Tota regio corpuris humani & cetera, .i. atá régión an chuirp daena co huilidi arna dealugad ag na daínibh co huilidi a ceathra rannuib: an
1415]
céid-région díb, .i. régión na mbríg ainmidhi, mur atá, an inchinn & na baill atá 'na comursanacht; an dara régíon, .i. régión na bríge spiradálta nó {MS P page 372}na bríge beóthaigthe, mur atá, an craidi & na baill atá 'na chomursanacht; an treas régión, .i.
1420]
régión na bríge nádurda, mur atá, an gaile & na
hae & an tshealg & na hinne; an ceathramad régión, .i. régión na bríge geineamnaigi, mar atáit, na huirgi & an tslat fhearrda & matrix & a muinél annsna mnáib.
1425] Óir atáit na baill sin éxamail do réir choimplexa & comshuigigthi & oibrigthi, más ead, do réir chonsiquens, dligid regimen éxamail. Ar an adbur sin tinnsgnam on cheann, & labrum ar tús dona neithib choimédus croicinn an chinn & an gruag.
1430] Óir coimédtur croicinn an chinn ó scaibies & ó
Et círthur an ceann lé cír do chnáim íbóire gach lae & co minic, óir oslaigid sin na póire & innarbaid na deathaigi do éirig chum na mball uachtarach. Et dá mbia an gruag égruaid
1440]
so-sgrista, déntar folcad dí do luaith oliua & don fholcad do-níthear de. Et déntur folcad d'uisgi ar a mbeirbthear dub-chosach, & d'éiginn talaim dóib.
Tuillead: coimiltear préma na gruaigi lé
1445]
holaid ainéidi & masdix & oliua, óir imdaigid & coimédaidh sin an gruag. Tuillead: bíth a fhis agad gurab cumachtach an dísleacht atá ag púdur lapis lazuli do choiméd fhinnfaid an fhabra. Item, coimédaidh fín ana mbeirbthear bleta
1450]
finnfad na fésóigi,86 & co háirithi dá n-innaltur dí d'éis a bearrtha; & is maith innlad a fín amáin annsa chás so. Tuillead: dá n-innaltur an fhésóg co minic a huisgi fhuar cuirid an léithe a maille, & toirmiscid a tuitim. Et comaentaigid na sean-daíne
1455]
eagnuidi uile annsa chás so co ndéin mirabolani Kebuli arna chaithim mur shabsa an léithe do chur a maille, & coimédaidh an gruag dub co maith, & do dearbad so co minic.
infra 169-171
Sanitas ceribri, .i. coimédtur sláinti na hinchinne
1460]
lé deathaigib & lé balad spísrad ndeadh-balaid, mur atáit so, .i. lignum aloes & ambra, & luibi deadh-balaid, mur atáit so, .i. maiorana87 & balsamita & uiola & a cusmaile. Agus comfhurtachtaigid so an inchinn & toirmiscid in reuma
1465]
& leigisid teinneas emigrania, & as imchubaid co speitsialta na neithe so annsa geimrid. Et leagar deathaige neithead ndeadh-balaid fuar annsa tshamrad fán inchinn, mur atá, rós & sanduile & a cusmaile.
1470] Et is maith an biad dóib gearrcaig & uain óga arna mbearbad a mbeacán uisgi, óir coiméduid siat sláinti na hinchinne; óir adeir Aristotul co coimédann & co méduighid na gearrcaid an inchinn, & co coimédann a cédfada.
1475] Tuillead: leagar deathach uisgi the faí an ceann ana mbeirbthear camamilla & sdicados & mentasdrum. Tuillead: édrumaigid an tsraedach88 ar céd-longad an inchinn, & innarbaid meisgi na cédfad, & toirmiscid an léithe, & innarbaid na
1480]
deathaige. Más ead ní hindearmaid an tsraedach a coiméd na hinchinne.
