Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

chapter 3

An treas caibidil: Do riaglachaib in regimen do-gabur ón aís & ar tús do regimen na naígin

Consequenter ponende sunt regule generales
445] regiminis sanitatis, .i. as inchuir ana diaig so riaglacha generálta regimen na sláinti do-gabur ó égsamlacht na n-aes. Óir as í an aís naíginda an chéd-aís díb, más ead abram ar tús riaglacha regimen sláinti na naígin atá a crích déiginaigh
450] na hégcudrumachta.

Más ead abram gurab inchuir an naígin sin


p.19

infra 123-124 tair és a breithi a n-uisgi te measurda, innus nach claechlóchaidi a chorp32 ó fhuaraideacht an aéir, nó ó thosgugad mór na teasaideachta; óir
455] in salcur bís a' leanmain33 de ón maclac, glantar é ón uisgi the. Et adérmaid so amáin chugi sin gurab ingabála an naígin a n-inad chusmail risin maclac in meid bus éidir é; óir is dona hurchóidib móra in claechlód obann. Et ar an
460] adbur sin ní dleagur ar aen-mod fothragad uisgi fhuair dóib tair és a mbreithi mur do gnáthuigidur drong dona barbarchuib, acht fothragad uisgi glain, te, measurda, cusmail ré teasaideacht an maclaic; óir do-chiamaid iat maille ré dearbad
465] co ro-minic a' fáiltiugad annsa fothragad sin.

Et dligmid a n-imlicáin do cheangal, & gan a cheangal co ro-fhada innus nach beith sé mór acht beith dead-maiseach, & nach bia sé ro-gearr innus nach beith sé nísa luga ná mur as éigin.
470] Et ní dliginn an ceangal sin beith ro-chruaid ná ro-boc, innus ná tuitead sé ní bud luaithi ná ní bud moilli ná an chóir. Et dligid an ceangal sin beith do shnáth olla gan beith ro-chruaid. Agus tair és gearrtha an imlicáin crotur púdur mirra,
475] nó masdix, nó sangis draconis ar an imlicán, nó a cusmaile.

Agus adearaid drong dona sean-daínib co


p.20

infra 125 ndleagur púdur salainn arna brisid go ro-min do chrothad ar corpuib na droingi sin; óir is tarbach
480] an crothad sin do chalmugad na mball, innus nach gortaigir iat ó na neithib fuirimeallacha theagmus dóib, mur atá, teas, nó fuacht, nó a cusmaile; óir bíth a croicinn daingin34 neam-fhoámaigtheach35 uaid sin, & cnaítear na fliuchada
485] neam-glana, & imurcacha an chroicinn uaid, óir is follus dúin co mbí mórán díb sin innta.

Gid eadh, atá ag an tsalann óna nádúir féin baill na naígin do chréchtnugad36; ar an adbur sin a n-inad an tshalainn annsna hinntinnib
490] so adubramar romainn, gnáthuigid drong dona heagnuidibh ola an toruid ré n-abur na measóga; óir calmuigthear na baill uaithi sin & tirmuigthear na fliuchada ar mod éigin uaithi, & ní chréchtnaiginn sí na boill. Et as résunta an ola so dona naíginaib
495] atá te & tearc go mór, mur atá, lucht leanna ruaid & fola deirgi; óir atáit a mbaill sin tearc go mór & fuilingtheach co ro-mór. Agus ní mar sin dona naíginaib atá a crích déiginuid na measurdachta, óir atá tarba mór aigi dá dénam
500] innta so. Et mad naígin leanna finn iat dligid a salann beith gér, teasaidi, tirim; & mad naígin leanna duib iat dligid a salann beith teasaidi & gan beith tirim gu mór.


p.21

infra 125-126

Tuillead, dleagur a lamannán d'fhásgad innus
505] comad usaidi in fual d'fhágbáil. Et ainnséin osgailtear a sróna maille ré mér beac ar nach {MS P page 360}bia tosgugad ingin tar an feóil. Agus súigid pearsa dochraid a srón co mín, & glantur puill na cluas lé mér beac ar a mbia inga mael, & síntear
510] a láma & a méir uile, & filltear a sliasta & a colpuidi, & tarraingthear co mín mur so & mur súd iat.

