Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 2

An dara caibidil: don tsaethar


3035] Testificatur a sapiente quod & cetera, .i. beirid an t-eagnuid d'fhiadnuise co coimédann an saethur measurda imchubaid roim an mbiad an tshláinti; óir calmuigid an saethur roim an mbiad an teas nádúrda & calmuigid an bríg thochluigtheach
3040] annsa gaile, ar an adbur sin is sanntach gabuid na baill an oileamain chucu, & oslaicthear na póire, ar an adbur sin innarbthur gu toltanach imurcacha an treas díleagad & sgaíltear an oileamain co foirbthi ar na ballaib.


3045] Tuillead, .i. calmuigthear na horgáin ón tshaethur {MS P page 410} & cruadaigthear iat mur an cédna, ar an adbur sin is deacair a ngallrugad & calmuigthear iat chum gach uile oibrigthi. Tuillead, calmuigthear gluasacht an chuirp & na spirad ón tshaethur, &
3050] ón chalmugad sin innarbthur na himurcacha co toileamuil trít na póirib. Et ní liginn an saethur measurda na leanna náid na himurcacha do chruinniugad annsna corpaibh; & an uair imdaigius


p.14

infra 152-3
an t-adbar sin annsna corpaibh reagar a leas leigeas
3055] lagthach nó cuisle. Agus gé fholmuigid siat na cuirp cuirid a n-arsaideacht iat, & co háirithi na leigis lagthacha, óir atá nádúir neimi innta gu mór. Agus ní hé an linn cinntach amáin fholmuigius an leigeas lagthach, ach rann mór don teas & dona
3060] spiradaibh is fundamint don nádúir & don beathaid daena. Ar an adbur sin iarthur an saethur & an gluasacht toileamail luathaigius an anál do chomfhurtacht an leigis. Agus an uair inntaigthear na cuirp do réir an meadhaigthi éigintaig chum
3065] a staidi féin, ní reagar a leas aen-leigeas atá éigintach annsna heasláintib adburda do thabhairt an tan sin; & is fír sin gá thuicsin co fuil an regimen eile díreach.

Et ní dleagur saethur do rád ach ris an ní
3070] médaigius an anál & luathaigius í. Agus is cúis do médugad an teasa ré n-abur innatus an saethur sin, ó teagmann mórán dona socamluib adubramar romainn. Et an drong lérab áil a sláinti do choiméd ní dligid siat an saethur do mainneachtnugad.


3075] Et bíth a fhis agad co fuil cuid dona corpaibh ana n-imdaiginn mórán do leannaib oma neim-díleagtha co foluigtheach, nó línad na mbiad co himurcach, do nach imchubaid saethur. Óir
3080] dá mbeith na cuirp línta do droch-leannuib & ná bud éidir léis an nádúir a folmugad4 maille


p.15

infra 154-7
ré saethur as cúis phláidi sin, & is cúis d'apoplexia nó do brisid cuisleann nó fiabrais nó neascóidi. Agus féduid an saethur beith 'na chúis ag sgabies
3085] nó ag lubra nó goráin annsna ballaib fuirimeallacha ar son gu ngluaistear ón tsaethur na boill fhuirimeallacha & na leanna & na himurcacha. Tuillead, dá teagmad ball anmann ullam do gabáil imurcach ó ball eile, do beith an saethur urchóideach gu mór
3090] don ball sin.

5 Et mur an cédna, ní himchubaid an saethur dona corpaibh gortacha ná dona corpaibh folma. Et ní dliginn aen-neach gortach, dá chalmacht, saethur do dénum, gid eadh, dligid caithim sul
3095] do-níd an saethur gnáthach. Agus is é so dob áil lé hIpocráid an uair adeir sé: Ube indigensia non oportet laborare, .i. an t-inad ana fuil an riachtanus a leas ní héigin an saethur do dénum ann.