Óir urchóidigid so don inchinn co mór, .i. an neim-díleagad & truailliugad an díleagtha, óir is iat sin is prém dá gach uile easláinti.
1485] Sanitas oculorum, .i. coimédtur sláinti na súl
Tuillead: leagur deathach uisgi the ara mbeirbthear finél do glanad na súl ó fhlichideacht reamuir;
1495]
& is éidir na luibi so do bearbad ar fín finn, & is éidir na luibe eile so do chur farú, mur atá, eufrasia
& ruib, ueruena & seledonia, & is mór fhurtachtaigid sin dona súilib.
Et comfhurtachtaigid radurc na neithead uaine
1500]
iat, & do-ní89 an dath dub & an dath geal a chontrárda sin, óir in méid téid in dath ó inmeadón as í an méide sin anfainnidius sé in radurc.
Et ní urchóidiginn aen-ní don radurc mur do-ní in codlad fada & an gaile lán, & mur an
1505]
cédna don choimriachtain. Tuillead: anfainnigthear an radurc ó chaithim na neithead ndeathmur, mur atáit, uinneamain & gáirleóg & a cusmaile; & do-ní pibur cas & an aigéid & préma na raidisi & coblán an cédna; óir dorchaigid &
1510]
anfainnigid gach uile ní deathmur an radurc. Agus co speitsialta na daíne bís amuirseach ar a radurc seachnaid siat neithe saillti & deathmura & aigéidigthi & géra; & seachnaid siat fuacht &
1520] Tuillead: urchóidigid sgeathrach & caí & fothragad dona súilib. Tuillead: gnáthuigid mirabolani Kebuli co ro-mór do chomfhurtacht & do chalmugad an raduirc. Agus tar gach uile ní lacthur an brú, óir is ro-mór chalmuigius sin an radurc.
1525]
Agus coimédaid so in radurc co ro-maith & calmuigid na súile & glanuid ó fhlichideacht reamuir iat, .i. na súile & na fabraidi d'innlad co measurda a huisgi fenéil90.
Dicunt quidam .i. adearaid drong éigin nach
1530]
fuil leigeas is mó as imchubaid dona cluasaib ná uinégra láidir do chur inntu ar céd-longad; óir comfhurtachtaigid sin innsdruimint an éisteachta & toirmiscid flux an reuma nach tuitid sé ón inchinn chucu. Et is laidiridi an t-oibriugad
1535]
do-dénad sí dá mbeith méid éigin cló shúg minntuis tríthi; óir is maith glanus sin sligthi na cluas ó na himurcachaib reamra thoirmiscius an t-éisteacht & geinius mórán d'easláintib isna cluasaib. Item, ola na n-almont searb arna mbearbad ar eithnidib
1540]
na n-almont arna cur annsa chluais91, oslaigid & comfhurtaigid puill na cluas. Et is dona neithibh
1550] As iat so na neithe choimédus sláinti orgáin an bolltanaid: .i. an tsrón do glanad co sdúidérach óna himurcachaib reamra rigne innus nach mairfid aen-réd díb innti; óir an uair anaid sin co fada annsa tsróin geinit bréntus & truaillid an bolltanad.
1555]
Et seachnaid siat gach uile droch-balad, & co háirithi an droch-balad bís a n-inaduib cumga doimne a mbí aér truailligthi dorcha nach éidir lé gréin dul dá innsaidi do chnaí na ndeathaigead truailligthi, & do glanad an aéir éirgis díb. Óir
1560]
truailltear an spirad beóthach ó thruaillead an aéir. Agus ó gnáthugad an aéir thruailigthi ní mothuigthear an droch-balad truailligthi; más ead as éigin neithe deadh-balaid do gnáthugad, mur atáit, deathaigi neithead ndeadh-balaid, mur atá,
1565]
crann na hola & ambra & cainél maith; & boltanaid siat must do choiméd na spirad ainmidhi.
