Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

p.1

An treas pairteagal: Do-gabur ó éxamlacht na neitheadh nádúrda

chapter 1

1

infra 139
Incipit tertia pars que est de regulis regiminis {MS P page 435} sanitatis & cetera, .i. is ann so thinnsgnus an treas pairteagal atá do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó éxamlacht na neitheadh nádúrda.
2710] Et biaid in chéd-chaibidil de do riaglachaib regimen na sláinti do-gabur ó éxamlacht na ceathra ndúl teagmus co fuirimeallach dár corpaibh, mur atá, éxamlacht an talaim sho-aitreaba & an uisgi & an aéir & na teineadh.


2715] Et adéram neithe athchumaire coitchinna annsa ar chéd-chaibidil so d'inordugad an talman atá so-aitreabtha. Ar an adbur sin, an talam toghthur dá aitreabad, ní dliginn sé beith lathamuil ná gainmeach ná brén, ná a n-inad a furtamluiginn
2720] bríg mitall ná raibe ná ailime, ná a n-inad a mbíd cadauer daíneadh marb, náid droch-luibi náid droch-croinn neam-thorthacha, ach talam a mbíd crainnn maithi & luibe maithe torthacha, mur atá,


p.2

infra 139-40
fíneamain & saileach, & a cusmaile do chrannuib
2725] cairdeamla dona corpaibh daena. Et atáit cuid do phlanndaib na crann agá fuil náimdeanus rénar corpuib, mur fhoillsigius easgairdius a ndearbtha, mur atá, sambucus & crann fígi. Óir is mór gortaigthear na boill spiradálta, &
2730] tromaigthear in ceann ó chomnuide fhada do dénum fá sgáth na crann sin. Óir ní torthach & ní hinaitreabtha an talam a fásaid na crainn sin.

Agus tuicthear an cédna dona luibib. Et atáit cuid dona luibib neimneach, & ní dleagur an talam
2735] ana fhásaid d'aitreabad, óir ní fhuilid siat imchubaid dona corpaibh daena, mur atá, eleborus & esola & midaighi & opium & a cusmaile, óir atáit sin uile marbthach. Agus a chontrárda sin don talam a fásaid luibi maithe, torthacha, deadh-balaid,
2740] atá imchubaid dár corpaibh-ne.

Más ead, ní hé cáilideacht na talman amáin dleagmaid do thabairt dár n-úid acht a shuigiugad , & do-gabur an suigiugad sin a ceathra modaibh: óir atá cuid don talam arna shuigiugad a mullach
2745] sléibtid, & cuid eile fá shléibtib, & cuid eile a ngleanntaib, & cuid eile coimréid; & as é an talam so as fearr & as imchubaidi réna áitiugad díb. Óir is tarbach an talam so nach éidir leis na sléibtib a dorchugad, & ar an adbur sin atá do
2750] shochur aigi co séidinn gaeth faí & co ngnímaidinn grian air ó éirgi dí co dol faí. Mas ead, as maith


p.3

om. infra
mur thoga ar talam a coiméd na sláinti an suigiugad adubramar.

An talam shuigigthear a mullach shléibi, agá
2755] chompráid chum an talaim atá co hísil, cruthaigid sé aér séim, & glanuid an t-aér óna deathaighib eachtrannacha, & bíth fuar co nádúrda.

Et bíth a chontrárda sin annsna gleanntaib, .i. aér reamur neam-glan a mbí bríg theasaidi ar
2760] son inntaigthi deallraim na gréine ann, & co mór annsa tsamrad . Et dá mbeid na sléibti ard dá gach taeb don fhonn cruthaigthear aér fuar annsna gleanntaib ó dorchugad na sléibtid fuar, & co hárithi annsa geimread.