Et as indénta fothragad gach lae don naígin fá dó. Agus ná bíth a gaile lán do bainne ac dul chum an fhothraigthi, & oiltear ana diaid sin
515] a cédóir é; óir mur dligid na daíne láidiri saethur do dénum roim an mbiad, is mur sin dligid na naígin atá arna ngeineamain co nua, leis nach éidir saethur do dénum, fothragad do dénam roim an lachtugad; óir dá mbia a ngaile lán do
520] bainne truailltear a ndíleagad ón fhothragad, & geintir dúinti ana taebuib.

Agus mar an cédna fáisgthear a sgairt chléib innta, & geintear cosachtach & sgeathrach gnáith.

Más ead na neithe atá urchóideach cusmail rú
525] sin as intseachanta iat isna daínib geintear37 gu nua. Agus ní dleagur fothragad do dénum dóib a huisgi a mbí nádúir mianamail mur atáit so .i. uisgi ailime & uisgi raibi38 & uisgi saillti, acht dligid sé beith d'uisgi tobair glain, & é ag rith chum
530] na hairdi soir ar talam gainmeach gan beith


p.22

infra 126-127 clochach ná láibeamail & ó shléibtib, & gan chumdach air ón aér, & é arna shuigiugad a fiadnuise na gréine, & gan blas air, & substaint shéim aigi, gan recidens do beith aigi, & comad urusa a thégad
535] nó a fhuarad.

Agus connuimthear annsa fothragad iat nó co tinnsgna a feóil deargad; & déntur a ceangal co deag-maiseach; & ní dliginn an ceangal beith ro-chruaid d'eagla an fhásta do thoirmeasc ná
540] ro-bog ar eagla co mbeith suigiugad a mball co neim-dleistinach. Agus ni dligid na héduighi ana ceangailtear iat beith fuar. Agus mad follus peacugad comsuigigthi a n-aen-ball acu do leith na figrach nó an tshuigigthi nó na cáilideachta
545] nó na caindiachta, ceartaigthear sin an méid bus éidir agá ceangal a ndiaig an fhothraigthi.

Ana diaig sin taburthar bainne dó nó co codla sé; & dá teagmad ná bud áil leis codlad lena cíg siublaigthear maille ré canntaireacht binn; &
550] muna codla sé lé ceachtar díb sin sgaíltear an cris ceangail dá gach taíb. Agus sduidérad39 a banaltra roim gach uile ní nach beith a édaighi salach; Et as í in méide so dleagur a sgaílead an gach lá nádúrda, .i. in méid do-gabur a édaighi
555] salach faí.

Agus dleagur bainne do thabairt dó a ndiaig a fhothraigthi do gnáth, & ana diaig sin a édaighi do chlaechlód. Et dá faicim gu súiginn sé an


p.23

infra 127-129 bainne co dleistinach tuigim as sin gnáthugad a
560] oileamna co fada nó go gearr. Óir is do réir a riachtanuis a leas dleagur a n-oileamain; óir is sia an aimsear iaraid na naígin óga chum a n-oileamna, & chum a fothraigthi, & chum codalta, & chum na n-éduigid salach do chlaechlód ná an
565] drong eile acu.

Agus ní reaguid a leas co hóg biad eile acht bainne, óir do-ní sé inad bíd & digi dóib. Agus as é bainne a máthar bainne as imchubaidi dona naíginuib; óir bíth an bainne sin arna geineamain
570] ó fhuil ro-chusmail risin fuil dob adbur geineamna & oileamna don naídin. Más ead, as fír a rád gurab ro-maith an oileamain dóib bainne a máthar; & is amlaid tuicthear sin & an máthair do beith slán & regimen imchubaid do réir mur iarus
575] gním na hoileamna & an tí oiltear.

Et dá teagmad ná bud tualaing nó ná bud áil lena máthair a oileamain, togthar banaltra thslán ele chugi agá mbia coimplex maith & aís fhoirbthi, & a beith daid-bésach, & a dath a' claenad chum
580] duibe, & cuisleanna fairsingi aici & muinél reamur, {MS P page 361} & ucht leathan, & cígi gan beith feólmur gu mór & gan mórán do chuisleannaib laga orra; & ná bíth a mbainne roi-reamur ná ro-shéim, & corp geal do beith aici, & bainne deag-blasta dead-balaid do
585] beith aici, & gan beith ro-gar d'aimsir an toirrchis40 ná ro-fhada uaid. Agus mad éidir banaltra


p.24

infra 129-130 d'fhagbáil beas cusmail do regimen & do choimplex réna máthair don leanum, & na cuingill so adubramar do beith aici, as intogtha mur banaltrainn
590] í.