{MS P page 374}Et coimédtur an bél ana shláinti dá measgthur fín bog ann roim an cuid & na diaid; & glanaid so an bél & tirmuigid & cnaíid na fliuchada thuitius
1575] Et coimédtur sláinti na teangad lé hinnlad a huisgi ar céd-longad & a coimilt lé mil & lé púdur sinnséir; óir innarbaid sin a reime imurcach & cuirid a seingi hí. Tuillead: as imchubaid coblán do chaithim nó do chogaint, nó gargaraisim93 do
1580]
dénam de ar reime na teangad; ar an adbur sin co speitsialta luathuigid an coblán urlabra & siubal na naídin an tan caitear94 é, & comfhurtachtaigid na hailt & na musguile mur an cédna. Tuillead: .i. saeruid connmáil na spísrad ndeadh-balaid
1585]
ar céd-longad annsa bél in teanga óna reime, & furtachtaigid an t-uirgill, mur atá, nutmuic & cubibe. Agus is námuid don teangaid na cnó; ar an adbur sin as intsheachanta iat a coiméd shláinti na teangad, & mur an cédna dona
1590]
cnoib Gaídealacha.
Mas ead, adeirim co coimédtur feadáin an sgamáin & meiri95 lé heanbruithi cearc méith & lé feóil uan leith-bliadna96 ar mbearbad neitheadh
Et dligid an drong gá tuitinn uvula97 sgeathrach do sheachna. & co speitsialta ar céd-longad. Tuillead: gibé shanntaigius na boill adubramar do choiméd seachnuid siat deocha fuara bís fuar co
1610]
gnímach, & co speitsialta uisgi fuar. Et an uair bít na boill adubramar anfann ón dig so fédaig spasmus teagmáil a meiri, & do réir chonsiquens bás ó easbaid na hoileamna do tharrang; óir an uair marbthur meiri ó dig fhuair ní héidir leis
1615]
beith ana inmeadón chum an atarraing ná chum an tsloigthi.
Agus bíth a fhis agad co n-oilinn & co comfhurtachtaiginn cicera an sgamán arna nglanad óna croicinn fhuirimellach, & arna mbrisid &
Tuillead: .i. fín milis beirbthi arna glanad óna shubstaint reamuir léna bearbad, is mór tharbaigius sé don sgamán & dá fheadánaibh. Et is cumachtach
1635]
in dísleacht atá ag sgamánuib sinnuig do choiméd99 sgamán an duine. Et is ro-maith chum an neith chédna partáin tsrotha & oisridi arna mbearbad, & do mínidius-sa féin so annsa {MS P page 375}tráchtad do-rinnius d'ematoica & do ptisis.
1640] Agus bíth a fhis agad a tosach na hoibre so gurab intseachanta in ní thogairmius an fhearg & an cumgach; óir is fiadnuise neich éigin eagnaid
1660] Tuillead: seachaintear aer brén ceómur neamglan, óir ní héidir an spirad beóthach do choiméd ó atarrang an boltanuid maith & an aéir maith, óir is uatha sin coimédtur an craidi. Agus is dona neithibh is mó ó coimédtur é fín maith
1665]
séim deadh-balaid. Et ní fadar101 aen-ní ar an adbur sin is mó chomfhurtachtaidius an spirad & an craidi, & choimédus an teas nádúrda ná fín maith arsaid deadh-balaid arna ól co measurda; óir glanaid an fín an fhuil & innarbaid a teimil.
