Corpus of Electronic Texts Edition
Regimen na Sláinte (Author: [unknown])

An céd-phairteagal

chapter 1

An chéd-chaibidil: D'éigintus regimen na sláinti

Quod regimen sanitatis sit nisisarium,. i. is éigin duit dá shligid do beith agad chum dearbtha.


p.4

infra 107-108
75] regimen na sláinti do beith éigintach. An chéid-tsligi díb do-gabur í ó égsamlacht an chuirp daena. Óir atá corp in duine égsamail so-chlaechluigthi ar son nach coimédann sé in comshuigiugad fuair sé ó thosaigib a choimplexa.
80] Óir is é is adbur dár corpuib-ne dá sperma atá fliuch silteach & fuilingtheach co mór: óir is urusa gním do dénam ar an flichideacht. Óir is ón dá {MS P page 354}sperma sin maille ré fuil místa na mná geintear na boill & na spiraid & an teas ré n-abur innátus
85] (i. ón rann is reime & is corparda geintear na boill, & ón rann is séime geintear na spiraid) et ar an adbur sin do baramail drong éigin gurab séime & gurab póireamla sperma an fhir ná sperma na mná nó an fhuil. An fhuil místa immorra, inntaigthear
90] a spiraid hí compráidigthear risin craidi & risna ballaib eile mur do-níthear an phrém risin ngéig, óir mur geintear an gég as in préim is mur sin tairrngius an craidi & na boill eile a mbunáit díleas ón spirad so. Et tré mur atáit adbair ar
95] corp & ar mball fuilingtheach go mór ar son a láibeamlachta & a flichideachta, & sinne ar n-ar ngeineamain a crích déiginaid na láibimlachta & na flichideachta sin, ní hingnad a rád co fuilmid fuilingtheach gu mór; óir ní fhuilmid mur atáit
100] na clocha & na mitaill nach éidir do dísgaílead acht ré haimsir fada. Agus do fhoillsigmur leath-a-tuas dín co fuilid ar cuirp sochlaechluigthi innus gurab urusa leó tuitim leath-amuidh do

p.5

infra 108-109 thearmannachaib dísle na sláinti: & ar an adbur sin
105] rigid a leas an regimen & an coiméd dá ngairthear regimen na sláinte.

Et ní fhuil an regimen so na sláinti éigintaig7 innus co saerfad sé ó bás sinn. Acht atá se tarbach co speitsialta ar son dá shocomlacht: an chéd-
110] shocomlacht díb ar eagla cnaíti imaurcaidi na flichideachta prémamla; an dara socamlacht d'eacla morgaid na leannann. Óir dá seachránaidthear annsa regimen fédtur an fhlichideacht nádúrda sin do chnaí, mur theagmus a lucht an tshaethair
115] móir & do lucht an tréiginuis. Et fétur an teas ré n-abur innatus do múchad mur theagmus don droing caithius mórán & do-ní comnuide mór. Et fétur morgad & fiuchad do theagmáil isna leannaib mur is follus annsna rédaib rannchuididius
120] ré teas eachtrannach & ré flichideacht aicídig deathmair, óir atáit na neithe so imchubaid chum morgaid & chum fiuchtha do gabáil chucu; & foillseóchmaid sin ní as fearr annsa proces. Et is mur so as follus an chéid-tshligi do beith tarbach
125] do leanmuin luirg regimen na sláinti.

An dara sligi d'fhoillsiugad na neithead do-gabur ó égsamlacht na neithead nach nádúrda, óir ni fhuilid éigintach dár corpaib uile, mur atáit so: .i. bíad, & deoch, & aér, folmugad & línad,
130] codlad & neam-chodlad, cumsanad & cumsgugad, & aicídi na hanma; & as rú so adearar na neithe


p.6

infra 109-110 nach nádúrda ar son co teagmann do duine gnáthugad maith nó olc innta so & ar an adbur sin teagmaid do duine seachrán innta nó oibriugad
135] co díreach; & ar an adbur sin rigmid a leas ealada a timchill gnáthuigthe na neithead sin. Óir is amlaid atá an ealada ag labairt dona neithib dá teagmann seachrán nó oibriugad díreach; óir is éidir lé neach seachrán8 do dénum a
140] ngnáthugad bíd & digi, & mur sin dona neithib eile; & is éidir leis gnáthugad díreach do beith aigi annsna neithib cédna. Ar an adbur sin is tarbach do duine ealada do beith aigi do sheachna an droch-gnáthuigthe & do leanmuin an gnáthuigthe
145] maith.