Et bud follus don taíb thís dín regimen maith na banaltrann & a cích, & cinnus coimédtur & ceartaigthear & méduigthear an bainne innta; & do-gébthur sin mur a curthar regimen coiméda
595] na sláinti do-gabur ón égusc bannda do réir mur deiligius sé ón égusc fhearrda.

Agus na céd-laeithi a ndiaid in leinm do breith ní hinmolta a máthair dá oileamain ar dá adbur: an céd-adbur díb, óir atá an máthair arna claechlód
600] co mór ón toirrcheas; an dara hadbur, tré fhad in chomnuide atá ag an bainne annsna cígib, óir teagmaid co mbeith sé truailligthi; & tuicthear sin ar a dath & ar a shubstaint. Et ar an adbur sin do-níd na mná Frangcacha, ar mbeith mí-dóchus
605] acu as an bainne sin, bean uirísil do shúg an bainne as a cígib.

Et ní hingluaisti a cliabáin co fuiréigneach do thogairm in chodalta acht co mín innus nach gluaistear an bainne ana ngaileadaib, & nach
610] truailltear an díleagad. Agus do budh fearr comad leisin cích do-géntaidi in codlad do thogairm.

Et as imchubaid caoi measurda roim an mbainne dóib & co speitsialta do leathnugad na mball spiradálta, & d'fholmugad rainn éigin do fhlichideacht
615] an chuirp & an chinn, & do thogairm & do


p.25

infra 130 chalmugad an teasa ré n-abur innatus. Agus taburthar bainne dó fá dó nó fá thrí sa ló nadúrda & an méid is mó fá cheathair.

Et dá teagmad an bainne do thruailliugad ana
620] ngaileaduib ó imurcaid & ó ainmeasurdacht a óla, teagmaid uaid sin at, ruidheadh,41 & gaedmuireacht imda, & gile an fhuail. Leagar dóib an tan sin aimsear fhada gan biad, & déntur inntleacht chum codalta fada do dénum dóib; nó as innill
625] beacán bainne do thabairt dóib & a thabairt co minic. Óir is cusmail iat ré corpaibh na ndaíneadh bís ag éirgi a heasláinti, & is mur sin dleagur a n-oileamain mur bus follus don taíb thís dín.

Et is maith, roim an mbainne do thabairt,
630] beacán meala arna glanad maille ré beacán fína gil uisgeamail, do glanad & do chomfhurtacht an gaile, innus nach morga an bainne ana ngaileadaib. Et is éigin roim bainne do thabairt dóib (& ar tús co speitsialta) méid éigin bainne do chrúth ana
635] mbéluib innus coma lugaidi do shaethróchad meiri ac dénum an atarraing; más ead teagmaid gortugad co minic ó atarrang meiri & na n-innstruimintid eile dóib.

Et is é so regimen na naídin nó coma follus
640] na cláirfhiacla. Agus an uair thinnsgnaid na cláir-fhiacla as intuctha dona banaltrannaib co gnáthach biad eile dóib; & bíth a mbiad cusmail risin mbainne a substaint & a mbríg, & bíth nísa


p.26

infra 130-132 reime do beacán ná an bainne. Agus bíth siat
645] do biaduib nach rig a leas mórán coganta, nó gan aen-chogaint, mur atáit, biada inmolta cogantar co deithideach ó na banaltrannuib ar tús, et arán arna maethugad a n-uisgi meala nó a n-uisgi tobair inmolta, nó biad do-níthear do
650] min chruithneachta & do bainne nó arán arna {MS P page 362}dísgaílead a fín uisgeamail. Et ní moluim na biada so adubramar romainn do thabairt dona naídinuib maille ré bainne.

Et an uair thinnsgnaid siat siubal leó féin
655] dligid an banaltra beith deithideach nach gluaisti an naígi co hanorduigthi air eagla co ndísgaílfidi nó gu ceangóltaidi a boill co hainmeasurda. Et ná coiméignigthear é chum suigi nó chum siubail nó co tí a n-álgus chugi féin do réir nádúire. Et
660] an t-inad ana suiginn sé ní dliginn sé beith cruaid ná garb, & ní dliginn aen-ní gér ná gearrthach beith láim ris.