1670] Et is mór fhurtachtaidius suidi a n-inadaibh
1680] Agus an ní as inráid d'aen-ní, .i. bríg an chraidi do chomfhurtacht, coimlíntur sin lé fín séim & lé biaduib geinius fuil shéim, & lé gairdeachus & lé cumsanad na neitheadh ndeadh-balaid, & lé seachna na neithead do-ní fearg & dobrón, & lé
1685]
togairm na neithead sográduidthi, mur atáit éduigi & comnaidhi a n-inad sográdach. Agus is mór fhurtachtaidius síróip chomshuigigthi do shúg na n-uball milis & do shúg om na cruaichi Pádraig an craidi. Et bíth a fhis agad na neithe
1690]
chomfhurtachtaidius an craidi co fuil cuid díb 'na corpaibh measurda, mur atáit, creasanna & ór & airgid & cruach Phádraig; & atá cuid ele te, mur atá, cainél, sidaual & cróch & muscus & mellisa & a síl, cardamomum & cubebe; & atá cuid eile
1695]
díb fuar, mur atáit, niamanna & carabe, campora & cruel,102 sandali, rós, spodium, terra sigillata103 & coriandrum. Tuillead: .i. comfhurtachtaigid uigi cearc co coitchinn an craidi, óir geinid siat fuil
Óir cúisigthear sláinti an chuirp co huilidi ó shláinti an gaile, ar an adbur sin ní hinmainneachtnaigthi coiméd an gaile; óir is amlaid atá an gaile isna hainmintib mur bís an phrém isna
1705]
crannuib; óir is ón phréim tic oileamain chum an phlannda uile; ar an adbur sin muna hoiltear {MS P page 376}an phrém seargfaid104 an plannda uile; et dá mbia oileamain na préime animchubaid ní fada mairius an plannda. Et is mur sín an uair nach oiltear an
1710]
gaile, nó an uair nach díleagthur an biad téid ann, seargaid an corp uile; óir an uair bis seachrán follus annsa ghaili ní ceartaigthear annsna ballaib eile é, & mairid an oileamain neim-díleagtha animchubaid dá hinntóg a n-oileamain & a substaint
1715]
na mball. Óir as ead as beatha ann ní coimsheasmach maille ré hoileamain, ar an adbur sin dleagmaid beith deithideach co mór a coiméd shláinti an ghaile. Et furáilid drong dona daínibh eagnuidi an sgeathrach do thogairm uair sa mí co
1720]
mín lé huisgi mbog maille ré beacán aigéide, óir glanuid so an gaili ó imurcachaib an bíd & na digi & na ndroch-leannann.
infra 182-183
Tuillead: .i. caera fíneamna do chaithim ar céd-longad & comfhurtachtaigid an gaili & ceartaigid
1725]
a droch-coimplex. Agus do-ní aipsint & spicanardi arna n-ól mur dig an cédna, óir calmuigid & coimédaid é, & innarbaid na himurcacha, & dísgaílid cruas an gaile. Agus mar an cédna comfhurtachtaigid gnáthugad na lictabáire do-níthear
1730]
do masdix & do lignum aloes105 an gaile. Et gnáthuigthear na biada do-níthear dona hénuib do chomfhurtacht an gaili, mur atáit, petraisi & turtair óga arna mbearbad a n-uisgi. Et seachuid gan uisgi fuar d'ól ar a chuid acht a
1735]
ndeireadh a choda má do gnáthuig sé é, & munar gnáthuig gan a ól; & as beac dleagur a ól an tan sin.
Tuillead: síróip róise & hí deadh-balaid ó lignum aloes coimédaidh sí sláinti an gaili &
1740]
tarbuigid dó. Adeir Aristotul co comfhurtachtaidinn trí .3. do lictabáire do-níthear do reubarbrum & do lignum aloes ar céd-longad teas an ghaile, & co calmaiginn an díleagad, & co nglanann bél an ghaili ó linn fhinn, & co togairminn an
1745]
tochlugad, & co n-innarbann an gaethmuireacht. Et mur an cédna ceartaigid uisgi róise maille ré masdix & ré feóil an ubaill buidi an gaili.
