Corpus of Electronic Texts Edition
Rosa Anglica (Author: [unknown])

Section 69

69

Labrum anois do nescoid na n-uirged, oir cruadhuighid na soighidhchi uair ánd, & bid nescoid orro, & bi as só at ara folud fein, & uair ele bi att inntu ar son tumtuighi, & is cosmuil re nescoid é, & ni hedh. Et is edh is cuis di sin .i. uair and in trat bis an geinemuin ar siubuil, no ar slighi a dul amach, mar bis isna dainibh glaccus na mná, & dlutuighes co laidir riú iad, & renab ail coimriachtain do denum riú & na denuid: & uair ele ar son marcaidachta ar each ansocuir, no ar son leime beires nech ar each, & tegmuid a uirgi faoi: & uair ele ar son aislingi collaidi , & cur tindsguin in geinemuin tiacht amach, & gur bacadh dí tiacht.