An uair thinnsgnaid na fiacla ré n-abur canini fás dénaid aipstinens ó gach uile ní chruaid do-choganta,
665] air eagla co sgrisfaidi nó go laigdeóchaidi adbur na fiacal sin adubramar ó chogaint na neithead cruaid, mur do-níthear co minic. Et is maith annsan aimsir sin feóil na fiacal do choimilt lé blonuig circi42 & lé him nua, & lé hinchinn
670] míl, óir togairmid sin a fás & calmuigid iat féin. Óir a n-aimsir fhásta na fiacal sin adubramar


p.27

infra 132-133 gnáthuigid muiníl na naídin deargad co mór & moluim an tan sin ola róis arna leagad ar uisgi te do choimilt díb. Et an uair thshanntaigid ní
675] do gearrad leis na fiaclaib sin, & a mér féin do chogaint, is maith an tan sin imurcacha prém an yreos43 do thabairt ana lámhuib, nach bí tirim co mór acht beith inmeadónach idir chruas & buga; óir tairrngid a cogaint sin feóil fiacal na
680] naídin ó chneaduib & ó theinneas. Agus moluim feóil a fiacal do choimilt lé mil glain maille ré beacán saluinn, óir coimédaidh sin feóil na fiacal gan morgad. Et an uair fhásaid na fiacla ré n-abur canini co fuirfi cogantar préma licoirisi
685] co gnáthach.

Et an méid tiaguid siat ó oileamain na cích, as í an méide sin dligid siat biada reamra do gnáthugad.

Et as í so aimsear a mbuana dá cígib .i. an uair fhásaid a fiacla uile & bus éidir leó biada
690] eile do chogaint co fuirfe, & is í an aimsear sin aimsear dá bliadan co coitchinn.

Agus dá teagmad co n-iarfad an naígi na cígi co hanorduigthi tair éis aimsiri an tsequestair44 & co caoighfig sé, curthar neithe faí an cíg do-béra45
695] aduathmuireacht ar an naídin a mblas & a radarc, mur atá súg uormóint & a chusmaile. Agus


p.28

infra 133-134 connaimthear an regimen so adubramar ar an naíghin nó co sgara ré cígib gu huilidi.

Et d'éis a buana dá cígib dligid a chairdi beith
700] deithideach agá chur deid-bésach, óir atáit dá tharba tic de sin: an céd-tarba díb, co fásfad sé co maith & co mbeith aibíc maith aigi & suigiugad maith ana ealadain; & ní hí metafisica an ealada sin acht an fheallsamnacht morálta: an dara
705] tarba beanaid sí risin corp; óir is éidir mailís do geineamain isin coimplex ó mailís na mbés & ó fhoámugad an chuirp. Ar an adbur sin leanuid na droch-bésa mailís in choimplexa & is mur sin is éidir mailís an choimplexa do geineamain ó
710] na drochbésaib. Et ar an adbur cédna geintear linn dub ón eagla & ón meatacht, &46 dá robuid aimsear fhada ar neach. Agus ní hinlicthi dobrón ná fearg ná caí ná gairdeachus orra, acht a toga a mod inmeadónach. Et mad follus dúin a
715] nádúir a' claenad co hanorduigthi chum teadma éigin as intreóraigthi iat chum a chontrárda. Dá réir sin tuicmid co coimédtur an corp & an t-anum ó choiméd na mbés. Óir bít a mboill anfhann co mór roim a seacht mbliadnaib & a mod ainimchubaid
720] don résún & don gluasacht.

Agus is fearr an fothragad do chalmugad na mball & d'innarbad imurcach an treas díleagad ná an saethar. Et ní dligid na daíne eagnuidi {MS P page 363}fothragad agá mbí bríg thirmaigtheach do thabairt


p.29

infra 134-135
725] dóib gu mór mur atá, fothragad ailime & a chusmaile, óir do-níd na fothraigthi sin na boill anumla47 chum gníma.