3100] Tuillead, ní headh amáin dligmid an saethur do thoirmeasc do lucht na corp línta, ná na corp truag, ach dligmid a thoirmeasc nó co mbia an díleagad coimlínta, & co háirithi an céid-díleagad & an dara díleagad; óir bít na díleagtha sin
3105] a cumsanad & a codlad an tan sin, & dá mbia gluasacht & neam-chodlad 'na n-inad sin


p.16

infra 154-7
ní coimlíntur an díleagad. Agus ní headh amáin dligmid an saethur do thinnsgaint ar coimlínad an chéid-díleagtha nó an dara díleagtha, ach
3110] dligmid an treas díleagad do thinnsgaint, óir is fearr do-níthear annsa chodlad & annsa chomnuide an díleagad; mur adeir Galen gurab annsa chodlad is fearr do-níthear an díleagad, & ní hannsa gaile amáin ná annsna haeib ach annsa chorp co huilidi.
3115] Et dligid imurcacha an chéid-díleagtha & an dara díleagad beith dealuigthi ón chorp, & tuicthear as {MS P page 411} sin gurab lé saethur innarbthur imurcacha an treas díleagad.

Et teagmaid an aimsear a mbí an céid-díleagad
3120] & an dara díleagad coimlínta, ó édrumacht an gaile & ó dathugad imchubaid an fhuail gan beith imurcach, & an uair bís an fual arna dathugad co himurcach & gontach annsa ghaili, & mothugad teann na gorta, & na maetháin arna rigid, d'imid
3125] aimsear an tshaethair an tan sin & ní dleagur a dénam ar aen-mod. Agus as í as aimsear don gorta an uair do-níthear inordugad & cusmailiugad & union na hoileamna ris na ballaib; óir tairrngid na boill ó na cuislinnaib beaca & na cuisleanna
3130] beaca ó na cuisleannaib móra & na cuisleanna móra ó na haeib & na hae ón ghaili, & is mur sin cúisigthear mothugad annsa ghaili ré n-abar gorta. Et is mur sin is follus gurab ann dleagur an saethur do thinnsgaint sul inntaigthear an
3135] oileamain atá arna caithim a substaint na mball,


p.17

infra 157-8
& tair és imurcach an chéid-díleagtha & an dara díleagad d'innarbad ón chorp.6

Et ní héidir a chomurthugad do litreachaib críchnaidthi caindiacht ná cálideacht ná mod an
3140] tshaethuir a follamnugad na sláinti, mur nach éidir caindiacht na neitheadh eile do-bearar dár corpaibh; óir is do réir éxamlachta an choimplexa & na haibíci, na haísi & an régióin & na mbríg as indénta an saethur.


3145] Et atá drong rig a leas saethur láidir do dénam, mur atá, an drong gnáthuigius mórán bíd do chaithim, & agá mbí bríg ainmidhi gluaisteach láidir, & gá mbít laserti & féithe láidiri, & gá mbít ailt imchubaidi chum an gluasachta, & ag nach
3150] fuil teas nádúrda cnaíteach ná ro-láidir, óir is dóib sin as imchubaid saethur mór láidir.

Et ní himchubaid an saethur láidir don droing atá easbadach a cuid dona cuingillaib sin adubramar: verbi gratia, cóirigim co teastaiginn an cuingill déiginach díb sin & co fuil teas láidir
3155] cnaíteach acu, gid eadh, atáit na cuingill eile adubramar romainn acu, & ní rigid a leas an drong sin saethur mór láidir do gnáthugad mur rigid a leas an drong adubramar romainn. Agus tuicthear mur sin dona cuingillaib eile. Et mur so dá fadthur
3160] aen-neach ó teastaigid na cuingill sin adubramar & agá fadthur cuingill chontrárda, .i. neach ithius beacán & agá mbí bríg ainmidhi mothuigtheach


p.18

infra 158-9
anfhann & gá mbíd orgáin anfanna mur an cédna
3165] & gá fuil teasaideacht chnaíteach gu lór, óir7 is beac an saethur rig a leas an neach sin do dénum.

Et as éidir leat a breathnugad trít na neithibh fuirimeallacha so cad as indénta dona neithibh inmeadónacha.


