidir nó gairb na póire do dúnad & na boill do chruadugad; dá réir sin as é oibriugad na coimelta anfainne & míne, na póire d'oslugad & an corp do bogad; an choimelt inmeadónach, immorra, is oibriugad inmeadónach
3390] aturra so do-ní sí.

Et is as na gnéithib aenda sin teaguid na gnéithe comshuigigthi adubramar. Óir is éidir an choimelt imda do chomshuigiugad ris an coimelt láidir & égruaid & inmeadónaid; & mar an cédna comshuigigthear
3395] an choimelt tearc risin coimelt láidir & égruaid & inmeadónaid; & as mur an cédna comshuigigthear an choimelt measurda, idir beith imda & tearc, risin coimelt láidir & anfhainn & inmeadónaid idir an coimilt láidir &
3400] égruaid. Et fédtur oibrigthi na ngnéitheadh comshuigigthi sin do thuicsin ó na gnéithibh aenda adubramar romainn; innus gurab amlaid sin críchnuigthear gnéithe na coimelta & na cuirp darab imchubaid iat; is mur an cédna don
3405] tsaethur.