Agus ní dleagur fín do thabairt dóib ar aen-mod, óir atá sé gortaigtheach urchóideach dóib; óir is
730] follus dúin gurab tene a ceann teneadh fín do thabairt dona macámaib, óir atáit féithe & inchinn anfann acu dá ndéin an fín urchóid & gortugad mór. Óir is follus dúin a féithi do beith fuilingtheach go mór & so-thollta ón fín, óir atá
735] bríg tholltach ann óna shubstaint & óna gním do leith a shéime; óir ní reagaid a leas fín do thogairm an fhuail ná do glanad leanna ruaid, ná do fhliuchad an chuirp ná do thséimiugad leanna duib48 ná do chalmugad an díleagtha, ná an teasa ré n-abur
740] innatus, mur is follus dúin. Et ón aimsir sin amach fédtur fín finn uisgeamail do thabairt a n-inad digi dóib, & an méid bís coimplex teasaidi acu is lugaidi dligid fín d'ól, & a chontrárda sin don choimplex fhuar.


745] Et is é sin regimen na macám nó co curthar chum maigistreach iat a cinn a sé mbliadan. Agus is mór an tshligi dóib chum na haimsiri bís rompu beith umal subáltach.


p.30

infra 135-137 Et taburthar annsan aimsir sin do maigistir
750] iat teagoscus bésa & eagna dóib tair és a chéile. Agus an uair thigid siat chum na haísi sin ní dligid mórán fothraigthe do dénum & dligid saethar do dénam roim an proinneachad, óir calmuigid sé a mboill. Gid eadh, ní déin in méide sin comad
755] imchubaid chum saethair móir iat roim a ceathra bliadnaib dég, acht is córa a rád nach imchubaid dóib saethur mór ná láidir roim crích na haísi ré n-abur adolisensia.

Et mar adubramar don tshaethur is mur sin
760] tuicmid dona biaduib. Óir ni héidir leó na biada láidiri do díleagad atá cruaid do-díleagtha mur as éidir lé lucht adolisensia.

Agus mar an cédna ní héidir leó gním na drúisi do choimlínad mur is éidir leisin droing atá a
765] termin na haísi ré n-abur adolisensia. Óir tic gortugad mór ó choimriachtain anorduigthi & toirmiscthear médugad an chuirp uaithi. Agus ní tarbach a sperma chum na geineamna nó gu roithid na boill a médugad fuirfe; & roithid an
770] foirfiugad sin co coitchinn a cinn cúig mbliadan fithid, & is annsin atá an tsláinti foirfi & mairid sí co ceann 35 mbliadan & gairthear aís an nirt & na sgothamlachta don aís sin, óir is annsan aís sin as sgothamla & is láidiri na cuirp & is annsan
775] aís sin is treisi oibrigthi na beathad uile. Agus annsan aís chédna fédmaid saethur do dénam


p.31

infra 137-138 co láidir, óir is mó an saethur fhédmaid do dénum innti ná isna haesaib roimpi.

Agus is luga rig a leas an aís sin fothragad uisgi
780] the ná an aís atá roimpi. Et as don aís so amáin as imchubaid fothragad uisgi fhuair do chalmugad na mball chum a ngluasachta imchubaid láidir do dénum; & ní hanfhainnigthear an teas ré n-abur innatus ón fhothragad sin adubramar, acht is mó
785] furtachtaigthear é, & ní toirmiscthear médugad na mball uada. Agus ní dleagur an fothragad so do beith d'uisgi atá ro-ard a fhuaraideacht, ná a n-uair ná a n-aimsir atá ro-ard a fhuaraideacht, acht a n-aimsir & a n-uair the.


790] Et dligid biad lucht na haísi so beith nísa reime do cháilideacht & nísa mó do chaindiacht ná biad na haísi roimpe & 'na diaig. Agus dligid mórán do biad reamur do chaithim; & bud follus anar ndiaid na biada atá imchubaid & animchubaid
795] dóib.

{MS P page 364}Et bíth a ndeoch d'fhín shéim fhinn is luga as uisgeamail ná fín na céd-aísi, ar son togairmthi in fhuail & glanta an chuirp & togairmthi an alluis & fliuchaid na mball. Agus ní dligid a fínta beith
800] ro-theasaidi ná ró-gér, innus nach tuitfidis a fiabras, ná a n-ainteas ae, ná a loscad leannann. Agus ar an cúis cédna dligid na neithe atá ro-ard a teasaideacht & a tirmaideacht do sheachna mur atá, pibur & musdard, gairleóg & a cusmaile.