Tuillead: is mór moluim gnáthugad coriandrum a sabsa, & curthar annsa sabsa sin .3. do lignum aloes,
1750]
clóbus, sbicanardi, sandali & nutmuic, .3. co
Et urchóidigid don gaile tochlugad an bíd & gan a fhadbáil, óir do-ní sin léimneach & saethur follus annsa ghaili. Agus is olc fothragad a cédóir tair és bíd. Agus is olc an biad do droch-cogaint ar
1765]
an mbord. Agus is olc fuacht imurcach nó teas imurcach don cheann & dona ballaib fuirimeallacha & urchóidigid co ro-mór don ghaili. Agus urchóidigid linn úr & gach uile leigeas dísgaílteach dó. Et urchóidigid co coitchinn gach uile ní do-ní
1770]
urlagad don ghaili.
Tuillead: .i. is dona neithibh is mó anfainnidius an gaili connmáil na ndeasgad & na gaethmuireachta ann, & coimriachtain mí-measurda, & co háirithi dá mbia sí a ndiaid repletion an bíd.
1775] Tuillead: .i. urchóidigid neam-chodlad mí-measurda & easbuid an tshaethuir & sgeathrach shaethrach don gaili. Et is mór fhurtachtaigius gnáthugad na sgeathraigi gan beith saethrach é, óir do-ní sí inad purgóidi & a dénum co hinmolta.
Labrum ana diaid sin do choiméd shláinti na n-ae. Agus adearmaid co comfhurtachtaigthear & co coimédtur sláinti na n-ae ó gach uile biad as
1790]
urusa do díleagad & geinius fuil maith shéim, mur atá, feóil meannán & cabún & petraisid & cearc, & uigi, & a cusmaile do biadaibh. Tuillead: as intuicthi co médaiginn gnáthugad na neitheadh so na hae & co ceartaigid a ndroch-coimplex, mur
1795]
atáit, ubla gráineacha millsi & caera fíneamna a n-égmuis a croicinn. Et téigid an fín bis séim ana shubstaint, & a ól co measurda, na hae, & osgluid a ndúinti. Item comfhurtachtaigid na leigis dísle so na hae, & as iat as tobur dona
1800]
leigeasaibh eile chum na n-ae, mur atá, epatorium, .i. an sáitsi Gaídilach, & ae aba & sginantum, spicanardi, caera fíneamna, sandali, endiuia & a cusmaile.
Tuillead: dligi a fhis do beith agad gurab dona
1805]
neithibh is mó do-ní urchóid dona haeib, & ní dóib amáin acht don gaili, biada do-díleagtha do chaithim, & seachrán uird in chaithme. Et do-ní
Et bíth a fhis agad co ndligid na leigis ana fuil seirbi & géiri beith maille ré stipeacdacht éigin ó ndéntur na hae do chomfhurtacht, mur atá, cainél & sdicados & squinantum, spicanardi,107
1825]
cróch & a cusmaile. Item bíth a fhis agad gurab imchubaid cnó Gaídilacha dona haeib uile, óir ní fhuil teas ró-dásachtach inntu & atá osglad & is maith an chimus108 geinit. Agus as imchubaid ae meic tíri & feóil sheilchi dona haeib. Agus as
1830]
imchubaid mur an cédna gnéithe endiuia dona
haeib do leith a coimplex & do leith a ndísleachta, & co speitsialta na gnéithe is mó ana fuil seirbi díb. Ar an adbur sin dá mbeid na hae te ullmuigthear endiuia maille ré mil & measraigid sin a n-ainteas.
Labrum anois don tsheilg. Óir is í in tshealg is cúis & is innstruimint don gáire; ar an adbur sin gibé agá mbí sealg arna hinordugad co maith,
1840]
& hí láidir do glanad na fola reime buaideartha ó nach éidir an corp d'oileamain co maith, bít siat subáltach neammbrónach. Agus a chontrárda so, gibé gá mbí sealg anfann ní héidir leo an fhuil reamur do glanad, & siblaigid sí trít na
1845]
cuisleannaib chum an chraidi & chum na mball eile, & do-ní sin duine dobrónach & smuaintigthi leanna duib aigi. Ar an adbur sin dleagur sláinti na seilgi do choiméd.