2765] Et inordaigid an talam atá a cabán an tshléibi an t-aér a substaint inmeadónaid, ach muna {MS P page 436} tairmiscthear co haiccídeach é, mur atá, comursanacht gaethraid; óir an úair éirgid deathaige uada a n-airdi1 filltear tar ais iat ón tsliab atá
2770] as a cinn, innus co reamraidthear an t-aér ó choiméigniugad na ndeathaigeadh tar a n-ais. Et is gnáthaige bís teas mór annsna cabánuib sin & fuacht mór ná a mullach an tsléibi; & is minci fuacht & teas inmeadónanach inntu na annsna
2775] mullaigib. Et dá mbia an cabán & a aigid bu tuaid as fuar é, óir dorchaidthear mullach an tsléibi. Et dá mbia a aigid san aird teas as te é an uair bís an gaeth atuaig, óir filltear teas na


p.4

infra 140
gréine annsa chabán ó shéideadh na gaíthi atuaid.
2780] Et dá mbia a aigid soir nó siar biaid sé co hinmeadónach te & fuar.

Tuillead: an talam is fearr & as imchubaidi d'áitiugad dligid sé beith gan dín air ón aird tshoir & ón aird tuaid, óir is mór glanuid na gaetha
2785] sin an t-aér. Ar an adbur sin is maith fuinneóga na tigead do beith ar an aird shoir & ar an aird tuaid, & gan a mbeith annsan aird tshiar ná san aird teas.

Agus is fír sin go riagalta; gid eadh, teagmaid
2790] co haicídeach gurab measa an gaeth atuaid ná an gaeth aneas: óir fédaid an gaeth atuaid teacht tré rann éigin don aird atuaid atá lán do marannaib, nó d'inaduib mianamla nó salcha, nó do morgad éigin ar mod éigin dá ndubramar romainn; &
2795] dá leith sin fhédus an gaeth atuaig beith nísa neam-glaine & nísa dimolta ná an gaeth aneas. Agus ar an cor cédna tuicthear an gaeth anair. Ar an adbur sin is maith na fuinneóga & inad an radairc do beith ar an aird teas & ar an aird
2800] tshiar co haicídeach, acht gé theagmus a chontrárda sin go minic inntu.

Et is ní imchubaid d'inad aitreabtha na ndaíneadh beith a fogus d'uisgib millsi glana rithius gu mór, fuarthur annsa tshamrad & téigthear
2805] annsa geimread, & ineadaigi uaine gan beith dorcha & mórán do chrannaib inmolta.


p.5

1

infra 141-2
Et na daíne aitreabus a comursanacht na fairgi as cúis geineamna don reuma é. Et as imchubaid an t-inad áitigthi beith a ngaire na
2810] fairgi san aird tuaig; óir do-ní beith a fogus don aird sin an talam measurda annsna cáilideachtaib gnímacha , acht muna bia sí ro-gar don aird sin, & co claenfad sí chum fuaraideachta gu mór tré fhad spáis na gréine uaithi; & ní fhuil sí ro-fhliuch ar a shon sin, ar son gurab mó chlaenus
2815] sí chum tirmaideachta ná na tailim2 sho-aitreabtha eile. Ar an adbur sin is luga atá an aird atá a ngaire d'fhairgi imchubaid chum áitigthi ná an aird tuaid, óir atá an talam so teasaidi fliuchaidi nísa mó ná mur as éigin a beith, & ullmaigid na
2820] cuirp chum easláinti do-níthear ó morgad.

Et ní headh amáin dligmid an talam so-aitreaba do thoga acht dligmid na huisgi mur an cédna; óir as imda mod ara ngnáthuigmid é a follamnugad na sláinti, mur atá, a ól, & fothragad as, & biada
2825] do bearbad ann; más ead, dligmid a thuicsin co ndliginn bunáit an uisgi beith a talam molta gan beith brén na mianamail. Et dligmid a thuicsin nach rithinn sé a n-inaduib láibeamla á criadamla, & ná bia ana uisgi locha; acht bít siat ana
2830] n-uisgidib shiublaigius ar talam clocach gainmeach, nó ar talam luthamail gan beith brén ná truailligthi , & rithid siat chum na hairdi tuaid


p.6

infra 142-3
{MS P page 437} nó chum na
2835] hairdi soir , & gu háirithi chum na hairdi soir a n-aimsir an tshamraid. Et ní fhuilid na huisgi rithius chum na hairdi teas nó chum na hairdi siar commaith ris na huisgidib sin. Tuillead: is amlaid is mó moltur na huisgi so an uair théit siat a fad óna mbunáit.