805] Et as gearr an codlad rigid a leas lucht na


p.32

infra 138-139 haísi so a n-aithfhégad na n-aes eile, ar son treisi a ndíleagtha & calmacht na mball as innsdruimint don bríg ainmidhi, mothuigthid, & gluaistig. Óir orduigthear in codlad do chomfhurtacht na mbríg
810] nádúrda, & an cumsanad do chomfhurtacht na mbríg ainmidhi.

Do leith aicídi na hanma immorra, is intsheachanta go mór fearg & dobrón, óir cuirid siat an fhuil a n-ainteas. Et as í an aís so as mó atá imchubaid sin,
815] do gnímarthaib na drúisi; óir atáit na boill co foirbthi innti, & an teas & na spiraid co láidir, & an sperma co himda. Et bud follus don taíb thís dín riaglacha speitsialta do-gabur ó égsamlacht na neithead nach nádúrda.


820] Et a ndiaig na haísi so tic an aís arsaid dá cuirfim regimen speitsialta. Agus bíth a fhis agad gurab í as inntinn ag follamnugad na sean-daíneadh co huilidi gach oileamain, & gach fothragad, & gach deoch ó fliuchaidthear & ó téigthear
825] iat; & mur an cédna d'aimsir fhada in chodalta & an chumsanaidh.

Et gnáthuigthear linn finn d'imdugad a ngailib na sean-daíneadh ar son anfainne na bríge díleagthaigi. Ar an adbur sin leigisim linn finn
830] atá arna imdugad ar shligid na n-inneadh, agá díleagad ar tús maille ré dig ar a mbeirbthear ysóip, & lé hoximel diureticach. Et folmuigthear ainnséin maille ré iarapigra49 & lé ní ar a mbeirbthear


p.33

infra 139-140 feithleóg &50 polipodium, & ainís, ana curthar
835] turbit & sinnsér. Et gnáthuigthear an brú do lagad lé cartamus nó lé heanbruithi sein-chirci ar a mbeirbthear polipodium & ainís. Et gnáthuigthear a tosach na coda ní éigin díb so, nó iat uile : mur atá, uiola & hocus & mercurial,
840] biatus & eilifreóg, lactuca & borráitse & buglosa51. Et gnáthuigthear so nó a cusmaile do chaithim a tosach na coda, lé heanbruithi nó lé bainne almont, gan arán.

Item, adearmaid co ndliginn oileamain na
845] sean-daíneadh beith so-díleagtha & oileamnach gu maith, & beith nísa luga a caindiacht & a nuimir ná annsna haesaib so is foicsidi roimpe. Óir ní bí dísgaílead imurcach ana corpaibh trí chruaidi a mball & trí anfainne a teasa; & is trít sin nach
850] dligid siat mórán bíd ná proinneachad52 minic, óir is lór dóib beacán a n-aithfhégad na céd-aes, trí anfhainne na bríge díleagthaigi inntu. Más ead dleagur a n-oileamain do beith a caindiacht bic; óir is urusa lé corpaibh na sean-daíneadh an
855] oileamain beac do chur ana cusmailius acht gé mall díleagaid an oileamain. Ar an adbur sin ní rigid a leas a n-oileamain go minic, óir teagmaid coma lór dóib caithim aen-uair annsa lá nádúrda, óir is urusa leis na sean-daínib an tréiginus
860] d'fhulang.

Et is fír sin ag labairt do shean-daínib na


p.34

infra 140-141 harsuideachta, & ní fír ag labairt do shean-daínibh na seanórdachta atá ullam chum báis mur atá an lóchrann chum a múchtha.


865] Et dligid na seanóiri proinneachad minic, óir múchthur a teas ó mórán bíd do chaithim a n-aen-fheacht, óir múchthur an tene beac ó mórán an chonnaid; & muna hoilti co minic iat do {MS P page 365}díbochthaidi an teas nádúrda & an fhlichideacht
870] phrémamail a n-aenfheacht. Más ead, saílim gurab maith a n-oileamain fá thrí sa ló nádúrda mur so, innus co mbeith spás sé n-uaireadh idir in céd-chaithim & an dara caithim & ocht n-uaire idir an dara caithim & an treas caithim, innus co
875] mbeith spás deich n-uaireadh nó aen-uair dég idir an céd-chaithim & an caithim déiginach. Agus is mur so beas an treas caithim, nísa mó ná an dara caithim, & an dara caithim nísa mó do méid53 éigin ná an céd-chaithim.


