Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: [unknown])

Section 28

28

Item da tuctar co minic in lictuairi so .i. sanduile. da de gach ni; snas cnaim iboire arna iosgad , co let de gach ni; cubibe, let ; & da mbe tes mor and, da de gach ni, & sil dona 4 sila mora fuara; & da do sil andivia, & portulaca & lignum aloes, nutmuic, co let de gach ni; & punt do siucra: & dentur sin le h-uisgi ara mberbtar andivia, & gnathuiged sé méd maith mocrach de; & na denadh ag loigi acht an trath na d'íngnadh sé suiper, oir ni du leiges na n-áo do tobairt acht an trath bis an gaili folumh, mar is ferr co fetuir, & uair and cuirimsi spica nardi a n-inadh lignum aloés: & do derbus an lictubairi so a morán do dainibh, & is diamair spetcialta agum fein hí, & ní coir a denum na munad do nech, acht ar ngabail luaighi leigis ar tus, oir foirid fo cenn becain d'aimsir.