Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 5

An cúigead caibidil: Do regimen na sláinti do-gabur do leith reme nó truaigi

Non eodem regimine indigent pingues naturaliter, & cetera, .i. ní hinann regimen dligid na daíne


p.50

infra 160-162 méithe co nádúrda & na daíne truaga: .i. bíth drong dona daínib truag nísa mó do leith a
1300] coimplexa ná mur iarrus aibíc77 measurda na gneé daena; & gnáthuigid sin teagmáil ó theasaideacht & ó thirmaideacht ball an treas díleagad; et teagmaid uair eile ó anfhainne ball an treas díleagad.

Agus dá teagma an anfainne sin do leith an
1305] choimplexa bíth 'na cúis don truaigi mur so, .i. nach éidir leis na ballaib an oileamain do tharrang chucu, nó arna tarrang nach éidir leó a díleagad, & tic truaigi na mball uaid sin. Et teagmaid do droing éigin a mbaill do beith láidir ag dénum an
1310] atarraing sin, & gan a mbeith reamur acht a mbeith truag co nádúrda; & as ó láidireacht an teasa ag dísgaílead teagmus sin & ó anbainne bríge claechluigthi na mball & ó anumlacht athnuaigthi na mball. Et teagmaid cló na ballaib
1315] beith anumal chum a n-athnuaigthi ar son a cruaidi & a tirmacht, mur is follus a lucht leanna duib, nó ar son láidireacht na78 cnaí, mur is follus a lucht leanna ruaid. Óir atá teas gér cnaíteach acu innus co cnaídinn an teas sin an ní do dligfid
1320] inntóg79 a substaint na mball ón80 chlaechlódh.

Et as éidir a thuicsin as na neithib sin cúise na reime imurcaidi tic ó náduir.

Nam oppositorum opposite sunt cause81, .i. is cúise contrárda bís ag na neithibh contrárda:


p.51

infra 162-163
1325] óir is iat cúise na reime nádúrda & na feólmuireachta imurcaidi, flichideacht na mball maille ré teasaideacht mael & calmacht na bríge claechluigthi & ullmacht na mball chum a n-athnuaigthi do leith a mbuigi & a tearcacht.


1330] Et ar an adbur sin dá teagmad co mbeith duine éigin truag ar son dígbaidthi na feóla & in méthraid dligid sé gnáthrugad dona neithib do-ní téigid & fliuchad, & do biaduib oilius co mór & is urusa do díleagad & d'inntóg a cusmailius na mball.
1335] Agus dleagur boill an treas díleagad do chomfhurtacht innus coma móidi do tarróngthaidi an oileamain & do díleagfaidi & do coinneóchaidi & do hinntóchaide. Agus dligid sé gnáthugad dona neithibh chathuigius a n-aigid na tirmaideachta
1340] & an dísgaílti. Et as imchubaid don droing lérb áil a cuirp do reamrugad aipstinens do dénam ó na neithibh saillti & géra & aigéidigthi, acht muna gnáthuigthear iat mur shabsa82 innus coma feirrdi in tochlugad.


1345] Ar an adbur sin is maith do reamrugad na corp cruithneacht beirbthi & uigi boga, & liti do {MS P page 371}min chruithneachta, & mur an cédna rais, & pónuire bristi ar mbuain a croicinn di, bainne & cáisi nuad, & almoint millsi & cnó nuada aipchi, cearca
1350] & éin méithe, colum arna rósdad & fín maith mur an cédna, & gnáthugad do chluithib & do gairdeachus co minic, & gan cuisle ná purgóid do gnáthugad


p.52

infra 163-164 acht co hannum, & fothragad do dénum tair és bíd ar críchnugad an chéid-díleagtha, beacán
1355] gorta d'fhulang & mórán do chaitim, beacán feirgi do dénam, sólás & dobrón, coimriachtain & saethur & coimilt measurda do gnáthugad. Et gu coitchinn gach uile ní olamail milis ramraigid siat an corp.


1360] Et gibé shanntaigius na bríga so do chalmugad, .i. bríg an treas díleagad, & co speitsialta an bríg atarraingtheach & an bríg díleagthach, as ro-maith dóib roim dul a fothragad a mboill do choimilt co measurda, & ana diaid sin ceirín do phic do
1365] chur orra, & saethar measurda ainnséin, & fothragad 'na diaid sin, & a tirmugad ainnséin lé héduigib tirma, & a n-ongad ainnséin maille ré beacán d'olaid na holiua nó do chamamilla, & a oileamain co gnáthach leis na biaduib do gnáthuig sé.


1370] Agus is follus as na neithib sin adubramar regimen na ndaíneadh reamur tair éis a chéile. Óir as imchubaid dona daínibh reamra, do choiméd83 a sláinti, diet oilius co beac & a beith a caindiacht móir, & gach uile ní do-bearar dóib
1375] a beith ac toirmeasc na reime do méid éigin.

Más ead, gnáthuigid siat fothragad roim a cuid, & méduigthear a saethur, & ongthur lé holadaib dísgaílteacha iat, & gnáthuigid siat trifeara beac & lictabáire do-níthear do lactuca84 & triacail co


p.53

infra 164-166
1380] gnáthach. Agus seachnaid siat feóil & bainne & gach uile ní milis, & gnáthuigid siat praiseacha & neithe géra & aigéidigthi gu mór, & gnáthuigid neithe lagus an brú. Et gnáthuigid na neithe thogairmius in fual & an
1385] t-allus, & saethur mór láidir; & fuilngid gorta sul chaithid biad, & codlaid ainnséin; & ullmuigid iat fein chum bíd do chaithim aen-uair sa ló, & ná codlaid mórán, & ibit sein-fhín séim. Et an ní adearar d'aen-réd, gnáthuigthear regimen contrárda
1390] do mur adubramar don taeb thuas dín.

Et is follus as na ráitib sin cinnus reamraigthear na baill truaga, & cinnus truagaigthear na boill reamra.

Et is do leith atarraing na hoileamna chum
1395] na mball, & a connmála inntu, & a hinntóg ana nádúir, reamraigthear na boill. Et coimlíntur na hoibrigthi so lé coimilt & lé deargad na mball maille ré leigeasaibh deargus iat & lé huisgi te do dortad orra, & fá deóig linemintum do phic do
1400] chur orra mur adubramar romainn.

Agus mad áilt ball atá roi-reamur do thruagugad, furtachtaigid chugi sin an ball do chur a n-inad fhuar a comnuidhi, & sligthi na hoileamna chugi sin do cheangal co cruaid, & an oileamain do
1405] tharrang chum a chontrárda, & epitima do chur ar an mball toirmiscius a reamrugad; & curthur cimolea & cerusa luaidi85 maille ré súg gaifne


p.54

infra 166-168 gile & ré holaid mirtuis ar an mball & is maith. Item déntur epitima lé huisgi ailime & lé haigéid
1410] & lé min pónaire & lé coriandrum & léna cusmailib, & curthar ar an mball mur an cédna.