2840] Tuillead: dligid siat beith gan dín orra ó gréin & ó gaíth, & blas milis do beith air, & an uair curthar a fín glan é gan dath an fhína do chlaechlód. Agus dligid sé beith édrum, solus, séim, & beith so-théigthi, so-fhuartha, & beacán
2845] residens do ligin dó tair és a thaburta óna bunáit.

Et bíth a fhis agad gurab í truime nó étruime an uisgi sligi is luga is olc chum aithne maitheasa an uisgi; óir as é an t-uisgi as édruma acu uisgi as fearr díb. Et aithintear a beith trom nó édrom
2850] ó thomhus misúr d'uisgidib éxamla, & is mur sin aitheóntur an chuid atá trom nó édrom dé. Tuillead: aithintear a beith trom nó édrom ó bréidinnaib do thuma, a misúr inann d'uisgidib éxamla & a tirmugad ainnséin & a meadhugad, &
2855] an bréid bus édruma acu as é a uisgi bus fearr.

Agus dá teagmad ná bud éidir linn uisgi édrom ná séim ná solus d'fhagbáil acht uisgi reamur buaideartha, dligmid sin do cheartugad maille réna bearbad; óir tuitid na rainn reamra talmaide
2860] a n-íchtur óna bearbad, & bít na rainn tshéime glana a n-uachtar, & is mur sin bus éidir linn an


p.7

infra 143
t-uisgi do thshéimiugad & do thearcugad & a fhuacht d'innarbad; & is mur sin ullmaigthear na rainn talmaide atá ag an uisgi, leis nárb éidir dul a
2865] n-íchtar ar tús chum a sgaramna ris ar son reime an uisgi & ar son na rann talmaide arna cumusc ris.

Et ní fhuil inad ag an bearbad so annsan uisgi glan, óir dá mbeirbthear an t-uisgi glan aenda an
2870] comór sin do-gébad sé cáil ailime chugi ar son a rann talmaide do losgad, & ana diaid sin do cuimeósgaidi na rainn reamra sin do loisgid ris, & do saileóchaidi é, & do beith droch-blasta. Óir ní dleagur an bearbad dásachtach ceartaidius
2875] in t-uisgi reamur buaideartha do thabairt annsan uisgi shéim glan, acht bearbad mín, óir ní headh amáin chúisigius an fiuchad láidir na rainn reamra do thuitim acht cumuiscid na rainn reamra & innarbthur na rainn tshéime a ndeathaigib.


2880] Et is mur sin is follus mur cheartaidius an bearbad an t-uisgi & treóraigius chum maitheasa é. Gidh eadh, is fearr an t-uisgi bís glan uaid féin & tic trít an talam ná an t-uisgi beirbthi, óir is
2885] luga do rannuib talmaide atá aigi trí mur shilius sé co séim trít an talam ná ag an uisgi beirbthear. Do réir chonsiquens as fearr é ná an t-uisgi beirbthi. Óir na huisgi is luga bís maith as iat rig a leas rith trít an talam, & na huisgi as gaire do beith
2890] maith as iat rig a leas a mbearbad.


p.8

1

infra 145-6
Tuillead: bíth a fhis agad co ceartaigthear reime an uisgi ó aigéid do chumusc ris. Tuillead: bíth a fhis agad co ceartaiginn & co séimidinn gluasacht láidir an uisgi ó shoitheach gu soitheach, & clocha
2895] beaca do chaithim ann a hinad ard, reime an uisgi. Tuillead: bíth a fhis agad nach imchubaid dona coimplexaib measurda an t-uisgi atá fuar gu ro-dásachtach, mur atá, uisgi an reóid nó an tshneachta, gid eadh, as imchubaid é don droing
2900] agá fuil coimplex te gu dásachtach.