3170] Agus is ro-deacair caindiacht an tshaethuir indénta do thuicsin, & mur an cédna a cháilideacht, lé résún amáin ar ligin an dearbtha thort. Más ead, bíth ar ndóchus as in dearbad amáin, agá smuaineadh cinnus atá fear an tshaethuir ann
3175] féin an céd-lá, & an dara lá, & mur sin ó shoin amach, óir measmaid an nádúir do beith maith an uair atá sí imchubaid chum gabála gach neith ingabála; óir is í an méide so & ar an mod so thsanntaigius an nádúir an saethur, an méid & an
3180] mod atá sé imchubaid dí; & mur an cédna, tuicthear dona biaduib & don chodlad & dona neithibh eile theagmus dár corpaibh tré fhollamnugad na sláinti.

Agus atá sin fírinneach ar tuicsin maitheasa
3185] na mbés, óir fédaidh an nádúir measurda tochlugad, ar son mailísi an droch-gnáthuigthe, do leith shubstainti & cáilideachta & caindiachta nach {MS P page 442} fuil imchubaid dí. Óir atáit drong imchubaid co nádúrda chum tuitme ó beacán an tshaethuir, &
3190] drong eile thochluigius an saethur nísa mó ná mur reagar a leas, & drong eile nísa luga. Et atáit drong eile 'na lucht leanna finn co nádúrda


p.19

infra 159-60
& connaimthear mórán do leannaibh fuara innta, & bít siat ar téchtad & dímaín ó chonnmáil na
3195] fuaraideachta sin, & is beac thochluigid siat gluasacht ná saethur do dénum, gid eadh, bíd siat codaltach & claenuid chum dímaínis co nádúrda; & ní dligid an drong sin a tochlugad nádúrda do leanmain fá cheann an tshaethuir. Gid eadh, an drong
3200] atá teasaidi co nádúrda nó co haícídeach, & agá fhuilid orgáin imchubaidi chum gluasachta ó édrumacht & ó ullmacht a mball, & tochluigid an drong sin an saethur nísa mó ná mur reagar a leas & furbaíltigthear ann iat, más ead, dligid
3205] an drong sin a tochlugad díleas do leanmain co measurda ag médugad an tshaethuir.

Caindiacht an tshaethuir, immorra, fhédmaid do sgríbad lé litreachaib cinnti is mur so dligmid a tuicsin, .i. an saethur do dénam nó co tinnsgna an duine allus do chur de, & an anál médugad
3210] & luathugad, & dath an chuirp do deargad, & na cuisleanna do reamrugad, & línad na mball do laigdiugad nó gu tinnsgnaid na boill lagad. Agus an uair bus follus so dleagur sgur don tshaethur
3215] & na boill do choimilt co coitchinn.

Agus dligid an choimilt sin beith co láidir & claenad chum gairbi ar dá chúisib: an chéd-chúis díb ar son co nglantar na himurcacha do cuirid ón tsaethur faí an croicinn; an dara cúis ar son
3220] co ndaingnigthear an corp & co n-indarbthar na deathaige atá co hinmeadónach innus nach


p.20

infra 160-1
claechluigthi an corp ó na neithibh theagmus co hinmeadónach inntu. Et dleagur an choimilt so do dénam a n-aenfheacht & co luath más éidir
3225] é, óir is cóir an corp uile do choimilt leis na neithibh adburda innus co n-innarbfaidi na himurcacha a ndeathaigib ón chorp ar aen-shligi.

Et is mur so as imchubaid an choimilt d'éis an tshaethuir ó na cúisib adubramar romainn, is
3230] mur sin as imchubaid an choimilt roim an saethur, óir ullmaigid an choimilt na cuirp chum an tsaethuir & osglaid na póire co mín áilginach. Agus is mór fhurtachtaidius an choimilt roim an saethur don droing lérb áil gnáthugad saethuir móir.