880] Et dligid siat gach uile biad ó ngeintear linn finn & linn dub & dúnus bél na cuisleann do sheachna do chaithim, mur atá, gach uile biad reamur rigin saillti bís anumal don díleagad, mur atáit, gnéithi na potáitsi, & éisg shaillti nó
885] gan saillead54 & éisg phiastamla muiridi & co coitchinn na héisg ar nach bít lanna, & feólanna saillti, & én shnaídis a n-uisgib, & pasdae & arán slim & cinél na torthad fuar, mur atáit, ubla &


p.35

infra 141-142 péireadha, & castanea, & mespila, & a cusmaile
890] do neithib fuara, mur atá, lactuca.

Agus as imchubaidi dona sean-daínib a sabsa55 do beith d'fhín ná d'fhinégra; óir atá an aigéid ro-animchubaid dona sean-daínib tréna beith fuar tirim, & hí ag luathad na harsaideachta.
895] Agus idir chinél na spísrad as é an cainél & an sinnsér as imchubaidi dona sean-daínib, & co háirithi gach uile spísrad rannchuidigius ré teasaideacht & ré flichideacht.

Item, as imchubaid co mór mil dona sean-daínibh,
900] & dligid an mil sin beith geal trom, nó cruaid so-gearrtha deadh-balaid. Et as imchubaid dona sean-daínibh feóil na n-ainmintid óg as a mbeantur, & gall-choileach, & mur an cédna feóil phetraisi & fhuiseóg & fheadóg, & uigi nuada
905] boga, óir as urusa a ndíleagad & is maith oilid.

Et as iat so na héisg as imchubaid dóib, .i. éisg muiridi, & as a fhín bud fearr a mbearbad maille ré finél & ré hainéid nó ré psille; óir measraigid so a fuaraideacht & innarbaid a rigneacht
910] imurcach.

Et as imchubaid an bainne do droing dona sean-daínib, ar son co n-oilinn sé co luath & co fliuchann na cuirp; & atá drong eile dá56 nach imchubaid, ar son gu ngeineann sé dúinti. Et
915] do gnáthuigidur drong eile d'és bainne d'ól teinneas & rigad do beith fána cliathánuib deasa


p.36

infra 142-144 ar son cumgaid na cuisleann; & ní himchubaid bainne don droing sin. Et as é bainne as imchubaidi dóib, .i. bainne asail & gabair maille
920] ré caindiacht éigin do shalann & do mil arna spumáil, óir toirmiscid sin truailliugad an bainne, & furtachtaigid siat a tholltanaigi. Et is animchubaid an cáisi dona sean-daínibh, acht muna bia im ann; & ní himchubaid saillti ná
925] ro-nuad dóib é.

An t-im, immorra, as imchubaid dona sean-daínibh é, óir fliuchaid & téigid & mínigid boill an ochta.

Na praiseacha, immorra, as imchubaid dona
930] sean-daínibh iat, mur atá, biatus & finél & persille & borráitsi, sáitsi & minntus & a cusmaile chlaenus chum teasaideachta & chum flichideachta.

Na tortha immorra, as imchubaid dona sean-daínib iat, mur atáit, fígeadha tirma, & caera
935] fíneamna, & almoint & pini.

Item, as imchubaid sinnsér mur shabsa dóib & diacalimintum co speitsialta d'oslugad dúintid na taeb theagmus dóib co minic.

Item as í an lictabáire do-níthear do thrí gnéithib
940] an phibair as triacail dona sean-daínibh, óir comfhurtachtaigid a mbríg díleagthach & osluigid a ndúinti. Et do-ní an comshuigiugad ré n-abur {MS P page 366}athanasia an cédna, & do-gébam a tuaruscbáil sin a n-Ainntidair.


p.37

infra 144-145


945] Et ní himchubaid fín nua geal uisgeamail dóib acht muna teagma tart ainmeasurda orra a ndiaig fhothraigthi. Agus dligid fín na seandaíneadh beith dearg séim deadh-balaid arsaig, óir téigid & oilid an fín sin co lór, & ceartaigid
950] linn dub, & togairmid an fual, & fliuchaid na hailt, & calmuigid an bríg & an teas nádúrda; óir rigid a leas na sean-daíne uile ris sin57.