Et furtachtaigthear an tshealg lé biaduib oilius
1850]
co maith hí & osluigius a dúinti, mur atáit so,{MS P page 378}
.i. cearca beirbthear a mbeacán eanbruithi & aigéid mur shabsa, & bainne úr mur bligthear é maille ré beacán siúcra, óir osglaid so dúinti na seilgi & coiméduid a sláinti. Agus do-ní fín dearg
1855]
arna ól co measurda ar an cuid in cédna. Agus is tarbach uormont d'ól maille ré mil annsa chúis chédna, óir ceartaigid sin coimplex na seilgi.
Agus seachnuid siat na neithe reamra stipeacda & na tortha, mur atáit so, .i. péireadha & oráitsi &
1860]
mespila & a cusmaile; óir cumgaigid siat póire na seilgi & anfainnigit na hailt. Agus seachnait siat feólanna reamra, mur atá, feóil daim & gabuir
Labrum anois do choiméd shláinti na n-inneadh. Agus is de sin a nglanad ó na himarcachaib
1870]
connaimthear inntu, & mur an cédna ó na leannuib rigne & ó na neithib eile leath-amuith do nádúir do gnáthuig imdugad inntu ó mailís an regimen nó óna n-anfainne. Ar an adbur sin glantur na hinne óna n-imurcachaib & óna leannuib rigne
1875]
maille ré dig d'uisgi meala ar céd-longad, & lé caithim fígead tirim méith ar céd-longad, & lé dig d'uisgi ara mbeirbthear iad. Agus fodnaid eanbruithi gearrcach méith nó uan mbliadna arna mbearbad maille ré bleta mur an cédna.
1880]
Agus fodnaid eanbruithi sein-chirci arna bearbad maille ré polipodium & ré hainís chum an neith chédna. Agus as imchubaid uisgi ara céid-beirbthear coblán chum an neith chédna. Tuillead: bíth a fhis agad co comfhurtachtaigid caera na fíneamna
1885]
arna caithim ar céd-longad na hinne. Item, adearaid drong co coimédann rais110 arna bearbad ar bainne nuad & arna caithim na hinne, & co n-oilinn iat.
Et gibé lérab áil sláinti a inneadh do choiméd
1890]
seachnad sé gach uile biad aigéidigthi gér reamur
Tuillead: saethur a ndiaid bídh co grod, & co speitsialta deoch uisgi fhuair & mórán fína a
1905]
ndiaid bíd, urchóidigid co ro-mór dona hinnib. Et anfhainnigid coimriachtain imurcach d'éis móráin bíd na hinne. Et leigeasaidh gairleóg om do chaithim teinneas fuar na n-inneadh, & innarbaid sí in gaethmuireacht reamur, & ar an
1910]
adbur sin adearar triacail na mbodach ria. Et adubradar drong dona daínib eagnuidi co n-innarbann gáirleóg arna bearbad maille ré feóil méith gaethmuireacht mór na n-inneadh.
Labrum anois dona háirnib. Agus as imchubaid
1915]
biada so-díleagtha dóib, mur atá, arán cruithneachta fá curthar laibén gu maith & síl fenéil & carabuaid & é arna bearbad co hinmeadónach, & fín finn séim abaid, & feóil én a n-égmuis na n-én
Tuillead: min eórna arna cumusc maille ré bainne méithigid na dubáin & coimédaidh a sláinti. Item, togairmid eanbruithi siserum duib an fual
1925]
& disgaílid na himurcacha connaimthear inntu. Item is mór choimédus clisteri & sgeathrach a ndiaid an bíd na háirne ó na heasláintib.