Et bíth a fhis agad gurab dásachtach an urchóid do-ní an t-uisgi don ghaili an uair ibthear ar céd-longad {MS P page 438} é, nó a ndiaid shaethuir nó fhothraigthi nó meisgi nó tharta mailísig, & gu háirithi an
2905] uair thinnsgnus an corp dá taburthar é dá díleagad. Et dá mbia éigintus mór fána ól measraigthear a n-aér é ar tús & nigthear an bél co minic leis; & muna lór so ibthir as soitheach gá mbia bél cumang é, & is mur sin is luga urchóidigius sé do lucht na
2910] meisgi & an chéd-longtha. Et dá teagmad neach ar céd-longad a ndiaid shaethuir móir, & ná bud éidir leis aipstinens do dénum ó uisgi, ibeadh sé fín maille ré huisgi a teas measurda. Tuillead: gibé ara mbía tart mailíseach ná sloigid sé uisgi,
2915] ach a shúghad co mín. Et bíth a fhis agad gibé ara mbí tart mailíseach gurab maith do codlad & an tart d'fhulang, óir ceartaigthear & díleagthur an linn as cúis don tart. Gid eadh, dá n-ibthear an t-uisgi & an díleagad do thoirmeasc & an tart


p.9

infra 146-7

2920] d'inntóg, as comartha sin nár díleagad & nár ceartaigead an linn do-ní an tart.

Tuillead: bíth a fhis agad nach imchubaid mórán d'uisgi fhuar d'ól a coiméd na sláinti. Et dá teagmad comad éigin uisgi d'ól ibthear é a
2925] ndiaid bíd. Et do-ní an t-uisgi bog sgeathrach do thogairm & anfhainnigid an gaile; gid eadh, an uair ibthear gu hannam é glanaid sé an gaile & lagaid an brú. Tuillead: bíth a fhis agad gu comfhurtachtaidinn an t-uisgi na bríga uile ana
2930] n-oibrigthib ach má beacán, .i. an bríg díleagthach & an bríg attarraingtheach, an bríg fhostaigtheach & an bríg innarbthach. Agus as imchubaid é dona daínib agá mbít cuirp thearca, & a n-aigid gach uile fhluxa bís ó gach uile ball. Gid eadh,
2935] urchóidigid sé dona féithib & don droing agá mbíd dúinti & neascóidi. Tuillead: bíth a fhis agad gurab beac nach comfhurtachtaigid na huisgi na hinne uile & an choimriachtain; ar an adbur sin tarbuigid sé do lucht easláinti na seilgi
2940] & an gaile & na n-ae, & co coitchinn don droing agá mbíd inne anfanna.

Et téigid uisgi na raibe & an nitruim na féithe, & as imchubaid ana n-easláintib fuara iat. Agus as imchubaid don droing ara mbí sgaibies & goráin
2945] iat, & is láidir théigid siat na hae & na hinne. Agus innarbuid na huisgi beirbthear gu láidir linn ruad, & brisid an gaethmuireacht reamur bís annsna


p.10

infra 147-8
ballaib. Agus tarbaigid don droing ara mbí spasmus ó adbur fhliuch. Item, lagaid an t-uisgi
2950] saillti arna ól an brú, & cumgaigid fa deóid & calmaigid na hailt, & cnaíid flichideacht na mball, & innarbaid an morgad & an truaillead. Et as imchubaid uisgi ailime do lucht ematoica pasio & don lucht ara mbí flux na timthearachta & flux
2955] emaroides.

Tuillead: togthur an t-aér thimchilluigius sinn mur togthur an t-uisgi & an talam so-aitreabtha. Et atá an t-aér éigintach a regimen na sláinti ar dá modaibh: an céd-mod díb , .i. d'innfhuarad
2960] na spirad & an teasa ré n-abur innatus; an dara mod, ar son innarbtha na ndeathaigead imurcach dorchaidius an spirad & an teas adubramar. Do réir mur do-chíamaid an teine gá múchad ó easbaid an aéir, is mur sin dligmid a thuicsin
2965] co rigid a leas ar cuirp & ar spiraid ré haér oilius & choimédus & measraidius iat, & glanus óna himurcachaib deathmura; óir is ó attarrang an aéir measraidthear an teas ré n-abur innatus, & óna innarbad glantur. An céd-mod díib sin, .i.
2970] attarrang an aéir, as de gairthear diastoles , & {MS P page 439} don dara mod, .i. dá innarbad, gairthear sistoles .