Et as iat so na potáitsi as imchubaid dona sean-daínib, .i. potáitsi do-níthear do choirci &
955] d'éorna maille ré huisgi ar a mbeirbthear feóil inmolta.

Item, as imchubaid an deoch ré n-abur idromel dona sean-daínibh, óir osluigid sí na dúinti. Et dá mbeid dúinti a sligthib in fhuail beirbthear
960] persille, & mersi, & fenél ar ydromel, & osglaid na dúinti.58 Et dá mbeid dúinti isna ballaib spiradálta, beirbthear dub-chosach & ísóip & casialinia maille ris na neithibh adubramar & oslaigid iat.


965] Et as imchubaid coimilt measurda dóib a cáilideacht & a caindiacht; & lé héduigib garba & lé lámuib garba dleagur an choimilt sin do dénum & aimsear do beith aturra. Et ní dliginn an choimilt sin beith an méide so, a cáilideacht ná
970] a caindiacht, co treóróchad sé fuaraideacht & tirmaideacht a mballaib na sean-daíneadh, tré shligid dísgaílti na fliuchatan nádurda & an teasa


p.38

infra 145-146 nádúrda, mur gnáthuigius teagmáil dona daínib do-ní saethur ainmeasurda; & ní dliginn sí beith
975] boc59 ná égruaid innus nach innarbfad sí aen-réd ó ballaib na sean-daíneadh tré shligi díscaílti60, óir as trít orduigthear in choimilt co nádúrda, d'fholmugad imurcach an treas díleagad óna ballaib & dá calmugad; óir do-ní an choimilt do-níthear
980] mur so, an uair do-níthear go lór í, póire na mball d'oslugad ar mod éigin, & gluaisid sé a teas co sentrom ó fhuirimeall, & calmuigid sé teas nádúrda na mball ar mod éigin, & cnaíid a n-imurcacha.


985] Et as í aimsear a ndleagur sgur do choimilt na sean-daíneadh, an uair thinnsgnait siat deargad & gné teinnis do gabáil chucu; & ní holc ar deireadh na coimilta a n-ongad lé holaid na holiua millsi nó na n-almont milis, innus comad feirrdi do
990] coimédfaidi 3tirmaideacht nádúrda &61 teas nádúrda ball na sean-daíneadh an t-ongad sin.

Et moluim an choimilt so do dénum & an gaili folam, & roim biad & saethur do dénum mur an cédna. Et togthur inad measurda & aimsear
995] measurda co nádúrda nó co healadnach chum an tshaethair nó chum na coimilta. Et an drong leis nach éidir saethur do dénum ar son anfhainne a mball nó ó chúis éigin eile, coimlínaid inad an tshaethair lé fothraigthib & lé coimiltaib. Et


p.39

infra 146-147
1000] coimiltear é gach lae, & ní hí an choimilt ullmuigius é chum an tshaethair sin, acht an choimilt choimlínus inad an tshaethair.

Et déntur fothragad dó fá cheathair sa mí d'fhothragad ó comfhurtaigthear a fhliuchada &
1005] a theas nádúrda, & measraigius tearcacht a ball. Et dligid an fothragad so beith d'uisgi milis; & moluim na neithe so do chur ann, mar atá, camamilla, & dá gné an sdicadois, hocus & holihoc: .i. curthar an hocus ann do measrugad tirmaideachta
1010] na mball, & an sdicados & an camamilla ar son co calmuigid siat na boill, & co n-innarbaid a corthacht, & co togairmid an t-allus.

Et is maith moluim a ndeireadh an fhothraicthi a mboill do choimilt d'innarbad an tsalchuir atá
1015] orra; & coimiltear ana diaig sin lé lámuib arna tuma a n-olaid na holiua, innus co mbeidis na boill fliuch a ndiaig an fhothraigthi. Et as é so comartha & termin a62 ndleagur an fothragad d'fhágbáil, an uair thinnsgónaid aigthi na mér
1020] garbugad. Agus dleagmaid gu mór a thabairt dár n-úig gairdeachus an duine annsa fothragad; óir {MS P page 367}atá drong ann fhuilngius beith ann co fada & drong eile co gearr. Et na neithe eile bud inráid ar an coimilt & ar an fothragad fúicfid iat, óir
1025] laibeórad díb sa cheathramad pairteagal don leabur so; & is lór a ndubramar ar na neithibh so do leith an regimen do-gabur ó deifriugad na n-aes.


p.40