Et is mór urchóidigid na tortha fuara co huilidi
1930]
dona háirnib & dona hinnib; & do-ní aigéid an cédna & na feola reamra, mur atá, feóil daim & gobair & bainne goirt & gach uile luib fhuar. Tuillead: seachnuid siat gach uile photáitsi & marcuideacht minic & rith mór & gluasacht imurcach
1935]
& fuacht chos & deoch buaideartha. Et seachnaid co speitsialta éisg gan beith lannach, & repletion bíd & digi, & coimriachtain imurcach d'éis bíd, & gnáthugad na neitheadh ndiuereticach. Et bíth a fhis agad co fuil dísleacht ingantach ag bainne na
1940]
caerach do chomfhurtacht na ndubán. Agus is maith dubáin maille ré biaduib eile do chaithim dá comfhurtacht, óir méithigid iat. Agus comfhurtachtaigid bainne camuill d'ól na háirne, óir timurgaid & daingnigid iat. Agus is lór na
1945]
neithe sin do choimed na ndubán.
Labrum anois don lamhannán. Agus bíth a fhis agad co comfhurtachtaigid na lictabáiri
Labrum anois don timthearacht. Agus is ball gabus urchóid & gortugad co hurusa chuci í, & an
1965]
uair gabus is deacair a leigeas; más ead, rig sí a leas follamnugad maith. Más ead, gibé shanntaigius sláinti na timthearachta do choiméd ná suigead sé co fada ar talam ná ar cloich114 atá fuar co gnímach. Tuillead: dligid siat feóil reamur daim
1970]
do sheachna & co huilidi feóil na n-ainmintid fiadánta & na neithe geinius linn ruad; óir gortaigid linn ruad an timthearacht do leith a géiri. Agus comfhurtaigid suigi ar cloich an sdufa méid éigin an timthearacht, óir cnaítear an fhlichideacht
1975]
imurcach thuitius chum na timthearachta ó
Labrum anois dona neithibh fhurtachtaigius boill na geineamna, & adéram neithe athchumaire díb. Óir atáit boill na geineamna arna n-ordugad chum gníma na geineamna theagmus a ngeineamain
1995]
an sperma & na drúisi, & teagmus a ngním déiginach geineamna na cloinne; & na neithe115 chumnus lé ballaib na geineamna chum an gníma sin furtachtaigid iat. Et teagmaid uireasbaid {MS P page 380}
na geineamna & na coimriachtana gu gnáthach ó
2000]
na ballaib prinnsipálta eile, & ní luaidmid labairt dá n-uireasbaid annsan inad so, óir is lór dúin ar labramur don taeb thuas dín.
Et bíth a fhis agad gurab dona neithibh is mó
Et is ar an mod sin tuigim boill na geineamna
2015]
do horduigeadh chum na geineamna, óir bit uireasbadach annsa gním sin muna gnáthuigid é. Et ní headh amáin truailltear soithigi an tshílne ó chonnmáil an sperma thruailligthi acht truailltear an corp gu huilidi co minic; óir is amlaid atá an
2020]
sperma truailligthi a mod neimi, & mur thruaillius beacán na neimi an corp co huilidi as mur sin do-ní an sperma truailligthi. Et is dona neithibh chomfhurtachtaidius boill na geineamna gnáthugad measurda na coimriachtana,116 & do-ní an gnáthugad
2025]
mímeasurda a chontrárda mur bus follus don taeb thís dín, mur a ndénum aen-chaibidil speitsialta don choimriachtain.
Et is lór linn a thuicsin annso na neithe choimédus sláinti na mball ngeineamnach; & gnáthuigthear
2030]
iat & na neithe anfainnidius & toirmiscius iat
Item, bíth a fhis agad gurab dona neithibh anfhainnigius boill na geineamna imurcaid fhothraigthi. Agus do-ní gnáthugad cuisleann na n-airteireadh & na cuisleann atá do thaeb thiar dona cluasaib an cédna; & gibé shanntaigius
2045]
sláinti na mball ngeineamnach do choiméd seachnad sé sin.