3235] Moda an tsaethuir, immorra, ní héigin a n-innisin ann so ar a n-imad; gidh eadh, adéram moda coitchinna an tshaethuir ann so. Más ead, adeirmid ag labairt do nuimir an tshaethuir co fuil cuid díb ana saethur amáin & cuid ana saethur & ana
3240] n-obair: sompla don chéid-ní díb so, mur atá, cluithi liathróidi bigi; sompla don dara ní, mur atá, romur nó treabad. Tuillead, atá cuid don tshaethur thachmuigius an corp co huilidi & cuid tachmuigius rann de: sompla don chéid-ní, mur atá, coisideacht
3245] & a cusmaile; sompla don dara ní, mur atá, an guth ana shaethur don sgamán amáin & an sgríbneoireacht ana saethur don láim amáin & a cusmaile. Et dá ndearna duine an saethur


p.21

infra 161-2
rannaidhi sin adubramar ní déin furtacht don
3250] chorp co huilidi acht do rann don chorp amáin.Et an saethur is cúis tsláinti don chorp gu huilidi dligid sé an corp uile do thacmag.

Et dá teagmad co ndingnad duine saethur ar mod eile a n-égmuis chluithi liathróidi, mur
3255] atá, marcaideacht nó coisideacht nó rámuideacht, {MS P page 443} gluaisid a chorp co huilidi ar son co fuilid imurcacha an treas díleagad dleagur d'innarbad an gach aen-ball don chorp. Et mad coisigeacht bus saethur ann is maith clocha do thógbáil co minic
3260] annsna lámuib & a caithim, & an ceann do thógbáil co minic & féchain tar t'ais, & na boill do shíneadh, & an anál do chonnmáil, & musguile na bronn do rigid méid éigin; óir comfhurtachtaigthear an teas nádúrda ó chonnmáil na hanála, & osgailtear
3265] na póire, & innarbthur na himurcacha trít na póirib an tan sin. Agus dleagur musguile an ochta do rigid & musguile na bronn nísa luga, óir innarbthur imurcacha an ochta & an sgamáin chum na mball oileamnach ón rigid sin, & innarbthur
3270] ó na ballaib oileamnacha ainnséin iat. Et an drong agá mbí sgairt chléib anfhann ní dligid an anál do chonnmáil air eagla co n-innarbfaidi imurcacha chuci ón inchinn, mur is follus annsa droing do-ní saethur mór ag séideadh a n-anála
3275] a poll an stuic ó líntur na cuisleanna & ó ndeargthur an aigid.


p.22

infra 162-3
Tuillead, atá cuid don tshaethur mór & cuid beac & cuid inmeadónach: sompla don chéid-ní, mur atá, siubal mór ré haimsir fada; sompla
3280] don dara ní, mur atá, sibal beac ré haimsir girr ; sompla don treas ní .i. sibal measurda. Agus cúisigid an saethur mór in truaigi, & an saethur inmeadónach an reime measurda. An saethur beac, immorru, médaigid sé an teas ar mod éigin.


3285] Tuillead, atá cuid don gluasacht luath & cuid mall & cuid inmeadónach: an chuid atá luath, mur atá, rith láidir; an chuid atá mall, mur atá, gluasacht mín; an chuid atá inmeadónach mur atá, gluasacht inmeadónach. An gluasacht luath,
3290] immorra, téigid sé na cuirp ar tús & téchtaid & cruadaigid ainnséin. An gluasacht mall, boguid na cuirp & osglaid na póire. An gluasacht inmeadónach, immorra, coimédaidh sé na cuirp ana nádúir féin.


3295] Tuillead, atá cuid don tshaethur láidir & cuid anfhann & cuid inmeadónach. Et adearar an gluasacht láidir a dá modaibh: an céd-mod díb, an uair ceangailtear an gluasacht luath & an gluasacht láidir ré chéile, mur atá so, .i. rith
3300] mór do dénam a spás fhada & is ris sin is cóir saethur láidir do rád . Agus tuicthear an saethur beac & an saethur measurda as sin. Et is follus as na ráitib sin oibriugad an tsaethuir láidir & an tshaethuir inmeadónaid. An dara mod ara


p.23

infra 163-5

3305] n-abur saethur láidir, ó chathugad an neith fhuilingthig a n-aigid an tshaethuir. Agus ní fhuil an saethur sin luath ná mall, mur atá, tógbáil eirigh trom. Agus ní ceangailtear luas ná moille don tshaethur sin, acht an cathugad do-ní
3310] an ní fuilingtheach a n-aigid an tshaethuir. Et is follus as na ráitib sin cad as saethur anfann nó inmeadónach ann & oibrigthi na saethur sin adubramar.