Dá mbia an t-aér tarraingthear brén nó neamglan, truailltear na spiraid & an teas nádúrda. Más ead, dligid an liaig beith co deithideach a timcheall


p.11

infra 148-9

2975] an aéir a coiméd na sláinti. Ar an adbur sin dligid in t-aér substaint shéim do beith aigi, ris nach cumuiscthear ceó náid deathaige eachtrannacha. Et ní dliginn an t-aér beith neamglan, buaideartha, ceómur, óir buaidrid an t-aér sin
2980] na leanna & tuirsigid an t-anum; ach dligid beith gan cumdach air gu glan, & gan beith idir balladaib, ná fá dín, ná a n-inad chumang. Et seachaintear an t-aér atá fá iadadh ar ná siublaiginn gaeth. Gidh eadh, a n-aimsir na pláigi ana teagmann
2985] truaillead an aéir, as imchubaid an t-aér bís fá iadadh; & ar an adbur sin is maith codlad annsna seallaib annsan aimsir sin. Agus as inntuicthi an t-aér atá cumuiscthi ré deathuidib lathraig & lochann & uisgid ndomain murgaigthi & talam
2990] luthamail co ndleagur a sheachna. Et seachaintear aér an talaim ana fásaid na praiseacha & na luibi & na crainn adubrumar romainn. Agus as intsheachanta an t-aér ré cumuiscthear deathaigi a follamnugad na sláinti. Agus toghthur an t-aér fá
2995] séidinn gaeth ó aird maith & a talmain aird chomshochuir.

Tuillead: taburthar d'áig ná tosgaidi an t-aér a n-aencháil dona ceathra cáilib; & dá teagma an tosgugad sin ann, measraigthear an méid bus
3000] éidir. Tuillead: éxamailtear an t-aér do leith a choimplexa, óir dá mbia sé teasaidi dísgaílid na bríga & tearcaigid an corp; & dá mbia a theas


p.12

infra 149-50
measurda tairrngid fuil dearg a fuirimeall & dearguid dath an chroicinn; & dá mbia sé te gu
3005] mór buidigid an dath gu mór, & togairmid an t-allus, & laigdigid an fual, & anfainnigid an díleagad. Et do-ní an t-aér fuar a hontrárda so; óir cumgaigid sé an brú, & comfhurtachtaigid an díleagad, & médaigid an fual, & toirmiscid an
3010] t-allus & an t-innram.

An t-aér fliuch, immorra, sleamnaigid & fliuchaid an croicinn. Agus an t-aér tirim dubaid & tirmaigid an corp . Tuillead: toghthur an teine, óir gnáthuigmid
3015] ar mórán do moduib a coiméd na sláinti í, mur atá, biad do bearbad & ar cuirp do théigead. Más ead, dligmid a thuicsin cad bus adbur don teinidh gnáthuigmid innus nach beith nádúir neimi ná mitaill innti, & nach beith a hadbur do thalmain
3020] bréin ná morgaigthi ná luthamail ; & ná bíth do chonnad morgaigthi ná truailligthi. Más ead, dligmid gach connad morgaigthi bís do chrannaib agá mbí droch-coimplex do sheachna, mur adubramar don taeb thuas dín, mur atáit, fígid
3025] & trom.3

Tuillead: moluim teine do chrannuib tirma gan beith glas. Agus moluim gu coitchinn an teine gá mbí lasair glan gan deathach. Agus dimoluim gach teine bís fá iadad ó nach innarbthar


p.13

infra 151-2

3030] a deathach. Et ní moluim duine do gorad gu mór d'éis bíd, óir anfuinnigthear an díleagad uada. Tuillead, dimoluim teine an stufa, óir atá a teas fá iadadh & ní hinnarbthar a uaithi.