Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: [unknown])

Section 13

13

Coimlintar an 2 ní maille leighes aga fuil do brig & do ruidlis comfurtacht na feithi mar cumfurtachtaighes blonac mic tire na feithi fuara & desgaid na h-ola rdoniter don lín, & agairc, & oiprecha mesurda ele, mar ata ola laurinum & costinum; & adeir se gurub maith triaclum an gac uile eslainti na feithid noc tic o fuacht, {folio 35b} ara mberbtar uisgi ainissi & duilleoga ruibe & saitsi, & is maith é in gac uile aimsir a n-aigid na n-eslaintidh so. Adeir Misue, & is maith a tosach na n-eslaintidh so é, oir dileghi & seimighi an t-adbur & claoclaigi mailis an adhbuir fuair & is maith iad, tar eis a a ndileghta, oir folmuigid siad & diansgailid fuigill in adbuir, & ata ruidlis acu cum comfurtachta na feithid & is é méd is dú do tobairt de .i. co leith.