Agus seachnad sé na neithe thirmuigius nó fhuarus nó sdupáilius, mur atá, deathach agnus117
2050]
castus nó é féin arna ól, óir do-ní sin urchóid mór ac tirmugad. Agus do-ní gnáthugad an chobláin an cédna; ar an adbur sin dá curthar a shíl annsa banndacht d'és choimriachtana truaillid an sperma. Agus do-ní gnáthugad an coriandrum an cédna ag fuarad & ac tirmugad; & do-ní an luib ré
2055]
n-abur basilicon an cédna. Agus do-ní an campora an cédna ac fuarad & ag tirmugad, & do-ní in lactuca & an portulaca an cédna ag fuarad & ac sdupáil,
2065] Et atáit na trí neithe so éigintach chum na coimriachtana, .i. adbur innarbthur & teas dúisgius & gaethmuireacht. Et atáit neithe méduighius an choimriachtain ag imdugad an adbuir & a' calmugad in teasa, & neithe eile a' geineamuin na
2070]
gaethmuireachta, & neithe eile méduighius iat uile a n-aenfheacht. Et atá cuid díb sin 'na leigeasaibh amáin & cuid eile ana mbiad120 & ana leigeas. Na biada immorra, méduidius in choimriachtain as iat so iat, .i. feóil meannán méith firinn & feóil
2075]
chaerach & uinneamain gan priáil: óir do-ní an fheóil arna priáil toirmeasc furtachta na geineamna & tirmuigid an phriáil adbur na hoileamna. Agus is maith cearca 121méithe chum an neith chédna, & gearrcaigh colum, & fuiseóga co díleas,
2080]
& uigi boga maille ré cainél & ré gailingan, & uigi éisc & feóil éisc annsna corpuibh teasaidi. Et mar in cédna don biadh do-níthear don chruithneacht arna bearbad maille ré mórán uisgi nó go
Labrum anois do choiméd an chroicinn & na musgailead & ball fuirimillach an chuirp co huilidi.
2105]
Agus coimédtur iat ó fhothrugad uisgi the & ó fhothragad aéir measurda & ó glanad imchuibid an chuirp. Agus glantur an corp lé coimeilt mín & lé hongad mín do-níthear annsa fothragad lé mil arna spumáil; & is cumachtach an glanad do-ní
2110]
an t-ongadh sin ar in croicinn óna thsalchur, & tairrngid imurcacha na leanann trít na póiribh innus co n-innarbunn iat. Et do-ní min phónaire
Tuillead: bíth a fhis agut co comfhurtachtaigthear na cuirp fhleumaitica ó gluasacht na n-alt. Et innailtear na boill fhuirimillacha annsa geimreadh a huisgi the ara mbearbthur camamilla
2120]
& bitóinne & ainéit, & a huisgi fhuar annsa tsamradh. Et adubradur na daíne eagnuidhi ingne na cos & na lám do choimeilt lé huisgi & lé haigéid & lé holaidh, & co coimédand sin iat ó brisid & ó sgoltad & ó dubad. Item, a n-ongad a holaid & a salainn
2125]
& is mór fhurtachtaigis iat, & is mó fhurtachtaighis an t-uisqi te iat ná in t-uisgi fuar. Agus gortaighi lámanna nó bróga arna fásgad co cruaidh méir na cos nó na lám; & is cúis méir ar muin méir ele sin, & an droch-shuigigthi. Et ní fhuil ní is
2130]
mó gortaighis an inchinn ná sibal cos-lumnacht trí laithig a n-aimsir fhuair, & cúisighi flux fuail & anmfainde na súl. Item gortaigthear an inchinn & na súile ó chollad a mbrógaibh nó a n-asánaibh & ó annmacht innalta & coimelta na cos.
2135] Et bíth a fhis agat co coimétur sláinti na lám & co mínighthear an teinnius bís unnta óna leannaibh fuara oma & ó gaethmuireacht lé cluithib liathróide do-níthear chum inaidh aird leisin dá láim; & is imchuibid so co mór do lucht leanna
2140]
finn. Tuillead: bíth a fhis agut co n-indarbunn coimeilt na cos & an gaile folum tromdacht &